Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0948

    Cinneadh (AE) 2022/948 ón gCoimisiún an 1 Márta 2022 lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Sberbank d.d. (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1403) (Is ag an téacs sa Bhéarla a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin)

    C/2022/1403

    IO L 164, 20.6.2022, p. 65–65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/948/oj

    20.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 164/65


    CINNEADH (AE) 2022/948 ÓN gCOIMISIÚN

    an 1 Márta 2022

    lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Sberbank d.d.

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 1403)

    (Is ag an téacs sa Bhéarla a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 18(7), an dara fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 1 Márta 2022 ag 17.26. tharchuir an Bord Réitigh Aonair (BRA) scéim réitigh le haghaidh Sberbank d.d., atá bunaithe sa Chróit, chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 18(7) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.

    (2)

    Sa scéim réitigh, luann BRA go gcomhlíontar na coinníollacha uile maidir le réiteach a leagtar amach in Airteagal 18(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 i ndáil le Sberbank d.d., agus déanann sé measúnú ar an bhfáth a bhfuil gá le gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail.

    (3)

    Leis an scéim réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 18(6) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, cuirtear Sberbank d.d. faoi réiteach agus cinntear cur i bhfeidhm na huirlise díolacháin gnó maidir leis an institiúid faoi réiteach. Tugann an scéim réitigh cúiseanna freisin leis an bhfáth a bhfuil na gnéithe sin go léir leormhaith.

    (4)

    Aontaíonn an Coimisiún leis an scéim réitigh. Go háirithe, aontaíonn sé leis na cúiseanna a thugann BRA maidir leis an bhfáth a bhfuil gá le réiteach ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 18(5) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an scéim réitigh a thíolaic BRA a fhormhuiniú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Formhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Sberbank d.d.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBord Réitigh Aonair.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Mairead MCGUINNESS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  Arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil — 30 Iúil 2014 — L225: lgh. 1 go 90: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:32014R0806&from=GA


    Top