Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0251

Cinneadh (CBES) 2022/251 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia

ST/14856/2021/INIT

IO L 41, 22.2.2022, pp. 31–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/08/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/251/oj

22.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 41/31


CINNEADH (CBES) 2022/251 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Iúil 2003, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta de chuid an Aontais Eorpaigh (ISAE) a cheapadh don Chugas Theas.

(2)

An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2071 (1) lena gceaptar Toivo KLAAR mar ISAE don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia. Cuireadh síneadh as a chéile le sainordú ISAE, an ceann is déanaí le Cinneadh (CBES) 2021/285 ón gComhairle (2) agus tá sé le dul in éag an 28 Feabhra 2022.

(3)

Ba cheart síneadh a chur le sainordú ISAE go ceann tréimhse 6 mhí breise, agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2022.

(4)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Cuirtear síneadh le sainordú Toivo KLAAR mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (Cugas Theas) go dtí an 31 Lúnasa 2022. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí)”;

(2)

in Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Is é EUR 1 462 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2022 a chumhdach.”;

(3)

in Airteagal 14, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Tíolacfaidh ISAE tuarascálacha rialta ar an dul chun cinn chuig an gComhairle, an tArdionadaí agus an Coimisiún agus tíolacfaidh sé tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe chucu faoin 31 Bealtaine 2022.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/2071 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 lenar gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (IO L 295, 14.11.2017, lch. 55).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/285 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/907 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia (IO L 62, 23.2.2021, lch. 51).


Top