EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0776

Cinneadh (AE) 2022/776 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Spáinn isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2300) (Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/2300

IO L 139, 18.5.2022, p. 182–190 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/776/oj

18.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 139/182


CINNEADH (AE) 2022/776 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Aibreán 2022

maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Spáinn isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2300)

(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an chéad mhír, de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta le bunú. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna ghlacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta molta atá sna dréachtphleananna arna dtarraingt suas ag na Ballstáit comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 á úsáid aige.

(2)

Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna ghlacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta molta atá sna dréachtphleananna comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 á úsáid aige.

(3)

Ó bhí an chéad ráithe den bhliain féilire 2020 ann, bhí tionchar suntasach ag ráig phaindéim COVID-19 ar earnáil an aeriompair agus tá méid an aerthráchta laghdaithe go mór i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, mar gheall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an paindéim a shrianadh.

(4)

Leagadh spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu.

(5)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais amach i leith TT3.

(6)

Tugann an Coimisiún dá aire gurb é a thuartar le réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go sroichfidh an t-aerthrácht ar an leibhéal uile-Aontais na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim le linn 2023 agus go sáróidh sé na leibhéil sin in 2024. Mar sin féin, tá leibhéal ard éiginnteachta fós ag baint le forbairt an tráchta mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le forbairt staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire, freisin, go meastar go dtiocfaidh téarnamh míchothrom ar an aerthrácht sna Ballstáit éagsúla.

(7)

Tá dréachtphleananna feidhmíochta, agus spriocanna áitiúla feidhmíochta iontu i leith TT3, tiomsaithe agus glactha ag na Ballstáit uile, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiún iad lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis a fhíorú don Choimisiún arbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar Bhallstáit dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoina bhráid faoin 17 Samhain 2021. An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, is ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Spáinn isteach atá sé bunaithe.

(8)

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus comhairle uaidh inti maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith TT3.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfeidhmíocht áitiúil atá beartaithe ag an Spáinn ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú, i leith gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta a bhaineann leis, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

(10)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Spáinn faoina bhráid maidir lena héifeachtaí a dhéanann soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta bainistíocht ar an tsábháilteacht, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i ndáil leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(11)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a mholann an Spáinn i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:

An Spáinn

Spriocanna le haghaidh éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

Na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

An cuspóir bainistíochta sábháilteachta

2021

2022

2023

2024

ENAIRE, FERRONATS

Beartas sábháilteachta agus cuspóirí

C

C

C

C

Bainistiú riosca sábháilteachta

C

C

C

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

Cur chun cinn na sábháilteachta

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

(12)

Maidir leis na dréachtspriocanna sábháilteachta a mhol an Spáinn le haghaidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (ENAIRE agus FERRONATS), is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil sé beartaithe leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais a bhaint amach in 2024 i gcás chuspóir bhainistiú an riosca sábháilteachta, agus, i gcás na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta eile, go gcomhlíonann na spriocanna feidhmíochta áitiúla leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

(13)

Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Spáinn isteach bearta le haghaidh na ANSPanna chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, amhail “an cultúr cóir” a treisiú agus plean straitéiseach “Digital Sky” a chur chun feidhme chun na seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais do ENAIRE a nuachóiriú, chomh maith le cultúr na sábháilteachta a chur chun cinn agus feabhas a chur ar iniúchadh na gcóras bainistíochta sábháilteachta agus ar nósanna imeachta suirbhéanna do FERRONATS.

(14)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (12) agus (13), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT3, eadhon 2024, ba cheart, maidir leis na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Spáinne, gurb é an measúnú a dhéantar orthu go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta.

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

(15)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Spáinn isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Spáinne i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(16)

I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc fheidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024.

(17)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mholann an Spáinn, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i leith TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, agus iad arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír:

 

2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna comhshaoil eitiltí faoi bhealach na Spáinne, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a bhaineann leis an ruthag eitilte iarbhír

3,08  %

3,08  %

3,08  %

3,08  %

Luachanna tagartha le haghaidh na Spáinne

3,08  %

3,08  %

3,08  %

3,08  %

(18)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna comhshaoil a mholann an Spáinn agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

(19)

Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil roinnt beart curtha i láthair ag an Spáinn sa dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna comhshaoil áitiúla a bhaint amach, lena n-áirítear feabhas a chur ar roinnt líonraí bealaí, athruithe i leith limistéir laistigh de Lárionad Rialaithe Limistéar na nOileán Canárach, atheagrú Limistéar Ainlithe Críochfoirt Mhaidrid agus Palma chomh maith le bearta chun comhar trasteorann a mhéadú.

