This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0154
Council Decision (CFSP) 2022/154 of 3 February 2022 amending Decision 2011/72/CFSP concerning restrictive measures directed against certain persons and entities in view of the situation in Tunisia
Cinneadh (CBES) 2022/154 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
Cinneadh (CBES) 2022/154 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
ST/5358/2022/INIT
IO L 25, 4.2.2022, pp. 18–19
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 25/18 |
CINNEADH (CBES) 2022/154 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Feabhra 2022
lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Eanáir 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/72/CBES (1). |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/72/CBES, is gá na coinníollacha a leagan amach ar a bhféadfar leanúint de chistí duine éagtha a chalcadh. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/72/CBES a leasú, dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh 2011/72/CBES, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:
“2a. Gan dochar d’Airteagal 5, i gcás éag duine a liostaítear san Iarscríbhinn:
|
(a) |
i gcás ina ndearnadh ciontú coiriúil i leith míleithreasú cistí Stáit i gcoinne an duine sin sular éag sé nó sí, leanfar de na cistí agus de na hacmhainní eacnamaíocha ba leis an duine sin nó a bhí ina sheilbh nó faoina rialú a chalcadh go dtí go ndéanfar orduithe cúirte chun cistí an Stáit míleithreasaithe a aisghabháil agus go dtí go ndéanfar íoc fíneálacha a fhorghníomhú; |
|
(b) |
i gcás nach ndearnadh aon chiontú coiriúil den sórt sin i gcoinne an duine sin sular éag sé nó sí, leanfar de na cistí agus de na hacmhainní eacnamaíocha ba leis an duine sin nó a bhí faoina úinéireacht, ina sheilbh nó faoina rialú a chalcadh ar feadh tréimhse réasúnach ama, faoi réir Airteagal 12(5). Má thionscnaítear caingean shibhialta nó riaracháin laistigh den tréimhse sin chun cistí Stáit míleithreasaithe a aisghabháil, fanfaidh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha ba leis an duine sin nó a bhí faoina úinéireacht, ina sheilbh nó faoina rialú calctha go dtí go ndíbhfear an chaingean sin nó, má sheastar léi, go dtí go mbeidh ordú na cúirte chun na cistí míleithreasaithe a aisgabháil forghníomhaithe. |
2b. Déanfaidh an Chomhairle an liosta san Iarscríbhinn a leasú de réir mar is gá a luaithe a shuífidh sí nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 2a maidir le calcadh cistí agus acmhainní eacnamaíocha ba leis an duine éagtha iad, nó a bhí ina seilbh nó faoina rialú, á gcomhlíonadh a thuilleadh.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (IO L 28, 2.2.2011, lch. 62).