This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0713
Commission Implementing Decision (EU) 2022/713 of 4 May 2022 amending Implementing Decision (EU) 2019/1956 as regards harmonised standards for appliances for heating liquids, battery chargers, instantaneous water heaters, thermal-storage room heaters, toilets, multifunctional shower cabinets, skin exposure to ultraviolet and infrared radiation, and other electrical equipment designed for use within certain voltage limits (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/713 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh fearas chun leachtanna a théamh, luchtairí ceallraí, prapthéitheoirí uisce, téitheoirí teirmeacha seomra stórais, leithreas, caibinéid cithfholcadáin ilfheidhmeacha, craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg, agus trealamh leictreach eile a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/713 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh fearas chun leachtanna a théamh, luchtairí ceallraí, prapthéitheoirí uisce, téitheoirí teirmeacha seomra stórais, leithreas, caibinéid cithfholcadáin ilfheidhmeacha, craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg, agus trealamh leictreach eile a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/2922
IO L 133, 10.5.2022, p. 17–27
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 12/12/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023D2723
10.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/17 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/713 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Bealtaine 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh fearas chun leachtanna a théamh, luchtairí ceallraí, prapthéitheoirí uisce, téitheoirí teirmeacha seomra stórais, leithreas, caibinéid cithfholcadáin ilfheidhmeacha, craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg, agus trealamh leictreach eile a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh leictreach atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glacfar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir sin, cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi chodanna díobh. |
(2) |
Le litir M/511 an 8 Samhain 2012, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) an chéad liosta iomlán de theidil na gcaighdeán comhchuibhithe a sholáthar mar aon leis na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, na caighdeáin sin a dhréachtú, a athbhreithniú agus a chur i gcrích chun tacú le Treoir 2014/35/AE. Na cuspóirí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/35/AE agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, is cuspóirí iad nár tháinig athrú orthu ó rinneadh an iarraidh ar CEN, Cenelec agus ETSI. |
(3) |
Ar bhonn iarraidh M/511, dhréachtaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe, agus na leasuithe a rinneadh orthu, EN 50689:2021 maidir le táirgí léasair tomhaltóirí; EN IEC 61010-2-011:2021 agus EN IEC 61010-2-011:2021/A11:2021 maidir le trealaimh cuisnithe; EN IEC 61347-2-14:2018 agus EN IEC 61347-2-14:2018/A11:2021 maidir le DC agus/nó SA ba chóir gléas rialaithe leictreonaigh a sholáthar le haghaidh lampa ionduchtaithe fluaraisigh. |
(4) |
Ar bhonn iarraidh M/511, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú agus leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht (2016/C 249/03) ón gCoimisiún (3): EN 60320-1:2001 arna leasú le EN 60320-1:2001/A1:2007 maidir le cúplóirí fearais chun críoch tí; EN 60335-2-25:2012 arna leasú le EN 60335-2-25:2012/A1:2015, agus EN 60335-2-25:2012/A2:2016 maidir le hoighinn mhicreathonnacha; EN 60335-2-41:2003 arna leasú le EN 60335-2-41:2003/A1:2004 agus EN 60335-2-41:2003/A2:2010 maidir le caidéil; EN 60335-2-96:2002 arna leasú le EN 60335-2-96:2002/A1:2004, agus EN 60335-2-96:2002/A2:2009 maidir le heilimintí téimh solúbtha le haghaidh seomra a théamh; EN 60974-8:2009 maidir le consóil gháis le haghaidh táthúcháin agus córas gearrtha plasma; EN 61010-2-032:2012 maidir le braiteoirí srutha láimhe agus cúblála de láimh; EN 61010-2-033:2012 maidir le hilmhéadair láimhe le haghaidh úsáid tí agus ghairmiúil; EN 61010-2-040:2005 maidir le steirileoirí agus díghalraitheoirí niteoirí; EN 61914:2016 maidir le cléataí cábla; EN 62031:2008 arna leasú le EN 62031:2008/A1:2013 agus EN 62031:2008/A2:2015 maidir le modúil LED le haghaidh soilsiú ginearálta. