This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0162
Commission Implementing Decision (EU) 2022/162 of 4 February 2022 laying down rules for the application of Directive (EU) 2019/904 of the European Parliament and of the Council as regards the calculation, verification and reporting on the reduction in the consumption of certain single-use plastic products and the measures taken by Member States to achieve such reduction (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/162 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú ar an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun an laghdú sin a bhaint amach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/162 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú ar an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun an laghdú sin a bhaint amach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/565
IO L 26, 7.2.2022, p. 19–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 30/10/2023
7.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26/19 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/162 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Feabhra 2022
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú ar an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun an laghdú sin a bhaint amach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) agus Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir (AE) 2019/904 leagtar síos oibleagáid ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun laghdú uaillmhianach marthanach a bhaint amach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin (“táirgí plaisteacha aon úsáide”). Tá an Coimisiún chun an mhodheolaíocht a leagan síos chun an laghdú tomhaltais sin a ríomh agus a fhíorú. |
(2) |
Le Treoir (AE) 2019/904 leagtar amach freisin oibleagáid ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún i dtaca le sonraí maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh gach bliain, mar aon le faisnéis faoi na bearta atá á nglacadh chun tomhaltas táirgí den sórt sin a laghdú, lena n-áirítear tuarascáil seiceála cáilíochta. Tá an Coimisiún chun an fhormáid le haghaidh an tuairiscithe sin a leagan síos. |
(3) |
Le Treoir (AE) 2019/904 tugtar corrlach leathan lánroghnach do na Ballstáit maidir leis na bearta a ghlacfaidh siad chun laghdú uaillmhianach marthanach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a bhaint amach. D’fhéadfadh na bearta a bheith éagsúil ag brath ar thionchar comhshaoil na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin ar feadh a saolré, lena n-áirítear an tráth a bheidh siad ina mbruscar, agus beidh na bearta sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. |
(4) |
An laghdú tomhaltais a ríomh ar bhonn mheáchan an ábhair phlaistigh i dtáirgí plaisteacha aon úsáide arna gcur ar an margadh, is modh tomhais cuí é sin lena léirítear an tionchar comhshaoil i dtéarmaí truailliú comhshaoil trí chaitheamh bruscair phlaistigh. Leis an modh sin, cuirtear san áireamh freisin na modhanna tomhais agus na formáidí tuairiscithe le haghaidh pacáistíochta agus dramhaíola ó phacáistíocht a leagtar amach i gCinneadh 2005/270/CE (2) ón gCoimisiún, atá bunaithe ar mheáchan agus ar ábhar. |
(5) |
An laghdú tomhaltais a thomhas ar bhonn chomhaireamh earra na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh, is modheolaíocht chuí é sin freisin chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart laghdaithe tomhaltais, ar leibhéal an táirge, ar chosc na dramhaíola agus dá bhrí sin ar laghdú féideartha an truaillithe phlaistigh sa chomhshaol. |
(6) |
I bhfianaise an chorrlaigh lánrogha a thugtar do na Ballstáit le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2019/904, ba cheart rogha a thabhairt do na Ballstáit an laghdú tomhaltais a ríomh bunaithe ar mheáchan iomlán an phlaistigh atá sna táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh nó ar líon na dtáirgí sin a chuirtear ar an margadh. Ós rud é go soláthraíonn an dá mhodheolaíocht sonraí oiriúnacha chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí tomhaltais agus ar thionchar na mbeart arna ndéanamh ar ghiniúint dramhaíola a chosc chomh maith le táirgí a ionadú le roghanna malartacha atá in-athúsáidte nó nach bhfuil plaisteach iontu, ba cheart an rogha a thabhairt do na Ballstáit an mhodheolaíocht atá comhoiriúnach lena mbeartais laghdaithe tomhaltais agus leis na bearta arna ndéanamh faoi Airteagal 4 de Threoir (AE) 2019/904 a roghnú as an dá mhodheolaíocht sin. |
