EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0393
Council Decision (EU) 2022/393 of 3 March 2022 on the position to be taken, on behalf of the European Union, in the 65th session of the Commission on Narcotic Drugs as regards the addition of three substances to the list of substances in Table I of the United Nations Convention against Illicit Traffic in Narcotic Drugs and Psychotropic Substances
Cinneadh (AE) 2022/393 ón gComhairle an 3 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a mhéid a bhaineann le trí shubstaint a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha
Cinneadh (AE) 2022/393 ón gComhairle an 3 Márta 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a mhéid a bhaineann le trí shubstaint a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha
ST/6202/2022/INIT
IO L 79, 9.3.2022, p. 36–37
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
9.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/36 |
CINNEADH (AE) 2022/393 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Márta 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a mhéid a bhaineann le trí shubstaint a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha 1988 (“an Coinbhinsiún”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 90/611/CEE (1) ón gComhairle agus tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 11 Samhain 1990. |
(2) |
De bhun Airteagal 12(2) go (7) den Choinbhinsiún, féadfar substaintí a chur le Táblaí an Choinbhinsiúin ina liostaítear réamhtheachtaithe drugaí. |
(3) |
Le linn an 65ú seisiún dá chuid atá le bheith ar siúl ón 14 go dtí an 18 Márta 2022 i Vín, tá an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha chun cinneadh a ghlacadh maidir le trí shubstaint a chur le Tábla I den Choinbhinsiún. |
(4) |
De réir mheasúnú an Bhoird Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach, úsáidtear trí shubstaint, eadhon 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil, go minic i monarú aindleathach feantainile agus tá siad an-oiriúnach don mhonarú aindleathach feantainile agus roinnt analóg feantainile, atá ina n-ópóidigh shintéiseacha an-láidir. Tá fianaise ann go mbaineann fadhbanna tromchúiseacha sláinte poiblí agus fadhbanna sóisialta le méid agus fairsinge monarú aindleathach feantainile agus analóg feantainile. Dá bhrí sin, tá údar maith le 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a chur faoi rialú idirnáisiúnta. |
(5) |
An 2 Feabhra 2022, mhol an Bord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach go ndéanfadh an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a chur le Tábla I den Choinbhinsiún. |
(6) |
Cruthaíodh fadhbanna móra sláinte poiblí agus fadhbanna móra sóisialta i mBallstáit áirithe de bharr feantainile agus analóg feantainile a monaraíodh go haindleathach. |
(7) |
Tagann an cinneadh maidir le substaintí a chur le Tábla I den Choinbhinsiún faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Tá stádas breathnóra ag an Aontas sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a bhfuil 12 Bhallstát an Aontais ina gcomhaltaí de, ar Ballstáit iad a bhfuil ceart vótála acu. |
(8) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh a ghlacfaidh an Choimisiún sin ina cheangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh sé tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (3). |
(9) |
Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina bPáirtithe Conarthacha sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais. |
(10) |
Ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a chur le Tábla I den Choinbhinsiún, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ón 14 go dtí an 18 Márta 2022, na substaintí seo a leanas a chur le Tábla I den Choinbhinsiún:
(a) |
4-AP; |
(b) |
1-boc-4-AP; agus |
(c) |
noirfeantainil. |
Airteagal 2
Is iad na Ballstáit de chuid an Aontais atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanach a chuirfidh in iúl an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DARMANIN
(1) Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1990 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a thabhairt i gcrích thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 326, 24.11.1990, lch. 56).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lchp. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005 lch. 1).