Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0881

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

ST/8639/2022/INIT

IO L 153, 3.6.2022, p. 77–87 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/881/oj

3.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 153/77


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/881 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Meitheamh 2022

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES.

(2)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis agus na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine agus an chois ar bolg leanúnaigh ar an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach, ba cheart 12 dhuine aonair agus ocht n-eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)   IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an tábla “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus 4(1)”:

 

Ainmneacha

(Traslitriú an litrithe Bealarúisise)

(Traslitriú an litrithe Rúisise)

Ainmneacha

(litriú Bealarúisise)

(litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“184.

Ihar Vasilievich KARPENKA

Igor Vasilievich KARPENKO

Iгар Васiльевiч КАРПЕНКА

Игорь Васильевич КАРПЕНКО

Post/Poist: Cathaoirleach ar an Central Commission of the Republic of Belarus on Elections and Holding Republican Referenda

Dáta breithe: 28.4.1964

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina phost mar Chathaoirleach ar an Central Commission of the Republic of Belarus on elections and holding Republican Referenda ón 13 Nollaig 2021 i leith, tá Ihar Karpenka freagrach as reifreann bunreachtúil an 27 Feabhra 2022 a eagrú agus a thionól, reifreann nach gcomhlíonann caighdeáin idirnáisiúnta an smachta reachta, an daonlathais agus chearta an duine agus nach gcomhlíonann na critéir arna leagan síos ag Coimisiún na Veinéise. Go háirithe, ní raibh an próiseas dréachtaithe trédhearcach agus ní raibh aon pháirt ag an tsochaí shibhialta ná ag an bhfreasúra daonlathach ar deoraíocht ann.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis.

3.6.2022

185.

Dzmitry Aliakseevich ALEKSIN

Dmitry Alexeevich OLEKSIN

Дзмiтрый Аляксеевiч АЛЕКСIН

Дмитрий Алексеевич ОЛЕКСИН

Post/Poist: Mac le Aliaksei Aleksin, scairshealbhóir in Belneftgaz, Energo-Oil agus Grantlo (a thugtaí Energo-Oil-Invest tráth)

Dáta breithe: 1987

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is mac é Dzmitry Aleksin le Aliaksei Aleksin, mórfhear gnó sa Bhealarúis. In 2021 bhí sé ina chomhúinéir ar chuideachtaí faoi úinéireacht a athar nó a raibh baint aige leo, lena n-áirítear Energo-Oil, Belneftgaz agus Grantlo (iarEnergo-Oil-Invest). Tugadh cóir fhabhrach do na cuideachtaí sin bunaithe ar fhoraitheanta an uachtaráin a shínigh Aliaksandr Lukashenka: tugadh pribhléidí eisiacha do Inter Tobacco chun táirgí tobac a allmhairiú chuig an mBealarúis, agus ceapadh Belneftgaz ina oibreoir monatóireachta idirthurais náisiúnta.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka.

3.6.2022

186.

Vital Aliakseevich ALEKSIN

Vitaliy Alexeevich OLEKSIN

Вiталь Аляксеевiч АЛЯКСIН

Виталий Алексеевич ОЛЕКСИН

Post/Poist: Mac le Aliaksei Aleksin, scairshealbhóir in Belneftgaz, Energo-Oil agus Grantlo (a thugtaí Energo-Oil-Invest tráth)

Dáta breithe: 29.8.1997

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is mac é Vital Aleksin le Aliaksei Aleksin, mórfhear gnó sa Bhealarúis. In 2021 bhí sé ina chomhúinéir ar chuideachtaí a bhí faoi úinéireacht a athar nó a raibh baint aige leo, lena n-áirítear Energo-Oil, Belneftgaz agus Grantlo (iarEnergo-Oil-Invest). Tugadh cóir fhabhrach do na cuideachtaí sin bunaithe ar fhoraitheanta an uachtaráin a shínigh Aliaksandr Lukashenka: tugadh pribhléidí eisiacha do Inter Tobacco chun táirgí tobac a allmhairiú chuig an mBealarúis, agus ceapadh Belneftgaz ina oibreoir monatóireachta idirthurais náisiúnta.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka.

