This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2324
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/2324 of 23 August 2021 amending Regulation (EU) 2019/1241 of the European Parliament and of the Council as regards technical measures for certain demersal and pelagic fisheries in the Celtic Sea, the Irish Sea and the West of Scotland
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban
C/2021/6042
IO L 465, 29.12.2021, p. 1–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
29.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 465/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2324 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Lúnasa 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 2(2), Airteagal 10(4) agus Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2019/1241 (“an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla”) maidir leis na bearta caomhnaithe i gcomhair acmhainní iascaigh agus le héiceachórais mhuirí a chosaint trí bhíthin bearta teicniúla, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Lúnasa 2019. Bunaítear leis in Iarscríbhinn VI forálacha sonracha maidir le bearta teicniúla arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh uiscí an Aontais in Uiscí an Iarthuaiscirt. |
(2) |
An Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, Éire agus an Ísiltír, tá leas díreach bainistíochta iascaigh acu in Uiscí an Iarthuaiscirt. Chuir na Ballstáit sin an chéad mholadh comhpháirteach isteach i mí na Bealtaine 2020. Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) measúnú ar an moladh comhpháirteach mí Iúil 2020. Tar éis na comhairle ó CETEI, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit an moladh comhpháirteach a ailíniú leis an meastóireacht eolaíoch. Mar thoradh air sin, chuir na Ballstáit moladh comhpháirteach athbhreithnithe isteach an 14 Nollaig 2020. |
(3) |
Go dtí go nglacfar na bearta a mholtar sa mholadh comhpháirteach trí bhíthin gníomh tarmligthe, bunaíodh bearta feabhais de réir bhrí Phlean Ilbhliantúil Uiscí an Iarthair, arb é is aidhm dóibh foghabhálacha trosc agus faoitíní a laghdú sa Mhuir Cheilteach agus i limistéir máguaird, agus bearta teicniúla breise, arb é is aidhm dóibh foghabhálacha gadóideach a laghdú i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban, in Airteagail 15 go 17 de Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2). Bhí nasc feidhmiúil ag na bearta sin le leibhéil na ngabhálacha iomlána incheadaithe maidir le spriocspeicis a ghabhtar in iascaigh mheasctha, ós rud é, d’uireasa na mbeart sin, go gcaithfí leibhéil na ngabhálacha iomlána incheadaithe den sórt sin a laghdú chun téarnamh na stoc foghabhála a cheadú. |
(4) |
Níl cuid d’Uiscí an Iarthuaiscirt ina cuid d’uiscí an Aontais Eorpaigh a thuilleadh, rud a éilíonn, dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe dul i mbun comhairliúcháin maidir le bearta comhpháirteacha. Cé nár tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le bearta teicniúla ailínithe atá nasctha go feidhmiúil, is gá leanúint de chur i bhfeidhm na mbeart teicniúil láithreach atá nasctha go feidhmiúil agus a bunaíodh in Airteagail 15 go 17 de Rialachán (AE) 2021/92 lenar féidir gabhálacha iomlána incheadaithe na spriocspeiceas a shocrú ar leibhéil a bheartaítear sa Rialachán sin gan staid na stoc foghabhála dosheachanta in uiscí an Aontais a chur i mbaol, agus á aithint go mbeidh sé ina thosaíocht ag an Aontas teacht ar an gcomhaontú sin ag tús 2022. Ní mór aon bheart teicniúil arna bhunú i gcomhaontú le tríú tíortha le haghaidh 2022 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí bhíthin an chreata dlí is infheidhme. |
(5) |
Ag an am céanna leis an gcaibidlíocht leanúnach leis an Ríocht Aontaithe, chuir na Ballstáit lena mbaineann, eadhon an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, Éire agus an Ísiltír, moladh comhpháirteach nua isteach an 30 Aibreán 2021 lena n-atáirgtear an moladh comhpháirteach a cuireadh isteach in 2020, lena n-áirítear sonraíocht nua i roinn 7a de ICES (Muir Éireann). Moladh sa mholadh comhpháirteach sin go gcoinneofaí na bearta sin i bhfeidhm go dtí go dtiocfar ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe. |
(6) |
