Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0578

    Cinneadh (CBES) 2022/578 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    ST/7900/2022/INIT

    IO L 111, 8.4.2022, p. 70–80 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/578/oj

    8.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 111/70


    CINNEADH (CBES) 2022/578 ÓN gCOMHAIRLE

    an 8 Aibreán 2022

    lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

    (2)

    Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

    (3)

    An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

    (4)

    Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go práinneach.

    (5)

    Sna conclúidí uaithi an 24 Márta 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur sárú fíochmhar ar an dlí idirnáisiúnta é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus líon ollmhór sibhialtach á ghortú agus á mharú mar thoradh air, agus go bhfuil an tAontas réidh i gcónaí chun lúba ar lár a dhúnadh agus chun aghaidh a thabhairt ar aon dul timpeall atá á dhéanamh nó a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na bearta sriantacha a glacadh cheana féin agus dul ar aghaidh go tapa le dian-smachtbhannaí comhordaithe breise ar an Rúis agus ar an mBealarúis, chun cumas na Rúise leanúint den fhogha seo a chur ó mhaith.

    (6)

    I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin, is iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach. Go háirithe, is iomchuí na toirmisc ar thaiscí a leathnú chuig creatchoinníollacha agus na toirmisc ar onnmhairiú nótaí bainc a ainmnítear in euro agus ar dhíol urrús inaistrithe a ainmnítear in euro a leathnú chuig gach airgeadra oifigiúil de chuid na mBallstát. Is iomchuí freisin toirmeasc a chur ar dhámhachtain agus ar fhorghníomhú leanúnach conarthaí poiblí agus ar lamháltais le náisiúnaigh Rúiseacha agus le heintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis. Is iomchuí, de bhreis air sin, toirmeasc a chur ar thacaíocht a sholáthar, lena n-áirítear maoiniú agus cúnamh airgeadais nó aon tairbhe eile ó chlár de chuid an Aontais, Euratom nó de chuid Ballstáit d’eintitis de chuid na Rúise atá faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí. Is iomchuí freisin toirmeasc a thabhairt isteach ar dhuine a bheith ina thairbhí, gníomhú mar iontaobhaí nó i gcáileanna comhchosúla do dhaoine agus d’eintitis Rúiseacha, chomh maith le toirmeasc ar sheirbhísí áirithe a sholáthar d’iontaobhais. Thairis sin, is iomchuí rochtain ar chalafoirt i gcríoch an Aontais a thoirmeasc ar shoithí atá cláraithe faoi bhratach na Rúise. Is iomchuí freisin srian a chur ar onnmhairí scairdbhreosla agus earraí eile chun na Rúise, chomh maith le srianta breise a thabhairt isteach ar allmhairiú earraí áirithe arna n-onnmhairiú ag an Rúis nó de thionscnamh na Rúise, lena n-áirítear gual agus breoslaí iontaise soladacha eile. I ndeireadh na dála, ba cheart toirmeasc a chur ar aon ghnóthas iompair de bhóthar atá bunaithe sa Rúis earraí a iompar de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear d'idirthuras.

    (7)

    Is iomchuí freisin an díolúine ón toirmeasc ar dhul i mbun idirbheart le heintitis áirithe atá faoi úinéireacht an Stáit a leathnú chuig an Eilvéis, chuig an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus chuig na Balcáin Thiar. Tá an tAontas ag súil go n-ailíneoidh na tíortha uile sa réigiún go pras agus go hiomlán le bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le gníomhaíochtaí na Rúise lena ndéantar staid na hÚcráine a dhíchobhsú. Thairis sin, is iomchuí freisin maoluithe áirithe a leasú nó a thabhairt isteach i ndáil leis na srianta ar earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide, earraí agus teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála, earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid san eitlíocht nó sa tionscal spáis, scairdbhreosla agus breiseáin bhreosla, agus só-earraí.