3.6.2022

187.

Bogoljub KARIĆ

Богољуб КАРИЋ

Боголюб КАРИЧ

Post/Poist: Fear gnó agus polaiteoir Seirbiach, atá bainteach leis an gcuideachta Dana Holdings

Dáta breithe: 17.1.1954

Áit bhreithe: Peja/Pec, an iar-Iúgslaiv (an Chosaiv anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Seirbiach

Pasuimhir: 012830978 (bailí go dtí 27.12.2026)

Is fear gnó agus polaiteoir Seirbiach é Bogoljub Karić. In éineacht lena bhaill teaghlaigh, d’fhorbair sé líonra de chuideachtaí eastáit réadaigh sa Bhealarúis agus chothaigh sé líonra teagmhálacha le teaghlach Aliaksandr Lukashenka. Go háirithe, tá dlúthbhaint aige le Dana Holdings agus a iar-fhochuideachta Dana Astra agus tuairiscítear go ndearna sé ionadaíocht ar na heintitis sin le linn cruinnithe le Lukashenka. Rinne Lukashenka cur síos ar an tionscadal Minsk World, a d’fhorbair cuideachta a bhfuil baint ag Karic léi, mar ‘sampla de chomhoibriú sa domhan Slavach’. A bhuí leis an dlúthchaidreamh seo le Lukashenka agus a lucht coimhdeachta, fuair cuideachtaí a bhfuil baint acu leis cóir fhabhrach ó réimeas Lukashenka, lena n-áirítear buntáistí cánach agus ceapacha talún d’fhorbairt eastáit réadaigh.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

3.6.2022

188.

Andrii SICH

Andrey SYCH

Андрiй СИЧ

Андрей СЫЧ

Post/Poist: Comh-óstach den chlár ‘Platform’ ar an gcainéal atá faoi úinéarcht an Stáit ‘Belarus 1’

Ball den eagraíocht ‘Rusj molodaja’

Dáta breithe: 20.9.1990

Áit bhreithe: An Bhealarúis

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Tá Andrii Sych ina Chomh-óstach ar an gclár ‘Platform’ ar ‘Belarus 1’, cainéal teilifíse faoi úinéireacht stáit. Sa phost sin, thacaigh sé le insintí réimis atá dírithe ar na meáin neamhspleácha a aithisiú, an bonn a bhaint ón daonlathas agus údarú a thabhairt don chos ar bolg. Thacaigh sé le hinsint réimeas Lukashenka faoin rún atá ag stáit an Iarthair coup d’état a eagrú sa Bhealarúis agus d’iarr sé go gcuirfí pionóis chrua orthu siúd a líomhnaíodh a bheith páirteach, thacaigh sé le feachtais bhréagaisnéise maidir le drochíde a thabhairt d’imircigh a tháinig go dtí an tAontas ón mBealarúis, agus chuir sé an íomhá chun cinn gur gníomhairí tionchair eachtraigh iad na meáin neamhspleácha ar cheart a ngníomhaíocht a shrianadh.

Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.

3.6.2022

189.

Dzianis Aliaksandravich MIKUSHEU

Denis Alexandrovich MIKUSHEV

Дзянiс Аляксандравiч МIКУШЭЎ

Денис Александрович МИКУШЕВ

Post/Poist: Ceann an Department for the Supervision of Compliance with the Law of Court Decisions in Criminal Cases of the Prosecutor’s Office of the Gomel Region/Oblast; comhairleoir dlí sinsearach

Dáta breithe: 21.3.1980

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is Ceann an Department for the Supervision of Compliance with the Law of Court Decisions in Criminal Cases of the Prosecutor’s Office of the Gomel Region/Oblast agus comhairleoir dlí speisialta é Dzianis Mikusheu. Sa phost sin, tá sé freagrach as tús a chur le hionchúiseamh Siarhei Tsikhanouski, Artsiom Sakau, Dzmitry Papou, lhar Losik, Uladzimir Tsyhanovich agus Mikalai Statkevich. Chuir sé le coinneáil threallach Siarhei Tsikhanouski, faoi mar a cuireadh i láthair i dtuarascáil Mheitheal na Comhairle um Chearta an Duine maidir le Coinneáil Threallach.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint ón smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

3.6.2022

190.