(7) |
I gcás nach léiriú cruinn i mBallstát áirithe, líon nó meáchan na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide sa Bhallstát sin de dheasca gluaiseachtaí móra táirgí plaisteacha aon úsáide laistigh den Aontas ar an leibhéal mórdhíola, féadfaidh an Ballstát sin meáchan nó líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh a choigeartú chun gluaiseachtaí den sórt sin a chur san áireamh. |
(8) |
I gcás ina roghnaíonn Ballstát modheolaíocht bunaithe ar mheáchan a chur i bhfeidhm, ba cheart dó freisin sonraí faoi mheáchan iomlán táirgí plaisteacha aon úsáide atá déanta go páirteach as plaisteach a cuireadh ar an margadh a thuairisciú, mar go gcuireann an fhaisnéis sin le hinchomparáideacht sonraí agus gur féidir forléargas níos leithne a fháil ar thionchar an cheanglais maidir le tomhaltas a laghdú a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/904. |
(9) |
Chun éascaíocht a dhéanamh ar fhorbhreathnú an Choimisiúin ar na bearta a ghlac na Ballstáit chun laghdú ar thomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a bhaint amach i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/904, ba cheart liosta táscach de na catagóirí difriúla a bhaineann leis na bearta sin a bheith ar fáil san fhormáid tuairiscithe. Is gá do na Ballstáit, áfach, na bearta uile a rinneadh a thuairisciú, fiú murar luadh go sainráite iad sa liosta táscach. |
(10) |
Chun cruinneas agus fíorú na sonraí a áirithiú, ba cheart a áirithiú leis an bhformáid tuairiscithe go sainaithneofar na paraiméadair uile is ábhartha chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh agus a fhíorú, chun sonraí faoi tháirgí den sórt sin a chuirtear ar an margadh a thuairisciú agus chun na bearta a glacadh chun an laghdú tomhaltais a bhaint amach a thuairisciú agus ba cheart go leagfaí amach iontu an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm chun an laghdú tomhaltais a ríomh agus a fhíorú. |
(11) |
An mhodheolaíocht chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh agus a fhíorú, dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2019/904, agus na formáidí maidir le sonraí a thuairisciú ar na táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh mar aon leis an bhfaisnéis ar na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Treoir sin, tá dlúthbhaint acu sin uile le chéile i bhfianaise an ábhair a bhaineann leo. Dá bhrí sin is iomchuí an gníomh seo a ghlacadh ar bhonn na bhforálacha sin araon chun comhleanúnachas idir na rialacha maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú an laghdaithe i dtomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a áirithiú agus rochtain ar na rialacha sin a éascú. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 39 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An mhodheolaíocht chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh
1. Déanfaidh na Ballstáit an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh bunaithe ar cheachtar de na paraiméadair seo a leanas:
(a) |
meáchan iomlán an phlaistigh sna táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain féilire; |
(b) |
líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain féilire. |
2. Ríomhfaidh na Ballstáit an laghdú i dtomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain féilire i gcomhréir leis na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
3. I gcás ina bhfuil onnmhairí nó allmhairí móra nó gluaiseachtaí eile laistigh den Aontas de tháirgí plaisteacha aon úsáide sula gcuirtear ar fáil iad don tomhaltóir nó don úsáideoir deiridh, féadfaidh na Ballstáit meáchan nó líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh a choigeartú, dá dtagraítear i mír 1, chun gluaiseachtaí den sórt sin a chur san áireamh.
Airteagal 2
Sonraí a thuairisciú
1. Na sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/904, déanfaidh na Ballstáit na sonraí sin a thuairisciú, sonraí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1 den Chinneadh seo, tuairisceofar iad san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2. An fhaisnéis maidir le bearta laghdaithe tomhaltais dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/904, déanfaidh na Ballstáit í a thuairisciú san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo.
3. An tuarascáil ina bhfuil seiceáil cáilíochta maidir leis na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit isteach í san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.
