Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0816

Cinneadh (AE) 2022/816 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún

ST/8480/2022/INIT

IO L 146, 25.5.2022, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/816/oj

25.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/11


CINNEADH (AE) 2022/816 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Bealtaine 2022

lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hIodáile, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na hIodáile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Daniela BALLICO a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na hIodáile Luisa PIACENTINI, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Consigliere comunale del Comune di Marano Equo (RM) (Comhalta de Thionól Áitiúil Marano Equo (RM)), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Luisa PIACENTINI, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach, Consigliere comunale del Comune di Marano Equo (RM) (Comhalta de Thionól Áitiúil Marano Equo (RM)), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).


Top