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe agus leasuithe seo a leanas: EN IEC 60320-1:2021; EN IEC 60335-2-25:2021; EN IEC 60335-2-25:2021/A11:2021; EN IEC 60335-2-41:2021; EN IEC 60335-2-41:2021/A11:2021; EN IEC 60335-2-96:2021; EN IEC 60335-2-96:2021/A11:2021; EN IEC 60974-8:2021; EN IEC 61010-2-032:2021; EN IEC 61010-2-032:2021/A11:2021; EN IEC 61010-2-033:2021; EN IEC 61010-2-033:2021/A11:2021; EN IEC 61010-2-040:2021; EN IEC 61914:2021; EN IEC 62031:2020; agus EN IEC 62031:2020/A11:2021. |
(5) |
Ar bhonn iarraidh M/511, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú agus leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 ón gCoimisiún (4): EN 61010-2-091:2012 arna cheartú le EN 61010-2-091:2012/AC:2013 maidir le caibinéid chórais x-ghathaithe; EN 60335-2-105:2005 arna leasú le EN 60335-2-105:2005/A11:2010, EN 60335-2-105:2005/A1:2008, agus EN 60335-2-105:2005/A2:2020 maidir le caibinéid cithfholcadáin ilfheidhmeacha; EN 60335-2-84:2003 arna leasú le EN 60335-2-84:2003/A1:2008, agus EN 60335-2-84:2003/A2:2019 maidir le fearais leithris; EN 60335-2-29:2004 arna leasú le EN 60335-2-29:2004/A11:2018, agus EN 60335-2-29:2004/A2:2010 maidir le luchtairí ceallraí; Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe agus leasuithe seo a leanas: EN IEC 61010-2-091:2021; EN IEC 61010-2-091:2021/A11:2021; EN IEC 60335-2-105:2021; EN IEC 60335-2-105:2021/A11:2021; EN IEC 60335-2-105:2021/A1:2021; EN IEC 60335-2-84:2021; EN IEC 60335-2-84:2021/A11:2021; EN 60335-2-29:2021; EN 60335-2-29:2021/A1:2021. |
(6) |
Ar bhonn iarraidh M/511, rinne CEN agus Cenelec leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht (2016/C 249/03) ón gCoimisiún: EN 60335-2-54:2008 arna leasú le EN 60335-2-54:2008/A11:2012/AC:2015, EN 60335-2-54:2008/A11:2012, agus EN 60335-2-54:2008/A1:2015 maidir le fearais glanta dromchla; EN 61009-1:2012 arna leasú le EN 61009-1:2012/A1:2014, EN 61009-1:2012/A11:2015, agus EN 61009-1:2012/A2:2014 maidir le scoradáin chiorcaid a oibríonn trí shruth iarmharach. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha seo a leanas: EN 60335-2-54:2008/A12:2021; EN 60335-2-54:2008/A2:2021; agus EN 61009-1:2012/A13:2021. |
(7) |
Ar bhonn iarraidh M/511, rinne CEN agus Cenelec leasú agus ceartú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas freisin, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956: EN 60335-2-15:2016 arna leasú le EN 60335-2-15:2016/A11:2018 maidir le fearais chun leachtanna a théamh; EN 60335-2-35:2016 arna leasú le EN 60335-2-35:2016/A1:2019 maidir le prapthéitheoirí uisce; EN 60335-2-61:2003 arna leasú le EN 60335-2-61:2003/A1:2005, EN 60335-2-61:2003/A2:2008, agus EN 60335-2-61:2003/A11:2019 maidir le téitheoirí teirmeacha seomra stórais; EN 60335-2-27:2013 arna leasú le EN 60335-2-27:2013/A1:2020, EN 60335-2-27:2013/A2:2020 maidir le fearais chun craiceann a nochtadh do radaíocht ultraivialait agus infridhearg; EN 60335-2-21:2021 maidir le taiscthéitheoirí uisce. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha agus ceartaitheacha seo a leanas: EN 60335-2-15:2016/A12:2021; EN 60335-2-15:2016/A1:2021; EN 60335-2-15:2016/A2:2021; EN 60335-2-35:2016/A2:2021; EN 60335-2-61:2003/A12:2021; EN 60335-2-27:2013/AC:2021-11; agus EN 60335-2-21:2021/A1:2021. |
(8) |
Na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus na leasuithe agus na ceartúcháin atá déanta orthu, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin iarraidh M/511. |
(9) |