4. Foilseoidh an Coimisiún na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit ach amháin, a mhéid a bhaineann le faisnéis atá sa tuarascáil ina bhfuil seiceáil cáilíochta, i gcás ina soláthraíonn an Ballstát údar cuí le foilsiú sonraí áirithe a choinneáil siar.
5. Úsáidfidh na Ballstáit clárlanna leictreonacha, a mhéid is féidir, chun sonraí a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.
(2) Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/665 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 (IO L 112, 26.4.2019, lch. 26).
(3) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
IARSCRÍBHINN I
Na foirmlí chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh
I gcás cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (“cupáin le haghaidh deochanna”):
I gcás coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (“coimeádáin bhia”):
i gcás an mhéid seo a leanas:
ciallaíonn CfB cupáin le haghaidh deochanna;
ciallaíonn FC coimeádáin bhia;
ciallaíonn ConRed laghdú tomhaltais i mBallstát in aghaidh na bliana féilire;
ciallaíonn PoMCfB:
(a) |
meáchan iomlán an phlaistigh (i dtonaí) atá i gcupáin le haghaidh deochanna a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, i gcás inarb ábhartha, arna choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais, nó |
(b) |
an líon iomlán cupán plaisteach aon úsáide le haghaidh deochanna a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, arna choigeartú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais; |
ciallaíonn PoMFC
(i) |
meáchan iomlán an phlaistigh (i dtonaí) atá i gcoimeádáin bhia a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, arna choigeartú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais, nó |
(ii) |
an líon iomlán coimeádán bia plaisteach aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, arna choigeartú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais; |
ciallaíonn t2022 an bhliain tagartha arb í an bhliain féilire 2022 í
ciallaíonn t an bhliain tagartha (an bhliain a mbailítear agus a dtuairiscítear na sonraí ina leith).
IARSCRÍBHINN II
An fhormáid chun sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh a thuairisciú
|
Meáchan an phlaistigh (1) (tonaí) |
Meáchan iomlán (2) (tonaí) |
Táirgí (3) (míle aonad) |
Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go hiomlán as plaisteach |
|
|
|
Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go hiomlán as plaisteach |
|
|
|
Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go páirteach as plaisteach |
|
|
|
Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go páirteach as plaisteach |
|
|
|
(1) Tá sé éigeantach sonraí a sholáthar i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a) i bhfeidhm, agus is féidir í a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3). Ar bhonn deonach a sholáthraítear sonraí i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (b) i bhfeidhm.
(2) Tá sé éigeantach sonraí a sholáthar i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a) i bhfeidhm, agus is féidir í a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3). Ar bhonn deonach a sholáthraítear sonraí i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (b) i bhfeidhm.
(3) Tá sé éigeantach sonraí a sholáthar i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (b), i bhfeidhm, agus is féidir í a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3). Ar bhonn deonach a sholáthraítear sonraí i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a) i bhfeidhm.
IARSCRÍBHINN III
An fhormáid chun faisnéis maidir le bearta laghdaithe tomhaltais a thuairisciú
1. Bearta chun laghdú a bhaint amach i dtomhaltas cupán plaisteach aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (SUP CfB)
Bearta laghdaithe tomhaltais |
Sonraíocht an bhirt (fochatagóirí) |
Tuairisc chainníochtúil/cháilíochtúil ar an mbeart |
Teacht i bhfeidhm an bhirt |
Cineál dlíthiúil an bhirt (deonach / éigeantach) |
Cumhdach an bhirt (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó eile) |
Spriocghrúpa an bhirt (táirgeoirí, allmhaireoirí, díoltóirí, tomhaltóirí) |
||||||||||||
Spriocanna cainníochtúla |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Roghanna malartacha inbhuanaithe ar SUP CfB (lena n-áirítear CfB plaisteacha in-athúsáidte) a chur chun cinn |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Ionstraimí eacnamaíocha |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Srianta margaíochta agus úsáide |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Comhaontuithe idir údaráis inniúla agus earnálacha eacnamaíocha de bhun Airteagal 17(3) de Threoir (AE) 2019/904 |
|
|
|
|
|
An earnáil lena mbaineann agus líon na ngníomhaithe a ghlacann leis na comhaontuithe |
||||||||||||
Bearta múscailte feasachta [atá dírithe ar SUP CfB] |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Bearta eile |
Sonraigh |
|
|
|
|
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.
