EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0327

Cinneadh (CBES) 2022/327 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

ST/6553/2022/INIT

IO L 48, 25.2.2022, p. 1–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/327/oj

25.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 48/1


CINNEADH (CBES) 2022/327 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais. Chuir sí i bhfios go láidir gur gá freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas agus óna Bhallstáit ar aon ghníomhaíocht mhailíseach, neamhdhleathach, shuaiteach bhreise a dhéanfadh an Rúis, agus leas iomlán á bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil don Aontas, agus comhordú á áirithiú leis na comhpháirtithe. Chuige sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála ('an tArdionadaí') freisin, roghanna a chur i láthair maidir le bearta sriantacha breise, lena n-áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 16 Nollaig 2021, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir a phráinní atá sé go mbainfeadh an Rúis an lasair den teannas atá ann de bharr an tóstail mhíleata feadh theorainn na Rúise leis an Úcráin agus de bharr na reitrice ionsaithí. D’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn an Chomhairle Eorpach go hiomlán le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine. Agus an Chomhairle Eorpach ag moladh go ndéanfaí iarrachtaí taidhleoireachta agus ag tacú le formáid na Normainne mar bhealach chun cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a bhaint amach, luaigh an Chomhairle Eorpach go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon ghreas míleata eile a dhéanfaí i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenar gcomhpháirtithe.

(4)

An 24 Eanáir 2022, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí inar cháin sí gníomhaíochtaí agus bagairtí ionsaitheacha leanúnacha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus inar iarr sí ar an Rúis an lasóg a bhaint den bharrach, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus páirt chuiditheach a ghlacadh in idirphlé trí na sásraí idirnáisiúnta atá bunaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle tiomantas iomlán an Aontais do na croíphrionsabail ar a bhfuil slándáil na hEorpa bunaithe, agus atá cumhdaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe agus i ndoiciméid bhunaitheacha na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, lena n-áirítear Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus Cairt Pháras. Áirítear leis na croíphrionsabail seo go háirithe comhionannas ceannasach agus iomláine chríochach Stát; dosháraitheacht na dteorainneacha; staonadh ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid, agus saoirse Stát a socruithe slándála féin a roghnú nó a athrú. Luaigh an Chomhairle nach bhfuil na prionsabail seo inchaibidle ná faoi réir athbhreithniú ná athléiriú agus gur bac é sárú na Rúise ar spás slándála coiteann agus doroinnte san Eoraip, agus go gcuireann sé an tsíocháin agus an chobhsaíocht ar an mór-roinn seo againne i mbaol. Á mheabhrú di na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 16 Nollag 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle go n-eascródh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha as aon ionsaí míleata breise a dhéanfadh an Rúis ar an Úcráin, agus go n-áirítear air sin réimse leathan beart sriantach ar earnálacha agus ar dhaoine aonair a ghlacfaí i gcomhar le comhpháirtithe.

(5)

An 19 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar léiríodh gur cúis imní é tóstail ollmhór fhórsaí armtha na Rúise san Úcráin agus thart ar an Úcráin agus thathantaigh sé ar an Rúis páirt a ghlacadh in idirphlé fónta agus i dtaidhleoireacht, guaim a choinneáil uirthi féin agus an lasóg a bhaint den bharrach trí go leor fórsaí míleata a tharraingt siar ó theorainneacha na hÚcráine.

(6)

An 21 Feabhra 2022, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne inar aithníodh ‘neamhspleáchas agus ceannasacht’ na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin agus inar ordaíodh fórsaí armtha na Rúise isteach sna limistéir sin.

(7)

An 22 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais lenar cáineadh an ghníomhaíocht neamhdhleathach sin, a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine a thuilleadh agus ar sárú tromchúiseach an dlí idirnáisiúnta agus sárú comhaontuithe idirnáisiúnta í, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist, chomh maith le Comhaontuithe Mhionsc agus Rún 2202 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. D’áitigh an tArdionadaí ar an Rúis, mar pháirtí sa choinbhleacht, an t-aitheantas sin a aisiompú, seasamh lena gealltanais, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus filleadh ar an bplé faoi chuimsiú fhormáid na Normainne agus an Ghrúpa Teagmhála Thríthaobhaigh. D’fhógair sé go bhfreagródh an tAontas do na sáruithe neamhdhleathacha is déanaí sin ag an Rúis trí bhearta breise sriantacha a ghlacadh mar ábhar práinne.

