This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0666
Council Decision (EU) 2022/666 of 12 April 2022 appointing two members and five alternate members, proposed by the Portuguese Republic, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2022/666 ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena gceaptar beirt chomhaltaí agus cúigear comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na Portaingéile, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2022/666 ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena gceaptar beirt chomhaltaí agus cúigear comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na Portaingéile, de Choiste na Réigiún
ST/7617/2022/INIT
IO L 121, 22.4.2022, p. 36–37
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 121/36 |
CINNEADH (AE) 2022/666 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Aibreán 2022
lena gceaptar beirt chomhaltaí agus cúigear comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na Portaingéile, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Portaingéile,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
(2) |
An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
(3) |
Tá suíocháin bheirt chomhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá mbun a moladh Fernando Medina Maciel ALMEIDA CORREIA agus José Maria DA CUNHA COSTA a cheapadh. |
(4) |
Tá suíocháin ceathrar comhaltaí malartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis dheireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta dá mbun a moladh Pedro Miguel AMARO DE BETTENCOURT CALADO, Rui Miguel DA SILVA ANDRÉ, Luís Manuel DOS SANTOS CORREIA agus Paulo Jorge FRAZÃO BATISTA DOS SANTOS a cheapadh. |
(5) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis cheapadh Luís Miguel CORREIA ANTUNES mar chomhalta de Choiste na Réigiún. |
(6) |
Mhol Rialtas na Portaingéile na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu in údarás áitiúil, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Luís Miguel CORREIA ANTUNES, Presidente da Câmara Municipal da Lousã (Méara Lousã), agus José Manuel PEREIRA RIBEIRO, Presidente da Câmara Municipal de Valongo (Méara Valongo). |
(7) |
Mhol Rialtas na Portaingéile na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Pedro Alexandre ANTUNES FAUSTINO PIMPÃO DOS SANTOS, Presidente da Câmara Municipal de Pombal (Méara Pombal), Rogério Conceição BACALHAU COELHO, Presidente da Câmara Municipal de Faro (Méara Faro), Gonçalo Nuno BÉRTOLO GORDALINA LOPES, Presidente da Câmara Municipal de Leiria (Méara Leiria), Rogério DE ANDRADE GOUVEIA, Secretário Regional das Finanças do Governo Regional da Madeira (Rúnaí Réigiúnach Airgeadais Rialtas Réigiúnach Mhaidéara), agus Luís Carlos PITEIRA DIAS, Presidente da Câmara Municipal de Vendas Novas (Méara Vendas Novas), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
(a) |
mar chomhaltaí:
|
agus
(b) |
mar chomhaltaí malartacha:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 12 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. BEAUNE
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).