Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta
Asiakirja 32022D0796
Commission Decision (EU) 2022/796 of 12 May 2022 approving, on behalf of the European Union, an amendment to Annex XVIII to the Association Agreement between the European Union and its Member States, on the one hand, and Central America, on the other
Cinneadh (AE) 2022/796 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2022 lena bhformheastar, thar ceann an Aontais Eorpaigh, leasú ar Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile
Cinneadh (AE) 2022/796 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2022 lena bhformheastar, thar ceann an Aontais Eorpaigh, leasú ar Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile
C/2022/2921
IO L 141, 20.5.2022, s. 111–115
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Voimassa
|
20.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 141/111 |
CINNEADH (AE) 2022/796 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Bealtaine 2022
lena bhformheastar, thar ceann an Aontais Eorpaigh, leasú ar Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh 2012/734/AE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2012 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile, agus cur i bhfeidhm sealadach Chuid IV de maidir le cúrsaí trádála (1) agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile, (“an Comhaontú”) ar feitheamh. |
|
(2) |
Mar sin féin, déantar foráil in Airteagal 353(4) den Chomhaontú maidir le cur i bhfeidhm sealadach Chuid IV de maidir le cúrsaí trádála. Dá bharr sin, tá Cuid IV den Chomhaontú á cur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Lúnasa 2013 i leith Hondúras, Nicearagua agus Phanama, ón 1 Deireadh Fómhair 2013 i leith Chósta Ríce agus na Salvadóire, agus ón 1 Nollaig 2013 i leith Ghuatamala. |
|
(3) |
In Airteagal 247 den Chomhaontú, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht tásca geografacha nua a chur le hIarscríbhinn XVIII (“Tásca Geografacha faoi Chosaint”) a ghabhann leis an gComhaontú tar éis don nós imeachta agóide a bheith curtha i gcrích ina leith agus tar éis do na húdaráis inniúla náisiúnta nó réigiúnacha scrúdú a dhéanamh orthu go rathúil i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta ábhartha thar ceann na Comhairle Comhlachais. |
|
(4) |
Chuir Cósta Ríce iarraidh faoi bhráid an Aontais chun tásc geografach nua amháin a chur le Cuid B d’Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú. Chuir an tAontas nós imeachta agóide an táisc gheografaigh nua sin agus an scrúdú air i gcrích. |
|
(5) |
Chuir an tSalvadóir iarraidh faoi bhráid an Aontais chun 10 dtásc geografach nua a chur le Cuid B d’Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú. Chuir an tAontas nós imeachta agóide na dtásc geografach nua sin agus an scrúdú orthu i gcrích. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 6 den Chomhaontú, tá sé de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais a bunaíodh de bhun Airteagal 4 den Chomhaontú liosta na dtásc geografach a leagtar amach in Iarscríbhinn XVIII den Chomhaontú a mhodhnú. |
|
(7) |
Le hAirteagal 274 den Chomhaontú, bunaítear Fochoiste um Maoin Intleachtúil, a fhéadfaidh modhnuithe a mholadh, lena bhformheas ag an gComhairle Comhlachais, ar liosta na dtásc geografach a leagtar amach in Iarscríbhinn XVIII den Chomhaontú. |
|
(8) |
An 13 Meitheamh 2022, rinne an Fochoiste um Maoin Intleachtúil measúnú ar an bhfaisnéis i ndáil leis an tásc geografach breise ó Chósta Ríce agus ón tSalvadóir agus mhol sé don Chomhairle Comhlachais Cuid B d’Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú dá réir. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cuid B d’Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú a leasú dá réir sin agus ba cheart na leasuithe a fhormheas thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, na leasuithe ar Chuid B d’Iarscríbhinn XVIII, a ghabhann leis an gComhaontú a leagtar amach sa dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais.
