Wählen Sie die experimentellen Funktionen, die Sie testen möchten.

Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.

Dokument 32022D0338

Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

IO L 60, 28.2.2022, S. 1-4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Rechtlicher Status des Dokuments In Kraft: Dieser Rechtsakt wurde geändert. Aktuelle konsolidierte Fassung: 13/04/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/338/oj

28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 60/1


CINNEADH (CBES) 2022/338 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1), bunaíodh an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, i gcomhréir le hAirteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES, féadfar gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tá doimhniú an idirphlé agus an chomhair i réimse na slándála agus na cosanta ar cheann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (2). Bhí an comhar feabhsaithe i réimse an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) agus ailíniú le CBES idir an tAontas agus an Úcráin ar cheann de na torthaí ó chruinniú mullaigh 2020 idir an tAontas agus an Úcráin, a neartaíodh tuilleadh ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Úcráin in 2021.

(3)

Tá Fórsaí Armtha na hÚcráine páirteach i gcoinbhleacht 7 mbliana le taismigh agus básanna míleata agus sibhialtacha leanúnacha ann dá bharr sin. Chuaigh an choinbhleacht in olcas go mór i mí Feabhra 2022 de bharr ionradh gan chúis fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin.

(4)

Agus cúrsaí ag dul in olcas ó thús 2022, tá cúnamh á chur ar fáil ag na Ballstáit d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine. Ba cheart go mbeadh cúnamh den sórt sin incháilithe do chistiú faoi SES.

(5)

An 25 Feabhra 2022, d’iarr Rialtas na hÚcráine go práinneach ar an Aontas cúnamh a thabhairt maidir le trealamh míleata a chur ar fáil.

(6)

Cuirfear bearta cúnaimh chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (3), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoi SES.

(7)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe na hÚcráine (an “tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).

2.   Is é cuspóir an Bhirt Cúnaimh cur le hathléimneachta agus le cumais Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú chun iomláine chríochach agus ceannasacht na hÚcráine a chosaint agus an pobal sibhialta a dhíon ar an bhfogha míleata atá ar bun faoi láthair.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar faoin mBeart Cúnaimh soláthar trealaimh mhíleata agus ardán a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine.

4.   Mairfidh an Beart Cúnaimh 24 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 450 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 450 000 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.

4.   Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe cearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus Airteagal 62(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí sin de shárú ar na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, agus go mbeidh sé comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Déanfaidh an Coiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 cineál agus méid na tacaíochta a bheidh le maoiniú faoin mBeart Cúnaimh a shainiú a thuilleadh, agus na tosaíochtaí atá molta ag Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh chun freastal ar riachtanais Fhórsaí Armtha na hÚcráine á gcur san áireamh.

3.   Déanfaidh an riarthóir i gcomhair bearta cúnaimh, ar bhonn faisnéis a fhaightear ón ngníomhaí cur chun feidhme, tuairisc a thabhairt don Choiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 maidir le seachadadh trealaimh, lena n-áirítear cainníochtaí, cineálacha agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le faireachán agus bearta breise a dhéanamh.

4.   Is iad seo a leanas a fhéadfaidh cur chun feidhme na gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a dhéanamh:

(a)

Aireacht Chosanta na Beilge;

(b)

Aireacht Chosanta na Bulgáire;

(c)

Aireacht Chosanta na Cróite;

(d)

Aireacht Chosanta na Cipire;

(e)

Aireacht Chosanta na Seicia;

(f)

Aireacht Chosanta na Danmhairge;

(g)

Lárionad na hEastóine d’Infheistíochtaí Cosanta (ECDI) thar ceann Aireacht Chosanta na hEastóine;

(h)

Aireacht Chosanta na Fionlainne;

(i)

Aireacht Chosanta na Fraince;

(j)

Aireacht Chosanta na Gearmáine;

(k)

Aireacht Chosanta na Gréige;

(l)

Aireacht Chosanta na hUngáire;

(m)

Aireacht Chosanta na hIodáile;

(n)

an Lárionad Lóistíochta agus Soláthair Cosanta Stáit na Laitvia;

(o)

Aireacht Chosanta na Liotuáine;

(p)

an Stiúrthóireacht Cosanta um Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha Lucsamburg;

(q)

Aireacht Chosanta na hÍsiltíre;

(r)

Aireacht Chosanta na Polainne;

(s)

Aireacht Chosanta na Portaingéile;

(t)

Aireacht Chosanta na Rómáine;

(u)

Aireacht Chosanta Phoblacht na Slóvaice;

(v)

Aireacht Chosanta na Slóivéine;

(w)

Aireacht Chosanta na Spáinne;

(x)

Aireacht Chosanta na Sualainne / Fórsaí Armtha na Sualainne.

Airteagal 5

Tacaíocht ó na Ballstáit

Ceadóidh na Ballstáit idirthuras trealaimh mhíleata, lena n-áirítear pearsanra tionlacain, trína gcríocha, lena n-áirítear a n-aerspás.

Airteagal 6

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéantar faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid de chuid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh tar éis a loingsithe a eagrú ar bhealach atá i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

Airteagal 7

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla ar fáil do CPS maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 8

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Ina theannta sin, féadfaidh CPS a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an Beart Cúnaimh.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)   IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(3)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


nach oben