    (8)

    Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

    (9)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1aa(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    idirbhearta a bhfuil géarghá leo chun gás agus ola nádúrtha, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, mar aon le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn a cheannach go díreach nó go hindíreach, a allmhairiú nó a iompar ón Rúis nó tríd an Rúis isteach san Aontas, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, san Eilvéis nó sna Balcáin Thiar;’;

    (2)

    in Airteagal 1aa(3), cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘(c)

    idirbhearta chun gual agus breoslaí iontaise soladacha eile a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas go dtí an 10 Lúnasa 2022.’;

    (3)

    in Airteagal 1aa, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘4.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.’;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1b:

    ‘Airteagal 1b

    1.   Beidh toirmeasc ar ghlacadh le haon taisce ó náisiúnaigh Rúiseacha nó ó dhaoine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis, nó ó dhaoine dlítheanacha, ó eintitis nó ó chomhlachtaí atá bunaithe sa Rúis, más mó ná EUR 100 000 luach iomlán na dtaiscí de chuid an duine nádúrtha nó dlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa.

    2.   Beidh toirmeasc ar sheirbhísí tiachóige criptea-shócmhainní, seirbhísí cuntais nó seirbhísí cumhdaigh a sholáthar do náisiúnaigh Rúiseacha nó do dhaoine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis, nó do dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis, más mó ná EUR 10 000 luach iomlán na gcriptea-shócmhainní de chuid an duine nádúrtha nó dlítheanaigh, an eintitis, nó an chomhlachta in aghaidh na tiachóige, an chuntais nó an tsoláthraí coimeádta.

    3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le náisiúnaigh Ballstáit, le náisiúnaigh tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ná le náisiúnaigh na hEilvéise, ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstáit, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.

    4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir le taiscí a bhfuil gá leo le haghaidh trádála trasteorann neamhchoiscthe in earraí agus i seirbhísí idir an tAontas agus an Rúis.

    5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin nó go soláthrófar seirbhís tiachóige, cuntais nó cumhdaigh den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh i ndáil le glacadh na taisce sin nó soláthar na seirbhíse tiachóige, cuntais nó cumhdaigh sin, gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

    (a)

    go bhfuil gá leis chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, mar aon le bunriachtanais a mball teaghlaigh chleithiúnacha, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

    (b)

    go bhfuil sé ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc i ndáil le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

    (c)

    go bhfuil gá leis i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú, ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais ar a meastar gur cheart údarú sonrach a dheonú; nó

    (d)

    go bhfuil gá leis chun críoch oifigiúil misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta.

    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    6.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin nó go soláthrófar seirbhís tiachóige, cuntais nó cumhdaigh den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh i ndáil le glacadh na taisce sin nó soláthar na seirbhíse tiachóige, cuntais nó cumhdaigh sin, gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

    (a)

    go bhfuil gá leis chun críoch daonnúil, amhail cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnaithe; nó

    (b)

    go bhfuil gá léi le haghaidh ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta, gníomhaíochtaí a chuireann an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta chun cinn ar bhonn díreach sa Rúis.

    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’;

    (5)

    in Airteagal 1d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Maidir le hurrúis inaistrithe a ainmnítear in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit agus a eiseofar tar éis an 12 Aibreán 2022 nó aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a chuireann neamhchosaint ar na hurrúis sin ar fáil, beidh toirmeasc ar iad a dhíol le haon náisiúnach Rúiseach nó le haon duine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis nó le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.’;

    (6)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1f:

    ‘Airteagal 1f

    1.   Nótaí bainc a ainmnítear in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit, beidh toirmeasc ar iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an Rúis nó chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, lena n-áirítear chuig rialtas agus chuig Banc Ceannais na Rúise, nó lena n-úsáid sa Rúis.

    2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le nótaí bainc a ainmnítear in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, ar choinníoll go bhfuil gá leis an díol, an soláthar, an aistriú nó an onnmhairiú sin le haghaidh an mhéid seo a leanas:

    (a)

    úsáid phearsanta ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta; nó

    (b)

    cuspóirí oifigiúla misean taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.’;

    (7)

    cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

    ‘Airteagal 1h

    1.   Maidir le feidhmiú aon chonradh poiblí nó aon chonradh lamháltais a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha 2014/23/AE (*1), 2014/24/AE (*2), 2014/25/AE (*3), 2009/81/CE (*4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar aon le hAirteagal 10, míreanna 1, 3, 6(a) go 6(e), 8, 9 agus 10, Airteagail 11, 12, 13 agus 14 de Threoir 2014/23/AE, Airteagail 7 agus 8, Airteagal 10 (b) go (f) agus (h) go (j) de Threoir 2014/24/AE, Airteagal 18, Airteagal 21 (b) go (e), (g) go (i), Airteagail 29 agus 30 de Threoir 2014/25/AE agus Airteagal 13 (a) go (d), (f) go (h), agus (j) de Threoir 2009/81/CE, beidh toirmeasc ar é a dhámhachtain orthu seo a leanas nó ar leanúint dá fheidhmiú in éineacht leo seo a leanas:

