Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0921

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/921 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2022 maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4096) (Is é an téacs sa Ghearmáinis amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4096

    IO L 159, 14.6.2022, p. 94–96 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/08/2022

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/921/oj

    14.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 159/94


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/921 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Meitheamh 2022

    maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4096)

    (Is é an téacs sa Ghearmáinis amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

    (2)

    I gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile muc-ainmhithe atá ar coimeád.

    (3)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2), forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagal 21 agus Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

    (4)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (4), leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (a), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc; i muc-ainmhithe atá ar coimeád, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

    (5)

    Chuir an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas faoi stad fhiabhras Afracach na muc ina críoch faoi láthair, tar éis ráig den ghalar sin i measc muc-ainmhithe ar coimeád i stát Baden-Württemberg a deimhníodh an 25 Bealtaine 2022, agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, bhunaigh sí crios srianta ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais, agus ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc.

    (6)

    Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857 ón gCoimisiún (5) de dhroim na faisnéise a fuarthas ón mBallstáit sin maidir leis an ráig sin.

    (7)

    Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857 ann, níl aon athrú tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch sa Ghearmáin maidir le fiabhras Afracach na muc i stát Baden-Württemberg, agus dá réir sin, tá na bearta rialaithe is gá curtha chun feidhme ag an nGearmáin, agus sonraí faireachais breise bailithe aici.

    (8)

    Dá réir sin, ba cheart na limistéir a aithnítear mar chriosanna cosanta agus faireachais sa Ghearmáin a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú.

    (9)

    Ina theannta sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad.

    (10)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Áiritheoidh an Ghearmáin:

    (a)

    go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios srianta ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin;

    (b)

    go gcuimseoidh an crios cosanta agus an crios faireachais dá dtagraítear i mír (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo.

    Airteagal 2

    Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857.

    Airteagal 3

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 25 Lúnasa 2022.

    Airteagal 4

    Is chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Stella KYRIAKIDES

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2022 maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin (IO L 150, 1.6.2022, lch. 90).


    IARSCRÍBHINN

    Limistéir a bunaíodh mar an crios srianta sa Ghearmáin dá dtagraítear in Airteagal 1

    An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

    Crios cosanta:

    Landkreis Emmendingen

    Beginn A5/Kreuzung L105(Ziegelhöfe). Entlang an der A5 bis Ausfahrt Riegel (59). Auffahrt in westlicher Richtung auf L113 Richtung Rieggel. Entlang bis Kreuzung Endinger Straße. Endinger Straße bis Kreuzung, Abbiegung Riedhöfe vorbei, zweiter Feldweg einbiegen. Weiter bis Höhepunkt 231,8. In gerader Linie zu Schram (Höhe 199,0m) weiter entlang Schrambach bis Kreuzung Bahlinger Weg. Feldweg in Richtung Südwest, Mündung Freiburger Weg. Weiter in gerader gedachter Linie zu Höhe Gutels (217,0m). Weiter in gerader Linie zu Schönenberg zu Höhepunkt 227,8 m. Weiter in gerader Linie zum Kreisverkehr Ortsausgang in westlicher Richtung auf Straße K5146. Entlang der Straße L105 (Endinger Straße) Richtung Königschaffhausen. Kurz vor Königschaffhausen Verbindung Bahnhofstraße entlang der K5127 (Königschaffhausener Str.) am dritten Feldweg rechts abbiegen bis Endinger Straße. In gerader gedachter Linie Kreuzungspunkt K5114 (Forchheimer Str.). Weiter entlang Feldweg in nördlicher Richtung. Bei Kreuzung links, bei nächster Kreuzung rechts. An der nächsten Kreuzung links bis Weisweiler Straße L104, entlang der L104 bis Einmündung Hinderdorfstr. (Weisweil) bis Kreuzung Kenzinger Weg (K5135) weiter in westlicher Richtung über Leopoldkanal bis zu A5 (Ausgangspunkt).

    25.8.2022

    An crios faireachais:

    Landkreis Emmendingen

    Südwestliche Kreisgrenze Emmendingen-Breisgau-Hochschwarzwald in östliche Richtung bis A5 an der Kreisgrenze entlang. Entlang der Kreisgrenze bis zur A5, bis Waldbächle. Am Waldbächle den Feldweg in nördlicher Richtung, Richtung Rohrlache bis zur Kreuzung Neumattengraben. Südliche Grenze Nimburg/Teningen bis zu Grenze Gemarkung Teningen/Emmendingen. Am Brunnenried in gerader Linie über den Neuengraben bis zur Elz. Entlang der Gemarkungsgrenze Emmnedingen/Mundingen entlang der Karl-Schmidt-Str. Bis zur Dorfstraße bis Landecker Straße bis Freiämter Straße. Entlang der Freiämter Straße (K 5136) bis Gutenrodel bis Gipfel Künlisberg. In gedachter Linie nach Norden zur Gemarkung Malterdingen/Freiamt Gemarkungsgrenze nördlich folgend bis westliche Richtung K 5139 folgen bis Bleichtalstraße, Steilbrunnengasse auf die K 5117 weiter gefolgt in die Ettenheimer Str. Folgen bis Kreisgrenze bei Ettenheim. Kreisgrenze folgen in südwestlicher Richtung bis zum Rhein.

    Landkreis Breisgau-Hochschwarzwald

    Gemeinde Eichstetten: komplett,

    Gemeinde Bötzingen: komplett,

    Gemeinde Ihringen: Das Gemeindegebiet nördlich der L114 ohne den Ortsteil Wasenweiler,

    Gemeinde Vogtsburg: Das Gemeindegebiet ohne die Ortsteile Achkarren und Bickensohl.

    Landkreis Ortenaukreis

    Gemeindefreies Gebiet Rhinau: Vom Rhein, franz. Staatsgrenze beim Wehr zwischen Rheinkilometer 256 und 257 in östlicher Richtung bis zur Gemeindegrenze Rust an der Rappenkopfbrücke.

    Gemeinde Rust,

    Gemeinde Ringsheim,

    Stadt Ettenheim: Von der Gemeindegrenze Ringsheim der B3 in nördliche Richtung folgend, abbiegend in die Freiburger Straße Richtung Ettenheim, dieser folgend bis zur Straße Im Pfaffenbach, dem abzweigenden Fußweg in südliche Richtung folgend bis zur Kahlenberggasse, weiter die Neumannstraße querend entlang dem nördlichen Bogen Im Kretzenbach. Im Weilerberg auf den Mühlenweg, diesem in östliche und anschließend in südliche Richtung folgend. Dem letzten großen Feldweg vor Ettenheimweiler in östliche Richtung über den Riedmühlbach bis zur K5342, dieser dieser in südliche Richtung bis zur Kreisgrenze folgend.


    Top