Mikalai Ivanavich DOLIA

Nikolai Ivanovich DOLYA

Мiĸалай Iванавiч ДОЛЯ

Ниĸолай Иванович ДОЛЯ

Post/Poist: Breitheamh ag Gomel Regional Court

Dáta breithe: 3.7.1979

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir aitheantais phearsanta: 3070379H0 41PBI

Is breitheamh in Gomel Regional Court é Mikalaí Dolia. Sa phost sin, tá sé freagrach as téarmaí príosúin atá díréireach fada a ghearradh ar Siarhei Tsikhanouski, Artsiom Sakau, Dzimtry Papou, Ihar Losik, Uladzimir Tsyhanovich agus Mikalai Statkevich. Chuir sé le coinneáil threallach Siarhei Tsikhanouski, faoi mar a cuireadh i láthair i dtuarascáil Mheitheal na Comhairle um Chearta an Duine maidir le Coinneáil Threallach.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint ón smacht reachta mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

3.6.2022

191.

Andrei Yaouhenavich PARSHYN

Andrei Yevgenevich PARSHIN

Андрэй Яўгенавiч ПАРШЫН

Андрей Евгеньевич ПАРШИН

Post/Poist: Ceann an Main Department for Combating Organized Crime and Corruption in Belarus (GUBOPiK)

Dáta breithe: 19.2.1974

Seoladh: 4A Skryganova St., Apt. 211, Mionsc, an Bhealarúis

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Tá Andrei Parshyn ina Cheann ar an Main Department for Combating Organized Crime and Corruption (GUBOPiK) sa Ministry of Internal Affairs ó 2021 i leith. Tá GUBOPiK ar cheann de na príomhchomhlachtaí atá freagrach as géarleanúint pholaitiúil sa Bhealarúis, lena n-áirítear gabhálacha treallacha agus neamhdhleathacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh, gníomhaithe agus comhaltaí den tsochaí shibhialta.

D’fhoilsigh GUBOPiK ar a phróifíl Telegram físeáin d’admhálacha a rinne gníomhaithe Bealarúiseacha agus gnáthshaoránaigh Bhealarúiseacha faoi iallach, á nochtadh do phobal na Bealarúise i gcoitinne agus á n-úsáid mar uirlis brú polaitiúil. Choinnigh GUBOPiK Mark Bernstein, duine de na heagarthóirí Wikipedia is mó sa Rúisis, as faisnéis a fhoilsiú faoi fhogha na Rúise faoin Úcráin, a mheastar a bheith ina ‘bréagnuacht’ fhrith-Rúiseach.

Tá Andrei Parshyn freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis.

3.6.2022

192.

Ihar Pyatrovich TUR

Igor Petrovich TUR

Iгар Пятровiч ТУР

Игорь Петрович ТУР

Post/Poist: Fostaí cainéal teilifíse atá faoi úinéireacht stáit ‘ONT’, údar agus ancaire roinnt clár (‘Propaganda’, ‘To be completed’)

