This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0767
Commission Decision (EU) 2022/767 of 13 April 2022 on the consistency of the performance targets contained in the draft performance plan submitted by Portugal pursuant to Regulation (EC) No 549/2004 of the European Parliament and of the Council with the Union-wide performance targets for the third reference period (notified under document C(2022) 2288) (Only the Portuguese text is authentic) (Text with EEA relevance)
Cinneadh (AE) 2022/767 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Phortaingéil isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2288) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (Is é an téacs sa Phortaingéilis amháin atá barántúil)
Cinneadh (AE) 2022/767 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Phortaingéil isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2288) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (Is é an téacs sa Phortaingéilis amháin atá barántúil)
C/2022/2288
IO L 139, 18.5.2022, pp. 97–106
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
18.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139/97 |
CINNEADH (AE) 2022/767 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Aibreán 2022
maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Phortaingéil isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 2288)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(Is é an téacs sa Phortaingéilis amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), an chéad mhír de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair (2), agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
BREITHNITHE GINEARÁLTA
|
(1) |
De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tá scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta le bunú. Thairis sin, de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis, i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra aerloingseoireachta. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann. Is é an Coimisiún atá freagrach as measúnú a dhéanamh an bhfuil na spriocanna feidhmíochta molta atá sna dréachtphleananna arna dtarraingt suas ag na Ballstáit comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 á úsáid aige. |
|
(2) |
Ón gcéad ráithe de bhliain féilire 2020, bhí tionchar mór ag ráig phaindéim COVID-19 ar an earnáil aeriompair agus d’fhág sé gur tháinig laghdú suntasach ar an méid aerthráchta i gcomparáid leis na leibhéil roimh an bpaindéim, de bharr na mbeart a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun srian a choinneáil ar an bpaindéim. |
|
(3) |
Leagadh spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Maidir leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta a chuir na Ballstáit isteach ina ndiaidh siúd, ós rud é gur tarraingíodh suas iad sular tharla ráig phaindéim COVID-19, ní fhéadfaí an t-athrú suntasach a tháinig ar na dálaí aeriompair de dheasca na paindéime a chur san áireamh iontu. |
|
(4) |
Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla i leith an tríú tréimhse thagartha, de mhaolú ar Rialachán (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). De bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627, ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais amach i leith TT3. |
|
(5) |
Tugann an Coimisiún dá aire gurb é a thuartar le réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”) ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go sroichfidh an t-aerthrácht ar an leibhéal uile-Aontais na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim le linn 2023 agus go sáróidh sé na leibhéil sin in 2024. Mar sin féin, tá leibhéal ard éiginnteachta fós ag baint le forbairt an tráchta mar gheall ar na rioscaí a bhaineann le forbairt staid eipidéimeolaíoch COVID-19. Tugann an Coimisiún dá aire, freisin, go meastar go dtiocfaidh téarnamh míchothrom ar an aerthrácht sna Ballstáit éagsúla. |
|
(6) |
Tá dréachtphleananna feidhmíochta, agus spriocanna áitiúla feidhmíochta iontu i leith TT3, forbartha agus glactha ag na Ballstáit uile, agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiún iad lena measúnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Tar éis a fhíorú don Choimisiún arbh iomlán do na dréachtphleananna feidhmíochta sin, d’iarr sé ar Bhallstáit dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe a chur faoina bhráid faoin 17 Samhain 2021. An measúnú ón gCoimisiún a chuirtear i láthair sa Chinneadh seo, is ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Phortaingéil isteach atá sé bunaithe. |
|
(7) |
Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus sa tuarascáil sin ón gcomhlacht tá comhairle maidir leis an measúnú ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith TT3. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta a mholann an Phortaingéil, ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus na himthosca áitiúla á gcur san áireamh aige. Chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú, i leith gach príomhréimse feidhmíochta agus na spriocanna feidhmíochta a bhaineann leis, trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtphleananna feidhmíochta i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta
|
(9) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Phortaingéil faoina bhráid maidir lena héifeachtaí a dhéanann soláthraithe na seirbhísí aerloingseoireachta bainistíocht ar an tsábháilteacht, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna sábháilteachta a bhaint amach i leith na n-eilimintí a leagtar amach i bpointe 2.1.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(10) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a mholann an Phortaingéil i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(11) |
Maidir leis na dréachtspriocanna sábháilteachta a mhol an Phortaingéil le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta (NAV Portugal), is é conclúid an Choimisiúin go bhfuil sé beartaithe leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais a bhaint amach in 2024 i gcás chuspóir bhainistiú an riosca sábháilteachta, agus, i gcás na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta eile, go gcomhlíonann na spriocanna áitiúla feidhmíochta leibhéal na sprice feidhmíochta uile-Aontais i leith gach bliana féilire ó 2021 go 2024. |
|
(12) |
Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Phortaingéil isteach bearta lena ndéanamh ag NAV Portugal chun na spriocanna áitiúla sábháilteachta a bhaint amach, amhail uasghrádú na n-uirlisí a úsáidtear faoi láthair, feabhsú ar an bpróiseas faireacháin le haghaidh na dtáscairí sábháilteachta agus ar an tuairisciú faoin gcultúr sábháilteachta, agus athbhreithniú ar an struchtúr oiliúna maidir le córas na bainistíochta sábháilteachta. |
|
(13) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (11) agus (12), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta uile-Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT3, eadhon 2024, ba cheart a mheasúnú, maidir leis na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil
|
(14) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Phortaingéil isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach na heitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna comhshaoil a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(15) |
I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta comhshaoil leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(16) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mholann an Phortaingéil, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i leith TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, agus iad sloinnte mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:
|
|
(17) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna comhshaoil a mholann an Phortaingéil agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024. |
|
(18) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil roinnt beart curtha i láthair ag an bPortaingéil ina dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear Limistéar Ainlithe Críochfoirt Mhaidéara a bharrfheabhsú agus a mhéadú, plean aistrithe a chur chun feidhme le haghaidh na loingseoireachta feidhmíochtbhunaithe (PBN), struchtúir nua in Cascais le haghaidh Imeacht Caighdeánach de réir Uirlisí (SID) agus Teacht Caighdeánach de réir Uirlisí (STAR), córas coinbhéirsithe ag pointe le haghaidh Limistéar Ainlithe Críochfoirt Liospóin, agus roinnt beart chun an comhar trasteorann leis an bhFrainc, an Spáinn agus Maracó a mhéadú. |
|
(19) |
Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an t-aerspás saorbhealaigh curtha chun feidhme cheana ag an bPortaingéil ó leibhéal eitilte 245 i Réigiún Faisnéise Eitilte (FIR) Liospóin agus go bhfuil sé beartaithe aici é a leathnú go FIR Santa Maria ag deireadh 2024. |
|
(20) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (17) go (19), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta
|
(21) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Phortaingéil isteach maidir leis an meánmhoill i mbainistiú na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochta Gréasáin a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe uile-Aontais i leith TT3, eadhon an 2 Meitheamh 2021. Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus an measúnú sin á dhéanamh, agus comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na bearta atá beartaithe chun na spriocanna acmhainneachta a bhaint amach faoi phointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(22) |
I gcás bhliain féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta uile-Aontais i leith TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Dá réir sin, níor iarradh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a spriocanna áitiúla feidhmíochta i leith bhliain féilire 2020 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta sna dréachtphleananna feidhmíochta a bhí le cur isteach faoin 1 Deireadh Fómhair 2021. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna áitiúla feidhmíochta acmhainneachta leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha uile-Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith bhlianta féilire 2021, 2022, 2023 agus 2024. |