Is é is aidhm don Rialachán seo na forálacha atá ann cheana maidir le bearta teicniúla a glacadh roimhe seo mar chuid de na pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh Uiscí an Iarthuaiscirt a ionchorprú in aon ghníomh amháin, bearta teicniúla a chomhfhreagraíonn do na bearta a bunaíodh in Airteagail 15 go 17 de Rialachán (AE) 2021/92, agus ina theannta sin bearta maidir le trealamh nua iascaireachta le haghaidh Mhuir Éireann a áirítear i moladh comhpháirteach 2021. |
(7) |
Leis na bearta sa Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (3), agus tabharfar aird ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den chomhaontú sin. Tá siad gan dochar d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. |
(8) |
Rinne CETEI measúnú (4) (5) ar an bhfianaise a chuir na grúpaí réigiúnacha ar fáil chun tacú leis na bearta teicniúla a áirítear sa mholadh comhpháirteach, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil. |
(9) |
Rinneadh meastóireacht ar na bearta a áirítear sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 2(2) agus Airteagail 15 agus 18 de Rialachán (AE) 2019/1241. Chuir na Ballstáit fianaise ar fáil chun a léiriú go gcomhlíonann na tograí Airteagal 15(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/1241. |
(10) |
Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach maidir leis an moladh comhpháirteach an 16 Iúil 2021. |
(11) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh bearta sonracha chun foghabhálacha trosc agus faoitíní a laghdú sa Mhuir Cheilteach agus i limistéir máguaird, bunaithe ar na bearta feabhais a bhí i bhfeidhm in 2020 (6). Baineann na bearta sonracha sin le tráil ghrinnill agus saighní i ranna ICES ó uiscí an Aontais in 7f agus 7g, an chuid sin de 7h ó Thuaidh ó dhomhanleithead 49° 30′ ó Thuaidh agus an chuid sin de 7j ó Thuaidh ó dhomhanleithead 49° 30′ ó Thuaidh agus Soir ó dhomhanfhad 11° Thiar, chomh maith le soithí atá ag iascaireacht le tráil ghrinnill ar ionann a ngabhálacha arna dtomhas roimh aon ábhar muirí a aischur agus 20 % ar a laghad de chadóga. Tháinig CETEI ar an gconclúid (7) go bhfuil na trealaimh atá beartaithe níos roghnaíche ná na bearta a ndéantar cur síos orthu i Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta atá beartaithe a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
(12) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh coinníollacha sonracha le haghaidh na Mara Ceiltí i ndáil leis an gcomhdhéanamh gabhálacha, agus go háirithe nuair nach mó ná 1,5 % na foghabhálacha trosc. Tá drogall ar CETEI coinníollacha a bhunú bunaithe ar thairseacha foghabhála i bhfianaise drochstádas na stoc sna limistéir sin. Mar sin féin, thug CETEI dá aire (8) freisin, go mbeadh na trealaimh mhalartacha a shonraítear sa mholadh comhpháirteach níos roghnaíche fós ná na trealaimh bhonnlíne i Rialachán (AE) 2019/1241, fiú mura sárófaí riail na foghabhála 1,5 % trosc ar turas ar bith. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta atá beartaithe a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
(13) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh bearta teicniúla sonracha maidir le tráil ghrinnill agus saighní in uiscí an Aontais sna ranna ó 7f go 7k de ICES agus sa limistéar Thiar ó dhomhanfhad 5° I i roinn 7e de ICES. Tháinig CETEI ar an gconclúid go bhfuil na bearta sin níos roghnaíche ná na bearta a mholtar i Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
(14) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh coinníollacha sonracha sa Mhuir Cheilteach nuair a chuimsítear níos mó ná 30 % de ghliomaigh na hIorua sa ghabháil. Ar an iomlán, tháinig CETEI ar an gconclúid (9) go bhfuil na roghanna atá beartaithe níos roghnaíche ná na trealaimh a shonraítear sna maoluithe le haghaidh iascach dírithe i Rialachán (AE) 2019/1241, nó níos coibhéisí ná iad ar a laghad. I ndáil leis an sac-fhoirceann dúbailte, bhí measúnú déanta ag CETEI ar bhunstaidéar i dtuarascálacha roimhe seo (10) agus tháinig sé ar an gconclúid, i bprionsabal, go bhfuil sé d’acmhainn aige foghabhálacha speiceas nach bhfuil de dhíth a laghdú agus gabhálacha spriocspeiceas á gcoinneáil ar bun an tráth céanna. Ba cheart do na Ballstáit sonraíochtaí breise a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar CETEI tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2022. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