(8)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(9)

An 24 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go fíorghéar an t-ionradh gan chúis ar an Úcráin a rinne fórsaí armtha de chuid Chónaidhm na Rúise agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha sin faoin Úcráin. Chuir an tArdionadaí in iúl go n-áireofar i bhfreagairt an Aontais bearta sriantacha earnálacha agus bearta sriantacha aonair araon.

(10)

I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, is iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach a bhaineann le hearnálacha an airgeadais, na cosanta, an fhuinnimh, na heitlíochta agus an spáis.

(11)

Leathnaítear a thuilleadh na srianta airgeadais atá ann cheana, go háirithe na srianta sin ar an rochtain atá ag eintitis áirithe de chuid na Rúise ar mhargaí caipitil. Ba cheart toirmeasc a chur freisin ar sheirbhísí i ndáil le scaireanna eintitis na Rúise faoi úinéireacht stáit a liostú agus a sholáthar ar ionaid trádála an Aontais. Is gá freisin bearta nua a thabhairt isteach ar bearta iad a dhéanann insreafaí airgeadais ón Rúis chuig an Aontas a theorannú go mór, trí thoirmeasc a chur ar thaiscí ar mó iad ná luach áirithe a ghlacadh ó náisiúnaigh nó cónaitheoirí de chuid na Rúise, toirmeasc a chur ar chuntais cliant de chuid na Rúise a choinneáil ag taisclanna lárnacha urrús an Aontais agus toirmeasc a chur ar urrúis arna sloinneadh in euro a dhíol le cliaint de chuid na Rúise.

(12)

Thairis sin, is iomchuí srianta breise a fhorchur ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide agus ar sholáthar seirbhísí gaolmhara, agus forchuirtear leis chomh maith srianta ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta áirithe a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an Rúis feabhas teicneolaíoch a chur ar a hearnáil cosanta agus slándála, mar aon le srianta ar sholáthar seirbhísí gaolmhara. Tá díolúintí teoranta ar na srianta sin beartaithe chun críoch dlisteanach agus réamhchinntithe agus chun na gcríoch sin amháin.

(13)

Is iomchuí freisin srianta a fhorchur ar earraí agus teicneolaíochtaí sonracha a dhíol leis an Rúis, a sholáthar di, a aistriú nó a onnmhairiú chuici, ar earraí agus teicneolaíochtaí iad a úsáidtear chun ola a scagadh, mar aon le srianta ar sholáthar seirbhísí gaolmhara.

(14)

Ina theannta sin, is iomchuí toirmeasc ar onnmhairiú a thabhairt isteach lena gcumhdófar earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid in eitlíocht agus i dtionscal an spáis chomh maith le toirmeasc a chur ar sholáthar seirbhísí árachais agus athárachais agus cothabhála i ndáil leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht sin. Ba cheart toirmeasc a chur freisin ar chúnamh teicniúil agus seirbhísí gaolmhara eile a sholáthar chomh maith le maoiniú agus cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht sin atá faoi réir an toirmisc sin.

(15)

Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

1.   Bannaí, cothromas nó ionstraimí airgeadais comhchosúla, toirmiscfear iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta a sholáthar dóibh nó cúnamh a sholáthar chun iad a eisiúint, nó aon déileáil eile leo, go díreach nó go hindíreach, ar bannaí, cothromas nó ionstraimí airgeadais comhchosúla iad a bhfuil aibíocht is mó ná 90 lá acu, a eisíodh tar éis an 1 Lúnasa 2014 go dtí an 12 Meán Fómhair 2014, nó a bhfuil aibíocht is mó ná 30 lá acu, a eisíodh tar éis an 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 12 Aibreán 2022 nó aon urrús inaistrithe agus ionstraim margaidh airgid a eiseofar i ndiaidh an 12 Aibreán 2022 ag:

(a)

mórinstitiúid chreidmheasa, nó institiúidí maoinithe forbraíochta arna mbunú sa Rúis a bhfuil níos mó ná 50 % díobh faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí ón 1 Lúnasa 2014, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dó faoi úinéireacht ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I; nó

(c)

aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis laistigh den chatagóir dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo nó a liostaítear in Iarscríbhinn I.

