EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0218

Cinneadh (CBES) 2022/218 ón gComhairle an 17 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

ST/14508/2021/INIT

IO L 37, 18.2.2022, p. 41–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/218/oj

18.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/41


CINNEADH (CBES) 2022/218 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise.

(2)

An 24 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1031 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2012/642/CBES agus lenar tugadh isteach srianta sonracha earnála.

(3)

Tá gá le soiléirithe áirithe chun cur i bhfeidhm cuí na srianta sonracha earnála sin a áirithiú.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Na toirmisc i mír 1 agus mír 2, ní bheidh feidhm acu maidir le honnmhairiú, díolachán, soláthar ná aistriú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide agus ní bheidh feidhm acu maidir le soláthar gaolmhar cúnaimh theicniúil nó airgeadais, chun na cumais núicléacha shibhialta atá ann cheana a chothabháil agus a choimeád slán.”;

(2)

leasaítear Airteagal 2f mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Toirmeascfar ceannach, allmhairiú nó aistriú táirgí peitriliam, díreach nó indíreach, ón mBealarúis agus táirgí hidreacarbóin ghásaigh.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear i mír 1 maidir le ceannach táirgí peitriliam ná táirgí hidreacarbóin ghásaigh sa Bhealarúis a theastaíonn chun freastal ar bhunriachtanais an cheannaitheora sa Bhealarúis nó ar riachtanais tionscadal daonnúil sa Bhealarúis.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“6.   Beidh na toirmisc i mír 1 agus mír 2 gan dochar don tsaoirse chun táirgí peitriliam agus hidreacarbóin ghásaigh a aistriú ar fud na Bealarúise, ar de thionscnamh tríú tír iad.”;

(3)

in Airteagal 2h, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (d):

“(a)

Poblacht na Bealarúise, a rialtas, a comhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí;

(b)

mórinstitiúid creidmheasa atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí ón 1 Meitheamh 2021, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil breis is 50 % dá chearta dílsithe faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den Airteagal seo;

(d)

duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (c) den Airteagal seo.”;

(4)

in Airteagal 2i(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (d):

“(a)

Poblacht na Bealarúise, a rialtas, a comhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí;

(b)

mórinstitiúid creidmheasa atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí amhail ón 1 Meitheamh 2021, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil breis is 50 % dá chearta dílsithe faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den mhír seo;

(d)

duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintitis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (c) den mhír seo.”;

(5)

in Airteagal 2j, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Toirmeascfar árachas nó athárachas a sholáthar do:

(a)

Poblacht na Bealarúise, a rialtas, a comhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú dó thar ceann nó faoi threoir duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta dá dtagraítear i bpointe (a).”;

(6)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 2n

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht ná aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é gur ceann de na páirtithe seo a leanas a dhéanann an t-éileamh:

(a)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2h, Airteagal 2i, Airteagal 2j nó a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(b)

aon duine, eintiteas nó comhlacht Bealarúiseach eile;

(c)

aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b).”;

(7)

in Airteagal 3(1) agus (8), in Airteagal 4(1) agus (2), agus in Airteagal 5(1), cuirtear na focail “Iarscríbhinn I” in ionad na bhfocal “an Iarscríbhinn”;

(8)

in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

go bhfuil siad beartaithe go heisiach don íocaíocht a íoc is gá le haghaidh:

(i)

cuspóirí daonnúla, daoine a aslonnú nó a aisdúichiú, nó le haghaidh tionscnaimh lena dtugtar tacaíocht d’íospartaigh tubaistí nádúrtha, núicléacha nó ceimiceacha;

(ii)

eitiltí a oibriú faoi chuimsiú nósanna imeachta uchtála idirnáisiúnta;

(iii)

eitiltí a oibriú atá ag teastáil chun freastal ar chruinnithe arb é is cuspóir dóibh réiteach a fháil ar an ngéarchéim sa Bhealarúis nó cuspóirí beartais na mbeart sriantach a chur chun cinn;

(iv)

tuirlingt, éirí den talamh nó traseitilt éigeandála aeriompróra de chuid an Aontais Eorpaigh; nó”;

(9)

in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfaidh na húdaráis inniúla de chuid Ballstáit údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 4 a liostú in Iarscríbhinn I, nó tá siad faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun leas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faon mír seo.”;

(10)

in Airteagal 6, mír 1, cuirtear “Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, agus Iarscríbhinn III” in ionad na bhfocal “an Iarscríbhinn”;

(11)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 6a

1.   Féadfaidh an Chomhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a thabhairt i gcrích, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú.

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla nó le bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun Iarscríbhinn I a ullmhú.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoirí’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 7a

Ní bheidh dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, ar eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, nó nach raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Chinneadh seo.

(*1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

(12)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta tar éis dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 224 I, 24.6.2021, lch. 15).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

“IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NA MÓRINSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2h AGUS AIRTEAGAL 2i

Development Bank of the Republic of Belarus

Belarusbank

Belinvestbank (Belarusian Bank for Development and Reconstruction)

Belagoprombank

Bank Dabrabyt

”.

Top