This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0668
Council Decision (CFSP) 2022/668 of 21 April 2022 amending Decision (CFSP) 2021/2032 on an assistance measure under the European Peace Facility to support military units trained by the EU Training Mission in Mozambique
Cinneadh (CBES) 2022/668 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/2032 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le haonaid mhíleata arna gcur faoi oiliúint ag misean oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mósaimbíc
Cinneadh (CBES) 2022/668 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/2032 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le haonaid mhíleata arna gcur faoi oiliúint ag misean oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mósaimbíc
ST/6167/2022/INIT
IO L 121, 22.4.2022, p. 44–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
22.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 121/44 |
CINNEADH (CBES) 2022/668 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Aibreán 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/2032 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le haonaid mhíleata arna gcur faoi oiliúint ag misean oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mósaimbíc
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2032 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh ag a bhfuil méid tagartha airgeadais EUR 40 000 000 (“méid tagartha airgeadais”) atá beartaithe chun trealaimh nár ceapadh chun fórsa marfach a sholáthar agus soláthairtí a chur ar fáil d’aonaid fhórsaí armtha Mhósaimbíc a chumhdach, fórsaí atá le hoiliúint ag Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc). |
|
(2) |
Is leor an méid tagartha airgeadais chun trealamh nár ceapadh chun fórsa marfach a sholáthar agus soláthairtí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) de Chinneadh (CBES) 2021/2032 a chur ar fáil do 5 aonad as 11 aonad d’fhórsaí armtha Mhósaimbíc atá le cur faoi oiliúint ag EUTM Mhósaimbíc le linn na tréimhse 2021 go 2023. Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na sé aonad atá fágtha, ba cheart an méid tagartha airgeadais a mhéadú le EUR 45 000 000. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/2032 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH
Airteagal 1
leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/2032 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 4: “4. Ar feadh tréimhse 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chonartha idir an Riarthóir um Bearta Cúnaimh ag gníomhú dó mar oifigeach údarúcháin agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509 a mhairfidh an Beart Cúnaimh.”; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1: “1. EUR 85 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh (CBES) 2021/2032 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le haonaid mhíleata arna gcur faoi oiliúint ag misean oiliúna AE i Mósaimbíc (IO L 415, 22.11.2021, lch. 25).