|
(23) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach a mholann an Phortaingéil i leith TT3, arna sloinneadh mar nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Gréasáin:
|
|
(24) |
Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna acmhainneachta a mholann an Phortaingéil agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana féilire ó 2021 go 2024. |
|
(25) |
Maidir le pointe 2.1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil raon beart curtha i láthair ag an bPortaingéil sa dréachtphlean feidhmíochta chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach a bhaint amach. Áirítear ar na bearta sin an t-aistriú go córas nua Bainistíochta Aerthráchta (BAT) agus seomra oibríochtaí nua, athruithe ar an aerspás lena n-áirítear tionscnaimh aerspáis saorbhealaigh trasteorann, nósanna imeachta feabhsaithe le haghaidh bhainistíocht na sreibhe aerthráchta agus na hacmhainneachta aerthráchta, agus cur chun feidhme plean earcaíochta chun coibhéis lánaimseartha na rialtóirí aerthráchta a mhéadú go mór (+ 25 % faoi 2024 i gcoibhneas leibhéil 2024). |
|
(26) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (24) agus (25), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta. |
Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(27) |
Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na Portaingéile. |
|
(28) |
Nuair a chuirtear na dréachtspriocanna náisiúnta le haghaidh na meánmhoille ATFM isteach i gcomparáid, ar leibhéal na n-aerfort, leis an bhfeidhmíocht a bhí ag aerfoirt inchomparáide le linn TT2, tugann an Coimisiún faoi deara go meastar go mbeidh moilleanna ATFM níos faide ag aerfoirt Vín, Innsbruck agus Salzburg ná mar a thuartar le haghaidh aerfoirt inchomparáide. |
|
(29) |
Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart don Phortaingéil, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, breis údair a thabhairt maidir leis na spriocanna acmhainneachta críochfoirt i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach thuas, sin nó ba cheart di na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt a athbhreithniú anuas. |
Measúnú ar na dréachtspriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta
|
(30) |
Maidir le príomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Phortaingéil isteach maidir leis na costais aonaid arna suíomh (“CAAS”) le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach, ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Is iad na critéir sin an treocht CAAS le linn TT3, an treocht fhadtéarmach CAAS le linn TT2 agus TT3 (2015-2024), agus luach bonnlíne CAAS ar leibhéil an limistéir muirearaithe i gcomparáid le meánluach na limistéar muirearaithe a bhfuil timpeallacht oibríochtúil agus eacnamaíoch chomhchosúil ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta iontu. |
|
(31) |
Cuireadh na himthosca áitiúla san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na spriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach. Comhlánaíodh an measúnú le hathbhreithniú ar na príomhfhachtóirí agus na príomhpharaiméadair is bunús leis na spriocanna sin, mar a shonraítear i bpointe 2.1(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(32) |
Is iad seo a leanas na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach a mholann an Phortaingéil i leith TT3:
|
|
(33) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht CAAS faoi bhealach na Portaingéile ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, +2,1 % in aghaidh na bliana, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, +1,0 %. |
|
(34) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht fhadtéarmach CAAS faoi bhealach na Portaingéile le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, +0,5 % in aghaidh na bliana, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %. |
|
(35) |
Ba cheart a chur san áireamh, áfach, agus comparáid á déanamh idir na treochta CAAS áitiúla agus uile-Aontais dá dtagraítear in aithrisí (33) agus (34), go dtuartar i réamhaisnéis STATFOR Eurostat gur lú go mór an fás a thiocfaidh ar thrácht faoi bhealach na Portaingéile le linn TT3 ná an fás tráchta meánach ar an leibhéal uile-Aontais. Fágann sé sin gur deacra don Phortaingéil na treochta CAAS uile-Aontais sin a bhaint amach. |
|
(36) |
Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne CAAS na Portaingéile, mar atá, EUR 34,88 i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (“EUR2017”), 12,2 % níos ísle ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 39,73 in EUR2017. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, go mbeidh costas aonaid ar bhealach na Portaingéile arna shuíomh i leith 2024 fós 9,8 % níos ísle ná meán an ghrúpa comparáide. |
|
(37) |