2.   Urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid a eiseofar tar éis an 12 Aibreán 2022, toirmiscfear iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta a sholáthar dóibh nó cabhair a eisiúint ina leith, nó déileáil leo ar shlí eile, go díreach nó go hindíreach, ar ceann díobh seo a leanas a eiseoidh iad:

(a)

aon mhórinstitiúid chreidmheasa, nó institiúid eile a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí nó rialú poiblí ón an 26 Feabhra 2022 nó aon institiúid creidmheasa eile a bhfuil ról suntasach aici maidir le tacú le gníomhaíochtaí de chuid na Rúise, a Rialtas nó Banc Ceannais na Rúise agus atá bunaithe sa Rúis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn V; nó

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo.

3.   Urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid, toirmiscfear iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta a sholáthar dóibh nó cúnamh a sholáthar chun iad a eisiúint, nó déileáil leo ar shlí eile, go díreach nó go hindíreach, arb urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh a bhfuil aibíocht is mó ná 30 lá acu a eisíodh tar éis an 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 12 Aibreán 2022 nó aon urrús inaistrithe agus ionstraim margaidh airgid a eiseofar i ndiaidh an 12 Aibreán 2022, ar ceann díobh seo a leanas a eiseoidh iad:

(a)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus a bhfuil baint aige le mórghníomhaíochtaí maidir le ceapadh, táirgeadh, díolacháin nó onnmhairiú trealaimh mhíleata nó seirbhísí míleata den chuid is mó, cé is moite de dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá gníomhach in earnáil an spáis agus in earnáil an fhuinnimh núicléach;

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, atá faoi rialú poiblí nó a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí agus ar mó ná RUB 1 trilliún na sócmhainní iomlána a mheastar a bheith aige agus a dtionscnaíonn a ioncaim mheasta as 50 % ar a laghad ó amhola a dhíol nó a iompar nó ó tháirgí peitriliam, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo; nó

(d)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) den mhír seo.

4.   Urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid a eiseofar tar éis an 12 Aibreán 2022, toirmiscfear iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta a sholáthar dóibh nó cabhair a eisiúint ina leith, nó déileáil leo ar shlí eile, go díreach nó go hindíreach, ar ceann díobh seo a leanas a eiseoidh iad:

(a)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, atá faoi rialú poiblí nó a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí agus a bhfuil sé de cheart ag an Rúis, a Rialtas nó a Banc Ceannais páirt a ghlacadh i mbrabúis nó a bhfuil gaolmhaireachtaí eacnamaíocha substaintiúla eile ag an Rúis, ag a Rialtas nó ag a Banc Ceannais; mar a liostaítear in Iarscríbhinn VI;

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn VI; nó

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo.

5.   I gcás urrúis inaistrithe aon duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá bunaithe sa Rúis agus a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí, ó an 12 Aibreán 2022, toirmiscfear seirbhísí a liostú agus a sholáthar ar ionaid trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta san Aontas.

6.   Toirmiscfear aon socrú a dhéanamh, nó a bheith ina chuid de shocrú go díreach nó go neamhdhíreach maidir leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

iasachtaí nó creidmheas nua a bhfuil aibíocht is mó ná 30 lá a thabhairt d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i míreanna 1 nó 3, tar éis an 12 Meán Fómhair 2014 go dtí an 26 Feabhra 2022; nó

(ii)

iasachtaí nó creidmheas nua a thabhairt d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 3 nó 4 tar éis an 26 Feabhra 2022.

