This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0341
Council Implementing Decision (CFSP) 2022/341 of 28 February 2022 implementing Decision 2010/231/CFSP concerning restrictive measures against Somalia
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/341 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/341 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile
ST/6411/2022/INIT
IO L 56, 28.2.2022, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56/3 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/341 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Feabhra 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 26 Aibreán 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/231/CBES. |
(2) |
An 18 Feabhra 2022, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 751 (1992) ó Choiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe duine amháin a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
IARSCRÍBHINN
Cuirfear na daoine a liostaítear thíos leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES:
I. Daoine
“21. |
Ali Mohamed RAGE (dá ngairtear freisin: a) Ali Mohammed Rage b) Ali Dheere c) Ali Dhere d) Ali Mohamed Rage Cali Dheer e) Ali Mohamud Rage).
Ainmniúchán: Urlabhraí Al-Shabaab Dáta breithe: 1966 Áit bhreithe: An tSomáil Náisiúntacht: An tSomáil Seoladh: an tSomáil Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 18 Feabhra 2022 Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhír 43(a) de rún 2093 (2013) as ‘Bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chuireann an próiseas síochána agus athmhuintearais i mbaol, nó a bhagraíonn foréigean ar Rialtas Cónaidhme na Somáile nó AMISOM.’ Mar urlabhraí le haghaidh Al-Shabaab, bíonn Rage rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta an ghrúpa a chur chun cinn agus tacú leo.” |