Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1002

    Cinneadh (AE) 2022/1002 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag cruinniú urghnách an 24 Meitheamh 2022 den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh faoin gConradh um Chairt Fuinnimh

    ST/10089/2022/INIT

    IO L 168, 27.6.2022, p. 80–80 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1002/oj

    27.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 168/80


    CINNEADH (AE) 2022/1002 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Meitheamh 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag cruinniú urghnách an 24 Meitheamh 2022 den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh faoin gConradh um Chairt Fuinnimh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Thug an tAontas an Conradh um Chairt Fuinnimh (“ECT”) i gcrích le Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Aibreán 1998.

    (2)

    De bhun Airteagal 34 de ECT, leis an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, áirithítear go mbainfear amach na cuspóirí a leagtar amach in ECT. Éascaítear léi, i gcomhréir le ECT agus leis na Prótacail a ghabhann leis, comhordú beart ginearálta iomchuí chun prionsabail na Cairte Fuinnimh a chur i gcrích.

    (3)

    Tá an Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh, le linn a cruinnithe urghnách an 24 Meitheamh 2022, le glacadh leis an méid seo a leanas: (a) leasú ar Rialacha Nós Imeachta na Comhdhála maidir leis an gCairt Fuinnimh; (b) tarraingt siar stádas Chónaidhm na Rúise mar Bhreathnóir ar an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh; agus (c) fionraíocht chur i bhfeidhm sealadach ECT i ndáil leis an mBealarúis agus fionraíocht na Bealarúise mar Bhreathnóir ar ECT.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcruinniú urghnách den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh de chuid an Chonartha um Chairt Fuinnimh an 24 Meitheamh 2022 sa Bhruiséil, is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh:

    (a)

    an leasú atá beartaithe ar Riail 7 de na Rialacha Nós Imeachta a dheimhniú;

    (b)

    tarraingt siar stádas breathnóra Chónaidhm na Rúise a fhormheas bunaithe ar an leasú sin ar Riail 7, a bhfuil bonn cirt leis ar an dá fhoras a luaitear inti (sárú prionsabal agus mainneachtain aon oibleagáid airgeadais a chomhlíonadh);

    (c)

    fionraíocht chur i bhfeidhm sealadach an Chonartha um Chairt Fuinnimh i ndáil leis an mBealarúis a fhormheas, agus stádas breathnóra na Bealarúise a chur ar fionraí.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    C. BEAUNE


    (1)  Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lch. 1).


    Top