This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0430
Council Decision (CFSP) 2022/430 of 15 March 2022 amending Decision 2014/512/CFSP concerning restrictive measures in view of Russia’s actions destabilising the situation in Ukraine
Cinneadh (CBES) 2022/430 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
Cinneadh (CBES) 2022/430 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
ST/7128/2022/INIT
IO L 87I, 15.3.2022, p. 56–63
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
15.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 87/56 |
CINNEADH (CBES) 2022/430 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Márta 2022
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
(3) |
An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine. |
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go práinneach. |
(5) |
I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin, is iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach. Is iomchuí, go háirithe, gach idirbheart le cuideachtaí áirithe faoi úinéireacht stáit a thoirmeasc. Is iomchuí freisin cosc a chur ar aon seirbhís rátála creidmheasa a sholáthar, agus ar rochtain a thabhairt d'aon duine nó eintiteas Rúiseach ar aon seirbhís síntiúis i ndáil le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa. Thairis sin, is iomchuí na srianta ar onnmhairithe a dhéanamh níos doichte maidir le hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide chomh maith le hearraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cur le feabhsú teicneolaíoch na Rúise ar a hearnáil cosanta agus slándála, agus liosta na ndaoine a leathnú a bhfuil baint acu le bonn cosanta agus tionsclaíoch na Rúise, atá faoi réir na srianta sin. Chomh maith leis sin, is iomchuí cosc a chur ar infheistíochtaí nua in earnáil fuinnimh na Rúise, agus srian cuimsitheach a thabhairt isteach ar onnmhairiú trealaimh, teicneolaíochta agus seirbhísí le haghaidh an tionscail fuinnimh sa Rúis, cé is moite den tionscal núicléach agus den earnáil iartheachtach iompair fuinnimh. Ar deireadh, is iomchuí tuilleadh srianta trádála a thabhairt isteach maidir le hiarann agus cruach, agus maidir le só-earraí freisin. |
(6) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 1aa 1. Toirmeascfar dul i mbun idirbheartaíochta, go díreach nó go hindíreach, in aon idirbheart le:
2. An toirmeasc i mír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le forghníomhú go dtí an 15 Bealtaine 2022 conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 16 Márta 2022 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú. 3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
|
(2) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: “Airteagal 1g 1. Toirmeascfar an méid seo a leanas ón 15 Aibreán 2022 seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar d’aon náisiúnach Rúiseach nó d’aon duine nádúrtha atá ina chónaí sa Rúis nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis. 2. Toirmeascfar an méid seo a leanas ón 15 Aibreán 2022 rochtain ar aon seirbhís síntiúis i ndáil le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a thabhairt d’aon náisiúnach Rúiseach nó d’aon duine nádúrtha atá ina chónaí sa Rúis nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le náisiúnaigh de Bhallstát ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.”; |
(3) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: “7. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint:
|
(4) |
in Airteagal 3a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: “7. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe i gcomhréir le mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint:
|
(5) |
in Airteagal 3b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, de mhaolú ar Airteagal 3 agus Airteagal 3a den Chinneadh seo agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní fhéadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt na hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide agus na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3a den Chinneadh seo a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú nó cúnamh airgeadais gaolmhar nó cúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar, ach amháin tar éis dóibh a chinneadh:
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 1. Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach do chatagóirí áirithe tionscadal taiscéalaíochta agus táirgthe, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, lena n-áirítear a Limistéar Eacnamaíoch Eisiach agus a Scairbh Ilchríochach nó lena n-úsáid sa Rúis, lena n-áirítear a Limistéar Eacnamaíoch Eisiach agus a Scairbh Ilchríochach. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an mhír sin a chinneadh. 2. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
3. Na toirmisc i mír 1 agus mír 2, ní bheidh feidhm acu maidir le díolachán, soláthar, aistriú ná onnmhairiú earraí nó teicneolaíochta is gá, nó maidir le soláthar cúnamh teicniúil nó an cúnamh airgeadais is gá chun:
4. Na toirmisc i mír 1 agus mír 2, ní bheidh feidhm acu maidir le forghníomhú go dtí an 17 Meán Fómhair 2022 oibleagáide a eascraíonn as conradh a tugadh i gcrích roimh an 16 Márta 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go gcuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas 5 lá oibre ar a laghad roimh ré. 5. Na toirmisc i mír 2, ní bheidh feidhm acu maidir le hárachas nó athárachas a sholáthar d'aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit a mhéid a bhaineann a ngíomhaíochtaí lasmuigh den earnáil fuinnimh sa Rúis. 6. De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha is iomchuí leo, a údarú aon chúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú agus a sholáthar, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:
7. Cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 6 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”; |
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4a: “Airteagal 4a 1. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha is iomchuí leo, aon ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a údarú tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:
3. Cuirfidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 2 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”; |
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4f, mír 1: “1. An Bainisteoir Líonra le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, tacóidh sé leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh Airteagal 4e a áirithiú. Diúltóidh an Bainisteoir Líonra, go háirithe, do na pleananna eitilte uile arna gcomhdú ag oibreoirí aerárthaí, ar pleananna iad ina bhfuil sé léirithe go bhfuil sé beartaithe gníomhaíochtaí a dhéanamh thar chríoch an Aontais, arb ionann iad agus sárú ar fhorálacha an Chinnidh seo, sa chaoi nach gceadaítear don phíolóta eitilt.”; |
(9) |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 4i 1. Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:
Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an mír sin a chinneadh. 2. Na toirmisc i mír 1, ní bheidh feidhm acu maidir le forghníomhú go dtí an 17 Meitheamh 2022 conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 16 Márta 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú. Airteagal 4j 1. Beidh toirmeasc ar shó-earraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, nó lena n-úsáid sa Rúis. 2. An toirmeasc dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm aige maidir le só-earraí a mhéid gur mó a luach ná EUR 300 in aghaidh na míre. 3. An toirmeasc dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le hearraí is gá le haghaidh chríocha oifigiúla na misean taidhleoireachta nó consalach ag na Ballstáit nó ag tíortha comhpháirtíochta sa Rúis ná ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, ná maidir le hearraí pearsanta a bhfoirne. 4. Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.”; |
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(1), pointe (a):
|
(11) |
leasaítear na hIarscríbhinní mar a leagtar sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
(1)
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:
|
“Amur Shipbuilding Factory PJSC |
|
AO Center of Shipbuilding and Ship Repairing JSC |
|
AO Kronshtadt |
|
Avant Space LLC |
|
Baikal Electronics |
|
Center for Technological Competencies in Radiophtonics |
|
Central Research and Development Institute Tsiklon |
|
Crocus Nano Electronics |
|
Dalzavod Ship-Repair Center; |
|
Elara |
|
Electronic Computing and Information Systems |
|
ELPROM |
|
Engineering Center Ltd. |
|
Forss Technology Ltd. |
|
Integral SPB |
|
JSC Element |
|
JSC Pella-Mash |
|
JSC Shipyard Vympel |
|
Kranark LLC |
|
Lev Anatolyevich Yershov (Ershov); |
|
LLC Center |
|
MCST Lebedev |
|
Miass Machine-Building Factory |
|
Microelectronic Research and Development Center Novosibirsk |
|
MPI VOLNA |
|
N.A. Dollezhal Order of Lenin Research and Design Institute of Power Engineering |
|
Nerpa Shipyard |
|
NM-Tekh |
|
Novorossiysk Shipyard JSC |
|
NPO Electronic Systems |
|
NPP Istok |
|
NTC Metrotek |
|
OAO GosNIIkhimanalit |
|
OAO Svetlovskoye Predpriyatiye Era |
|
OJSC TSRY |
|
OOO Elkomtekh (Elkomtex) |
|
OOO Planar |
|
OOO Sertal |
|
Photon Pro LLC |
|
PJSC Zvezda |
|
Production Association Strela |
|
Radioavtomatika |
|
Research Center Module |
|
Robin Trade Limited |
|
R.Ye. Alekseyev Central Design Bureau for Hydrofoil Ships |
|
Rubin Sever Design Bureau |
|
Russian Space Systems |
|
Rybinsk Shipyard Engineering |
|
Scientific Research Institute of Applied Chemistry |
|
Scientific-Research Institute of Electronics |
|
Scientific Research Institute of Hypersonic Systems |
|
Scientific Research Institute NII Submikron |
|
Sergey IONOV |
|
Serniya Engineering |
|
Severnaya Verf Shipbuilding Factory |
|
Ship Maintenance Center Zvezdochka |
|
State Governmental Scientific Testing Area of Aircraft Systems (GkNIPAS) |
|
State Machine Building Design Bureau Raduga Bereznya |
|
State Scientific Center AO GNTs RF—FEI A.I. Leypunskiy Physico-Energy Institute |
|
State Scientific Research Institute of Machine Building Bakhirev (GosNIImash) |
|
Tomsk Microwave and Photonic Integrated Circuits and Modules Collective Design Center; |
|
UAB Pella-Fjord |
|
United Shipbuilding Corporation JSC ‘35th Shipyard’ |
|
United Shipbuilding Corporation JSC ‘Astrakhan Shipyard’ |
|
United Shipbuilding Corporation JSC ‘Aysberg Central Design Bureau’ |
|
United Shipbuilding Corporation JSC ‘Baltic Shipbuilding Factory’ |
|
United Shipbuilding Corporation JSC ‘Krasnoye Sormovo Plant OJSC’ |
|
United Shipbuilding Corporation JSC SC ‘Zvyozdochka’ |
|
United Shipbuilding Corporation ‘Pribaltic Shipbuilding Factory Yantar’ |
|
United Shipbuilding Corporation ‘Scientific Research Design Technological Bureau Onega’ |
|
United Shipbuilding Corporation ‘Sredne-Nevsky Shipyard’ |
|
Ural Scientific Research Institute for Composite Materials |
|
Urals Project Design Bureau Detal |
|
Vega Pilot Plant |
|
Vertikal LLC |
|
Vladislav Vladimirovich Fedorenko |
|
VTK Ltd |
|
Yaroslavl Shipbuilding Factory |
|
ZAO Elmiks-VS |
|
ZAO Sparta |
|
ZAO Svyaz Inzhiniring”; |
(2)
cuirtear an méid seo a leanas leis mar Iarscríbhinn X a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES:“IARSCRÍBHINN X
LIOSTA DE NA CUIDEACHTAÍ FAOI ÚINÉIREACHT AN STÁIT DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1aa
OPK OBORONPROM |
UNITED AIRCRAFT CORPORATION |
URALVAGONZAVOD |
ROSNEFT |
TRANSNEFT |
GAZPROM NEFT |
ALMAZ-ANTEY |
KAMAZ |
ROSTEC (RUSSIAN TECHNOLOGIES STATE CORPORATION) |
JSC PO SEVMASH |
SOVCOMFLOT |
UNITED SHIPBUILDING CORPORATION |