(20)

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil aerspás saorbhealaigh (FRA) curtha chun feidhme cheana féin ag an Spáinn laistigh de limistéir Santiago agus Asturias Réigiún Faisnéise Eitilte Mhaidrid (tionscadal FRASAI) agus gur thionscain sí roinnt tionscadal cur chun feidhme FRA (e.g. HISPAFRA).

(21)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (18) go (20), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Spáinne go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil.

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

(22)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir na Spáinne isteach maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Spáinne i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochta Gréasáin a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Rinneadh an measúnú sin agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh agus rinneadh é a chomhlánú leis an athbhreithniú ar bhearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(23)

I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024.

(24)

Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a mholann an Spáinn i leith TT3, agus iad arna sloinneadh i nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Líonra:

 

2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach na Spáinne i nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,12

0,20

0,19

0,19

Luachanna tagartha le haghaidh na Spáinne

0,12

0,20

0,19

0,19

(25)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna acmhainneachta a mholann an Spáinn agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024.

(26)

Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil raon beart curtha i láthair ag an Spáinn sa dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta eitiltí faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin nuachóiriú cuimsitheach ar an gcóras bainistithe aerthráchta, méadú ar acmhainneachtaí limistéar, optamú aerthráchta isteach, earcú rialtóirí aerthráchta (ATCOnna) chun ionad foirne atá ag dul ar scor a ghlacadh chomh maith le feabhsúcháin éifeachtúlachta sa phróiseas uainchláir ATCO.

(27)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (25) agus (26), is é an measúnú ba cheart a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Spáinne go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta.

Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(28)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na Spáinne.

Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

(29)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Spáinn isteach maidir leis na costais aonaid arna suíomh (“CAAS”) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta eitiltí faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin an treocht CAAS le linn TT3, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn an dara tréimhse tagartha (TT2) agus TT3 (2015-2024), agus luach bonnlíne CAAS ar leibhéil an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu.

(30)

Rinneadh measúnú ar na spriocanna éifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na príomhfhachtóirí agus na príomhpharaiméadair is bunús leis na spriocanna sin, mar a shonraítear i bpointe 2.1(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(31)

Is mar seo a leanas atá na dréachtscéimeanna costéifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach a mhol an Spáinn le haghaidh limistéir muirearaithe na Spáinne Ilchríochaí agus Oileáin Chanáracha na Spáinne le linn TT3:

Limistéar muirearaithe eitiltí faoi bhealach na Spáinne

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 - 2021

2022

2023

2024

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach na Spáinne Ilchríochaí, arna sloinneadh mar chostas aonaid eitilte faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

EUR 69,88

EUR 52,06

EUR 107,71

EUR 53,64

EUR 51,69

EUR 48,19

Dréachtspriocanna costéifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach Oileáin Chanáracha na Spáinne, arna sloinneadh mar chostas aonaid eitilte faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

EUR 70,11

EUR 52,39

EUR 104,97

EUR 66,92

EUR 58,97

EUR 53,93

(32)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht CAAS eitiltí faoi bhealach na Spáinne le linn TT3 ar leibhéal limistéir muirearaithe na Spáinne Ilchríochaí (-1,9 %) agus Spáinn na nOileán Canárach (+ 0,7 %), sin gur fearr an treocht sin ná an treocht uile-Aontais +1,0 % le linn na tréimhse céanna.

(33)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur fearr treocht fhadtéarmach CAAS eitiltí faoi bhealach na Spáinne le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal limistéir muirearaithe na Spáinne Ilchríochaí (-4,0 %) agus Spáinn na nOileán Canárach (-2,9 %), sin gur fearr an treocht sin ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %.

(34)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil meánluach bonnlíne CAAS limistéir muirearaithe na Spáinne Ilchríochaí agus Oileáin Chanáracha na Spáinne, mar atá, EUR 52,11 i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (“EUR2017”), 17,2 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 62,97 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil costas aonaid na Spáinne arna shuíomh fós níos ísle ná meán an ghrúpa comparáide le linn TT3 ar fad, agus go bhfuil sé 16,8 % níos ísle ná an meán sin i leith 2024.

(35)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (32) go (34), is é an measúnú ba cheart measúnú a dhéanamh ar na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Spáinne go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta.

Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(36)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na Spáinne.

Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na dréachtspriocanna acmhainneachta

(37)

I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, maidir leis na dréachtspriocanna acmhainneachta, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú le hathbhreithniú ar na dréachtscéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na dréacht-scéimeanna dreasachtaí na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtscéimeanna dreasachtaí atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Spáinne.

(38)

Tugann an Coimisiún faoi deara, maidir leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht eitiltí faoi bhealach a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Spáinne agus leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht críochfoirt a mholtar ann araon, go gcuimsíonn siad uas-mhíbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,50 % de na costais arna suíomh agus uasbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,00 % de na costais arna suíomh.

(39)

Maidir leis na scéimeanna dreasachtaí sin, tá an Coimisiún go mór in amhras, ar bhonn comhairle shaineolach a sholáthair an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, an imreodh na huas-mhíbhuntáistí airgeadais a mholtar, arb ionann iad agus 0,50 % de na costais arna suíomh faoi seach, aon tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(40)

Ba cheart don Spáinn, dá bhrí sin, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachtaí chun na spriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach agus acmhainneacht críochfoirt a bhaint amach sa chaoi go socrófar na huas-mhíbhuntáistí de bhun na scéimeanna dreasachtaí sin ar leibhéal a imreoidh tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus is é an tuairim ón gCoimisiún gur cheart go socrófaí, mar thoradh air sin, an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais ar leibhéal is ionann agus 1 % de na costais arna suíomh nó níos airde ná sin.

CONCLÚIDÍ

(41)

Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (10) go (40), tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sna dréachtphleananna feidhmíochta a chuir an Spáinn isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais.

(42)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé tugtha le fios ag roinnt Ballstát go bhfuil sé i gceist acu ítimí costais a bhaineann le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt a chur lena mbonn costais i leith TT3. Ní raibh an Coimisiún in ann a shuí go beacht, ar bhonn na n-eilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, cé mhéad a chuir na Ballstáit costais shuite den chineál sin lena mbonn costais i leith TT3, ná, i gcásanna inar chuir, cé mhéad a thabhaítear iad i ndáil le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir a mheas gur costais incháilithe iad faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá iarraidh ad hoc ar fhaisnéis curtha ag seirbhísí an Choimisiún chuig na Ballstáit uile chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad tuilleadh scrúdaithe ar na costais a thuairiscítear maidir le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt i gcomhthéacs an fhíoraithe ar chomhlíontacht na rátaí aonaid. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí ná do chonclúidí an Choimisiúin maidir le costais braite na ladrann.

(43)

Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí Rúiseacha, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht, ar chairtfhostú, nó faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag aon eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi, nó eitilt thairsti. Tá laghdú ag teacht ar an aerthrácht san aerspás os cionn chríoch an Aontais i ngeall ar na bearta sin. Níor cheart, ámh, go mbeadh an tionchar ar an leibhéal uile-Aontais inchomparáide leis an laghdú ar an aerthrácht de dheasca ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann faoi láthair le haghaidh chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe le linn TT3 a choinneáil ar bun.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Spáinn isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

Airteagal 2

Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

Na spriocanna feidhmíochta atá san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Spáinn isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha.

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA

Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

an Spáinn

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, ó leibhéal EASA A go D

Na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2021

2022

2023

2024

ENAIRE, FERRONATS

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

C

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

Cur chun cinn na sábháilteachta

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

 

2021

2022

2023

2024

Dréacht de spriocanna comhshaoil faoi bhealachna Spáinne, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

3,08  %

3,08  %

3,08  %

3,08  %

Luachanna tagartha don Spáinn

3,08  %

3,08  %

3,08  %

3,08  %

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA

Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte

 

2021

2022

2023

2024

Dréacht de spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na Spáinne, i nóiméid ar mhoill ATFM in aghaidh na heitilte

0,12

0,20

0,19

0,19

Luachanna tagartha don Spáinn

0,12

0,20

0,19

0,19

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna shuíomh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Spáinne

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 -2021

2022

2023

2024

Dréacht de spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach na Spáinne Ilchríochaí, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

EUR 69,88

EUR 52,06

EUR 107,71

EUR 53,64

EUR 51,69

EUR 48,19

Dréacht de spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach Oileáin Chanáracha na Spáinne, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna shuíomh (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017)

EUR 70,11

EUR 52,39

EUR 104,97

EUR 66,92

EUR 58,97

EUR 53,93


Top