Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0635

    Cinneadh (CBES) 2022/635 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaighchun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic(EUAM Iraq)

    ST/6709/2022/INIT

    IO L 117, 19.4.2022, p. 32–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/635/oj

    19.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 117/32


    CINNEADH (CBES) 2022/635 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Aibreán 2022

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaighchun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic(EUAM Iraq)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 16 Deireadh Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1869 (1), lena mbunaítear Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq).

    (2)

    An 7 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/513 (2), lena leasaítear sainordú EUAM Iraq agus lena ndéantar é a fhadú go dtí an 30 Aibreán 2022.

    (3)

    Tar éis an athbhreithnithe straitéisigh ar EUAM Iraq, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go ndéanfaí sainordú EUAM Iraq a leasú agus a fhadú go dtí an 30 Aibreán 2024.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/1869 a leasú dá réir.

    (5)

    Cuirfear EUAM Iraq i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    “Airteagal 2

    Cuspóirí

    Is iad seo a leanas cuspóirí straitéiseacha EUAM Iraq:

    (1)

    comhairle straitéiseach agus saineolas a chur ar fáil d’údaráis na hIaráice i dtaca leis na gnéithe sibhialtacha den Athchóiriú Earnála Slándála, lena n-áirítear an Clár Náisiúnta Slándála, na straitéisí náisiúnta gaolmhara agus tosaíochtaí slándála náisiúnta eile;

    (2)

    anailís agus measúnú a dhéanamh ar dheiseanna agus na deiseanna sin a shainaithint i gcomhair tuilleadh rannpháirtíochta ón Aontais ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cúigeach le riachtanais an Athchóirithe Earnála Slándála shibhialta;

    (3)

    fara thoscaireacht an Aontais, chun tacaíocht pleanála agus cur chun feidhme an Aontais agus na mBallstát a éascú agus chun cur leis an tacaíocht sin i réimse an Athchóirithe Earnála Slándála shibhialta, lena n-áiritheofar comhleanúnachas ghníomhaíocht an Aontais.”;

    (2)

    in Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas i ndiaidh an tríú habairt:

    “Is é EUR 70 056 766,51 bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an caiteachas a bhaineann le EUAM Iraq a chumhdach don tréimhse ón 1 Bealtaine 2022 go dtí an 30 Aibreán 2024.”;

    (3)

    in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

    “Beidh feidhm aige go dtí an 30 Aibreán 2024.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J.-Y. LE DRIAN


    (1)  Cinneadh (CBES) 2017/1869 ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (IO L 266, 17.10.2017, lch. 12).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2020/513 ón gComhairle an 7 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1869 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála san Iaráic (EUAM Iraq) (IO L 113, 8.4.2020, lch. 38).


    Top