    (a)

    náisiúnach Rúiseach, nó duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis;

    (b)

    duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo; nó

    (c)

    duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo,

    lena n-áirítear fochonraitheoirí, soláthróirí nó eintitis a bhfuiltear ag brath ar a n-acmhainneachtaí de réir bhrí Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE, 2014/25/AE, 2009/81/CE, i gcás inar mó iad ná 10 % de luach an chonartha.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt conarthaí a dhámhachtain agus iad a fhorghníomhú go leanúnach, ar conarthaí iad a bheartaítear le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    oibriú, cothabháil, díchoimisiúnú agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí, soláthar breosla agus athchóireáil agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, agus leanúint den dearadh, den tógáil agus den choimisiúnú is gá chun saoráidí sibhialta núicléacha a chríochnú chomh maith le soláthar ábhar réamhtheachtach chun radaiseatóp leighis agus feidhmeanna leighis comhchosúla a tháirgeadh, teicneolaíocht atá ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht chomhshaoil, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

    (b)

    comhar idir-rialtasach i gcláir spáis;

    (c)

    soláthar earraí nó seirbhísí a bhfuil géarghá leo nach féidir iad a chur ar fáil, nó nach féidir ach cainníochtaí leordhóthanacha díobh a chur ar fáil, ach leis na daoine dá dtagraítear i mír 1;

    (d)

    feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát sa Rúis, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

    (e)

    gás nádúrtha agus ola nádúrtha, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, chomh maith le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn a cheannach, a allmhairiú nó a iompar ón Rúis isteach san Aontas nó tríd an Rúis; nó

    (f)

    gual agus breoslaí iontaise soladacha eile a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas go dtí an 10 Lúnasa 2022.

    3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    4.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 go dtí an 10 Deireadh Fómhair 2022 maidir le forghníomhú na gconarthaí a tugadh i gcrích roimh an 9 Aibreán 2022.

    5.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.’;

    Airteagal 1i

    1.   Beidh toirmeasc ar thacaíocht a sholáthar go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear maoiniú agus cúnamh airgeadais nó aon sochar eile faoi chlár agus faoi chonarthaí náisiúnta an Aontais, Euratom nó na mBallstáit de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (*5), d’aon duine dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht atá bunaithe sa Rúis a bhfuil níos mó ná 50% de faoi úinéireacht phoiblí.

    2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    críocha daonnúla, éigeandálaí sláinte poiblí, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha;

    (b)

    cláir fíteashláintíochta agus tréidliachta;

    (c)

    comhar idir-rialtasach i gcláir spáis agus faoi Chomhaontú an Imoibreora Thrialaigh Theirmeanúicléach Idirnáisiúnta;

    (d)

    oibriú, cothabháil, díchoimisiúnú agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí, soláthar breosla agus athchóireáil agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le soláthar ábhar réamhtheachtach chun radaiseatóp leighis agus feidhmeanna leighis comhchosúla a tháirgeadh, teicneolaíocht atá ríthábhachtach chun faireachán a dhéanamh ar radaíocht chomhshaoil, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

    (e)

    malartuithe soghluaisteachta le haghaidh daoine aonair agus teagmhálacha duine le duine;

    (f)

    cláir chomhshaoil agus aeráide, cé is moite de thacaíocht i gcomhthéacs an taighde agus na nuálaíochta;

    (g)

    feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát sa Rúis, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

    Airteagal 1j

    1.   Beidh toirmeasc ar iontaobhas nó ar aon socrú dlí comhchosúil a chlárú, nó oifig chláraithe, seoladh gnó nó seoladh riaracháin chomh maith le seirbhísí bainistíochta a sholáthar dó, arb iontaobhas nó ar socrú dlí é ag a bhfuil mar shocraitheoir nó mar thairbhí:

    (a)

    Náisiúnaigh Rúiseacha nó daoine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis;

    (b)

    daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis;

    (c)

    daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b);

    (d)

    daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna rialú ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c);

    (e)

    duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú dó thar ceann nó ar stiúradh duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta dá dtagraítear dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó (d).

