EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0241

Cinneadh (CBES) 2022/241 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/5713/2022/INIT

IO L 40, 21.2.2022, p. 23–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/241/oj

21.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/23


CINNEADH (CBES) 2022/241 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Ní thugann an tAontas Eorpach aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach a rinne Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol agus leanann sé den ionghabháil sin a cháineadh agus dá bhrí sin, ní thugann sé aitheantas do na toghcháin, mar a ghairtear díobh, a reáchtáladh i leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach.

(3)

Tar éis do Chónaidhm na Rúise toghcháin, mar a ghairtear díobh, a eagrú i “Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé” agus i gCathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, don Dúma Stáit i mí Mheán Fómhair 2021, measann an Chomhairle gur cheart cúigear a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES iad mar gheall ar an ról atá acu maidir leis an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear na daoine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“204.

Aleksei Yurievich CHERNIAK

(Алексей Юрьевич ЧЕРНЯК)

Inscne: Fireann

Dáta breithe: 27.8. 1973

Áit bhreithe: Alma-Ata, PSS Kazakh (dá ngairtear an Chasacstáin anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Comhalta de State Duma of the Russian Federation ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith. Tofa ó “Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé”, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i “toghcheantar Simferopol”, mar a ghairtear de.

Comhalta den pháirtí rialaithe United Russia.

Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun “Poblacht na Crimé”, mar a ghairtear di, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.2.2022

205.

Leonid Ivanovich BABASHOV

(Леонид Иванович БАБАШОВ)

Inscne: Fireann

Dáta breithe: 31.1.1966

Áit bhreithe: Petrovka, Crimea, Oblast, PSS na hÚcráine (dá ngairtear an Úcráin anois)

Comhalta de State Duma of the Russian Federation ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith. Tofa ó “Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé”, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i “toghcheantar Yevpatoria”, mar a ghairtear de.

Comhalta den pháirtí rialaithe United Russia.

Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sí chun “Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé”, a ionghabhadh go neamhdhleathach, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.2.2022

206.

Tatiana Georgievna LOBACH

(Татьяна Георгиевна ЛОБАЧ)

Inscne: Baineann

Dáta breithe: 8.1.1974

Áit bhreithe: Khmelnytskyi, PSS na hÚcráine (dá ngairtear an Úcráin anois)

Comhalta de State Duma of the Russian Federation ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith. Tofa ó Chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i “toghcheantar Sevastopol”, mar a ghairtear de.

Comhalta den pháirtí rialaithe United Russia.

Ag gníomhú di sa cháil sin a ghlac sí uirthi féin, d’oibrigh sí chun Cathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

21.2.2022

207.

Nina Sergeevna FAUSTOVA

(Нина Сергеевна ФАУСТОВА)

Inscne: Baineann

Dáta breithe: 11.7.1983

Áit bhreithe: Kyzyl, Republic of Tuva, PCSS na Rúise (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Ceann choimisiún toghcháin Sevastopol, a bhí páirteach in eagrú na dtoghchán, mar a ghairtear díobh, a reáchtáladh i mí Mheán Fómhair 2021 i “Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé”,, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus i gCathair Sevastopol.

Ag gníomhú di sa cháil sin a ghlac sí uirthi féin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

21.2.2022

208.

Aleksandr Evgenevich CHMYHALOV

(Александр Евгеньевич ЧМЫХАЛОВ)

Inscne: Fireann

Dáta breithe: 13.6.1990

Leas-Ceann ar an gcoimisiún toghcháin Sevastopol, a ghlac pháirt in eagrú na dtoghchán, mar a ghairtear díobh, a reáchtáladh i mí Mheán Fómhair 2021 i “Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé”, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus i gcathair Sevastopol.

Comhalta den pháirtí rialaithe “United Russia”.

Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh, agus chuir sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

21.2.2022”


Top