|
2. Bearta chun laghdú a bhaint amach i dtomhaltas coimeádán bia plaisteach aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (SUP FC)
Beart laghdaithe tomhaltais |
Sonraíocht an bhirt (fochatagóirí) |
Tuairisc chainníochtúil/cháilíochtúil ar an mbeart |
Teacht i bhfeidhm an bhirt |
Cineál dlíthiúil an bhirt (deonach/éigeantach) |
Cumhdach an bhirt (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó eile) |
Spriocghrúpa an bhirt (táirgeoirí, allmhaireoirí, díoltóirí, tomhaltóirí) |
||||||||||
Sprioc chainníochtúil |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Roghanna malartacha inbhuanaithe ar SUP FC (lena n-áirítear plaistigh in-athúsáidte) a chur chun cinn |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Ionstraimí eacnamaíocha |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Srianta margaíochta agus úsáide |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Comhaontuithe idir údaráis inniúla agus earnálacha eacnamaíocha de bhun Airteagal 17(3) de Threoir (AE) 2019/904 |
|
|
|
|
|
An earnáil lena mbaineann agus líon na ngníomhaithe a ghlacann leis na comhaontuithe |
||||||||||
Bearta múscailte feasachta [atá dírithe ar SUP FC] |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Bearta eile |
Sonraigh |
|
|
|
|
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.
|
IARSCRÍBHINN IV
Formáid na tuarascála ina mbeidh seiceáil cáilíochta
1. Faisnéis Ghinearálta
1.1. |
Ballstát: |
1.2. |
An eagraíocht a bhfuil na sonraí agus an tuairisc á gcur isteach acu: |
1.3. |
Teagmhálaí / sonraí teagmhála: |
1.4. |
Bliain tagartha: |
1.5. |
Dáta / leagan seachadta: |
1.6 |
Nasc chuig foilsiú na sonraí ag an mBallstát (más ann dó): |
2. Tuairisc ar na páirtithe a bhfuil baint acu leis an mbailiú sonraí:
Ainm na hinstitiúide |
Tuairisc ar na príomhdhualgais |
|
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
3. Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh.
a. Foinsí sonraí chun sonraí a ríomh maidir le cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Foinsí sonraí |
Foinse sonraí a úsáideadh (is ea/ní hea) |
Tuairisc ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm |
Sciar de na sonraí iomlána |
Sonraí ó scéimeanna aisíoca éarlaise |
|
|
|
Sonraí maidir leis an scéim um fhreagracht leathnaithe táirgeora. Sonraí ó tháirgeoirí nó ó eagraíochtaí a mbíonn oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcur chun feidhme thar a gceann |
|
|
|
Sonraí ó chlárlanna lárnacha maidir le cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna a chuirtear ar an margadh |
|
|
|
Sonraí ó bhardais |
|
|
|
Suirbhéanna |
|
|
|
Clárlann leictreonach |
|
|
|
Tuairisciú riaracháin |
|
|
|
Staitisticí táirgeachta - cóid náisiúnta |
|
|
|
Staitisticí cánach |
|
|
|
Staitisticí tionscail |
|
|
|
Foinsí eile (sonraigh) |
|
|
|
b. Foinsí sonraí chun sonraí a ríomh maidir le coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Foinsí sonraí |
Foinse sonraí a úsáideadh (is ea/ní hea) |
Tuairisc ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm |
Sciar de na sonraí iomlána |
Sonraí ó scéimeanna aisíoca éarlaise |
|
|
|
Sonraí maidir leis an scéim um fhreagracht leathnaithe táirgeora. Sonraí ó tháirgeoirí nó ó eagraíochtaí a mbíonn oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcur chun feidhme thar a gceann |
|
|
|
Sonraí ó chlárlanna lárnacha maidir le coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh |
|
|
|
Sonraí ó bhardais |
|
|
|
Suirbhéanna |
|
|
|
Anailísí ar chomhdhéanamh |
|
|
|
Clárlann leictreonach |
|
|
|
Tuairisciú riaracháin |
|
|
|
Staitisticí táirgeachta - cóid náisiúnta |
|
|
|
Staitisticí cánach |
|
|
|
Staitisticí tionscail |
|
|
|
Foinsí eile (sonraigh) |
|
|
|