    2.   Ón 10 Bealtaine 2022, beidh toirmeasc ar ghníomhú nó ar shocrú a dhéanamh go ngníomhóidh duine eile mar iontaobhaí, mar scairshealbhóir ainmnitheach, mar stiúrthóir, mar rúnaí, nó post comhchosúil a dhéanamh le haghaidh socrú dlí chomhchosúil dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir leis na hoibríochtaí a bhfuil géarghá leo chun go ndéanfar conarthaí a fhoirceannadh faoin 10 Bealtaine 2022, ar conarthaí iad nach bhfuil ag luí leis an Airteagal seo a tugadh i gcrích roimh an 9 Aibreán 2022 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

    4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 i gcás inar náisiúnach Ballstáit nó duine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan aige i mBallstát é an socraitheoir nó an tairbhí.

    5.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla na seirbhísí dá dtagraítear iontu a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leo le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    críocha daonnúla, amhail seachadadh cúnaimh a sheachadadh nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnaithe; nó

    (b)

    gníomhaíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann chun cinn go díreach an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta sa Rúis.

    (*1)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1)."

    (*2)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)."

    (*3)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)."

    (*4)  Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17/CE agus 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, lch. 76)."

    (*5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).’;"

    (8)

    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    i mír 4, cuirtear na focail ‘mír 3’ in ionad na bhfocal ‘míreanna 1, 2 agus 3’;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘4a. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le soláthar páirteanna   spártha agus seirbhísí atá riachtanach do chothabháil, do dheisiú agus do shábháilteacht na gcumas atá ann cheana laistigh den Aontas.’;

    (9)

    in Airteagal 3(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    ‘(e)

    líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha atá ar fáil go neamhphoiblí agus nach maoin le heintiteas atá faoi rialú poiblí nó ag a bhfuil úinéireacht phoiblí os cionn 50 % é;’;

    (10)

    in Airteagal 3(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (i) agus (ii):

    ‘(i)

    go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht in Iarscríbhinn IV a bheadh san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí, mura gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó má cheadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 1(a) d’Airteagal 3b;

    (ii)

    go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar cúnaimh theicniúil nó airgeadais a bhaineann leo beartaithe don tionscal eitlíochta nó don tionscal spáis, mura gceadaítear an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin nó cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 4(b); nó’;

    (11)

    in Airteagal 3a(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    ‘(e)

    líonraí cumarsáide leictreonaí sibhialtacha atá ar fáil go neamhphoiblí agus nach maoin le heintiteas atá faoi rialú poiblí nó ag a bhfuil úinéireacht phoiblí os cionn 50 % é;’;

    (12)

    in Airteagal 3a(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (i) agus (ii):

    ‘(i)

    go bhféadfadh sé gur úsáideoir deiridh míleata, duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht in Iarscríbhinn IV a bheadh san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí, mura gceadaítear díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó má cheadaítear cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 1 d’Airteagal 3b;

    (ii)

    go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar cúnaimh theicniúil nó airgeadais a bhaineann leo beartaithe don tionscal eitlíochta nó don tionscal spáis, mura gceadaítear an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin nó cúnamh gaolmhar teicniúil nó airgeadais a sholáthar faoi mhír 4(b); nó’;

    (13)

    in Airteagal 4(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    gás agus ola nádúrtha, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, a iompar ón Rúis nó tríd an Rúis isteach san Aontas; nó’;

    (14)

    in Airteagal 4 a(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    gur gá soláthar criticiúil fuinnimh a áirithiú laistigh den Aontas, mar aon le hola agus gás nádúrtha, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha a iompar ón Rúis nó tríd an Rúis isteach san Aontas; nó’;

    (15)

    in Airteagal 4c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid chun ola a scogadh agus gás nádúrtha a leachtú, beidh toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, cibé acu de thionscnamh an Aontais iad nó nach ea, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.’;

    (16)

    in Airteagal 4d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid don tionscal eitlíochta nó don tionscal spáis, mar aon le scairdbhreosla agus breiseáin breosla, beidh toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, cibé acu de thionscnamh an Aontais iad nó nach ea, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.’;

    (17)

    in Airteagal 4d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 agus cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    ‘6.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 4, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta údarú a thabhairt, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, go bhforghníomhófar léas airgeadais aerárthaigh a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022 tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

    (a)

    go bhfuil géarghá le haisíocaíochtaí léasa le duine dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nach dtagann faoi aon cheann de na bearta sriantacha dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a áirithiú; agus

    (b)

    nach gcuirfear aon acmhainn eacnamaíoch ar fáil don chontrapháirtí Rúiseach, cé is moite d’úinéireacht an aerárthaigh a aistriú tar éis an léas airgeadais a aisíoc ina iomláine.

