This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0950
Council Decision (CFSP) 2022/950 of 20 June 2022 amending Decision (CFSP) 2016/1693 concerning restrictive measures against ISIL (Da’esh) and Al-Qaeda and persons, groups, undertakings and entities associated with them
Cinneadh (CBES) 2022/950 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
Cinneadh (CBES) 2022/950 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
ST/10000/2022/INIT
IO L 164I, 20.6.2022, pp. 4–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 164/4 |
CINNEADH (CBES) 2022/950 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1). |
|
(2) |
I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart triúir agus grúpa amháin ar leith a chur le liosta na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 20 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal “A. Daoine dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3”:
|
|
(2) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal “B. Grúpaí, gnóthais agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3”:
|