Tá an dréacht-Chinneadh ón gComhairle Comhlachais i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tá ionadaí an Aontais sa Chomhairle Comhlachais údaraithe an cinneadh ón gComhairle Comhlachais a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Tar éis a ghlactha, foilseofar an Cinneadh ón gComhairle Comhlachais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
IARSCRÍBHINN
DRÉACHT-CHINNEADH Uimh. […]/2022 ÓN gCOMHAIRLE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS AGUS MEIRICEÁ LÁIR
maidir leis an leasú ar Iarscríbhinn XVIII (“Tásca Geografacha faoi Chosaint”) a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile
AN CHOMHAIRLE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS AGUS MEIRICEÁ LÁIR,
Ag féachaint don Chomhaontú lena mbunaítear an Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile, agus go háirithe Airteagal 247 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá an Comhaontú lena mbunaítear an Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta) (1) á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Lúnasa 2013 i leith Hondúras, Nicearagua agus Phanama, ón 1 Deireadh Fómhair 2013 i leith Chósta Ríce agus na Salvadóire, agus ón 1 Nollaig 2013 i leith Ghuatamala. |
|
(2) |
In Airteagal 247 den Chomhaontú, déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht tásca geografacha nua a chur le hIarscríbhinn XVIII (“Tásca Geografacha faoi Chosaint”) a ghabhann leis an gComhaontú tar éis don nós imeachta agóide a bheith curtha i gcrích ina leith agus tar éis do na húdaráis inniúla náisiúnta nó réigiúnacha scrúdú a dhéanamh orthu go rathúil i gcomhréir leis na rialacha agus nósanna imeachta ábhartha thar ceann na Comhairle Comhlachais. |
|
(3) |
An 2 Iúil 2020, chuir Cósta Ríce iarraidh faoi bhráid an Aontais chun tásc geografach nua amháin a chur le hIarscríbhinn XVIII (Tásca Geografacha faoi Chosaint) a ghabhann leis an gComhaontú de bhun Airteagal 247 den Chomhaontú. Tá an scrúdú ar thásc geografach nua Chósta Ríce agus an nós imeachta agóide ina leith, a foilsíodh an 6 Nollaig 2021 (2), curtha i gcrích ag an Aontas. |
|
(4) |
An 7 Meitheamh 2021, chuir an tSalvadóir iarraidh faoi bhráid an Aontais chun 10 dtásc geografach nua a chur le hIarscríbhinn XVIII (Tásca Geografacha faoi Chosaint) a ghabhann leis an gComhaontú de bhun Airteagal 247 den Chomhaontú. Tá an scrúdú ar thásca geografacha nua na Salvadóire agus an nós imeachta agóide ina leith, a foilsíodh an 28 Nollaig 2021 (3), curtha i gcrích ag an Aontas. |
|
(5) |
An 13 Meitheamh 2022, de bhun Airteagal 274(2) den Chomhaontú, chinn an Fochoiste um Maoin Intleachtúil, i gcruinniú comhpháirteach idir páirtithe an Aontais agus Mheiriceá Láir, tar éis measúnú a dhéanamh roimhe sin ar an bhfaisnéis a soláthraíodh i ndáil leis na tásca geografacha nua ó Chósta Ríce agus ón tSalvadóir, a mholadh don Chomhairle Comhlachais Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú dá réir. |
|
(6) |
Tá sé de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais an cinneadh a dhéanamh trí chomhaontú frithpháirteach i gcomhréir le hairteagal 11 dá Rialacha Nós Imeachta. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú mar a leagtar amach sa chinneadh seo, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Cuirtear na hiontrálacha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis an tábla i gCuid B d’Iarscríbhinn XVIII “Tásca Geografacha faoi Chosaint” a ghabhann leis an gComhaontú, mar a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 5/2014 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir (4).
Airteagal 2
Ionadaithe na Comhairle Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir, ar ionadaithe iad atá údaraithe gníomhú thar ceann na bPáirtithe chun an Comhaontú a mhodhnú, déanfaidh siad an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, a shíniú.
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe seo.
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh
Thar ceann an Choiste um Thrádáil
Ceann thoscaireacht an Aontais Eorpaigh
Ceann thoscaireacht Mheiriceá Láir
(1) IO L 346, 15.12.2012, lch. 3.
(2) FÓGRA FAISNÉISE - COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ Tásca Geografacha ó Chósta Ríce atá le cosaint mar Thásca Geografacha san Aontas Eorpach (IO C 489, 6.12.2021, lch. 10).
(3) FÓGRA FAISNÉISE - COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ Tásca Geografacha ón tSalvadóir atá le cosaint mar Thásca Geografacha san Aontas Eorpach (IO C 522, 28.12.2021, lch. 20) agus Ceartúchán ar FHÓGRA FAISNÉISE - COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ Tásca Geografacha ón tSalvadóir atá le cosaint mar Thásca Geografacha san Aontas Eorpach (IO C 30, 20.1.2022, lch. 2).
(4) Cinneadh Uimh. 5/2014 ón gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir an 7 Samhain 2014 maidir leis na tásca geografacha atá le háireamh in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an gComhaontú (IO L 196, 24.7.2015, lch. 59).
IARSCRÍBHINN
|
Tír |
Ainm |
Táirgí |
|
Cósta Ríce |
Tarrazú |
Caife |
|
An tSalvadóir |
Café Alotepec |
Caife |
|
An tSalvadóir |
Café Bálsamo Quezaltepec |
Caife |
|
An tSalvadóir |
Café Cacahuatique |
Caife |
|
An tSalvadóir |
Café Chichontepec |
Caife |
|
An tSalvadóir |
Café Tecapa Chinameca |
Caife |
|
An tSalvadóir |
Camarón Bahía de Jiquilisco |
Séacla |
|
An tSalvadóir |
Chaparro |
Deoch bhiotáilleach dhriogtha ghránbhunaithe |
|
An tSalvadóir |
Jocote Barón Rojo San Lorenzo |
Toradh úr |
|
An tSalvadóir |
Loroco San Lorenzo |
Glasra úr |
|
An tSalvadóir |
Pupusa de Arroz de Olocuilta |
Arán leathan tiubh gridille (tortilla) a dhéantar as rís |