This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0164
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2022/164 of 3 February 2022 on the activation of the European Union military operation to contribute to the deterrence, prevention and repression of acts of piracy and armed robbery off the Somali coast (Atalanta)’s secondary executive task of contributing to countering narcotic drugs trafficking off the coast of Somalia (ATALANTA/2/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/164 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 3 Feabhra 2022 maidir le cúram feidhmiúcháin tánaisteach oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (Atalanta), a ghníomhachtú, lena rannchuidítear le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile (ATALANTA/2/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/164 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 3 Feabhra 2022 maidir le cúram feidhmiúcháin tánaisteach oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (Atalanta), a ghníomhachtú, lena rannchuidítear le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile (ATALANTA/2/2022)
ST/5571/2022/INIT
IO L 27, 8.2.2022, p. 8–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
8.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 27/8 |
CINNEADH (CBES) 2022/164 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 3 Feabhra 2022
maidir le cúram feidhmiúcháin tánaisteach oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (Atalanta), a ghníomhachtú, lena rannchuidítear le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile (ATALANTA/2/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (1), agus go háirithe Airteagal 2b di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 22 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/2188 (2), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES agus lenar dtugtar, inter alia, cúram tánaisteach feidhmiúcháin chun rannchuidiú le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile (“an cúram feidhmiúcháin tánaisteach”) d’oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (Atalanta). |
|
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 2b(3) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, go ngníomhachtóidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an cúram feidhmiúcháin tánaisteach nuair a thuairisceoidh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh go bhfuil na sócmhainní is gá ag Atalanta chun na cúramaí dá dtagraítear san Airteagal sin a chomhlíonadh. |
|
(3) |
Thuairiscigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh go bhfuil na sócmhainní is gá ag Atalanta chun an cúram feidhmiúcháin tánaisteach a chomhlíonadh. |
|
(4) |
Ba cheart an cúram feidhmiúcháin tánaisteach a ghníomhachtú láithreach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déanfar an cúram feidhmiúcháin tánaisteach lena rannchuidítear le cur i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí támhshuanacha amach ó chósta na Somáile, a thugtar do Atalanta trí bhíthin Airteagal 2b de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, a gníomhachtú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 301, 12.11.2008, lch. 33.
(2) Cinneadh (CBES) 2020/2188 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (IO L 435, 23.12.2020, lch. 74).