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

iasachtaí ná creidmheas a bhfuil cuspóir sonrach doiciméadaithe acu maoiniú a sholáthar d’allmhairiú nó onnmhairiú neamhthoirmiscthe earraí agus seirbhísí neamhairgeadais idir an tAontas agus aon tríú Stát, lena n-áirítear an caiteachas le haghaidh earraí agus seirbhísí ó thríú Stát eile is gá chun na conarthaí onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a fhorghníomhú; nó

(b)

iasachtaí a bhfuil cuspóir sonrach doiciméadaithe acu cistiúchán éigeandála a chur ar fáil chun critéir sócmhainneachta agus leachtachta a chomhlíonadh maidir le daoine dlítheanacha atá bunaithe san Aontas, a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht aon eintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

7.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 6 maidir le tarraingt anuas ná le heisíocaíochtaí a rinneadh faoi chonradh a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir le téarmaí agus coinníollacha uile na n-íostarraingtí nó na n-eisíocaíochtaí sin:

(i)

comhaontaíodh iad roimh an 26 Feabhra 2022; agus

(ii)

níor modhnaíodh iad ar an dáta sin nó ina dhiaidh; agus

(b)

roimh an 26 Feabhra 2022, socraíodh dáta aibíochta conarthach chun na cistí uile a cuireadh ar fáil a aisíoc ina n-iomláine agus chun na gealltanais, na cearta agus na hoibleagáidí faoin gconradh a chur ar ceal; agus

(c)

tráth a tugadh an conradh i gcrích, ní raibh sé ag sárú na dtoirmeasc atá leagtha síos sa Chinneadh seo.

Áirítear i dtéarmaí agus coinníollacha na dtarraingtí anuas agus na n-eisíocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) forálacha maidir le fad na tréimhse aisíocaíochta le haghaidh gach aon tarraingt anuas nó gach aon eisíocaíocht, an ráta úis a chuirtear i bhfeidhm nó modh ríofa an ráta úis, agus an t-uasmhéid.”;

(2)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas i ndiaidh Airteagal 1a:

“Airteagal 1b

1.   Toirmiscfear aon taisce a ghlacadh ó náisiúnaigh Rúiseacha nó ó dhaoine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis, nó ó dhaoine dlítheanacha, ó eintitis nó ó chomhlachtaí atá bunaithe sa Rúis, más mó ná EUR 100 000 luach iomlán na dtaiscí atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach, ag an eintiteas nó ag an gcomhlacht in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le taiscí atá riachtanach le haghaidh trádála trasteorann neamhchoiscthe in earraí agus i seirbhísí idir an tAontas agus an Rúis.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad is iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas i dtaca le glacadh le taisce den sórt sin:

(a)

go bhfuil gá léi chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, agus bunriachtanais a mball teaghlaigh cleithiúnach a chomhlíonadh, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

go bhfuil gá léi le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(d)

go bhfuil gá léi chun críoch oifigiúil misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó chun críoch eagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad is iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas i dtaca le glacadh le taisce den sórt sin:

(a)

go bhfuil gá léi chun críoch daonchairdiúla, amhail seachadadh cúnaimh a sheachadadh nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí liachta, bia, nó aistriú oibrithe daonchairdiúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnaithe; nó

(b)

go bhfuil gá léi le haghaidh ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta, gníomhaíochtaí a chuireann an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta chun cinn ar bhonn díreach sa Rúis.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

Airteagal 1c

1.   Beidh toirmeasc ar thaisclanna lárnacha urrús an Aontais aon seirbhís a sholáthar mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) i gcás urrús inaistrithe a eisítear tar éis an 12 Aibreán 2022 d’aon náisiúnach Rúiseach nó d’aon duine nádúrtha Rúiseach atá ina chónaí sa Rúis nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le daoine nádúrtha ar náisiúnaigh de Bhallstát iad nó a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.

Airteagal 1d

1.   Beidh toirmeasc ar urrúis inaistrithe atá ainmnithe in euro agus a eisítear tar éis an 12 Aibreán 2022, nó aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a chuireann neamhchosaint ar na hurrúis sin ar fáil, a dhíol le haon náisiúnach Rúiseach nó le haon duine nádúrtha Rúiseach a chónaíonn sa Rúis nó le haon duine, eintiteas nó comhlacht dlíthiúil atá bunaithe sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.”

