This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1004
Council Implementing Decision (EU) 2022/1004 of 17 June 2022 authorising Finland to apply a reduced rate of taxation to electricity supplied to certain heat pumps, electric boilers and recirculating water pumps, in accordance with Article 19 of Directive 2003/96/EC
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1004 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 lena n-údaraítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil, do choirí leictreacha agus do chaidéil uisce athchúrsála áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1004 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 lena n-údaraítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil, do choirí leictreacha agus do chaidéil uisce athchúrsála áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE
ST/9659/2022/INIT
IO L 168, 27.6.2022, p. 84–85
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 168/84 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1004 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Meitheamh 2022
lena n-údaraítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil, do choirí leictreacha agus do chaidéil uisce athchúrsála áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 19 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le litir dar dáta an 6 Lúnasa 2021, d’iarr an Fhionlainn, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, údarú chun ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0,5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha,. Sholáthair údaráis na Fionlainne faisnéis agus soiléirithe breise chun tacú leis an iarraidh an 4 Samhain 2021, an 26 Eanáir 2022 agus an 16 Feabhra 2022. |
(2) |
Trí bhíthin an ráta laghdaithe atá beartaithe, tá sé d’aidhm ag an bhFionlainn leictriú na hearnála críochúsáide téimh a mhéadú agus táirgeadh neamhdhócháin a chur chun cinn chun astaíochtaí a laghdú. Mar thoradh ar an méadú ar úsáid suiteálacha a chumhachtaítear le leictreachas meastar go mbeidh tairbhí comhshaoil agus aeráide ann. |
(3) |
Trína cheadú don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear do theaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0,5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha, níltear ag dul thar a bhfuil riachtanach chun leictriú na hearnála críochúsáide téimh a mhéadú. Déanann suiteálacha teasa den sórt sin an t-aistriú glas a chur chun cinn agus laghdaíonn siad an úsáid a bhaintear as táirgeadh teasa bunaithe ar bhreoslaí a dhó. Níl na suiteálacha sin iomaíoch go fóill ar an margadh, agus chuirfeadh cur i bhfeidhm ráta laghdaithe cánachais, mar a d’iarr an Fhionlainn, teorainn leis an ualach riaracháin. Dá bhrí sin, ní dócha go mbeidh aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht mar thoradh ar an mbeart sin le linn a shaolré agus mar sin ní bheidh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, déanfar gach údarú a dheonófar faoi Airteagal 19(1) den Treoir sin a theorannú go docht ó thaobh ama de. Chun a áirithiú go mbeidh an tréimhse údarúcháin sách fada ionas nach gcuirfear oibreoirí ábhartha eacnamaíocha ó na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, is iomchuí an t-údarú a dheonú ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027. Mar sin féin, chun nach ndéanfar dochar d’fhorbairt ghinearálta a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil gur cheart, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach chun cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach n-oiriúnófaí an t-údarú, go scoirfeadh an t-údarú d’fheidhm a bheith aige an dáta a thiocfaidh an córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme. |
(5) |
Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí suiteálacha saothrú a dhéanamh ar chur chun cinn teaschaidéal agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair, teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0,5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair, agus caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha, ba cheart a áirithiú go mbeidh an Fhionlainn in ann an laghdú cánach a chur i bhfeidhm, mar a iarradh, le héifeacht ón 1 Eanáir 2022. Trí fhoráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm ó dháta sula ngabhfaidh éifeacht leis an údarú, urramaítear ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí eacnamaíocha, toisc nach gcuireann an t-údarú isteach ar a gcearta ná ar a n-oibleagáidí. |
(6) |
Tá an cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ar choinníoll go n-urramaítear an leibhéal íosta cánachais dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir 2003/96/CE, mar a leagtar amach i gcomhair úsáid gnó i dTábla C d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, údaraítear don Fhionlainn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear d’aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a) |
teaschaidéil agus coirí leictreacha a ghineann teas le haghaidh an líonra téimh ceantair; |
(b) |
teaschaidéil ag a bhfuil aschur teirmeach ainmniúil 0,5 MW ar a laghad agus nach bhfuil nasctha leis an líonra téimh ceantair; |
(c) |
caidéil uisce athchúrsála i ngléasraí téimh geoiteirmeacha. |
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027.
Mar sin féin, i gcás go ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach lena ngearrfaí cáin ar tháirgí fuinnimh agus leictreachais arb ina leith nach n-oiriúnófaí an t-údarú a deonaíodh in Airteagal 1 den Chinneadh seo, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh an córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Fionlainne.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 17 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. LE MAIRE