This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1043
Council Decision (EU) 2022/1043 of 28 June 2022 appointing a member and two alternate members, proposed by the Kingdom of Spain, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2022/1043 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2022 lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2022/1043 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2022 lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún
ST/9497/2022/INIT
IO L 173, 30.6.2022, p. 71–72
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 173/71 |
CINNEADH (AE) 2022/1043 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Meitheamh 2022
lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint do na tograí ó Rialtas na Spáinne,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
(2) |
An 3 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/144 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Juan ESPADAS CEJAS éirí as oifig. |
(4) |
Tá suíochán bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Carlos MARTÍNEZ MÍNGUEZ éirí as oifig agus deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh José Francisco BALLESTA GERMÁN a cheapadh. |
(5) |
Mhol Rialtas na Spáinne Julio MILLÁN MUÑOZ, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Alcalde del Ayuntamiento de Jaén (Andalucía) (Méara chomhairle cathrach Jaén (Andalucía)), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025. |
(6) |
Mhol Rialtas na Spáinne na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu in údarás áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Noelia María ARROYO HERNÁNDEZ, Alcaldesa del Ayuntamiento de Cartagena (Murcia) (Méara chomhairle cathrach Cartagena (Murcia)), agus Óscar PUENTE SANTIAGO, Alcalde del Ayuntamiento de Valladolid (Castilla y León) (Méara chomhairle cathrach Valladolid (Castilla y León)), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
(a) |
mar chomhalta:
agus |
(b) |
mar chomhaltaí malartacha:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. PANNIER-RUNACHER
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).