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, p. 1).;"

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

1.   Gach earra agus teicneolaíocht dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú, beidh toirmeasc ar náisiúnaigh de chuid na mBallstát nó ó chríocha na mBallstát nó a bhfuil leas á bhaint acu as soithí nó as aerárthaigh faoina mbratach, beidh toirmeasc orthu na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, agus ar sholáthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó cúnamh teicniúil lena mbaineann, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, nó lena n-úsáid sa Rúis.

3.   Gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le hearraí ná teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe don mhéid seo a leanas:

(a)

chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha;

(b)

chun críoch leighis nó cógaisíochta;

(c)

onnmhairiú sealadach ítimí atá le húsáid sna meáin nuachta;

(d)

nuashonruithe bogearraí;

(e)

úsáid mar fheistí cumarsáide tomhaltóirí;

(f)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine agus d’eintitis sa Rúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin; nó

(g)

úsáid phearsanta na n-earraí nó teicneolaíochta sin ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus an úsáid sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí trádála atá faoi úinéireacht an ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.

Cé is moite de phointí (f) agus (g) den mhír seo, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann beartaithe don mhéid seo a leanas:

(a)

comhar idir an tAontas, rialtais na mBallstát agus rialtas na Rúise i gcomhair ábhair shibhialtacha amháin;

(b)

comhar idir-rialtasach i gcláir spáis;

(c)

oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

(d)

sábháilteacht mhuirí;

(e)

líonraí teileachumarsáide sibhialta, lena n-áirítear seirbhísí idirlín a sholáthar;

(f)

úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta;

(g)

ionadaíocht taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí nó teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó an cúnamh airgeadais lena mbaineann sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuarthas an t-údarú sin roimh an 1 Bealtaine 2022.

6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.

7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe i gcomhréir le míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint:

(i)

go bhféadfadh an t-úsáideoir deiridh a bheith ina úsáideoir deiridh míleata, ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina eintiteas nó ina chomhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn IV nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith beartaithe do na hearraí: nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh theicniúil ghaolmhair nó an chúnaimh airgeadais ghaolmhair beartaithe don tionscal eitlíochta nó spáis.

8.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú atá deonaithe acu de bhun mhíreanna 4 agus 5 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme go héifeachtach.

9.   Áirítear in Iarscríbhinn VII na tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear san Airteagal seo agus i bpointí (f) agus (g) d’Airteagal 3a(4), agus a chuireann bearta atá coibhéiseach go substaintiúil i bhfeidhm maidir le rialú onnmhairí.”;

 (*2)

(*2)  Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (athmhúnlú) (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1);"

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a:

“Airteagal 3a

1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, earraí agus teicneolaíocht lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise, nó le forbairt earnáil na cosanta agus na slándála, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, agus soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó cúnamh teicniúil lena mbaineann, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, nó lena n-úsáid sa Rúis.

3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le hearraí ná teicneolaíocht a liostaítear i mír 1, a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil ná an cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe don mhéid seo a leanas:

(a)

chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha;

(b)

chun críoch leighis nó cógaisíochta;

(c)

onnmhairiú sealadach ítimí atá le húsáid sna meáin nuachta;

(d)

nuashonruithe bogearraí;

(e)

úsáid mar fheistí cumarsáide tomhaltóirí;

(f)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Rúis, cé is moite dá rialtas agus do na gnóthais atá faoi rialú díreach nó indíreach an rialtais sin; nó

(g)

úsáid phearsanta na n-earraí nó teicneolaíochta sin ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta, agus an úsáid sin teoranta d’earraí pearsanta, earraí tí, feithiclí nó uirlisí trádála atá faoi úinéireacht an ndaoine aonair sin agus nach bhfuil beartaithe lena ndíol.