Scrúdaigh an Coimisiún a thuilleadh an féidir a mheas gur gá agus gur comhréireach, faoi phointe 1.4(d) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, na diallais a thugtar faoi deara in aithrisí (33) agus (34), ar an gcoinníoll gur i ngeall ar chostais bhreise arna suíomh a bhaineann le bearta is gá chun na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, nó i ngeall ar bhearta athstruchtúraithe de réir bhrí Airteagal 2(18) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus i ngeall orthu siúd amháin, atá na diallais ón treocht uile-Aontais CAAS nó ón treocht fhadtéarmach uile-Aontais CAAS a thugtar faoi deara. |
|
(38) |
Maidir leis an gcritéar a shonraítear faoi phointe 1.4(d)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go gcuireann an Phortaingéil, ina dréachtphlean feidhmíochta, bearta agus infheistíochta i láthair a gcuirfidh an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, eadhon NAV Portugal, i gcrích iad chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta a bhaint amach. |
|
(39) |
Go háirithe, tá sé beartaithe ag an bPortaingéil córas BAT nua a chur chun úsáide, ós rud é go bhfuil deireadh a shaolré bainte amach ag an gcóras atá in úsáid faoi láthair agus go gcaithfear ceann nua a chur ina ionad. Is deimhin gur gníomhaíocht thábhachtach é seo chun bheith in ann acmhainneacht leordhóthanach a sholáthar amach anseo, óir ba é an córas BAT atá ann faoi láthair a bhí freagrach as cuid mhór de na moilleanna ATFM a ghin NAV Portugal le linn TT2 sna himthosca a bhí ann roimh COVID-19. Leis an gcóras BAT nua, laghdófar ualach oibre na rialtóirí aerthráchta in aghaidh an aerárthaigh agus beifear in ann feidhmiúlachtaí nua a úsáid, rud a sholáthróidh gnóthachain oibríochtúla. |
|
(40) |
Thairis sin, tá sé beartaithe ag an bPortaingéil an líon rialtóirí aerthráchta de réir coibhéis lánaimseartha a mhéadú go mór i rith TT3. Is forbairt fhíor-riachtanach í sin chun gur féidir líon níos mó teascóg a oscailt in aerspás faoi bhealach na Portaingéile faoi dheireadh TT3, rud a chuirfidh feabhas ar an acmhainneacht a sholáthraítear. |
|
(41) |
Ar bhonn na hanailíse mionsonraithe ón gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, measann an Coimisiún go bhfuil fíorghá leis na bearta ábhartha a leagtar amach i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile chun na spriocanna áitiúla acmhainneachta a bhaint amach. Thairis sin, agus ag féachaint don mheastóireacht a rinne an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, is féidir a shuí gur mó costais bhreise na mbeart sin ná na diallais ón treocht uile-Aontais CAAS agus ón treocht fhadtéarmach uile-Aontais CAAS dá dtagraítear in aithrisí (33) agus (34). |
|
(42) |
I bhfianaise na mbreithnithe in aithrisí (38) go (41), suíonn an Coimisiún dá bhrí sin go gcomhlíontar, i leith na Portaingéile, an critéar a leagtar amach i bpointe 1.4(d)(i). |
|
(43) |
De bhun na mbreithnithe thuasluaite is léir nach gá a scrúdú a thuilleadh an gcomhlíonfaí, i leith na Portaingéile, an critéar a leagtar amach faoi phointe 1.4(d)(ii). |
|
(44) |
Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (33) go (43), ba cheart a mheasúnú go bhfuil na dréachtspriocanna i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta. |
Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt
|
(45) |
Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagail 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta i leith eitiltí faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna dréachtspriocanna sin i gcás na Portaingéile. |
Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na dréachtspriocanna acmhainneachta
|
(46) |
I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i dtaca leis an measúnú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta, chomhlánaigh an Coimisiún an measúnú sin le hathbhreithniú ar na dréachtscéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na dréachtscéimeanna dreasachtaí na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Fuarthas ábhar imní sna dréachtscéimeanna atá i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile. |
|
(47) |
Tugann an Coimisiún faoi deara, maidir leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht faoi bhealach a mholtar i ndréachtphlean feidhmíochta na Portaingéile agus leis an scéim dreasachtaí le haghaidh acmhainneacht chríochfoirt a mholtar ann araon, go gcuimsíonn siad uas-mhíbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,5 % de na costais arna suíomh agus uasbhuntáiste airgeadais is ionann agus 0,5 % de na costais arna suíomh. |
|
(48) |
Maidir leis na scéimeanna dreasachtaí sin, tá an Coimisiún go mór in amhras, ar bhonn comhairle shaineolach a sholáthair an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, an imreodh an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais a mholtar, arb ionann é agus 0,5 % de na costais arna suíomh, aon tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. |
|
(49) |
