Tento dokument je výňatkem z internetových stránek EUR-Lex
Dokument 32022D1179
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2022/1179 of 7 July 2022 on the appointment of the EU Force Commander for the European Union military operation to contribute to the deterrence, prevention and repression of acts of piracy and armed robbery off the Somali coast (Atalanta) and repealing Decision (CFSP) 2022/217 (ATALANTA/4/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/1179 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 7 Iúil 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh d’oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/217 (ATALANTA/4/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/1179 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 7 Iúil 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh d’oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/217 (ATALANTA/4/2022)
ST/10920/2022/INIT
IO L 183, 8.7.2022, s. 83–84
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Již není platné, Datum konce platnosti: 03/08/2022; Arna aisghairm le 32022D1224
|
8.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 183/83 |
CINNEADH (CBES) 2022/1179 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 7 Iúil 2022
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh d’oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/217 (ATALANTA/4/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile (1), agus iad a chur faoi chois, agus go háirithe Airteagal 6(1) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) (“Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh”). |
|
(2) |
An 15 Feabhra 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/217 (2), lena gceaptar an Seachaimiréal Fabrizio BONDI ina Cheannasaí ar Fhórsa an Aontais Eorpaigh. |
|
(3) |
An 30 Meitheamh 2022, mhol Ceannasaí Oibríochtúil an Aontais Eorpaigh go ndéanfaí an Seachaimiréal Riccardo MARCHIÓ a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa nua an Aontais Eorpaigh a luaithe is féidir. |
|
(4) |
An 30 Meitheamh 2022, chomhaontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an moladh sin. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/217 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo ceaptar an Seachaimiréal Riccardo MARCHIÓ mar Cheannasaí Fórsa an Aontas Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) amhail ón 7 Iúil 2022.
Airteagal 2
Leis seo déantar Cinneadh (CBES) 2022/217 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Iúil 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 301, 12.11.2008, lch. 33.
(2) Cinneadh (CBES) 2022/217 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 15 Feabhra 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/41 (ATALANTA/3/2022) (IO L 37, 18.2.2022, lch. 39).