Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0969

    Cinneadh (AE) 2022/969 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialacháin d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 12, 13, 13-H, 22, 24, 48, 49, 51, 53, 54, 74, 79, 85, 86, 90, 100, 106, 109, 117, 127, 129, 131, 135, 136, 137, 141, 145, 148, 149, 150, 157 agus 162 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh modhnuithe ar RTD Uimh. 2 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann le Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le rabhadh cúlaithe, a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh rialachán teicniúil domhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht feistí rialaithe truaillithe le haghaidh feithiclí dhá roth agus trí roth, a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh Rún Comhdhlúite nua a bhaineann le líon na gcáithníní sceite sármhíne a thomhas i gcás feithiclí tromshaothair, agus a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh údarú chun Leasú 4 ar RTD Uimh. 3 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt

    ST/9649/2022/INIT

    IO L 166, 22.6.2022, p. 135–144 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/969/oj

    22.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 166/135


    CINNEADH (AE) 2022/969 ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Meitheamh 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialacháin d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann le tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 12, 13, 13-H, 22, 24, 48, 49, 51, 53, 54, 74, 79, 85, 86, 90, 100, 106, 109, 117, 127, 129, 131, 135, 136, 137, 141, 145, 148, 149, 150, 157 agus 162 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh modhnuithe ar RTD Uimh. 2 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann le Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le rabhadh cúlaithe, a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh rialachán teicniúil domhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht feistí rialaithe truaillithe le haghaidh feithiclí dhá roth agus trí roth, a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh Rún Comhdhlúite nua a bhaineann le líon na gcáithníní sceite sármhíne a thomhas i gcás feithiclí tromshaothair, agus a mhéid a bhaineann le togra le haghaidh údarú chun Leasú 4 ar RTD Uimh. 3 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Athbhreithnithe 1958”). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

    (2)

    Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

    (3)

    I Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

    (4)

    De bhun Airteagal 1 den Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (“WP.29 UNECE”) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Domhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus rúin ó na Náisiúin Aontaithe mar aon le tograí le haghaidh Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe a bhaineann le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 UNECE tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe chun RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a shíneadh.

    (5)

    Ag an 187ú seisiún d‘Fhóram Domhanda a thionólfar idir an 21 agus an 24 Meitheamh 2022, tá sé ar intinn ag WP.29 UNECE an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 12, 13, 13-H, 22, 24, 48, 49, 51, 53, 54, 74, 79, 85, 86, 90, 100, 106, 109, 117, 127, 129, 131, 135, 136, 137, 141, 145, 148, 149, 150, 157 agus 162 ó na Náisiúin Aontaithe; an togra le haghaidh modhnuithe ar RTD Uimh. 2 ó na Náisiúin Aontaithe; an togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le rabhadh cúlaithe; togra le haghaidh RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht feistí rialaithe truaillithe le haghaidh feithiclí dhá roth agus trí roth; agus an togra le haghaidh Rún Comhdhlúite nua a bhaineann le líon na gcáithníní sceite sármhíne a thomhas i gcás feithiclí tromshaothair. Thairis sin, tá sé ar intinn ag WP.29 UNECE an togra a ghlacadh le haghaidh údarú chun Leasú 4 ar RTD Uimh. 3 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le coscánú gluaisrothair a fhorbairt.

    (6)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 UNECE a bhunú a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, ós rud é go mbeidh na rialacháin ó na Náisiúin ina gceangal ar an Aontas, agus in éineacht le RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe agus le Rúin ó na Náisiúin Aontaithe, beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle.

    (7)

    I bhfianaise taithí agus a forbairtí teicniúla, na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 12, 13, 13-H, 22, 24, 48, 49, 51, 53, 54, 74, 79, 85, 86, 90, 100, 106, 109, 117, 127, 129, 131, 135, 136, 137, 141, 145, 148, 149, 150, 157, 162 ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le RTD Uimh 2, is gá na ceanglais sin a leasú nó a fhorlíonadh.