Ba cheart don Phortaingéil, dá bhrí sin, i dtaca le glacadh a plean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachtaí chun na spriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach agus acmhainneachta críochfoirt a bhaint amach sa chaoi go socrófar na huas-mhíbhuntáistí de bhun na scéimeanna dreasachtaí sin ar leibhéal a imreoidh tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear go sonrach faoi Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus is é tuairim an Choimisiúin gur cheart go socrófaí, mar thoradh air sin, an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais ar leibhéal is ionann agus 1 % de na costais arna suíomh nó níos airde ná sin. |
CONCLÚIDÍ
|
(50) |
Ar bhonn an mheasúnaithe a leagtar amach in aithrisí (9) go (49), tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Phortaingéil isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais. |
|
(51) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil sé tugtha le fios ag roinnt Ballstát go bhfuil sé i gceist acu ítimí costais a bhaineann le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt a chur lena mbonn costais i leith TT3. Ní raibh an Coimisiún in ann a shuí go beacht, ar bhonn na n-eilimintí atá sna dréachtphleananna feidhmíochta, cé mhéad a chuir na Ballstáit costais shuite den chineál sin lena mbonn costais i leith TT3, ná, i gcásanna inar chuir, cé mhéad a thabhaítear iad i ndáil le soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta, rud a d’fhágfadh gurbh fhéidir a mheas gur costais incháilithe iad faoin scéim feidhmíochta agus muirearaithe. Tá iarraidh ad hoc ar fhaisnéis curtha ag seirbhísí an Choimisiún chuig na Ballstáit uile chun faisnéis ábhartha a bhailiú, agus déanfaidh siad tuilleadh scrúdaithe ar na costais a thuairiscítear maidir le ladrainn a bhrath ag na haerfoirt i gcomhthéacs comhlíontacht na rátaí aonaid a fhíorú. Tá an Cinneadh seo gan dochar do thorthaí ná do chonclúidí an Choimisiúin maidir le costais braite na ladrann. |
|
(52) |
Mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, tá bearta sriantacha glactha ag an Aontas lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí Rúiseacha, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht, ar chairtfhostú, nó faoi rialú ar shlí eile ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag aon eintiteas nó comhlacht Rúiseach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi, nó eitilt thairsti. Tá laghdú ag teacht ar an aerthrácht san aerspás os cionn chríoch an Aontais i ngeall ar na bearta sin. Níor cheart, ámh, go mbeadh an tionchar ar an leibhéal uile-Aontais inchomparáide leis an laghdú ar an aerthrácht de dheasca ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta agus na próisis atá ann faoi láthair le haghaidh chur chun feidhme na scéime feidhmíochta agus muirearaithe le linn TT3 a choinneáil ar bun. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Phortaingéil isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais i leith an tríú tréimhse tagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Portaingéile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Adina VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
Na spriocanna feidhmíochta atá san áireamh sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Phortaingéil isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha.
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA
Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta
|
an Phortaingéil |
Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, ó leibhéal EASA A go D |
||||
|
An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann |
Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
NAV Portugal |
Beartas agus cuspóirí sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
Bainistíocht riosca sábháilteachta |
C |
C |
C |
D |
|
|
Dearbhú sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cur chun cinn na sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
|
Cultúr sábháilteachta |
C |
C |
C |
C |
|
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL
Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna comhshaoil faoi bhealach na Portaingéile, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír |
1,80 % |
1,80 % |
1,80 % |
1,80 % |
|
Luachanna tagartha don Phortaingéil |
1,80 % |
1,80 % |
1,80 % |
1,80 % |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA
Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach i nóiméid in aghaidh na heitilte
|
|
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna acmhainneachta faoi bhealach na Portaingéile, i nóiméid ar mhoill ATFM in aghaidh na heitilte |
0,09 |
0,13 |
0,13 |
0,13 |
|
Luachanna tagartha don Phortaingéil |
0,09 |
0,13 |
0,13 |
0,13 |
PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA
Costas aonaid cinnte le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach
|
Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Portaingéile Ilchríochaí |
Luach bonnlíne 2014 |
Luach bonnlíne 2019 |
2020 -2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
|
Dréacht de spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach, arna sloinneadh mar chostas aonaid cinnte faoi bhealach (i dtéarmaí réadacha ag praghsanna 2017) |
EUR 36,13 |
EUR 34,88 |
EUR 65,82 |
EUR 40,78 |
EUR 40,37 |
EUR 37,87 |