Dáta breithe: 26.3.1989

Áit bhreithe: Grodno/Hrodna, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is fostaí é Ihar Tur de chuid chainéal teilifíse ONT faoi úinéireacht stáit agus tá sé ar cheann de phríomhbholscairí réimeas Lukashenka. Is é a óstálann an clár ‘Propaganda’, ina mbíonn sé ag iarraidh go ndéanfaí foréigean, ina ndéanann sé míchlú ar ghníomhaithe ón bhfreasúra agus cuireann sé físeáin chun cinn le hadmhálacha éigeantacha ó phríosúnaigh pholaitiúla. Scríobh sé roinnt tuairiscí bréagacha ar agóidí fhreasúra na Bealarúise, agus scríobh sé bréagaisnéis maidir le himeachtaí san Aontas, agus maidir le hionsaithe ar an tsochaí shibhialta. Tá sé freagrach freisin as bréagaisnéis agus teachtaireachtaí lena ngríosaítear foréigean a scaipeadh ar líne. Bhronn Aliaksandr Lukashenka bonn air as a chuid oibre sna meáin.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

3.6.2022

193.

Lyudmila Leanidauna HLADKAYA

Lyudmila Leonidovna GLADKAYA

Людмiла Леанiдаўна ГЛАДКАЯ

Людмила Леонидовна ГЛАДКАЯ

Post/Poist: Comhfhreagraí speisialta nuachtáin SB Belarus Segodnya, láithreoir ag an gcainéal teilifíse atá faoi úinéireacht an stáit Belarus 1

Dáta breithe: 30.6.1983

Seoladh: 8A Vodolazhsky St., apt. 45, Mionsc, an Bhealarúis

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Tá Lyudmila Hladkaya ar duine de na bolscairí is suntasaí de réimeas Lukashenka. Is fostaí í de chuid nuachtán ‘SB Belarus Segodnya’ agus comhlach de mheáin eile atá fabhrach don réimeas, lena n-áirítear an cainéal teilifíse Belarus 1 atá faoi úinéireacht stáit. Is minic a úsáideann sí fuathchaint agus teanga mhaolach agus í ag labhairt faoin bhfreasúra daonlathach. Rinne sí a lán ‘agallaimh’ freisin le saoránaigh na Bealarúise agus iad faoi choinneáil éagórach, mic léinn go minic, á dtaispeáint i staid náireach agus ag magadh fúthu. Chuir sí brú faoi chois na ngaireas slándála chun cinn agus ghlac sí páirt i bhfeachtais bhréagaisnéise agus ionramháil faisnéise. Tá sí ag tacú go poiblí le Aliaksandr Lukashenka agus léiríonn sí bród as a bheith ag fónamh dá réimeas. Mhol Lukashenka í go poiblí as a cuid oibre agus bhronn sé gradaim uirthi.

Dá bhrí sin, tá sí ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sí leis.

3.6.2022

194.

Ryhor Yur'yevich AZARONAK

Grigoriy Yurevich AZARYONOK

Рыгор Юр'евiч АЗАРОНАК

Григорий Юрьевич АЗАРЁНОК

Post/Poist: Fostaí cainéal teilifíse atá faoi úinéireacht an stáit ‘CTV’, údar agus óstach roinnt clár (‘Secret Springs of Politics’, ‘Order of Judas’, ‘Panopticon’)

Céim: Leifteanant cúltaca

Dáta breithe: 18.10.1995

Áit bhreithe: Mionsc, An Bhealarúis

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Tá Ryhor Azaronak ar cheann de phríomhbholscairí réimeas Lukashenka. Is colúnaí polaitiúil é, údar agus óstach ar chláir sheachtainiúla bholscaireachta ar an gcainéal teilifíse ‘CTV’ atá faoi úinéireacht stáit. Sna craoltaí a bhí aige, thacaigh sé le foréigean in aghaidh easaontaigh réimeas Lukashenka, d’úsáid sé teanga mhaolaitheach go córasach agus é ag trácht ar ghníomhaithe, ar iriseoirí agus ar fhreasúraí eile réimeas Lukashenka. Bhronn Aliaksandr Lukashenka duais air leis an mbonn ‘For Courage’.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

3.6.2022

195.

