Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1105

Cinneadh (CBES) 2022/1105 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 15 Meitheamh 2022 maidir le glacadh le rannchuidiú Phoblacht Shóisialach Vítneam le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (EUTM RCA/2/2022)

ST/9445/2022/INIT

IO L 177, 4.7.2022, p. 75–75 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1105/oj

4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/75


CINNEADH (CBES) 2022/1105 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 15 Meitheamh 2022

maidir le glacadh le rannchuidiú Phoblacht Shóisialach Vítneam le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (EUTM RCA/2/2022)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle an 19 Aibreán 2016 maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 8(2) de Chinneadh (CBES) 2016/610, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le glacadh le rannchuidithe molta ó tríú Stáit le EUTM RCA.

(2)

I ndiaidh na moltaí ó Cheannasaí Mhisean AE agus ó Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh i dtaca le rannchuidiú ó Phoblacht Shóisialach Vítneam, ba cheart rannchuidiú ón tríú Stát sin a ghlacadh agus í a mheas mar rannchuidiú suntasach.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí acu in ábhair cosanta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Glactar leis an rannchuidiú ó Phoblacht Shóisialach Vítneam le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) agus meastar gur rannchuidiú suntasach é.

2.   Tá Poblacht Shóisialach Vítneam díolmhaithe ó ranníocaíochtaí airgeadais le buiséad EUTM RCA.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 104, 20.4.2016, lch. 21.


Top