EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0660

Cinneadh (CBES) 2022/660 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/6035/2022/INIT

IO L 120, 21.4.2022, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/660/oj

21.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 120/11


CINNEADH (CBES) 2022/660 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Leanann an tAontas de ghníomhaíochtaí agus de bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine a cháineadh.

(3)

Measann an Chomhairle gur cheart beirt a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES iad mar gheall ar an ról atá acu ó thaobh an bonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus siocair go mbaineann siad tairbhe as cinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú Oirthear na hÚcráine.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“211.

Serhiy Vitaliyovich KURCHENKO

(Úcráinis: Сергiй Вiталiйович Курченко; Rúisis: Сергей Витальевич КУРЧЕНКО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 21.9.1985

Áit bhreithe: Kharkiv, Ukraine

Náisiúntacht: Úcránach

Is fear gnó Úcránach é Serhiy Kurchenko. Agus tacaíocht aige ó scarúnaithe ar son na Rúise, ghlac sé ceannas ar ghléasraí móra miotalóireachta, ceimiceán agus fuinnimh sna limistéir scarúnaíocha in Donbas. Bhain a chuideachta ‘Gaz-Alliance’ monaplacht amach sa mhianadóireacht guail in Donbas tar éis a brúdh a iomaitheoirí amach as an margadh, agus tuairiscítear go ndearna sé é sin le cabhair ón Rúis. D’eagraigh sé an scéim neamhdhleathach chun gual Donbas a onnmhairiú chuig an Rúis agus chuig an Eoraip agus bhain sé tairbhe as, d’ainneoin smachtbhannaí AE. Athchláraíodh gual a baineadh as mianaigh Kurchenko agus onnmhairíodh go neamhdhleathach é trí chalafoirt Rúiseacha.

Chabhraigh Kurchenko le cuideachtaí móra Rúiseacha agus le gabháltais faoi úinéireacht Stáit bearta sriantacha AE a sheachaint trí ghníomhú mar fhochonraitheoir dóibh ar na críocha faoi sheilbh na Rúise. Bhí sé ina idirghabhálaí in onnmhairí gáis, breosla agus leictreachais na Rúise chuig na codanna de Donbas atá faoi cheannas na scarúnaithe, rud a neartaigh a soláthairtí neamhspleácha fuinnimh agus a bhain an bonn dá gcomhtháthú eacnamaíoch leis an Úcráin. Thairis sin, thug sé breosla do Leithinis na Crimé atá faoi fhorghabháil go neamhdhleathach. Tríd an méid sin a dhéanamh, neartaigh sé soláthairtí neamhspleácha cumhachta na críche sin. Is leis an stór ola is mó ar Leithinis na Crimé freisin.

Ar an gcaoi sin, bhain sé tairbhe as cinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú Oirthear na hÚcráine, rinne sé idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine, agus thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus le beartais, a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

21.4.2022

234.

Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN

(Евгений Викторович ПРИГОЖИН)

Dáta Breithe: 1.6.1961

Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (St Petersburg, Russian Federation anois)

Feidhm: fear gnó mór le rá, a bhfuil dlúthcheangail aige le lucht ceannais pholaitiúil na Rúise

Fear gnó mór le rá is ea Yevgeniy Prigozhin a bhfuil dlúthcheangail aige le President Putin agus le Aireacht Cosanta na Rúise. Is é cisteoir agus ceann neamhoifigiúil an Ghrúpa Wagner, eintiteas míleata neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis, agus atá freagrach as amhais Wagner Group a imscaradh sa Úcráin.

Tá Concord, ar a dtugtar freisin KOMBINAT PITANIYA KONKORD OOO, cuideachta a bhunaigh Prigozhin agus ar leis é go dtí mí na Samhna 2019 agus grúpa cuideachtaí eile a bhfuil ceangal acu leis, lena n-áirítear Concord Management and Consulting LLC agus Megaline LLC, ag baint tairbhe as conarthaí móra poiblí le Aireacht Cosanta na Rúise mar thoradh ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé ag an Rúis, agus ar fhorghabháil Oirthear na hÚcráine ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu.

21.4.2022”.

Daoine comhlachaithe: Lyubov Valentinovna Prigozhina (a chéile); Violetta Prigozhina (a mháthair)

Eintitis chomhlachaithe: Wagner Group, Internet Research Agency, Concord company group, Concord Management and Consulting LLC, Megaline LLC

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí atá tar éis an bonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus tá na gníomhaíochtaí sin curtha chun feidhme go gníomhach aige. Bhain sé tairbhe chomh maith as cinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé, agus as díchobhsú oirthear na hÚcráine.


Top