Cé is moite de phointí (f) agus (g) den mhéid thuas, dearbhóidh an t-onnmhaireoir sa dearbhú custaim go bhfuil na hítimí sin á n-onnmhairiú faoin eisceacht ábhartha a leagtar amach sa mhír seo agus tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe le haghaidh chéad úsáid na heisceachta ábhartha laistigh de 30 lá tar éis an dáta ar tharla an chéad onnmhairiú.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí nó an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann beartaithe don mhéid seo a leanas:

(a)

comhar idir an tAontas, rialtais na mBallstát agus rialtas na Rúise i gcomhair ábhair shibhialtacha amháin;

(b)

comhar idir-rialtasach i gcláir spáis;

(c)

oibriú, cothabháil, athchóireáil breosla agus sábháilteacht cumas núicléach sibhialta, chomh maith le comhar núicléach sibhialta, go háirithe i réimse an taighde agus na forbartha;

(d)

sábháilteacht mhuirí;

(e)

líonraí teileachumarsáide sibhialtacha, lena n-áirítear seirbhísí idirlín a sholáthar;

(f)

úsáid eisiach eintiteas atá faoi úinéireacht, nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit nó tíre comhpháirtíochta; nó

(g)

ionadaíocht taidhleoireachta an Aontais, na mBallstát agus na dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin.

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt na hearraí nó an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó an cúnamh airgeadais sin lena mbaineann dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuarthas an t-údarú sin roimh an 1 Bealtaine 2022.

6.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.

7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint:

(i)

go bhféadfadh an t-úsáideoir deiridh a bheith ina úsáideoir deiridh míleata, ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ina eintiteas nó ina chomhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn IV nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith beartaithe do na hearraí: nó

(ii)

go bhfuil díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-earraí agus na teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1 nó soláthar an chúnaimh theicniúil ghaolmhair nó an chúnaimh airgeadais ghaolmhair beartaithe don tionscal eitlíochta nó spáis.

8.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú atá deonaithe acu de bhun mhíreanna 4 agus 5 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme go héifeachtach.

9.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach san Airteagal seo a chinneadh.”;

(5)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 3a:

“Airteagal 3b

1.   Maidir leis na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinn IV, de mhaolú ar Airteagail 3 agus 3a agus gan dochar do na ceanglais údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, ní fhéadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt na hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide agus na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3a a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú nó cúnamh airgeadais gaolmhar nó cúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar, ach amháin tar éis dóibh a chinneadh:

(a)

go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil gaolmhar nó an cúnamh airgeadais gaolmhar riachtanach chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, ar teagmhas é ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol; nó

(b)

go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh airgeadais gaolmhar nó an cúnamh teicniúil gaolmhar sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh 26 Feabhra 2022, nó faoi chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú roimh an 1 Bealtaine 2022.

2.   Na húdaruithe uile a éilítear faoin Airteagal seo, deonóidh na húdaráis inniúla iad i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821, a mbeidh feidhm mutatis mutandis aige. Beidh an t-údarú bailí ar fud an Aontais.

3.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú atá deonaithe acu de bhun mhír 1 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme go héifeachtach.’

(6)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas i ndiaidh Airteagal 4a:

“Airteagal 4b

1.   Beidh toirmeasc ar mhaoiniú poiblí nó ar chúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh trádáil leis an Rúis nó le haghaidh infheistíocht sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le:

(a)

gealltanais cheangailteacha i dtaca le maoiniú nó cúnamh airgeadais arna mbunú roimh an 26 Feabhra 2022;

(b)

maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais dar luach suas le EUR 10 000 000 ina iomláine in aghaidh an tionscadail a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá bunaithe san Aontas; nó

(c)

maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh trádáil bia agus chun críoch talmhaíochta, leighis nó daonnúil.

Airteagal 4c

1.   Earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid i scagadh ola, cibé acu de thionscnamh an Aontais iad nó nach ea, beidh toirmeasc ar a ndíol, go díreach nó go hindíreach, le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis, agus beidh an toirmeasc céanna ar a soláthar, ar a n-aistriú agus ar a n-onnmhairiú.