Caighdeáin chomhchuibhithe EN 50689:2021; EN IEC 61010-2-011:2021 arna leasú le EN IEC 61010-2-011:2021/A11:2021; EN IEC 61347-2-14:2018 arna leasú le EN IEC 61347-2-14:2018/A11:2021; EN IEC 60320-1:2021; EN IEC 60335-2-25:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-25:2021/A11:2021; EN IEC 60335-2-41:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-41:2021/A11:2021; EN IEC 60335-2-96:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-96:2021/A11:2021; EN IEC 60974-8:2021; EN IEC 61010-2-032:2021 arna leasú le EN IEC 61010-2-032:2021/A11:2021; EN IEC 61010-2-033:2021 arna leasú le EN IEC 61010-2-033:2021/A11:2021; EN IEC 61010-2-040:2021; EN IEC 61010-2-091:2021 arna leasú le EN IEC 61010-2-091:2021/A11:2021; EN IEC 61914:2021; EN IEC 62031:2020 arna leasú le EN IEC 62031:2020/A11:2021; EN IEC 60335-2-105:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-105:2021/A11:2021 agus EN IEC 60335-2-105:2021/A1:2021; EN IEC 60335-2-84:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-84:2021/A11:2021; EN 60335-2-29:2021 arna leasú le EN 60335-2-29:2021/A1:2021; EN 60335-2-54:2008 arna leasú le EN 60335-2-54:2008/A11:2012/AC:2015, EN 60335-2-54:2008/A11:2012, agus EN 60335-2-54:2008/A1:2015, EN 60335-2-54:2008/A12:2021, agus EN 60335-2-54:2008/A2:2021; EN 61009-1:2012 arna leasú le EN 61009-1:2012/A1:2014, EN 61009-1:2012/A11:2015, EN 61009-1:2012/A2:2014, agus EN 61009-1:2012/A13:2021; EN 60335-2-15:2016 arna leasú le EN 60335-2-15:2016/A11:2018, EN 60335-2-15:2016/A12:2021, EN 60335-2-15:2016/A1:2021, agus EN 60335-2-15:2016/A2:2021; EN 60335-2-35:2016 arna leasú le EN 60335-2-35:2016/A1:2019, agus EN 60335-2-35:2016/A2:2021; EN 60335-2-61:2003 arna leasú le EN 60335-2-61:2003/A1:2005, EN 60335-2-61:2003/A2:2008, agus EN 60335-2-61:2003/A11:2019, agus EN 60335-2-61:2003/A12:2021; EN 60335-2-27:2013 arna leasú le EN 60335-2-27:2013/A1:2020, EN 60335-2-27:2013/A2:2020, agus arna cheartú le EN 60335-2-27:2013/AC:2021-11; Comhlíonann EN 60335-2-21:2021 arna leasú le EN 60335-2-21:2021/A1:2021 na ceanglais sábháilteachta is aidhm dó a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin agus na leasuithe agus na ceartúcháin orthu, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(10) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, cuirtear ar fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2014/35/AE. Chun a áirithiú gur in aon ghníomh amháin a liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh d’fhonn tacú le Treoir 2014/35/AE, ba cheart na tagairtí sin a chuimsiú san Iarscríbhinn sin. |
(11) |
Dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, agus na tagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo a foilsíodh sa tsraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is tagairtí iad sin is gá a tharraingt siar: EN 60320-1:2001; EN 60335-2-25:2012; EN 60335-2-41:2003; EN 60335-2-96:2002; EN 60974-8:2009; EN 61010-2-032:2012; EN 61010-2-033:2012; EN 61010-2-040:2005; EN 61914:2016; EN 62031:2008; EN 60335-2-54:2008; EN 61009-1:2012. |
(12) |
Is gá an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe EN 61851-22:2002 a foilsíodh i dTeachtaireacht (2016/C 249/03) ón gCoimisiún a tharraingt siar, ós rud é go bhfuil téacs chaighdeán EN 61851-22:2002 mar chuid dhílis den chaighdeán leasaithe EN IEC 61851-1:2019, a cuireadh le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956. |
(13) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE, tagairtí a tarraingíodh siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí tagairtí na gcaighdeán a tarraingíodh siar a chuimsiú san Iarscríbhinn sin. |
(14) |
Is gá na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas a tharraingt siar freisin: EN 61010-2-091:2012; EN 60335-2-105:2005; EN 60335-2-84:2003; EN 60335-2-29:2004; EN 60335-2-15:2016; EN 60335-2-35:2016; EN 60335-2-61:2003; EN 60335-2-27:2013; agus EN 60335-2-21:2021, i dteannta na dtagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach a bhaineann leo a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is tagairtí iad sin is gá a tharraingt siar as sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é gur leasaíodh iad nó gur ceartaíodh iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956. |