c. I gcás ina dtuairiscítear sonraí de réir meáchain agus úsáid á baint as an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), léirigh ar úsáideadh meastachán ar mheáchan plaisteach atá i dtáirgí plaisteacha aon úsáide a cuireadh ar mhargadh Ballstáit agus ar mheáchan iomlán na dtáirgí sin, i gcás nach gcumhdaíonn bailiú sonraí an margadh iomlán. Má ríomhadh, sonraigh meáchan breise na bplaisteach mar % den mheáchan iomlán
Ceisteanna sonracha a ndearnadh plé orthu |
Tuairisc ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm chun na meastacháin a chinneadh (5) |
% |
|
Saorthairbhithe (1) |
|
|
|
Gluaiseachtaí príobháideacha laistigh den Aontas, allmhairí / onnmhairí (2) |
|
|
|
Díolachán ar líne (3) |
|
|
|
Rialacha de minimis (4) |
|
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
|
d. I gcás ina dtuairisceofar sonraí de réir líon na dtáirgí a úsáideann an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), léirigh ar úsáideadh meastachán ar líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a cuireadh ar mhargadh Ballstáit, i gcás nach gcumhdaíonn bailiú sonraí an margadh iomlán. Más ea, luaigh líon breise na dtáirgí i % den líon iomlán a tuairiscíodh
Ceisteanna sonracha a ndearnadh plé orthu |
Tuairisc ar na modhanna arna gcur i bhfeidhm chun na meastacháin a chinneadh(5) |
% |
Saorthairbhithe (5) |
|
|
Gluaiseachtaí príobháideacha laistigh den Aontas, allmhairí / onnmhairí (6) |
|
|
Díolachán ar líne (7) |
|
|
Rialacha de minimis (8) |
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
4. Córas fíorúcháin agus rialaithe sonraí
a. Fíorú sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Nósanna imeachta um fhíorú agus rialú |
Arna gcur i bhfeidhm i gcás na sonraí ábhartha uile maidir le |
Nótaí tráchta breise, más ábhartha |
|
Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea) |
Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea) |
||
Seiceálacha ar iomláine na sonraí |
|
|
|
Tras-seiceálacha |
|
|
|
Seiceálacha i dtaca le hamshraith |
|
|
|
Seiceálacha iniúchóireachta |
|
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
|
b. Tuairisc ar na príomhfhachtóirí a dhéanann difear do chruinneas na sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Na fachtóirí ar féidir leo difear a dhéanamh d’iontaofacht [cruinneas] na sonraí |
Na fachtóirí atá ábhartha i gcás sonraí ar bith maidir le |
Tuairisc ar an gcaoi a ndéantar difear do chruinneas na sonraí agus ar na modhanna a chuirtear i bhfeidhm chun an tionchar sin a laghdú |
|
Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea) |
Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea) |
||
Earráidí samplála (9) (e.g. comhéifeachtaí athrúcháin) |
|
|
|
Earráidí cumhdaigh (10) (e.g. rialacha de minimis, cumhdach réigiúnach) |
|
|
|
Earráidí tomhais (11) |
|
|
|
Ionstraimí tástála maidir le bailiú sonraí (12) (e.g. ceistneoirí) |
|
|
|
Earráidí próiseála (13) |
|
|
|
Earráidí neamhfhreagartha (14) |
|
|
|
Earráidí toimhdean na samhla (15) |
|
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
|
|
c. Míniú ar raon feidhme agus bhailíocht suirbhéanna chun sonraí a bhailiú maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
d. Difríochtaí i gcomparáid leis na sonraí arna dtuairisciú le haghaidh na mblianta tuairiscithe roimhe sin
Athruithe móra modheolaíochta i dtaca leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na bliana tagartha reatha i ndáil leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh blianta tagartha roimhe sin, más ann dóibh (cuir san áireamh go háirithe, athbhreithnithe cúlghabhálacha, cineál na n-athbhreithnithe sin agus tásc lena léirítear an gá neamhleanúnachas sa tsraith a lua le haghaidh bliain áirithe).