(15) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh coinníollacha sonracha sa Mhuir Cheilteach nuair a chuimsítear níos mó ná 55 % d’fhaoitíní nó 55 % in éineacht de láimhínigh, colmóirí nó scoilteáin sa ghabháil. Cé go bhfuil drogall ar CETEI coinníollacha a thabhairt isteach i ndáil le comhdhéanamh gabhála (11), tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na bearta atá beartaithe fós níos roghnaíche ná an bhonnlíne a tugadh isteach leis an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
(16) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh bearta teicniúla sonracha in Iarthar na hAlban. Tháinig CETEI ar an gconclúid gur dócha go bhfeabhsóidh na trealaimh atá beartaithe roghnaíocht na dtrosc, na gcadóg agus na bhfaoitíní. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
(17) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh bearta teicniúla sonracha i Muir Éireann le haghaidh tráil ghrinnill nó saighní a bhfuil mogallmhéid a soc-fhoircinn cothrom le nó níos mó ná 70 mm agus níos lú ná 100 mm agus a chuimsítear níos mó ná 30 % de ghliomaigh na hIorua ina ngabhálacha. Tháinig CETEI ar an gconclúid (12) gur dócha go laghdófar gabhálacha trosc, cadóg agus faoitíní leis na trealaimh sin i gcomparáid leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán maidir le Bearta Teicniúla. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
(18) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh bearta teicniúla sonracha i Muir Éireann le haghaidh soithí atá cothrom le 12 mhéadar ar fad san iomlán nó níos faide agus iad ag oibriú le tráil ghrinnill nó saighní a bhfuil sainiúlachtaí iontu maidir le comhdhéanamh gabhála i gcás cadóg, trosc agus sciataí agus roic le chéile. Go ginearálta, mheas CETEI (13) (14) go bhfuil na trealaimh atá beartaithe sa mholadh comhpháirteach níos roghnaíche ná na trealaimh a bhfuil tuairisc orthu sa Rialachán maidir le Bearta Teicniúla. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
(19) |
Sa mholadh comhpháirteach sin, áirítear le haghaidh 2021 sonraíocht maidir le trealamh iascaireachta le haghaidh tráil ghrinnill agus saighní i roinn 7a de ICES (Muir Éireann) ar bhonn roghnaíochta atá coibhéiseach leis an trealamh iascaireachta bunlíne mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1241 le haghaidh an limistéir agus an iascaigh sin. Rinne CETEI measúnú ar an bhfianaise eolaíoch nua atá mar bhonn leis an athrú ar an moladh comhpháirteach i mí an Mheithimh 2021, lenar tugadh saintréithe roghnaíochta comhchosúla an trealaimh i gcrích i gcomparáid leis an trealamh iascaireachta bonnlíne. |
(20) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe a chomhchuibhiú le haghaidh roinnt speiceas arna ngabháil in iascaigh áineasa in Uiscí an Iarthuaiscirt leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe is infheidhme maidir le hiascaigh thráchtála. Roinnt speiceas a áirítear sa mholadh comhpháirteach maidir le comhchuibhiú an íosmhéid tagartha caomhnaithe, tá siad aicmithe ag ICES mar speicis atá á n-ídiú, nó measann ICES go mbíonn tionchar suntasach ag iascaigh áineasa ar a ráta básmhaireachta iascaigh foriomlán. Thairis sin, tá roinnt de na speicis chéanna sin a ghnáthaíonn an limistéar ó Uiscí an Iardheiscirt agus ón Muir Thuaidh isteach go hUiscí an Iarthuaiscirt, agus in Uiscí an Iardheiscirt agus sa Mhuir Thuaidh tá an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe le haghaidh na speiceas sin comhchuibhithe cheana féin idir iascaigh thráchtála agus áineasa. Rinne CETEI anailís ar an bhfianaise a soláthraíodh agus tháinig sé ar an gconclúid (15) gur dócha go ndéanfaidh an beart sin cosaint speiceas óg éisc mhuirí a threisiú. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241. |
(21) |
Chun patrúin saothraithe a bharrfheabhsú, roghnaíocht trealaimh a mhéadú agus gabhálacha de thaisme a laghdú, is iomchuí, dá bhrí sin, na bearta teicniúla arna gcur isteach ag na Ballstáit a ghlacadh. |
(22) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta a bhíonn ag soithí iascaireachta agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag pointí 2 agus 3 san Iarscríbhinn ó 30 Nollaig 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.
