Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0794

    Cinneadh (AE) 2022/794 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    ST/8553/2022/INIT

    IO L 141, 20.5.2022, p. 51–52 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/794/oj

    20.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 141/51


    CINNEADH (AE) 2022/794 ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Bealtaine 2022

    lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don togra ó rialtas na hEastóine,

    Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 300(2) den Chonradh, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le bheith comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha.

    (2)

    An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1392 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.

    (3)

    Tá suíochán comhalta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tagtha chun bheith folamh tar éis bhás Aija MAASIKAS.

    (4)

    Mhol Rialtas na hEastóine Kaia VASK, peasekretär, jurist, Eesti Meremeeste Sõltumatu Ametiühing (Ard-Rúnaí agus Comhairleoir Dlí, Aontas Neamhspleách Mhairnéalaigh na hEastóine), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar Kaia VASK, peasekretär, jurist, Eesti Meremeeste Sõltumatu Ametiühing (Ard-Rúnaí agus Comhairleoir Dlí, Aontas Neamhspleách Mhairnéalaigh na hEastóine), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 15.

    (2)  Cinneadh (AE) 2020/1392 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, agus lena n-aisghairtear agus lena n-ionadaítear an Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020 (IO L 322, 5.10.2020, lch. 1).


    Top