Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Document 32021R2311

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2311 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 lena leasaítear den 324ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida

C/2021/9973

IO L 458I, 23.12.2021, p. 1-3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Statut juridique du document En vigueur

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2311/oj

23.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 458/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2311 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Nollaig 2021

lena leasaítear den 324ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 21 Nollaig 2021, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil a chur le liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir.

(4)

Chun a áirithiú go mbeidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo éifeachtach, ba cheart é a theacht i bhfeidhm láithreach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Ar son an Uachtaráin

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)   IO L 139 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’:

‘Sanaullah Ghafari (script bhunaidh: ثناء اللہ غفاری) (ailias dea-cháilíochta: (a) Dr. Shahab al Muhajir; (b) Shahab Muhajer; (c) Shahab Mohajir; (d) Shahab Mahajar; (e) Shihab al Muhajir; (f) Shihab Muhajer; (g) Shihab Mohajir; (h) Shihab Mahajar). Dáta breithe: 28.10.1994. Áit bhreithe: an Afganastáin. Náisiúntacht: Afganastánach. Seoladh: (a) an Afganastáin (2021); (b) Kunduz, an Afganastáin (roimhe). Faisnéis eile: Ceannaire ar an Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint-Khorasan (SIIL-K). Saineolaí Teicneolaíochta Faisnéise An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 21.12.2021.’


Haut