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
e. I gcás ina bhfuil méadú níos mó ná 10 % tagtha ar mheáchan an phlaistigh i dtáirgí plaisteacha aon úsáide nó ar mheáchan iomlán táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit nó ar an líon sin earra bhaineann le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit i gcomparáid leis an mbliain tuairiscithe roimhe sin, ba cheart míniú ar na cúiseanna leis an difríocht sin a chur leis
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh |
Athrúchán (%) |
An phríomhchúis leis an athrúchán |
|
|
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.
5. Rúndacht
Údar le foilsiú codanna sonracha den tuarascáil seo ina bhfuil seiceáil cáilíochta a choimeád siar i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus liostú na gcodanna ar cheart iad a choimeád siar.
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
6. Príomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, príomhdhoiciméid tagartha agus príomhfhoilseacháin
Tabhair ainm agus URL na bpríomhshuíomhanna gréasáin, na bpríomhdhoiciméad tagartha agus na bpríomhfhoilseachán a bhaineann leis an mbailiú sonraí seo.
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.
(1) Is é is saorthairbhí ann táirgeoir nó dáileoir a chuireann táirgí aon úsáide ar an margadh ach nach gcomhlíonann a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair ná i gcomhar le táirgeoirí eile.
(2) Gluaiseacht laistigh den Aontas agus allmhairí / onnmhairí táirgí tar éis dóibh a bheith díolta leis an úsáideoir deiridh.
(3) Ba cheart díolachán trí chianchumarsáid a bheith san áireamh le sonraí maidir le táirgí a chur ar an margadh.
(4) Rialacha de minimis a chuirtear i bhfeidhm maidir le tuairisciú ar tháirgí aon úsáide a chuirtear ar an margadh.
(5) Is é is saorthairbhí ann táirgeoir nó dáileoir a chuireann táirgí aon úsáide ar an margadh ach nach gcomhlíonann a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair ná i gcomhar le táirgeoirí eile.
(6) Gluaiseacht laistigh den Aontas agus allmhairí / onnmhairí táirgí tar éis dóibh a bheith díolta leis an úsáideoir deiridh.
(7) Ba cheart díolachán trí chianchumarsáid a bheith san áireamh le sonraí maidir le táirgí a chur ar an margadh.
(8) Rialacha de minimis a chuirtear i bhfeidhm maidir le tuairisciú ar tháirgí aon úsáide a chuirtear ar an margadh.
(9) Tabhair tuairisc ar an meastachán ar na comhéifeachtaí athrúcháin agus ar na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh ar an athrúchán.
(10) Tabhair tuairisc ar chineál na n-earráidí cumhdaigh agus ar a méid.
(11) Tabhair tuairisc ar na hionstraimí lena laghdaítear rioscaí féideartha agus lena seachadtar earráidí.
(12) Tabhair tuairisc ar na hionstraimí agus ar na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm chun cáilíocht agus ábharthacht na n-ionstraimí bailithe sonraí a áirithiú.
(13) Tabhair tuairisc ar na céimeanna próiseála idir an bailiú sonraí agus cur ar fáil na n-earráidí a sainaithníodh maidir le staitisticí agus próiseáil liostaí agus méid na n-earráidí sin.
(14) Tabhair tuairisc ar na rátaí neamhfhreagartha i dtaca leis na príomhathróga agus na modhanna barúlacha (más ann dóibh).
(15) Tabhair tuairisc ar chineál earráidí toimhdean na samhla agus ar a méid.