    (8)

    D’fhonn go mbeifear in ann an dul chun cinn teicniúil a cur san áireamh agus chun sábháilteacht feithiclí a fheabhsú agus lorg comhshaoil a laghdú, is gá an méid seo a leanas a ghlacadh: Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le rabhadh cúlaithe, RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht feistí rialaithe truaillithe le haghaidh feithiclí dhá roth agus trí roth agus Rún Comhdhlúite nua maidir le líon na gcáithníní sceite sármhíne a thomhas i gcás feithiclí tromshaothair,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 187ú seisiún a thionólfar idir an 21 agus an 24 Meitheamh 2022, vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 16 Meitheamh 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    O. DUSSOPT


    (1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

    (2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Rialachán Uimh.

    Teideal mhír an chláir oibre

    Cód tagartha an doiciméid (1)

    12

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 12 ó na Náisiúin Aontaithe (Meicníocht stiúrtha)

    ECE/TRANS/WP.29/GRSP/70, mír 8, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2021/18 arna leasú le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil

    ECE/TRANS/WP.29/2022/69

    13

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 19 a ghabhann le sraith leasuithe 11 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma)

    (ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, mír 82, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/9)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/77

    13

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 12 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma)

    (ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, mír 82, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/9)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/78

    13-H

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí éadroma)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, mír 83, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/10, arna leasú le GRVA-12-24

    ECE/TRANS/WP.29/2022/79

    22

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 22 ó na Náisiúin Aontaithe (Clogaid chosanta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRSP/70, mír 16, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2021/24 arna leasú le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil

    ECE/TRANS/WP.29/2022/63

    24

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 24 ó na Náisiúin Aontaithe (Truailleáin infheicthe, tomhas chumhacht na n-inneall C.I. (Deatach díosail))

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/85, mír 35, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/4

    ECE/TRANS/WP.29/2022/73

    48

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 16 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 17, mír 31 agus mír 33, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/16 arna leasú le GRE-85-23, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/18 arna leasú le GRE-85-33 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2020/5/Rev.2 arna leasú le GRE-85-26

    ECE/TRANS/WP.29/2022/89

    48

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

    CE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 17, mír 31 agus mír 33, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/16 arna leasú le GRE-85-23, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/18 arna leasú le GRE-85-33 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2020/5/Rev.2, arna leasú le GRE-85-26

    ECE/TRANS/WP.29/2022/90

    48

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

    CE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 17, mír 31 agus mír 33, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/16 arna leasú le GRE-85-23, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/18 arna leasú le GRE-85-33 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2020/5/Rev.2 arna leasú le GRE-85-26

    ECE/TRANS/WP.29/2022/91

    48

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/17 arna leasú le GRE-85-12 agus mír 19 den tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/95

    48

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 21 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/17 arna leasú le GRE-85-12 agus mír 19 den tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/96

    48

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 16 a ghabhann le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/17 arna leasú le GRE-85-12 agus mír 19 den tuarascáil)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/97

    49

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 49 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (GPL agus CNG))

    ECE/TRANS/WP.29/GRPE/85, mír 29, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/3 agus GRPE-85-47 arna leasú le hIarscríbhinn IV

    ECE/TRANS/WP.29/2022/74

    51

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 51 de chuid NA (torann ó fheithiclí i gcatagóirí M agus N)

    ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/73, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/22 arna leasú le mír 5 de ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/4 arna leasú le GRBP-75-37, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/3 arna leasú le GRBP-75-36 agus mír 4 de ECE/TRANS/WP.29/GRBP/73, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/8 arna leasú le mír 6 de ECE/TRANS/WP.29/GRBP/73, GRBP-74-40 arna leasú le mír 9 de ECE/TRANS/WP.29/GRBP/73

    ECE/TRANS/WP.29/2022/84

    WP.29-187-07

    53

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 23 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 53 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta le haghaidh fheithiclí L3)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 23, agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/83, mír 36, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/19 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2020/13/Rev.1 arna leasú le GRE-83-51