Ivan Ivanavich GALAVATYI

Ivan Ivanovich GOLOVATY

Iван Iванавiч ГАЛАВАТЫ

Иван Иванович ГОЛОВАТЫЙ

Post/Poist: Ard-Stiúrthóir Chuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belaruskali’

Comhalta den Standing Committee of the Council of the Republic of the National Assembly of the Republic of Belarus for Foreign Affairs and National Security

Dáta breithe: 15.6.1976

Áit bhreithe: Pogost Settlement, Soligorsk District, Minsk Province, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is é Ivan Galavatyi Ardstiúrthóir Belaruskali, fiontar faoi úinéireacht stáit, ar foinse mhór ioncaim agus airgeadra eachtraigh é do réimeas Lukashenka. Is comhalta é den Council of the Republic agus den National Assembly agus tá poist arda eile aige freisin sa Bhealarúis. Fuair sé an iliomad gradam stáit, lena n-áirítear gradaim ó Aliaksandr Lukashenka go díreach, le linn a ghairme. Bhí dlúthbhaint aige le Lukashenka agus baill dá theaghlach. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

Baineadh préimheanna d’fhostaithe Belaruskali a ghlac páirt i stailceanna agus agóidí síochánta i ndiaidh thoghcháin chalaoiseacha uachtaránachta Lúnasa 2020 agus ligeadh chun bealaí iad. Bhagair Lukashenka féin go pearsanta go gcuirfí mianadóirí ón Úcráin in ionad na bhfostaithe a chuaigh ar stailc. Tá Ivan Golovatyi freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

3.6.2022”

(2)

cuirtear na daoine dlítheanacha seo a leanas le tábla “B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)”:

 

Ainmneacha

(Traslitriú an litrithe Bealarúisise)

(Traslitriú an litrithe Rúisise)

Ainmneacha

(litriú Bealarúisise)

(litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“28.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belaruskali’

Адкрытае акцыянернае таварыства 'Беларуськалiй'

Открытое акционерное общество 'Беларуськалий'

Seoladh: 5 Korzha St., Soligorsk, 223710 Minsk Region/Oblast, Belarus

Dáta clárúcháin: 23.12.1996

Cláruimhir: 600122610

Is fiontar faoi úinéireacht stáit é OJSC Belaruskali atá ar cheann de na táirgeoirí potaise is mó ar domhan, agus 20 % d’onnmhairithe domhanda potaise á soláthar aige. Dá bhrí sin, is foinse mhór ioncaim agus airgeadra eachtraigh é do réimeas Lukashenka. Chuir Aliaksandr Lukashenka síos air mar ‘taisce náisiúnta, bród, ceann de cholúin onnmhairí na Bealarúise’. Dá bhrí sin, tá Belaruskali ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

Rinneadh imeaglú ar fhostaithe Belaruskali a ghlac páirt i stailceanna agus in agóidí síochánta tar éis na dtoghchán calaoiseacha sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020 agus leag bainistíocht na cuideachta as a bpost iad ina dhiaidh sin. Bhagair Lukashenka féin go pearsanta go gcuirfí mianadóirí ón Úcráin in ionad na bhfostaithe a chuaigh ar stailc. Dá bhrí sin, tá Belaruskali freagrach as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

3.6.2022

29.

An chuideachta chomhstoic Belarusian Potash Company

ААТ 'Беларуская калiйная кампанiя'

ОАО 'Белорусская калийная компания'

Seoladh: 35 Masherova Ave., 220002 Minsk, an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 13.9.2013

Cláruimhir: 192050251

Teil. +375 (17)-309-30-10; +375 (17)-309-30-30

Seoladh ríomhphoist: info@belpc.by

Is JSC Belarusian Potash Company a dhéanann an t-onnmhairiú do Belaruskali, táirgeoir potaise stát na Bealarúise. Is ceann de na foinsí is mó ioncaim do réimeas Lukashenka é Belaruskali. Seasann soláthairtí ó Belarus Potash Company do 20 % d’onnmhairithe domhanda potaise.