    7.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    8.   Beidh an toirmeasc i mír 1 gan dochar d’Airteagal 3(4)(b) agus 3a(4)(b).

    9.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.’;

    (18)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    ‘Airteagal 4ha

    1.   Beidh toirmeasc ar rochtain a sholáthar tar éis an 16 Aibreán 2022 ar chalafoirt i gcríoch an Aontais d’aon soitheach atá cláraithe faoi bhratach na Rúise.

    2.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le soithí a d’athraigh a mbratach Rúiseach nó a gclárú, go bhratach nó go clár aon Stáit eile tar éis an 24 Feabhra 2022.

    3.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn soitheach:

    (a)

    long a thagann faoi raon feidhme na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta ábhartha;

    (b)

    luamh 15 mhéadar nó níos mó ar fad, nach n-iompraíonn lasta agus nach n-iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir; nó

    (c)

    árthaí áineasa nó árthaí uisce pearsanta mar a shainítear iad i dTreoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

    4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás soitheach a bhfuil cúnamh de dhíth air agus é ag lorg áit dídine, i gcás ina bhfuil cuaird ar chalafort éigeandála aige ar chúiseanna sábháilteachta muirí, nó chun duine a shábháil ar muir.

    5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla soitheach a údarú rochtain a fháil ar chalafort, faoi na coinníollacha sin a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis an rochtain:

    (a)

    chun gás agus ola nádúrtha, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam, amhiarainn, mar aon le táirgí ceimiceacha áirithe agus táirgí iarainn áirithe, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas;

    (b)

    chun táirgí cógaisíochta, míochaine, talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin a gceadaítear a n-allmhairiú, a gceannach agus a n-iompar faoin gCinneadh seo, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar;

    (c)

    chun críoch daonnúil;

    (d)

    chun breosla núicléach agus earraí eile a bhfuil géarghá leo d’fheidhmiú cumas núicléach sibhialta a iompar; nó

    (e)

    chun gual agus breoslaí iontaise soladacha eile a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas, go dtí an 10 Lúnasa 2022.

    6.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 5 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    7.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

    (*6)  Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90).’;"

    (19)

    in Airteagal 4j, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    ‘4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla aistriú nó onnmhairiú earraí cultúrtha atá ar iasacht chuig an Rúis a údarú i gcomhthéacs comhar cultúrtha foirmiúil leis an Rúis.

    5.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 4 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    6.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.”;

    (20)

    cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

    ‘Airteagal 4k

    1.   Earraí a ghineann ioncam suntasach don Rúis agus ar an gcaoi sin lena gcumasaítear a gníomhaíochtaí chun staid na hÚcráine a dhíchobhsú, beidh toirmeasc ar na hearraí sin a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach isteach san Aontas, más sa Rúis a thionscnaítear iad nó más ón Rúis a onnmhairíodh iad.

    2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

    (a)

    cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, agus a bhaineann le soláthar, monaraíocht, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis an toirmeasc i mír 1;

    (b)

    maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a cheannach, a allmhairiú, nó a aistriú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis an toirmeasc i mír 1.

    3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le forghníomhú go dtí an 10 Iúil 2022 na gconarthaí a tugadh i gcrích roimh an 9 Aibreán 2022 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

    4.   Amhail ón 10 Iúil 2022, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le hallmhairiú, ceannach nó iompar na nithe seo a leanas, is gá chun iad a allmhairiú isteach san Aontas, ná maidir le cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais a bhaineann leo:

    (a)

    837 570 tona méadrach de chlóiríd photaisiam ina bhfuil AC 3104 20 idir an 10 Iúil de bhliain áirithe agus an 9 Iúil den bhliain dár gcionn;

    (b)

    1 577 807 dtonna méadrach le chéile de na táirgí eile faoi AC 3105 20, 3105 60 agus 3105 90 idir an 10 Iúil de bhliain áirithe agus an 9 Iúil den bhliain dár gcionn.