(15) |
Mar sin féin, ós rud é go bhfoilsítear tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 61010-2-091:2012 arna cheartú le EN 61010-2-091:2012/AC:2013 in Iarscríbhinn IB a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, is gá na tagairtí sin a scriosadh ón Iarscríbhinn sin. |
(16) |
Ar mhaithe lena ndóthain ama a thabhairt do na monaróirí iad féin a ullmhú le haghaidh chur i bhfeidhm na gcaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60320:-1:2021; EN IEC 60335-2-25:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-25:2021/A11:2021; EN IEC 60335-2-41:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-41:2021/A11:2021; EN IEC 60335-2-96:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-96:2021/A11:2021; EN IEC 60974-8:2021; EN IEC 61010-2-032:2021 arna leasú le EN IEC 61010-2-032:2021/A11:2021; EN IEC 61010-2-033:2021 arna leasú le EN IEC 61010-2-033:2021/A11:2021; EN IEC 61010-2-040:2021; EN IEC 61010-2-091:2021 arna leasú le EN IEC 61010-2-091:2021/A11:2021; EN IEC 61914:2021; EN IEC 62031:2020 arna leasú le EN IEC 62031:2020/A11:2021; EN IEC 60335-2-105:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-105:2021/A11:2021 agus EN IEC 60335-2-105:2021/A1:2021; EN IEC 60335-2-84:2021 arna leasú le EN IEC 60335-2-84:2021/A11:2021; EN 60335-2-29:2021 arna leasú le EN 60335-2-29:2021/A1:2021; EN 60335-2-54:2008 arna leasú le EN 60335-2-54:2008/A11:2012/AC:2015, EN 60335-2-54:2008/A11:2012, EN 60335-2-54:2008/A1:2015, EN 60335-2-54:2008/A12:2021 agus EN 60335-2-54:2008/A2:2021; EN 61009-1:2012 arna leasú le EN 61009-1:2012/A1:2014, EN 61009-1:2012/A11:2015, EN 61009-1:2012/A2:2014 agus EN 61009-1:2012/A13:2021; EN 60335-2-15:2016 arna leasú le EN 60335-2-15:2016/A11:2018, EN 60335-2-15:2016/A12:2021, EN 60335-2-15:2016/A1:2021 agus EN 60335-2-15:2016/A2:2021; EN 60335-2-35:2016 arna leasú le EN 60335-2-35:2016/A1:2019, agus EN 60335-2-35:2016/A2:2021; EN 60335-2-61:2003 arna leasú le EN 60335-2-61:2003/A1:2005, EN 60335-2-61:2003/A2:2008, EN 60335-2-61:2003/A11:2019 agus EN 60335-2-61:2003/A12:2021; EN 60335-2-27:2013 arna leasú le EN 60335-2-27:2013/A1:2020, EN 60335-2-27:2013/A2:2020 agus EN 60335-2-27:2013/AC:2021-11; agus EN 60335-2-21:2021 arna leasú le EN 60335-2-21:2021/A1:2021; is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, agus na dtagairtí d’aon chaighdeán leasaitheach nó ceartaitheach, a chur siar: EN 60320-1:2001; EN 60335-2-25:2012; EN 60335-2-41:2003; EN 60335-2-96:2002; EN 60974-8:2009; EN 61010-2-032:2012; EN 61010-2-033:2012; EN 61010-2-040:2005; EN 61914:2016; EN 62031:2008; EN 60335-2-54:2008; EN 61009-1:2012; EN 61851-22:2002; EN 61010-2-091:2012; EN 60335-2-105:2005; EN 60335-2-84:2003; EN 60335-2-29:2004; EN 60335-2-15:2016; EN 60335-2-35:2016; EN 60335-2-61:2003; EN 60335-2-27:2013; agus EN 60335-2-21:2021. |
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 a leasú dá réir. |
(18) |
Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin lena dtoimhdítear é a bheith i gcomhréir leis na buncheanglais chomhfhreagracha, lena n-áirítear cuspóirí sábháilteachta, a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 mar a leanas:
(a) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(b) |
leasaítear Iarscríbhinn IB i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(c) |
leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (b) ón 10 Samhain 2023.
Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I maidir le rónna 4, 7, 34, 39, 41, 68 agus 96 ón 10 Samhain 2023.
Beidh feidhm ag pointe (1) d’Iarscríbhinn I maidir le ró 76 ón 10 Samhain 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).
(3) Teachtaireacht (2016/C 249/03) ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO C 249, 8.7.2016, lch. 62).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 306, 27.11.2019, lch. 26).
