Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1016

    Cinneadh (AE) 2022/1016 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún

    ST/9648/2022/INIT

    IO L 170, 28.6.2022, p. 73–73 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1016/oj

    28.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 170/73


    CINNEADH (AE) 2022/1016 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Meitheamh 2022

    lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

    Ag féachaint don togra ó rialtas na hEastóine,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

    (2)

    An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

    (3)

    Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Tiit TERIK a cheapadh.

    (4)

    Mhol Rialtas na hEastóine Jevgeni OSSINOVSKI, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Tallinna Linnavolikogu liige (Comhalta de Chomhairle Cathrach Thaillinn), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar Jevgeni OSSINOVSKI, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach, Tallinna Linnavolikogu liige (Comhalta de Chomhairle Cathrach Thaillinn), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    C. BEAUNE


    (1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

    (2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).


    Top