This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0471
Council Decision (CFSP) 2022/471 of 23 March 2022 amending Decision (CFSP) 2022/338 on an assistance measure under the European Peace Facility for the supply to the Ukrainian Armed Forces of military equipment, and platforms, designed to deliver lethal force
Cinneadh (CBES) 2022/471 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
Cinneadh (CBES) 2022/471 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
ST/7169/2022/INIT
IO L 96, 24.3.2022, pp. 43–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
24.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 96/43 |
CINNEADH (CBES) 2022/471 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Márta 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2022/338 (1), bunaítear méid tagartha airgeadais EUR 450 000 000 atá beartaithe chun soláthairtí arna seachadadh d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine a chumhdach. |
|
(2) |
I bhfianaise na coinbhleachta armtha atá ar siúl ar chríoch na hÚcráine, ba cheart EUR 450 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais agus ba cheart síneadh 12 mhí a chur le fad an bhirt cúnaimh. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/338 a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Mairfidh an Beart Cúnaimh 36 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.”; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. EUR 900 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”; |
|
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 900 000 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.”; |
|
(4) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022, agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Cumhdóidh ar a laghad 50 % den mhéid tagartha airgeadais caiteachas arna thabhú amhail ón 11 Márta 2022.”; |
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Ceadóidh na Ballstáit idirthuras trealaimh mhíleata, lena n-áirítear pearsanra tionlacain, trína gcríocha, lena n-áirítear a n-aerspás, i gcomhréir le hAirteagal 56(3) de Chinneadh (CBES) 2021/509.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 60, 28.2.2022, lch. 1).