IARSCRÍBHINN I
(1) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, scriostar rónna 4, 7, 34, 39, 41, 68, 76 agus 96. |
(2) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, cuirtear isteach na rónna seo a leanas in ord seicheamhach:
|
(3) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, cuirtear isteach na rónna seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
In Iarscríbhinn IB a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, scriostar ró 30.
IARSCRÍBHINN III
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1956, cuirtear isteach na rónna seo a leanas:
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta an tarraingt siar |
“105. |
EN 60320-1:2001 Cúplóirí fearais chun críocha tí agus chun críocha ginearálta comhchosúla — Cuid 1: Ceanglais ghinearálta EN 60320-1:2001/A1:2007 |
10 Samhain 2023 |
106. |
EN 60335-2-25:2012 Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail — Sábháilteacht — Cuid 2-25: Ceanglais ar leith maidir le hoighinn mhicreathonnacha, lena n-áirítear comhoighinn mhicreathonnacha EN 60335-2-25:2012/A1:2015 EN 60335-2-25:2012/A2:2016 |
10 Samhain 2023 |
107. |
EN 60335-2-41:2003 Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail — Sábháilteacht — Cuid 2-41: Ceanglais ar leith maidir le caidéil EN 60335-2-41:2003/A1:2004 EN 60335-2-41:2003/A2:2010 |
10 Samhain 2023 |
108. |
EN 60335-2-96:2002 Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail — Sábháilteacht — Cuid 2-96: Ceanglais ar leith maidir le heilimintí téimh leathán solúbtha chun seomraí a théamh EN 60335-2-96:2002/A1:2004 EN 60335-2-96:2002/A2:2009 |
10 Samhain 2023 |
109. |
EN 60974-8:2009 Trealamh stuatháthaithe — Cuid 8: Consóil gháis le haghaidh córais táthúcháin agus córais gearrtha plasma |
10 Samhain 2023 |
110. |
EN 61010-2-032:2012 Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialú agus úsáid saotharlainne — Cuid 2-032: Ceanglais ar leith maidir le braiteoirí srutha iniompartha agus láimhsithe de láimh le haghaidh tástáil agus tomhas leictreach |
10 Samhain 2023 |
111. |
EN 61010-2-033:2012 Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialú agus úsáid saotharlainne — Cuid 2-033: Ceanglais ar leith maidir le hilmhéadair iniompartha agus méadair eile, le haghaidh úsáid sa bhaile agus úsáid ghairmiúil, ar méadair iad atá in ann voltas príomhlíonra a thomhas |
10 Samhain 2023 |
112. |
EN 61010-2-040:2005 Ceanglais sábháilteachta maidir le trealamh leictreach le haghaidh tomhais, rialú agus úsáid saotharlainne — Cuid 2-040: Ceanglais ar leith maidir le steirileoirí agus dífhabhtóirí glantacháin a úsáidtear chun ábhair leighis a chóireáil |
10 Samhain 2023 |
113. |
EN 61914:2016 Cléata cáblaí le haghaidh suiteálacha leictreacha |
10 Samhain 2023 |
114. |
GA 62031:2008 Modúil LED le haghaidh soilsiú ginearálta — Sonraíochtaí sábháilteachta EN 62031:2008/A1:2013 EN 62031:2008/A2:2015 |
10 Samhain 2023 |
115. |
EN 60335-2-54:2008 Fearais tí agus fearais leictreacha dá samhail — Sábháilteacht — Cuid 2-54: Ceanglais ar leith maidir le fearais dhromchlaghlanta le haghaidh úsáidí tí lena n-úsáidtear leachtanna nó gal EN 60335-2-54:2008/A11:2012/AC:2015 EN 60335-2-54:2008/A11:2012 EN 60335-2-54:2008/A1:2015 |
10 Samhain 2023 |
116. |
EN 61009-1:2012 Scoradáin chiorcaid a oibríonn trí shruth, lena ngabhann cosaint forshrutha chomhtháite, le haghaidh úsáidí tí agus úsáidí comhchosúla (RCBOnna) — Cuid 1: Rialacha ginearálta EN 61009-1:2012/A1:2014 EN 61009-1:2012/A11:2015 EN 61009-1:2012/A2:2014 |
10 Samhain 2023 |
117. |
EN 61851-22:2002 Córas luchtaithe seolta le haghaidh feithiclí leictreacha — Cuid 22: Stáisiún luchtaithe AC le haghaidh feithiclí leictreacha |
10 Samhain 2023” |