Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0081

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/81 ón gComhairle an 18 Eanáir 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1008/AE lena n-údaraítear do Phoblacht na Laitvia síneadh a chur le cur i bhfeidhm birt de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha

    ST/14722/2021/INIT

    IO L 13, 20.1.2022, p. 49–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/81/oj

    20.1.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 13/49


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/81 ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Eanáir 2022

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1008/AE lena n-údaraítear do Phoblacht na Laitvia síneadh a chur le cur i bhfeidhm birt de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh 2006/42/CE ón gComhairle (2) údaraíodh don Laitvia beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 21(1), pointe (a), de Threoir 77/388/CEE (3), chun an faighteoir a ainmniú mar an duine atá faoi dhliteanas an cháin bhreisluacha (CBL) a íoc ar sholáthar adhmaid nó ar sholáthar seirbhísí gaolmhara go dtí an 31 Nollaig 2009. Tugadh údarú don Laitvia le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1008/AE (4) ón gComhairle, de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE, leanúint de bheith in ann faighteoir an adhmaid nó na seirbhísí gaolmhara a ainmniú mar an duine atá faoi dhliteanas CBL a íoc i gcás idirbhearta adhmaid go dtí an 31 Nollaig 2012 (“an beart speisialta”). I ndiaidh síntí leanúnacha, rachaidh an t-údarú sin in éag an 31 Nollaig 2021 (5).

    (2)

    Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 4 Aibreán 2021, d’iarr an Laitvia an t-údarú leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm. Sheol an Laitvia tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta sin in éineacht leis an litir sin.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, maidir leis an iarraidh a rinne an Laitvia chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litreacha dar dáta an 9 Lúnasa 2021 agus chuir sé an Spáinn ar an eolas le litir dar dáta an 10 Lúnasa 2021. Le litir dar dáta an 10 Lúnasa 2021, chuir an Coimisiún in iúl don Laitvia go raibh an fhaisnéis riachtanach ar fad aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

    (4)

    De réir na Laitvia, tá margadh an adhmaid mar cheann de na hearnálacha is tábhachtaí don gheilleagar aici agus is furasta a dhéanfadh an chalaois CBL dochar dó, toisc gur líon mór oibreoirí áitiúla agus soláthróirí aonair atá ann den chuid is mó. Cruthaíodh calaois CBL mar gheall ar chineál an mhargaidh agus ar chineál na ngnólachtaí lena mbaineann, agus tá údaráis chánach na Laitvia tar éis deacrachtaí a bheith acu í a rialú. Chun dul i ngleic leis an mí-úsáid sin, thug údaráis chánach na Laitvia an sásra aistrithe táillí isteach maidir le híocaíocht CBL in idirbhearta adhmaid, ar léir go bhfuil sé an-éifeachtach agus go bhfuil laghdú suntasach tar éis teacht ar an gcalaois san earnáil sin dá bharr, de réir na tuarascála a chuir an Laitvia isteach.

    (5)

    Deonaítear bearta speisialta de mhaolú go ginearálta ar feadh tréimhse theoranta chun measúnú a éascú i dtaobh an beart speisialta a bheith iomchuí agus éifeachtach nó gan a bheith iomchuí agus éifeachtach. Le bearta speisialta de mhaolú, tugtar am do Bhallstáit gnáthbhearta eile a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar ghluaiseacht na n-ábhar, ar íocaíocht CBL, agus ar chomhlíontacht na ndaoine inchánacha, ar gnáthbhearta iad lenar cheart dul i ngleic leis an bhfadhb faoi sceach go dtí go rachaidh an beart speisialta in éag, rud a dhéanfadh síneadh an bhirt speisialta iomarcach. Ní dheonaítear maolú lena gceadaítear úsáid a bhaint as an nós imeachta um aistriú táillí ach amháin ar bhonn eisceachtúil i gcomhair réimsí calaoiseacha sonracha agus is é an rogha dheireanach é. Dá bhrí sin, sula rachaidh síneadh an bhirt speisialta faoin gCinneadh Cur Chun Feidhme seo in éag, ba cheart don Laitvia gnáthbhearta eile a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le calaois CBL agus chun í a chosc i margadh an adhmaid i dtreo nach mbeadh gá le síneadh eile a chur leis an mbeart speisialta a thuilleadh.

    (6)

    Ba cheart a údarú don Laitvia dá bhrí sin an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024 agus go dtí an dáta sin amháin.

    (7)

    D’fhonn éifeachtaí suaiteacha a sheachaint, ba cheart go mbeadh cead ag Laitvia an beart speisialta a chur i bhfeidhm gan staonadh. Dá bhrí sin, ba cheart an t-údarú iarrtha a dheonú le héifeacht ón 1 Eanáir 2022, chun na socruithe a leagtar síos roimh ré faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1008/AE a leanúint gan uaim.

    (8)

    Ní bheidh aon drochthionchar ag an mbeart speisialta ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

    (9)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1008/AE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1008/AE:

    “Airteagal 2

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2024.”.

    Airteagal 2

    Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a dhéanfar é a fhógairt.

    Airteagal 3

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Laitvia.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Eanáir 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    B. LE MAIRE


    (1)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

    (2)  Cinneadh 2006/42/CE ón gComhairle an 24 Eanáir 2006 lena n-údaraítear don Laitvia síneadh a chur le cur i bhfeidhm birt de mhaolú ar Airteagal 21 den Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le cánacha láimhdeachais (IO L 25, 28.1.2006, lch. 31).

    (3)  An Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cánacha láimhdeachais - Comhchóras cánach breisluacha: bonn aonfhoirmeach measúnachta (IO L 145, 13.6.1977, lch. 1).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1008/AE ón gComhairle an 7 Nollaig 2009 lena n-údaraítear do Phoblacht na Laitvia síneadh a chur le cur i bhfeidhm birt de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 24.12.2009, lch. 30).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2006 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2009/1008/AE lena n-údaraítear do Phoblacht na Laitvia síneadh a chur le cur i bhfeidhm birt de mhaolú ar Airteagal 193 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 322, 18.12.2018, lch. 20).


    Top