2.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, agus ar sholáthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

3.   Na toirmisc i míreanna 1 agus 2, beidh siad gan dochar don chur i gcrích, go dtí an 27 Bealtaine 2022 conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a chur i gcrích.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi cibé coinníollacha is iomchuí leo, na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú nó cúnamh teicniúil gaolmhar nó cúnamh airgeadais gaolmhar a sholáthar, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh ábhartha teicniúil nó an cúnamh ábhartha airgeadais sin riachtanach chun teagmhas a chosc nó a mhaolú ar teagmhas é ar dhócha dó tionchar tromchúiseach agus suntasach a imirt ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol.

I gcásanna éigeandála a mbeidh údar cuí leo, féadfar an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú a dhéanamh gan réamhúdarú, ar choinníoll go dtabharfaidh an t-onnmhaireoir fógra don údarás inniúil laistigh de chúig lá oibre ó lá an díola, an tsoláthair, an aistrithe nó an onnmhairithe, agus go mbeidh leis an bhfógra sin mionsonra faoin údar cuí a bhí leis an díol, leis an soláthar, leis an aistriú nó leis an onnmhairiú a rinneadh gan reámhúdarú.

5.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach san Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 4d

1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht atá oiriúnach lena n-úsáid in eitlíocht nó i dtionscal an spáis a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

2.   Beidh toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, d’aon duine, d’aon eintiteas nó d’aon chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

3.   Toirmeascfar aon cheann nó aon chumasc de na gníomhaíochtaí seo a leanas a sholáthar: ollchóiriú, deisiú, iniúchadh, athionadú, modhnú nó ceartú lochta a dhéanamh ar aerárthach nó ar chomhpháirt, cé is moite d’iniúchadh réamheitilte, a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

4.   Beidh toirmeasc ar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, agus ar sholáthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

5.   Na toirmisc i míreanna 1 agus 4, ní bheidh feidhm acu maidir leis an gcur i gcrích go dtí an 28 Márta 2022 conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a chur i gcrích.

6.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na míreanna ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.”;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach ná go hindíreach, go hiomlán ná i bpáirt, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna nó le ráthaíocht nó le slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní I, III, III, IV, V nó VI, nó dá dtagraítear i bpointí (b) nó (c) d’Airteagal 1(1), i bpointe (b) nó (c) d’Airteagal 1(2), i bpointe (c) nó (d) d’Airteagal 1(3), i bpointe (b) nó (c) d’Airteagal 1(4), nó i bpointe (a), (b) nó (c) d’Airteagal 1a;

(b)

aon Rúiseach, eintiteas Rúiseach nó comhlacht Rúiseach eile; nó

(c)

aon duine, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo.

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an gCinneadh seo’;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh nó is éifeacht leo dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach in Airteagail 1 go 4d, lena n-áirítear dul timpeall ar thoirmisc trí ghníomhú in ionad daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear sna forálacha sin nó trí ghníomhú chun a dtairbhe trí úsáid a bhaint as na heisceachtaí dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.”;

(9)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 8a

1.   Féadfaidh an Chomhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála (an “Ardionadaí”) sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe chun leasuithe ar an gCinneadh seo agus ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis a ullmhú agus a dhéanamh.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar “rialaitheoirí” de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála is gá chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích.”;

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).;"

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Iúil 2022.

2.   Déanfar athbhreithniú leanúnach ar an gCinneadh seo. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”;

(11)

leasaítear na hIarscríbhinní mar a leagtar sin amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES:

‘IARSCRÍBHINN I

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(a)

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES:

‘IARSCRÍBHINN II

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a)

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES:

‘IARSCRÍBHINN III

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b)

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES:

‘IARSCRÍBHINN IV

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 3(7), 3a(7), agus 3b(1)

