Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0701

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/701 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2022 lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/346/AE maidir le bearta cosanta i ndáil le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí sa Rómáin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/2791

    IO L 131, 5.5.2022, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/701/oj

    5.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 131/6


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/701 ÓN gCOIMISIÚN

    an 4 Bealtaine 2022

    lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/346/AE maidir le bearta cosanta i ndáil le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí sa Rómáin

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 141(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2016/429, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha sealadacha, trí bhíthin rialacha breise nó rialacha malartacha ar na rialacha a leagtar síos i gCuid IV, Teideal 1, Caibidil 3, de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le gluaiseachtaí speiceas sonrach nó catagóirí sonracha ainmhithe talún ar coimeád. Féadfar na rialacha sealadacha sin a ghlacadh i gcás gur dealraitheach go bhfuil galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/429 ag leathadh d’ainneoin na gceanglas maidir le gluaiseacht a leagtar síos i gcomhréir le Cuid IV, Teideal 1, Caibidil 3, Ranna 1 go 6, de Rialachán (AE) 2016/429.

    (2)

    Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882, liostaítear ainéime ionfhabhtaíoch eachaí (EIA) san Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus déantar é a chatagóiriú mar ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/429.

    (3)

    Glacadh Cinneadh 2010/346/AE ón gCoimisiún (3) de bhun Airteagal 10(4) de Threoir 90/425/CEE ón gComhairle (4), agus leagtar síos leis bearta cosanta maidir le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí sa Rómáin. Is sa bhreis ar na coinníollacha maidir le sláinte ainmhithe lena rialaítear gluaiseachtaí eachainmhithe san Aontas atá na bearta cosanta sin, coinníollacha a leagadh síos i dTreoir 2009/156/CE ón gComhairle (5). Táthar tar éis Treoir 90/425/CEE a aisghairm anois le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus táthar tar éis Treoir 2009/156/CE a aisghairm anois le Rialachán (AE) 2016/429.

    (4)

    Glacadh Cinneadh 2010/346/AE in 2010, nuair a measadh go raibh ainéime ionfhabhtaíoch eachaí eindéimeach sa Rómáin agus nuair a bhí staid an ghalair sa Bhallstát sin ina riosca sláinte ainmhithe d’eachainmhithe san Aontas.

    (5)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (7), leagtar síos, inter alia, ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí eachainmhithe laistigh den Aontas. Le hAirteagal 22(1), pointe (c), den Rialachán Tarmligthe sin, leagtar síos ceanglais i ndáil le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí nach mór a chomhlíonadh chun eachainmhithe a sheoladh chuig Ballstáit eile.

    (6)

    Ag an gcruinniú a bhí ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha i mí Feabhra 2022, chuir an Rómáin tuarascáil staide faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile ina léiríodh go raibh dul chun cinn déanta sa Bhallstát sin maidir le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí a dhíothú, agus go bhfuil codanna áirithe dá chríoch fós saor ón ngalar le níos mó ná 12 mhí nó go bhfuil leitheadúlacht an ghalair fós laistigh de theorainneacha a breathnaíodh go réigiúnach i mBallstáit eile. Léiríonn sin gurb éifeachtach é an clár díothaithe náisiúnta maidir le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí a cuireadh chun feidhme ar chríoch na Rómáine.

    (7)

    Dá bhrí sin, tá na bearta a leagtar síos i gCinneadh 2010/346/AE imithe i léig, agus is leor anois na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 chun gluaiseacht shábháilte eachainmhithe idir na Ballstáit a áirithiú.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/346/AE a aisghairm.

    (9)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Aisghairtear Cinneadh 2010/346/AE.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Bealtaine 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialacha rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo ó thaobh leathadh na ngalar liostaithe sin de (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

    (3)  Cinneadh 2010/346/AE ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2010 maidir le bearta cosanta i ndáil le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí sa Rómáin (IO L 155, 22.6.2010, lch. 48).

    (4)  Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le hainmhithe beo áirithe agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d’fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (IO L 224, 18.8.1990, lch. 29).

    (5)  Treoir 2009/156/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe lena rialaítear gluaiseacht agus allmhairiú eachainmhithe ó thríú tíortha (IO L 192, 23.7.2010, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

    (7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).


    Top