Ráthaíonn an stát cearta monaplachta Belarusian Potash Company chun leasacháin photaisiam a onnmhairiú. Tuilleann an chuideachta ioncam suntasach a bhuí le cóir fhabhrach óúdaráis na Bealarúise. Dá bhrí sin, tá JSC Belarusian Potash Company ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

3.6.2022

30.

An chuideachta theoranta ‘Inter Tobacco’

Таварыства з абмежаванай адказнасцю 'Iнтэр Табак'

Общество с ограниченной ответственностью 'Интер Тобако'

Seoladh:, 131 Novodvorskiy village, Novodvorskiy village council, Minsk District, 223016 Minsk Region /Oblast, an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 10.10.2002

Cláruimhir: 808000714

Is cuid den tionscal déantúsaíochta tobac sa Bhealarúis é Inter Tobacco LLC. Is leis sciar suntasach den mhargadh toitíní brabúsach intíre sa Bhealarúis. Tugadh pribhléidí eisiacha don chuideachta chun táirgí tobac a allmhairiú chuig an mBealarúis, bunaithe ar fhoraithne a shínigh Aliaksandr Lukashenka. Ina theannta sin, d’eisigh Lukashenka foraithne uachtaránachta chun teorainneacha chaipiteal na Bealarúise, Minsk, a atarraingt chun talamh a ghearradh amach do mhonarcha Inter Tobacco, is dócha ar chúiseanna a bhaineann le himghabháil cánach. Is le Alexei Oleksin agus dlúthbhaill dá theaghlach an chuideachta Inter Tobacco (tá sé faoi úinéireacht Energo-Ola, cuideachta le Oleksin).

Dá bhrí sin, tá ‘Inter Tobacco’ ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka.

3.6.2022

31.

An chuideachta comhstoic oscailte ‘Naftan’

Адкрытае акцыянернае таварыства 'Нафтан'

Открытое акционерное общество 'Нафтан'

Seoladh: Novopolotsk 1, 211440 Vitebsk Region/Oblast, Belarus,

Dáta clárúcháin: 1992

Cláruimhir: 300042199

Mar ghnóthas atá faoi úinéireacht stáit, is foinse mhór ioncaim agus airgeadra eachtraigh í an chuideachta comhstoic oscailte ‘Naftan’ do réimeas Lukashenka. Dá bhrí sin, tá ‘Naftan’ ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sí leis.

Rinneadh imeaglú ar fhostaithe ‘Naftan’ a ghlac páirt i stailceanna agus in agóidí síochánta tar éis na dtoghchán uachtaránachta calaoiseacha sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020 agus leag bainistíocht na cuideachta as a bpost iad. Dá bhrí sin, tá ‘Naftan’ freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois sa Bhealarúis agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

3.6.2022

32.

An chuideachta comhstoic oscailte ‘Grodno Tobacco Factory Neman’

Адкрытае акцыянернае таварыства ‘Гродзенская тытунёвая фабрыка Нёман’

Oткрытое акционерное общество ‘Гродненская табачная фабрика Неман’

Seoladh: 18 Ordzhonikidze st., 230771 Grodno, Belarus

Dáta clárúcháin: 30.12.1996

Cláruimhir: 500047627

An chuideachta comhstoic oscailte Grodno Tobacco Factory Neman, is fiontar faoi úinéireacht stáit na Bealarúise í agus tá sí ar cheann de na príomhfhoinsí ioncaim ag réimeas Lukashenka. Tá sciar 70-80 % den mhargadh tobac ag an gcuideachta sa Bhealarúis. Dá bhrí sin, tá Grodno Tobacco Factory Neman ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sí leis.

