Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0197

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/197 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2022 lena leagtar síos marcóir coiteann fioscach le haghaidh gás-olaí agus ceirisín (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 74)

    C/2022/74

    IO L 31, 14.2.2022, p. 52–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/197/oj

    14.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 31/52


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/197 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Eanáir 2022

    lena leagtar síos marcóir coiteann fioscach le haghaidh gás-olaí agus ceirisín

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 74)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 95/60/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1995 maidir le marcáil fhioscach gás-ola agus ceirisín (1) agus go háirithe Airteagal 2(2) di,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le haghaidh fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus go háirithe chun an imghabháil cánach a chosc, déantar foráil le Treoir 95/60/CE maidir le córas coiteann marcála chun gás-olaí a thagann faoin gcód 2710 00 69 den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC), agus ceirisín, a thagann faoin gcód AC 2710 00 55, a shainaithint, táirgí fuinnimh a scaoiltear saor lena dtomhailt agus atá díolmhaithe ó dhleacht mháil, nó atá faoi réir ráta laghdaithe dleachta máil. Roinneadh Cód AC 2710 00 69 ina chóid AC 2710 19 43, 2710 19 46, 2710 19 47, 2710 19 48, 2710 20 11, 2710 20 16 agus 2710 20 19, chun an méid sulfair sa ghás-ola a chur san áireamh agus chun a chur san áireamh go bhfuil bithdhíosal i ngás-ola, agus trasuíodh cód AC 2710 00 55 mar chód AC 2710 19 25 (2).

    (2)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/74 (3) ón gComhairle, deimhníodh an táirge a shainaithnítear leis an ainm eolaíoch N-eitil-N-[2-(1-iseabútocsatocs)eitil]-4-(feiniolasai)anailín (Solvent Yellow 124), táirge a leagadh síos le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/544/AE ón gCoimisiún (4), deimhníodh mar an marcóir coiteann fioscach é dá bhforáiltear i dTreoir 95/60/CE, chun gás-olaí agus ceirisín a mharcáil, gás-olaí agus ceirisín nár gearradh dleacht orthu ag an ráta iomlán is infheidhme maidir le táirgí fuinnimh den sórt sin a úsáidtear mar thiomántán.

    (3)

    Le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/74, ceanglaítear go n-athbhreithneofar an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin faoin 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí, i bhfianaise na bhforbairtí teicniúla i réimse na gcóras marcála agus i bhfianaise gur gá gníomhú in aghaidh úsáid chalaoiseach táirgí fuinnimh a dhíolmhaítear ó dhleacht mháil nó atá faoi réir ráta laghdaithe dleachta máil.

    (4)

    Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, sheol an Coimisiún glao ar léiriú spéise in 2015 chun táirgí a thíolacadh a bheadh oiriúnach lena n-úsáid mar mharcóir fioscach i ngás-olaí agus i gceirisín (5). D’fhéach an Coimisiún le substaint mharcála a shainaithint a fheidhmíonn níos fearr ná an tsubstaint atá in úsáid faoi láthair maidir le tacar critéar réamhshainithe. Maidir leis na marcóirí is iarrthóirí uile, d’iarr an Coimisiún an praghas uasta díola le haghaidh na marcóirí agus a modhanna innéacsaithe bhliantúil ar na soláthróirí agus fuair an Coimisiún ó na soláthróirí iad.

    (5)

    Rinneadh imscrúdú grinn ar na marcóirí is iarrthóirí a mhol na soláthróirí ón taobh teicniúil de le cúnamh ón Airmheán Comhpháirteach Taighde chun a n-athléimneacht maidir leis na teicnící bainte neamhdhleathaí is coitianta a sheiceáil. Leis an anailís (6), sainaithníodh an táirge ar a bhfuil an t-ainm tráchtála ACCUTRACE™ PLUS ina bhfuil bútocsaibeinséin mar an marcóir is fearr.

    (6)

    In athbhreithniú ar Threoir 95/60/CE in 2019 (7), deimhníodh le meastóireacht an Choimisiúin a úsáidí atá rialacha coiteanna maidir le breoslaí atá faoi réir rátaí laghdaithe dleachta máil a mharcáil ach sainaithníodh laigí Solvent Yellow 124 i dtéarmaí a easpa athléimneachta i leith modhanna coitianta bainte. Deimhníodh leis an meastóireacht gur gá marcóir níos láidre nach féidir a bhaint a chur in ionad Solvent Yellow 124.

    (7)

    Chomhthacaigh an Mheitheal um Chomhar Custaim de chuid na Comhairle (8) leis na torthaí sin, Meitheal a fuair amach go raibh truailliú tromchúiseach comhshaoil ann mar thoradh ar an sciúradh breosla mar gheall ar an úsáid a bhaintear as ceimiceáin amhail aigéad sulfarach, aigéad clórach agus ithir tuartha agus mar gheall ar dhumpáil neamhdhleathach dramhtháirgí agus ola draoibe faoin tuath, ar thailte talmhaíochta nó ar bhóithre poiblí.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart ACCUTRACE™ PLUS a leagan síos mar an marcóir coiteann fioscach in ionad Solvent Yellow 124 de réir bhrí Threoir 95/60/CE faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Treoir sin. Ba cheart an leibhéal marcála a shocrú ag raon comhchuibhithe chun an cur chun feidhme agus rialú na comhlíontachta ar fud an Aontais a éascú.

