This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0657
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2022/657 of 12 April 2022 on the appointment of the EU Mission Force Commander of the European Union military mission to contribute to the training of the Malian Armed Forces (EUTM Mali), and repealing Decision (CFSP) 2021/2209 (EUTM Mali/1/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/657 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 12 Aibreán 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/2209 (EUTM Mali/1/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/657 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 12 Aibreán 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/2209 (EUTM Mali/1/2022)
ST/7451/2022/INIT
IO L 119, 21.4.2022, pp. 108–109
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 14/12/2022; Arna aisghairm le 32022D2351
|
21.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 119/108 |
CINNEADH (CBES) 2022/657 ÓN GCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 12 Aibreán 2022
maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/2209 (EUTM Mali/1/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (1), agus go háirithe Airteagal 5 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh 2013/34/CBES, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a ghlacadh maidir le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUTM Mali, lena n-áirítear cinntí maidir le Ceannasaithe Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ina dhiaidh sin ar EUTM Mali. |
|
(2) |
An 7 Nollaig 2021, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2021/2209 (2), lena gceaptar an Briogáidire-Ghinearál Christian RIENER mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Mali. |
|
(3) |
An 15 Deireadh Fómhair 2021, mhol an tSeicia go gceapfaí an Briogáidire-Ghinearál Radek HASALA mar chomharba ar an mBriogáidire-Ghinearál Christian RIENER mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Mali. |
|
(4) |
An 11 Márta 2022, d’aontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh go molfaí an Briogáidire-Ghinearál Radek HASALA mar chomharba ar an mBriogáidire-Ghinearál Christian RIENER ón 21 Meitheamh 2022. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBriogáidire-Ghinearál Radek HASALA a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Mali ón 21 Meitheamh 2022. |
|
(6) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2021/2209 a aisghairm. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí acu in ábhair chosanta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Briogáidire-Ghinearál Radek HASALA mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) ón 21 Meitheamh 2022.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2021/2209 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Meitheamh 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 14, 18.1.2013, lch. 19.
(2) Cinneadh (CBES) 2021/2209 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 7 Nollaig 2021 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/1083 (EUTM Mali/2/2021) (IO L 447, 14.12.2021, lch. 1).