    ECE/TRANS/WP.29/2022/98

    53

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 53 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta le haghaidh fheithiclí L3)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 24, agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/83, mír 36, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/20 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2020/13/Rev.1 arna leasú le GRE-83-51

    ECE/TRANS/WP.29/2022/99

    53

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 53 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta le haghaidh fheithiclí L3)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 24, agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/83, mír 36, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/20 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2020/13/Rev.1 arna leasú le GRE-83-51

    ECE/TRANS/WP.29/2022/100

    54

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 25 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh leasuithe de Rialachán Uimh. 54 de chuid NA (boinn le haghaidh feithiclí tráchtála agus a leantóirí)

    ECE/TRANS/WP.29/GRBP/73, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/6 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/13, arna leasú le GRBP-75-31-Rev.2

    ECE/TRANS/WP.29/2022/85

    74

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 14 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 74 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/85, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/21

    ECE/TRANS/WP.29/2022/101

    74

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 74 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/85, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/21

    ECE/TRANS/WP.29/2022/102

    79

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, míreanna 65-66, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/6, arna leasú le GRVA-12-43 agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/11, arna leasú le GRVA-12-19

    ECE/TRANS/WP.29/2022/80

    79

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, míreanna 65-66, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/6, arna leasú le GRVA-12-43 agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/11, arna leasú le GRVA-12-19

    ECE/TRANS/WP.29/2022/81

    85

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhann le Rialachán Uimh. 85 ó na Náisiúin Aontaithe (an glanchumhacht agus an chumhacht 30 nóiméad a thomhas)

    ECE/TRANS/WP.29/GRPE/85, mír 37, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/5 arna leasú le GRPE-85-11 agus le linn an tseisiúin mar a atáirgtear in Iarscríbhinn V

    ECE/TRANS/WP.29/2022/75

    86

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 01 nua de Rialachán Uimh. 86 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta le haghaidh feithiclí talmhaíochta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/85, mír 26, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/22

    ECE/TRANS/WP.29/2022/103

    86

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 02 de Rialachán Uimh. 86 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil feistí soilsiúcháin agus feistí solaschomharthaíochta le haghaidh feithiclí talmhaíochta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/85, mír 26, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/22

    ECE/TRANS/WP.29/2022/104

    90

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 90 ó na Náisiúin Aontaithe (Páirteanna ionadacha le haghaidh coscán)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, mír 90, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/29, arna leasú le GRVA-12-16

    ECE/TRANS/WP.29/2022/82

    100

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu)

    ECE/TRANS/WP.29/GRSP/70, mír 17, bunaithe ar GRSP-70-26 mar a atáirgtear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil

    ECE/TRANS/WP.29/2022/64

    106

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 20 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh leasuithe de Rialachán Uimh. 106 de chuid NA (boinn le haghaidh feithiclí talmhaíochta agus a leantóirí)

    ECE/TRANS/WP.29/GRBP/73, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/7

    ECE/TRANS/WP.29/2022/86

    109

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhann le Rialachán Uimh. 109 (Boinn atráchtaithe le haghaidh feithiclí tráchtála agus a leantóirí) Athbhreithniú 1

    ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 18 agus mír 19, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/18 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/16 arna leasú le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil agus le doiciméad neamhfhoirmiúil WP.29-186-07

    ECE/TRANS/WP.29/2022/7/Rev.1

    117

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe (Friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim)

    ECE/TRANS/WP.29/GRBP/72, mír 23 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/73, bunaithe ar GRBP-74-33-Rev.1, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2021/17 arna leasú le GRBP-74-31-Rev.1 agus GRBP-75- 25-Rev.1

    ECE/TRANS/WP.29/2022/83

    127

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe)

    ECE/TRANS/WP.29/GRSP/70, mír 18, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2021/28 arna leasú le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil

    ECE/TRANS/WP.29/2022/70

    129

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe (córais fheabhsaithe um shrianadh linbh)

