EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0012

Cinneadh (AE) 2022/12 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le chinneadh a ghlacadh chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (ECA SOx na Meánmhara) de bhun Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (Coinbhinsiún MARPOL)

ST/13973/2021/INIT

IO L 4, 7.1.2022, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/12/oj

7.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 4/10


CINNEADH (AE) 2022/12 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le chinneadh a ghlacadh chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (ECA SOx na Meánmhara) de bhun Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (Coinbhinsiún MARPOL)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún leasaithe maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (“Coinbhinsiún Barcelona”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 1999/802/CE (1) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 9 Iúil 2004.

(2)

De bhun Airteagal 18(2), pointe (vi), de Choinbhinsiún Barcelona, tá cruinniú na bPáirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail chun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil a mheas agus a dhéanamh chun críocha Choinbhinsiún Barcelona agus na bPrótacal a bhaint amach. De bhun Riail 43 de Rialacha Nós Imeachta do chruinnithe de na Páirtithe Conarthacha, mura bhforáiltear a mhalairt i gCoinbhinsiún Barcelona, sna prótacail nó sna téarmaí tagartha airgeadais, is é tromlach dhá thrian de na Páirtithe Conarthacha, atá i láthair agus ag vótáil, atá chun cinntí substainteacha a dhéanamh.

(3)

Ag an 22ú cruinniú dá gcuid, ón 7 go dtí an 10 Nollaig 2021, táthar ag súil go nglacfaidh na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail cinneadh (“an Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha”) le a cur faoi bhráid an 78ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (“MEPC 78”) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta in 2022, is togra é sin chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (ECA SOx na Meánmhara) agus dáta theacht i bhfeidhm a shonrú.

(4)

Baineann Cinneadh na bPáirtithe Conarthacha le cosaint an chomhshaoil, ar inniúlacht chomhroinnte í idir an tAontas agus na Ballstáit faoi Airteagal 4(2), pointe (e), den Chonradh. Ní chuimsítear Cinneadh na bPáirtithe Conarthacha faoi aon réimse a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha an Aontais maidir leis an gcosaint sin. Níl sé de rún ag an Aontas úsáid a bhaint as an bhféidearthacht a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir le réimsí a chumhdaítear le Cinneadh na bPáirtithe Conarthacha nár feidhmíodh a inniúlacht go hinmheánach ina leith go fóill.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an gcruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail a bhunú ós rud é go mbaineann sé le togra a chur faoi bhráid MEPC 78 sa Chinneadh ó na Páirtithe Conarthacha, thar ceann eagraíochta ina bhfuil an tAontas ina Pháirtí, chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialála astaíochtaí ocsaídí sulfair (ECA SOx na Meánmhara), rud a fhágann gurb ionann an gníomh sin agus gníomh ag a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla dá bhrí sin.

(6)

Ós rud é go bhfuil sé de chuspóir ag an gCinneadh ó na Páirtithe Conarthacha go dtiocfaidh nuashonrú ar na ceanglais maidir le cosaint na Meánmhara as, i gcomhréir le huaillmhian an Aontais truailliú a laghdú sa chomhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint, ba cheart don Aontas tacú le glacadh Chinneadh na bPáirtithe Conarthacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail tacú le glacadh cinnidh maidir le togra a chur faoi bhráid an 78ú seisiún den Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, chun an Mheánmhuir, ina hiomláine, a ainmniú mar limistéar rialaithe astaíochtaí ocsaídí sulfair (ECA SOx na Meánmhara) mar aon le dáta theacht i bhfeidhm a shonrú.

Airteagal 2

I bhfianaise forbairtí ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a mhionchoigeartú le linn na gcruinnithe comhordaithe a bheidh ar siúl ar an láthair gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh 1999/802/CE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 maidir leis na leasuithe ar an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar thruailliú ó fhoinsí ar talamh a ghlacadh (Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lch. 32).


Top