Sirius, Cuideachta Comhstoic

Stankoinstrument, Cuideachta Comhstoic Phoiblí Oscailte

Chemcomposite, Cuideachta Comhstoic Oscailte

Kalashnikov, Cuideachta Comhstoic

Tula Arms Plant, Cuideachta Comhstoic

NPK Technologii Maschinostrojenija

Wysokototschnye Kompleksi, Cuideachta Comhstoic Oscailte

Almaz Antey, Cuideachta Comhstoic Oscailte

NPO Bazalt, Cuideachta Comhstoic Oscailte

Longchlós Admiralty, Cuideachta Comhstoic

Institiúid Teicneolaíochta Aleksandrov um Thaighde Eolaíoch NITI

Argut OOO

Ionad cumarsáide na hAireachta Cosanta

Federal Research Center Boreskov Institute of Catalysis

Federal State Budgetary Enterprise of the Administration of the President of Russia

Federal State Budgetary Enterprise Special Flight Unit Rossiya of the Administration of the President of Russia

Federal State Unitary Enterprise Dukhov Automatics Research Institute (VNIIA)

An tSeirbhís um Fhaisnéis Eachtrach (SVR)

Ionad Fóiréinsice Réigiún Nizhniy Novgorod, Príomh-Stiúrthóireacht na hAireachta Gnóthaí Baile

An tIonad Idirnáisiúnta um Optaic Chandamach agus Teicneolaíochtaí Candamacha (Ionad Candamach na Rúise)

Irkut Corporation

Irkut Research and Production Corporation, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Scientific Research Institute of Computing Machinery, Cuideachta Comhstoic

Central Research Institute of Machine Building (JSC TsNIIMash), Cuideachta Comhstoic

Kazan Helicopter Plant Repair Service, Cuideachta Comhstoic

Shipyard Zaliv (Clós longthógála Zaliv), Cuideachta Comhstoic

Rocket and Space Centre – Progress, Cuideachta Comhstoic

Kamensk-Uralsky Metallurgical Works, Cuideachta Comhstoic

Kazan Helicopter Plant, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Komsomolsk-na-Amur Aviation Production Organization (KNAAPO)

Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise

Institiúid Fisice agus Teicneolaíochta Mhoscó

NPO High Precision Systems, Cuideachta Comhstoic

NPO Splav, Cuideachta Comhstoic

OPK Oboronprom

Beriev Aircraft Company, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Irkut Corporation, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Kazan Helicopters, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Institiúid taighde POLYUS de chuid M.F. Stelmakh, Cuideachta Comhstoic

Promtech-Dubna, JSC

United Aircraft Corporation, Cuideachta Comhstoic Phoiblí

Radiotechnical and Information Systems (RTI) Concern

Rapart Services LLC; Rosoboronexport (ROE), Cuideachta Comhstoic Oscailte

Rostec (Russian Technologies State Corporation)

Rostekh – Azimuth

Russian Aircraft Corporation MiG

Russian Helicopters, Cuideachta Comhstoic

SP KVANT (Sovmestnoe Predpriyatie Kvantovye Tekhnologii)

Sukhoi Aviation, Cuideachta Comhstoic

Sukhoi Civil Aircraft

Tactical Missiles Corporation, Cuideachta Comhstoic

Tupolev, Cuideachta Comhstoic

UEC-Saturn

United Aircraft Corporation

AeroKompozit, Cuideachta Comhstoic

United Engine Corporation

UEC-Aviadvigatel, Cuideachta Comhstoic

United Instrument Manufacturing Corporation

United Shipbuilding Corporation

PO Sevmash, Cuideachta Comhstoic

Longcheárta Krasnoye Sormovo

Longcheárta Severnaya

Longcheárta Yantar

UralVagonZavod.

(5)

Cuirtear isteach na hIarscríbhinní seo a leanas:

‘IARSCRÍBHINN V

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a)

Alfa Bank

Bank Otkritie

Bank Rossiya

Promsvyazbank

IARSCRÍBHINN VI

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(4)(a)’

Almaz-Antey

Kamaz

Calafort Tráchtála Novorossiysk

Rostec (Russian Technologies State Corporation)

Russian Railways

PO Sevmash, Cuideachta Comhstoic

Sovcomflot

United Shipbuilding Corporation

IARSCRÍBHINN VII

Liosta de na tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(9)

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

’.

Top