This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1042
Council Decision (EU) 2022/1042 of 21 June 2022 on the position to be adopted, on behalf of the European Union, within the EEA Joint Committee concerning the amendment of Protocol 31 on cooperation in specific fields outside the four freedoms, annexed to the EEA Agreement (Budget line 07 20 03 01 – social security) (Text with EEA relevance)
Cinneadh (AE) 2022/1042 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, a ghabhann le Comhaontú LEE (Líne bhuiséid 07 20 03 01 — slándáil shóisialta) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh (AE) 2022/1042 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, a ghabhann le Comhaontú LEE (Líne bhuiséid 07 20 03 01 — slándáil shóisialta) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
ST/9353/2022/INIT
IO L 173, 30.6.2022, p. 68–70
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 173/68 |
CINNEADH (AE) 2022/1042 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meitheamh 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, a ghabhann le Comhaontú LEE (Líne bhuiséid 07 20 03 01 — slándáil shóisialta)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 46 agus 48, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. |
(2) |
De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE arna bhunú le Comhaontú LEE (“Comhchoiste LEE”) a chinneadh leasú a dhéanamh, inter alia, ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, a ghabhann le Comhaontú LEE (“Prótacal 31”). |
(3) |
Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais arna gcistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais maidir le saorghluaiseacht oibrithe, comhordú scéimeanna slándála sóisialta agus bearta le haghaidh imirceach, lena n-áirítear imircigh as tríú tíortha. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a leasú dá réir. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. BEAUNE
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. […] Ó CHOMHCHOISTE LEE
an […]
lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais arna gcistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe, comhordú scéimeanna slándála sóisialta agus bearta le haghaidh imirceach, lena n-áirítear imircigh as tríú tíortha. |
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann ón 1 Eanáir 2022, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5, míreanna 5 agus 14, de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear na focail “blianta airgeadais 2021 agus 2022” in ionad na bhfocal “bliain airgeadais 2021”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rúnaithe
Chomhchoiste LEE
(*1) [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]