    5.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na cuótaí méideanna allmhairiúcháin a leagtar amach i mír 4 a bhainistiú i gcomhréir leis an gcóras bainistíochta le haghaidh cuótaí rátaí taraife dá bhforáiltear in Airteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (*7).

    6.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

    Airteagal 4l

    1.   Maidir le gual agus breoslaí iontaise soladacha eile, beidh toirmeasc ar iad a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú isteach san Aontas, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Rúise iad nó más ón Rúis a onnmhairítear iad.

    2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

    (a)

    cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, agus a bhaineann le soláthar, monaraíocht, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis an toirmeasc i mír 1;

    (b)

    maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a cheannach, a allmhairiú, nó a aistriú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis an toirmeasc i mír 1.

    3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le forghníomhú go dtí an 10 Lúnasa 2022 conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 9 Aibreán 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

    4.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

    Airteagal 4m

    1.   Earraí lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha na Rúise go háirithe, beidh toirmeasc ar iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

    2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

    (a)

    cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, agus a bhaineann le soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

    (b)

    maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar maidir leis na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó maidir le cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, nó lena n-úsáid sa Rúis.

    3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le forghníomhú go dtí an 10 Iúil 2022 conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 9 Aibreán 2022 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

    4.   Na toirmisc i míreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm acu maidir le hearraí is gá chun críocha oifigiúla misin taidhleoireachta nó chonsalacha na mBallstát nó na dtíortha comhpháirtíochta sa Rúis nó chun críocha eagraíochtaí idirnáisiúnta a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, nó maidir le héifeachtaí pearsanta a bhfoirne.

    5.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt earraí agus teicneolaíocht a chumhdaítear faoin Airteagal seo, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, nó féadfaidh siad údarú a thabhairt cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí nó leis an teicneolaíocht sin nó leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann chun críoch daonnúil, amhail seachadadh cúnaimh nó seachadadh cúnaimh a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnaithe.

    6.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

    Airteagal 4n

    1.   Beidh toirmeasc ar aon ghnóthas iompair de bhóthar atá bunaithe sa Rúis earraí a iompar de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear faoi bhealach.

    2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le gnóthais iompair de bhóthar a iompraíonn:

    (a)

    post mar sheirbhís uilíoch;

    (b)

    earraí faoi bhealach tríd an Aontas idir Kaliningrad Oblast agus an Rúis, ar choinníoll nach bhfuil toirmeasc ar na hearraí sin a iompar ar shlí eile faoin gCinneadh seo.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 go dtí an 16 Aibreán 2022 maidir le hiompar earraí lenar cuireadh tús roimh an 9 Aibreán 2022, ar choinníoll maidir le feithicil an ghnóthais iompair de bhóthar gur fíor an méid seo a leanas maidir léi:

    (a)

    go raibh sí i gcríoch an Aontais cheana féin ar an 9 Aibreán 2022, nó

    (b)

    nach mór di idirthuras tríd an Aontas chun filleadh ar an Rúis.

    4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt go ndéanfaidh gnóthas iompair de bhóthar atá bunaithe sa Rúis earraí a iompar más rud é go gcinneann na húdaráis inniúla go bhfuil gá le hiompar den sórt sin le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    gás agus ola nádúrtha, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, mar aon le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas;

    (b)

    táirgí cógaisíochta, míochaine, talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin a gceadaítear a n-allmhairiú, a gceannach agus a n-iompar faoin gCinneadh seo, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar;

    (c)

    críocha daonnúla;

    (d)

    feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát sa Rúis, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; nó

    (e)

    aistriú nó onnmhairiú chuig an Rúis earraí cultúrtha atá ar iasacht i gcomhthéacs comhar cultúrtha foirmiúil leis an Rúis.

    5.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 4 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    (*7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).”"

    (21)

    in Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo nó daoine dlítheanacha nó eintitis dhlíthiúla nó comhlachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach acu féin;’

    (22)

    leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiseil, 8 Aibreán 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J.-Y. LE DRIAN


    (1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an tír chomhpháirtíochta seo a leanas le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES:

     

    ‘AN tSEAPÁIN’


    Top