Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0583

    Cinneadh (AE) 2022/583 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse nó pasanna oifigiúla

    ST/13445/2018/REV/1

    IO L 113, 11.4.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/583/oj

    Related international agreement

    11.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 113/1


    CINNEADH (AE) 2022/583 ÓN gCOMHAIRLE

    an 4 Aibreán 2022

    maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse nó pasanna oifigiúla

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú a chaibidil le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse nó pasanna oifigiúla (“an Comhaontú”).

    (2)

    De bhun Chinneadh (AE) 2018/1869 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú an 27 Meán Fómhair 2021, faoi réir a thabhairt i gcrích.

    (3)

    Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (3); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (4)

    Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse nó pasanna oifigiúla, a fhormheas thar ceann an Aontais (4).

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chomhaontú (5).

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    R. BACHELOT-NARQUIN


    (1)  Toiliú an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh (AE) 2018/1869 ón gComhairle an 26 Samhain 2018, maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse nó pasanna oifigiúla (IO L 306, 30.11.2018, lch. 1).

    (3)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (4)  Níl feidhm ag an gComhaontú seo leis an leagan Gaeilge.

    (5)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


    Top