    (ECE/TRANS/WP.29/GRSP/70, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2021/7 arna leasú le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an tuarascáil

    ECE/TRANS/WP.29/2022/65

    131

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 131 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchóras Coscánaithe Éigeandála)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, mír 72, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/7 arna leasú le GRVA-12-49 (atáirgthe in GRVA-12-50/Rev.1)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/76

    135

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 135 ó na Náisiúin Aontaithe (Tuairt thaobhach in aghaidh cuaille)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/70, mír 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/21 nár leasaíodh

    ECE/TRANS/WP.29/2022/71

    136

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 136 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithicil leictreach L)

    ECE/TRANS/WP.29/GRSP/70, mír 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2021/22 arna leasú le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an tuarascáil

    ECE/TRANS/WP.29/2022/72

    137

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasaithe 01 ar Rialachán Uimh. 137 ó na Náisiúin Aontaithe (Tuairt tosaigh agus béim ar chórais um shrianadh)

    ECE/TRANS/WP.29/GRSP/70, mír 26, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2021/23 nár leasaíodh

    ECE/TRANS/WP.29/2022/66

    137

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasaithe 02 ar Rialachán Uimh. 137 ó na Náisiúin Aontaithe (Tuairt tosaigh agus béim ar chórais um shrianadh)

    ECE/TRANS/WP.29/GRSP/70, mír 26, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2021/23 nár leasaíodh

    ECE/TRANS/WP.29/2022/67

    141

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 141 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas faireacháin bhrú na mbonn)

    CE/TRANS/WP.29/GRBP/73, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2022/2 arna leasú le GRBP-75-10 agus GRBP-75-33

    ECE/TRANS/WP.29/2022/87

    145

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 145 ó na Náisiúin Aontaithe (córais daingniúcháin ISOFIX, daingnithe uachtaracha ISOFIX agus ionaid suí i-Size)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/70, mír 27, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/27 nár leasaíodh

    ECE/TRANS/WP.29/2022/68

    148

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí solaschomharthaíochta)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 9 agus mír 33, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/13 arna leasú le GRE-85-09 agus GRE-85-13 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2020/5/Rev.2, arna leasú le GRE-85-26

    ECE/TRANS/WP.29/2022/92

    149

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí soilsiúcháin bóthair)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 12 agus mír 31, agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/83, mír 36, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/14 arna leasú le GRE-85-09 agus GRE-85-14, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/18, arna leasú le GRE-85-33 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2020/13/Rev.1 arna leasú le GRE-83-51

    ECE/TRANS/WP.29/2022/93,

    WP.29-187-05

    150

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 150 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí ath-fhrithchaite)

    ECE/TRANS/WP.29/GRE/85, mír 15, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2021/15 arna leasú le GRE-85-15

    ECE/TRANS/WP.29/2022/94

    157

    Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Uathoibrithe Coimeádta Lána)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, mír 30, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/3, ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/4, arna leasú le GRVA-12-52

    GRVA-13-49e

    ECE/TRANS/WP.29/2022/59/Rev.1

    162

    Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh leasuithe ar Rialachán Uimh. 162 ó na Náisiúin Aontaithe (baic dhúisithe)

    ECE/TRANS/WP.29/GRSG/102, bunaithe ar GRSG-123-04

    ECE/TRANS/WP.29/2022/110

    Rialachán nua

    Togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Rabhadh Cúlaithe

    ECE/TRANS/WP.29/GRSG/73 bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2022/5, arna leasú le GRBP-75-13

    ECE/TRANS/WP.29/2022/88


    Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh.