(2) Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).
(3) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.
(4) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(5) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d
(6) IO L 25, 30.1.2020, lch. 1.
(7) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(8) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(9) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(10) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2492225/JRC117511+STECF+19-08+-+Evaluation+LO+JRs.pdf
(11) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(12) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(13) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(14) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d
(15) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Cuid A mar a leanas:
|
(2) |
i gCuid B, cuirtear pointí 1.3 go 1.6 isteach mar a leanas:
Féadfaidh Ballstáit soithí a dhéanann iascaireacht le tráil ghrinnill, ar troisc iad níos lú ná 1,5 % dá ngabhálacha, arna meá roimh aon aischur, a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm phointe (b), ar choinníoll go bhfuil na soithí sin faoi réir méadú forchéimnitheach ar chumhdach breathnóirí ar muir ar suas le 20 % ar a laghad dá dturais iascaireachta go léir é. Na Ballstáit a bhaineann leas as an díolúine sin, déanfaidh siad líon agus comhdhéanamh gabhála na soithí a bhaineann úsáid as an bhforáil seo a thuairisciú don Choimisiún gach bliain roimh an 1 Nollaig. Soithí a úsáideann trealamh ardroghnaíoch malartach, féadfaidh na Ballstáit díolúine ó chur i bhfeidhm phointí (a) agus (b) a thabhairt dóibh ar choinníoll go mbeidh an roghnaíocht chéanna leis na trealaimh a shonraítear sna pointí sin nó roghnaíocht níos airde mar thoradh ar airíonna teicniúla na dtrealamh sin, agus ar troisc iad níos lú ná 1 % dá ngabhálacha mar thoradh orthu, de réir measúnú arna dhéanamh ag CETEI. Le trealamh nó feiste den sórt sin, comhlíonfar ceanglais Airteagal 15(4) agus déanfaidh an Coimisiún é a fhormheas.
De mhaolú ar litreacha (a) go (d) de phointe 1.4.2, ceadófar trealamh iascaireachta malartach a úsáid ar choinníoll go mbeidh ar a laghad an roghnaíocht chéanna mar thoradh ar threalaimh den sórt sin i gcás trosc, cadóg agus faoitíní nó roghnaíocht níos airde. Déanfaidh CETEI measúnú ar threalaimh den sórt sin agus déanfaidh an Coimisiún iad a fhormheas agus comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar síos in Airteagal 15(4).
|
(3) |
i gCuid C, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
De mhaolú ar litir (i), i gcás ina n-oibríonn soithí iascaireachta sna limistéir a shonraítear i bpointe 10(1)(c), féadfaidh siad úsáid a bhaint as trealamh malartach iascaireachta leis an roghnaíocht chéanna leis an soc-fhoirceann de mhogallmhéid 100 mm ar a laghad i gcás iascaigh ghrinnill mheasctha nó le roghnaíocht níos airde, de réir measúnú arna dhéanamh ag CETEI. Le trealamh den sórt sin, comhlíonfar ceanglais Airteagal 15(4) agus déanfaidh an Coimisiún é a fhormheas.
|