    (9)

    Ar mhaithe le cur chun feidhme réidh an mharcóra nua agus chun go mbeidh na Ballstáit in ann stoic atá acu den mharcóir reatha Solvent Yellow 124 a úsáid, ba cheart idirthréimhse 24 mhí a cheadú. Le linn na hidirthréimhse sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit Solvent Yellow 124 nó ACCUTRACE™ PLUS a úsáid mar an marcóir coiteann fioscach de réir bhrí Threoir 95/60/CE.

    (10)

    D’ainneoin ACCUTRACE™ PLUS a bheith faoi chumhdach paitinne san Aontas, ba cheart infhaighteacht air a dhaingniú, i gcás inarb iomchuí, trí chomhaontuithe ceadúnúcháin.

    (11)

    Leis an gCinneadh seo, ní scaoiltear aon ghnóthas óna oibleagáidí faoi Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    (12)

    Na deiseanna a bheidh ann mar thoradh ar fhorbairtí a dhéanfar amach anseo san eolaíocht, ba cheart na deiseanna sin a chur san áireamh trí theorainn ama a shocrú maidir leis an gCinneadh seo a athbhreithniú.

    (13)

    Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh seo tráth ar bith roimh an teorainn ama sin má fhaightear amach go bhfuil imghabháil cánach ann mar thoradh ar ACCUTRACE™ PLUS a úsáid nó má fhaightear amach gurb é is cionsiocair le damáiste don tsláinte nó don chomhshaol.

    (14)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/74 a aisghairm.

    (15)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Dhleacht Mháil,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An marcóir coiteann fioscach dá bhforáiltear i dTreoir 95/60/CE, chun marcáil a dhéanamh ar na gás-olaí uile a thagann faoi na cóid AC 2710 19 43, 2710 19 46, 2710 19 47, 2710 19 48, 2710 20 11, 2710 20 16 agus 2710 20 19 agus ar cheirisín a thagann faoin gcód AC 2710 19 25, is é ACCUTRACE™ PLUS a bheidh sa mharcóir sin, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Socróidh na Ballstáit leibhéal marcála 12,5 milleagram de ACCUTRACE™ PLUS in aghaidh an lítir ar a laghad agus leibhéal nach mó ná 18,75 milleagram in aghaidh lítear táirge fuinnimh. Comhfhreagraíonn sin do leibhéal marcála 9,5 milleagram de bhútocsaibeinséin in aghaidh an lítir ar a laghad agus leibhéal nach mó ná 14,25 milleagram de bhútocsaibeinséin in aghaidh lítear táirge fuinnimh.

    Airteagal 2

    Féadfaidh na Ballstáit Solvent Yellow 124 nó ACCUTRACE™ PLUS a úsáid mar an marcóir coiteann fioscach de réir bhrí Threoir 95/60/CE le linn idirthréimhse a dtiocfaidh deireadh léi an 18 Eanáir 2024. Má úsáideann na Ballstáit Solvent Yellow 124 mar an marcóir coiteann fioscach san idirthréimhse sin, socróidh siad leibhéal marcála 6 mg ar a laghad agus leibhéal nach mó ná 9 mg de Solvent Yellow 124 in aghaidh lítear táirge fuinnimh.

    Airteagal 3

    Athbhreithneofar an Cinneadh seo faoin 31 Nollaig 2028 ar a dhéanaí, agus cuirfear san áireamh na forbairtí teicniúla i réimse na gcóras marcála agus gur gá gníomhú in aghaidh úsáid chalaoiseach táirgí fuinnimh a dhíolmhaítear ó dhleacht mháil nó atá faoi réir ráta laghdaithe dleachta máil.

    Déanfar an t-athbhreithniú níos luaithe má fhaightear amach go bhfuil imghabháil cánach ann mar thoradh ar ACCUTRACE™ PLUS a úsáid nó má fhaightear amach gurb é is cionsiocair le damáiste don tsláinte nó don chomhshaol.

    Airteagal 4

    Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/74.

    Airteagal 5

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Eanáir 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Paolo GENTILONI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 291, 6.12.1995, lch. 46.

    (2)  Is éard a bheidh i gcóid na hAinmníochta Comhcheangailte na cóid i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1577 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 361, 30.10.2020, lch. 1).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/74 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2016 lena mbunaítear marcóir coiteann fioscach le haghaidh gás-olaí agus ceirisín (IO L 10, 14.1.2017, lch. 7).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/544/AE ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2011 lena mbunaítear marcóir coiteann fioscach le haghaidh gás-olaí agus ceirisín (IO L 241, 17.9.2011, lch. 31).

    (5)   IO C 299, 11.9.2015, lch. 28.

    (6)  https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC107206

    (7)  https://ec.europa.eu/taxation_customs/sites/taxation/files/fiscal-marking-report-2019.pdf

    (8)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-6595-2020-INIT/en/pdf

    féach an tuarascáil deiridh a glacadh i leith Ghníomhaíocht 9.1.2.1 - ‘ Smuggling and illegal handling of mineral oils: Laundering (the removal of fiscal marker) ’ [“Olaí mianracha a smuigleáil agus a láimhseáil go neamhdhleathach: sciúradh (an marcóir fioscach a bhaint)”].


    IARSCRÍBHINN

    1.   

    Ainm tráchtála: ACCUTRACE™ PLUS

    2.   

    Sainaithint de réir an Innéacs Dathanna: Gan dath

    3.   

    Ainm eolaíoch: Bútocsaibeinséin (Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán 1126-79-0)


    Top