    Teideal mhír an chláir oibre

    Cód tagartha an doiciméid

    2

    Togra le haghaidh Leasú 5 nua ar RTD Uimh. 2 ó na Náisiúin Aontaithe (Timthriall Tástála Domhanda maidir le hAstaíochtaí ó Ghluaisrothair (WMTC))

    ECE/TRANS/WP.29/GRPE/85, mír 50, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/6 arna leasú le GRPE-85-38 mar a atáirgtear in Aguisín 2

    ECE/TRANS/WP.29/2022/108

    Togra le haghaidh tuarascáil theicniúil maidir le leasú 5 nua a fhorbairt i ndáil le RTD Uimh. 2 ó na Náisiúin Aontaithe (Timthriall Tástála Domhanda maidir le hAstaíochtaí ó Ghluaisrothair (WMTC))

    ECE/TRANS/WP.29/GRPE/85, mír 50

    ECE/TRANS/WP.29/2022/109

    RTD nua

    Togra le haghaidh RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le marthanacht feistí rialaithe truaillithe le haghaidh feithiclí dhá roth agus trí roth

    ECE/TRANS/WP.29/GRPE/85, mír 52, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2022/7 arna leasú le GRPE-85-39 mar a atáirgtear in Aguisín 3

    ECE/TRANS/WP.29/2022/106

    Togra le haghaidh tuarascáil theicniúil maidir le RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le marthanacht feistí rialaithe truaillithe le haghaidh feithiclí dhá roth agus trí roth

    ECE/TRANS/WP.29/GRPE/85, mír 52

    ECE/TRANS/WP.29/2022/107


    Ilghnéitheach

    Teideal mhír an chláir oibre

    Cód tagartha an doiciméid

    Rún Comhdhlúite

    Togra le haghaidh Rún Comhdhlúite nua a bhaineann le líon na gCáithníní Sceite Sármhíne a thomhas i gcás Innill Tromshaothair

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/85, mír 46, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2021/17 arna leasú le GRPE-85-04-Rev.1 mar a atáirgtear in Aguisín 1

    ECE/TRANS/WP.29/2022/105

    Údarú

    Údarú le Leasú 4 ar RTD Uimh. 3 ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt (Coscánú gluaisrothair)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/47/Rev.1

    Treoirlínte

    Togra le haghaidh Treoirlínte agus Moltaí a bhaineann le Ceanglais Sábháilteachta le haghaidh Córais Tiomána Uathoibrithe

    ECE/TRANS/WP.29/2022/56

    An máistirdhoiciméad

    Togra le haghaidh an dara céim den Mheasúnú Nua/Modh Tástála le haghaidh Tiomáint Uathoibrithe — Máistirdhoiciméad

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, mír 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/2 arna leasú le GRVA-12-12 agus atáirgthe in WP.29-186-09

    ECE/TRANS/WP.29/2022/57

    Treoirlínte

    Togra le haghaidh an Mheasúnaithe Nua/an Mhodha Tástála maidir le Treoirlínte le haghaidh Tiomáint Uathoibrithe (NATM) i gcás Bhailíochtú an Chórais Uathoibrithe Tiomána

    GRVA-13-35

    ECE/TRANS/WP.29/2022/58

    WP.29-187-08

    Moladh

    Togra le haghaidh moltaí maidir le forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le nuashonruithe ar bhogearraí

    (ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, mír 47, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2022/5)

    ECE/TRANS/WP.29/2022/60

    Doiciméad léiriúcháin

    Togra le haghaidh leasuithe ar Dhoiciméad Léiriúcháin ECE/TRANS/WP.29/2021/59 le haghaidh Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe (Cibearshlándáil agus córas bainistithe cibearshlándála)

    ECE/TRANS/WP.29/GRVA/12, mír 46, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/2021/59, arna leasú le GRVA-12-37

    ECE/TRANS/WP.29/2022/61

    Treoirlínte

    Togra le haghaidh leasuithe ar an doiciméad maidir le “sonraíochtaí agus treoirlínte feidhme le haghaidh an mhodúil um aitheantóir uathúil”

    ECE/TRANS/WP.29/2019/77 ECE/TRANS/WP.29/1161, mír 70, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/2019/77, arna leasú le WP.29-185-13

    ECE/TRANS/WP.29/2022/62


    (1)  Tá na doiciméid go léir dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag: (WP.29) an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (187ú seisiún) |UNECE


    Top