This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0013
Council Decision (EU) 2022/13 of 2 December 2021 on the position to be taken on behalf of the European Union at the 22nd meeting of the Contracting Parties to the Convention for the Protection of the Marine Environment and the Coastal Region of the Mediterranean (Barcelona Convention) and its Protocols as regards the adoption of a decision to amend the Regional Plan on Marine Litter Management in the Mediterranean in the framework of Article 15 of the Protocol for the Protection of the Mediterranean Sea against Pollution from Land-Based Sources and Activities (LBS Protocol)
Cinneadh (AE) 2022/13 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú Cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir leis an bPlean Réigiúnach maidir le Bruscar Muirí a Bhainistiú sa Mheánmhuir a leasú faoi chuimsiú Airteagal 15 den Phrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Fhoinsí agus Gníomhaíochtaí ar Talamh (Prótacal LBS)
Cinneadh (AE) 2022/13 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú Cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir leis an bPlean Réigiúnach maidir le Bruscar Muirí a Bhainistiú sa Mheánmhuir a leasú faoi chuimsiú Airteagal 15 den Phrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Fhoinsí agus Gníomhaíochtaí ar Talamh (Prótacal LBS)
ST/13974/2021/INIT
IO L 4, 7.1.2022, p. 12–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 4/12 |
CINNEADH (AE) 2022/13 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Nollaig 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú Cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir leis an bPlean Réigiúnach maidir le Bruscar Muirí a Bhainistiú sa Mheánmhuir a leasú faoi chuimsiú Airteagal 15 den Phrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Fhoinsí agus Gníomhaíochtaí ar Talamh (Prótacal LBS)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas an Prótacal leasaithe a ghabhann le Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (“Coinbhinsiún Barcelona”) maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Fhoinsí agus Gníomhaíochtaí ar Talamh (“Prótacal LBS2”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 1999/801/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2008. |
(2) |
De bhun Airteagal 15(1) de Phrótacal LBS, tá cruinniú na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún gona Phrótacail le pleananna gníomhaíochta réigiúnacha a ghlacadh ina mbeidh bearta agus tráthchláir le haghaidh chur chun feidhme na mbeart. |
(3) |
Ag an 22ú cruinniú dá gcuid, ón 7 go10 Nollaig 2021, táthar ag súil go nglacfaidh na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail cinneadh (“an Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha”) chun an Plean Réigiúnach maidir le Bruscar Muirí a Bhainistiú sa Mheánmhuir (“an Plean Réigiúnach”) a leasú faoi chuimsiú Airteagal 15 de Phrótacal LBS. Soláthrófar sainmhínithe nua le Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha agus leathnófar raon feidhme na mbeart i gceithre phríomhréimse (ionstraimí eacnamaíocha, geilleagar ciorclach le haghaidh plaisteach, foinsí bruscair mhuirí ar muir agus foinsí bruscair mhuirí ar talamh). |
(4) |
Baineann Cinneadh na bPáirtithe Conarthacha le cosaint an chomhshaoil, ar inniúlacht chomhroinnte í idir an tAontas agus na Ballstáit faoi Airteagal 4(2), pointe (e) den Chonradh. Ní chuimsítear Cinneadh na bPáirtithe Conarthacha faoi aon réimse a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha an Aontais maidir leis an gcosaint sin. Níl sé de rún ag an Aontas úsáid a bhaint as an bhféidearthacht a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir le réimsí a chumhdaítear le Cinneadh na bPáirtithe Conarthacha nár feidhmíodh a inniúlacht go hinmheánach ina leith go fóill. |
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail a bhunú, ó tharla go mbaineann sé leis an gCinneadh ó na Páirtithe Conarthacha leasuithe ar an bPlean Réigiúnach a ghlacadh a bheidh ina gceangal ar an Aontas de bhun Airteagal 15(3) den Phrótacal LBS. |
(6) |
Ós rud é go bhfuil na leasuithe ar an bPlean Réigiúnach atá beartaithe i gcomhréir le huaillmhian an Aontais maidir le truailliú a laghdú agus feabhas a chur ar chosaint an chomhshaoil, ba cheart don Aontas tacú le glacadh Chinneadh na bPáirtithe Conarthacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 22ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail tacú le glacadh an Chinnidh lena leasaítear an Plean Réigiúnach maidir le Bruscar Muirí a Bhainistiú sa Mheánmhuir faoi chuimsiú Airteagal 15 den Phrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Fhoinsí agus Gníomhaíochtaí ar Talamh.
Airteagal 2
I bhfianaise forbairtí ag an 22ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a mhionchoigeartú le linn na gcruinnithe comhordaithe a bheidh ar siúl ar an láthair gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. VRTOVEC
(1) Cinneadh 1999/801/CE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar thruailliú ó fhoinsí ar talamh a ghlacadh (Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lch. 18).