This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0061
Commission Decision (EU) 2022/61 of 14 January 2022 on the appointment of members of the Committee of Senior Labour Inspectors for a new term of office
Cinneadh (AE) 2022/61 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2022 maidir le ceapadh comhaltaí de Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair le haghaidh téarma nua oifige
Cinneadh (AE) 2022/61 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2022 maidir le ceapadh comhaltaí de Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair le haghaidh téarma nua oifige
C/2022/84
IO L 10, 17.1.2022, pp. 82–83
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2024
|
17.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 10/82 |
CINNEADH (AE) 2022/61 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Eanáir 2022
maidir le ceapadh comhaltaí de Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair le haghaidh téarma nua oifige
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh 95/319/CE ón gCoimisiún an 12 Iúil 1995 lena mbunaítear Coiste Cigirí Sinsearacha Saothair (1), agus go háirithe Airteagal 5 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh 95/319/CE, lánchomhalta amháin in aghaidh an Bhallstáit a bheidh ar an gcoiste, agus féadfar comhalta malartach amháin a cheapadh i gcás gach lánchomhalta. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 5(2) den Chinneadh sin, tá an Coimisiún le lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha an Choiste a cheapadh ar thogra ón mBallstát. |
|
(3) |
Foráiltear in Airteagal 5(3) den Chinneadh sin gur 3 bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Choiste agus gur féidir a gceapachán a athnuachan. |
|
(4) |
Is ar an 31 Nollaig 2021 a thiocfaidh deireadh le téarma oifige reatha an Choiste. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún comhaltaí an Choiste a cheapadh de réir na moltaí ó na Ballstáit go ceann tréimhse 3 bliana. |
|
(6) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfar lánchomhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na gCigirí Sinsearacha Saothair a cheapadh go ceann tréimhse 3 bliana ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2024, de réir na hIarscríbhinne.
Foilseofar liosta na gcomhaltaí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun críoch faisnéise.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
|
Ballstát |
Lánchomhalta |
Comhalta malartach |
|
An Bheilg |
Paul TOUSSEYN |
Maria-Cristina RIBAS Y RIBAS |
|
An Bhulgáir |
Tsvetomila FILIPOVA |
Irena DIMITROVA |
|
Poblacht na Seice |
Rudolf HAHN |
Pavel HEISIG |
|
An Danmhairg |
Sine FREDERIKSEN |
Annemarie KNUDSEN |
|
An Ghearmáin |
Kai-Michael SCHÄFER |
Helmut GOTTWALD |
|
An Eastóin |
Maret MARIPUU |
Silja SOON |
|
Éire |
Mark CULLEN |
Dermot O’BRIEN |
|
An Ghréig |
Chrysoula TOUFEKOULA |
Panagiota KATSAKIORI |
|
An Spáinn |
Héctor ILLUECA BALLESTER |
Gonzalo GIMÉNEZ COLOMA |
|
An Fhrainc |
Annaick LAURENT |
Imed BENTALEB |
|
An Chróit |
Miroslav BABIĆ |
gđa Božica BREŠKI DŽODAN |
|
An Iodáil |
Orazio PARISI |
Roberta FABRIZI |
|
An Chipir |
Anastassios YIANNAKI |
Aristodemos ECONOMIDES |
|
An Laitvia |
Renārs LŪSIS |
Linda MATISĀNE |
|
An Liotuáin |
Jonas GRICIUS |
Dalia LEGIENE |
|
Lucsamburg |
Marco BOLY |
Patrice FURLANI |
|
An Ungáir |
Péter NESZTINGER |
Nóra KISSNÉ PÁLMAI |
|
Málta |
Mark GAUCI |
Vincent ATTARD |
|
An Ísiltír |
Rits DE BOER |
Frances DIEPSTRATEN |
|
An Ostair |
Gertrud BREINDL |
Alexandra MARX |
|
An Pholainn |
Katarzyna ŁAŻEWSKA-HRYCKO |
Michal WYSZKOWSKI |
|
An Phortaingéil |
Maria Fernanda FERREIRA CAMPOS |
Nelson FERREIRA |
|
An Rómáin |
Dantes Nicolae BRATU |
Cristian Bogdan CĂLINA |
|
An tSlóivéin |
Jadranko GRLIC |
Slavko KRIŠTOFELC |
|
Poblacht na Slóvaice |
Hedviga MACHAYOVÁ |
Stanislav KRAJŇÁK |
|
An Fhionlainn |
Raimo ANTILA |
Arto TERONEN |
|
An tSualainn |
Håkan OLSSON |
Pia ZÄTTERSTRÖM |