Tá brandaí Grodno Tobacco Factory Neman, a mhonaraítear sa Bhealarúis, ar cheann de na brandaí toitíní is coitianta a smuigleáiltear isteach san Aontas mar chuid de thrádáil bhrabúsach tobac chontrabhannaigh. Úsáidtear carranna traenach de chuid na gcuideachtaí Belaruskali agus Grodno Azot, atá faoi úinéireacht stáit na Bealarúise, sa scéim chontrabhannach. Dá bhrí sin, cuidíonn Grodno Tobacco Factory Neman le haistriú mídhleathach earraí srianta isteach ar chríoch an Aontais a éascú.

3.6.2022

33.

Beltamozhservice

Рэспублiканскае унiтарнае прадпрыемства "БЕЛМЫТСЭРВIС"

Республиканское унитарное предприятие ‘Белтаможсервис’

Seoladh: 17th km, Minsk-Dzerzhinsk highway, administrative building, office 75, Shchomyslitsky s/s, 223049 Minsk Region/Oblast, Belarus

Dáta clárúcháin: 9.6.1999

Cláruimhir: 101561144

Is cuideachta faoi úinéireacht stáit í Beltamozhservice, agus is í ceann de na cuideachtaí lóistíochta is mó sa Bhealarúis. Tá dlúthbhaint aici le húdaráis na Bealarúise agus baint aici le smuigleáil agus ath-onnmhairiú earraí ón mBealarúis go dtí an Rúis. Tairbhíonn Beltamozhservice de na naisc atá aici leis na húdaráis agus cuireann sí ioncam suntasach ar fáil do réimeas Lukashenka. Dá bhrí sin, tá sí ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sí leis.

3.6.2022

34.

An chuideachta comhstoic oscailte “Managing Company of Holding ‘Belkommunmash’”

Адкрытае акцыянернае таварыства "Кiруючая кампанiя холдынгу"‘Белкамунмаш’

Открытое акционерное общество "Управляющая компания холдинга"‘Белкоммунмаш’

Seoladh: 64B-2 Perekhodnaya St., 220070 Minsk, Belarus

Dáta clárúcháin: 13.8.1991

Cláruimhir: 100205408

Is monaróir Bealarúiseach é Belkommunmash a dhéanann feithiclí iompair phoiblí. Tá an t-onnmhairiú a dhéanann gnó Belkommunmash á chur chun cinn ag Aliaksandr Lukashenka, agus é á ráthú aige go gcomhlíonfaidh an chuideachta a cuid oibleagáidí conarthacha lena comhpháirtithe agus a thionchar á úsáid aige chun tacú le gníomhaíocht ghnó Belkommunmash. Dá bhrí sin, tá Belkommunmash ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka.

Leag Belkommunmash oibrithe as a bpost mar fhrithbheart nuair a rinne siad agóid i gcoinne thorthaí na dtoghchán uachtaránachta calaoiseach in 2020, agus dá bhrí sin tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

3.6.2022

35.

Belteleradio Company / cuideachta stáit náisiúnta teilifíse agus raidió Phoblacht na Bealarúise

Нацыянальная дзяржаўная тэлерадыёкампанiя Рэспублiкi Беларусь / Белтэлерадыёкампанiя

Национальная государственная телерадиокомпания Республики Беларусь / Белтелерадиокомпания

Seoladh: 9 Makayonka St., Minsk, Belarus

Dáta clárúcháin: 14.9.1994

Cláruimhir: 100717729

Suíomh gréasáin: tvr.by

Is é Belteleradio Company an chuideachta stáit teilifíse agus raidió, a rialaíonn seacht gcainéal teilifíse agus 5 stáisiún raidió sa Bhealarúis. Tar éis na dtoghchán uachtaránachta calaoiseach i mí Lúnasa 2020, leag Belteleradio oibrithe a rinne agóid as a bpost sna heagraíochtaí meán faoina rialú agus chuir sé ina n-ionad fostaithe de chuid na meán Rúiseach. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

Tá bolscaireacht á leathadh go gníomhach ag na stáisiúin teilifíse agus raidió faoi mhaoirseacht Belteleradio Company agus dá bhrí sin tá siad ag tacú le réimeas Lukashenka.

3.6.2022”


Top