Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0833

Cinneadh (AE) 2022/833 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska

ST/8581/2022/INIT

IO L 147, 30.5.2022, pp. 44–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/833/oj

30.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/44


CINNEADH (AE) 2022/833 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Bealtaine 2022

lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1 de,

Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Aibreán 2022 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska (BCE/2022/16) (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe BCE agus arna formheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

In 2017, roghnaigh Národná banka Slovenska Deloitte Audit s.r.o. mar iniúchóirí seachtracha air do na blianta airgeadais 2017 go 2020, agus an rogha acu an sainordú a leathnú do na blianta airgeadais 2021 go 2023.

(3)

Tháinig deireadh le sainordú Deloitte Audit s.r.o. don bhliain airgeadais 2020 i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1849 ón gComhairle (2), agus rinne Národná banka Slovenska sainordú Deloitte Audit s.r.o. a leathnú go dtí an bhliain airgeadais 2021.

(4)

Tháinig deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha ar Národná banka Slovenska, Deloitte Audit s.r.o., tar éis iniúchadh na bliana airgeadais 2021 i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/1169 ón gComhairle (3). Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2022 ar aghaidh.

(5)

Tá sé de rún ag Národná banka Slovenska sainordú Deloitte Audit s.r.o. a leathnú go dtí na blianta airgeadais 2022 agus 2023. Is féidir an sainordú seo a leathnú i gcomhréir leis na socruithe conarthacha idir Národná banka Slovenska agus Deloitte Audit s.r.o..

(6)

Mhol Comhairle Rialaithe BCE Deloitte Audit s.r.o. a cheapadh mar iniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska do na blianta airgeadais 2022 agus 2023.

(7)

De réir an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle (4) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 16:

“16.   Leis seo, ceaptar Deloitte Audit s.r.o. mar iniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska do na blianta airgeadais 2022 agus 2023.”.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBanc Ceannais Eorpach.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO C 160, 13.4.2022, lch. 9.

(2)  Cinneadh (AE) 2017/1849 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska (IO L 264, 13.10.2017, lch. 5).

(3)  Cinneadh (AE) 2021/1169 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/EC a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Národná banka Slovenska (IO L 255, 16.7.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69).


Top