Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0855

Cinneadh (AE) 2022/855 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena gceaptar triúr comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na Cróite, de Choiste na Réigiún

ST/8504/2022/INIT

IO L 150, 1.6.2022, pp. 86–87 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/01/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/855/oj

1.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 150/86


CINNEADH (AE) 2022/855 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Bealtaine 2022

lena gceaptar triúr comhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na Cróite, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Cróite,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíocháin triúr comhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Vojko OBERSNEL, Goran PAUK agus Jelena PAVIČIĆ VUKIČEVIĆ a cheapadh.

(4)

Tá suíocháin triúr comhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Martin BARIČEVIĆ, Antonija JOZIĆ agus Matija POSAVEC a cheapadh. Ina theannta sin, tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis d’Igor ANDROVIĆ éirí as oifig.

(5)

Mhol Rialtas na Cróite na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Igor ANDROVIĆ, župan, Virovitičko-podravska županija (maor, Contae Virovitica-Podravina), Joško KLISOVIĆ, predsjednik skupštine, Grad Zagreb (Uachtarán an Tionóil, cathair Shágrab), agus Marko VEŠLIGAJ, gradonačelnik, Grad Pregrada (méara, cathair Pregrada).

(6)

Mhol Rialtas na Cróite na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Martina FURDEK HAJDIN, županica, Karlovačka županija (maor, Contae Karlovac), Ivica KOVAČEVIĆ, načelnik, Općina Jakšić (méara, Bardas Jakšić), Ana KUČIĆ, gradonačelnica, Grad Mali Lošinj (méara, Cathair Mali Lošinj), agus Marina MEDARIĆ, zamjenica župana, Primorsko-goranska županija (leasmhaor, Contae Primorje-Gorski Kotar),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhaltaí:

Igor ANDROVIĆ, župan, Virovitičko-podravska županija (maor, Contae Virovitica-Podravina),

Joško KLISOVIĆ, predsjednik skupštine, Grad Zagreb (Uachtarán an Tionóil, cathair Shágrab),

Marko VEŠLIGAJ, gradonačelnik, Grad Pregrada (méara, cathair Pregrada),

agus

(b)

mar chomhaltaí malartacha:

Martina FURDEK HAJDIN, županica, Karlovačka županija (maor, Contae Karlovac),

Ivica KOVAČEVIĆ, načelnik, Općina Jakšić (méara, Bardas Jakšić),

Ana KUČIĆ, gradonačelnica, Grad Mali Lošinj (méara, Cathair Mali Lošinj),

Marina MEDARIĆ, zamjenica župana, Primorsko-goranska županija (leasmhaor, Contae Primorje-Gorski Kotar).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. FESNEAU


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).


Top