Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2303

    Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

    PE/61/2021/REV/1

    IO L 468, 30.12.2021, p. 1–54 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 30/12/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2303/oj

    30.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 468/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/2303 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Nollaig 2021

    maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(1) agus (2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Is é is cuspóir do bheartas an Aontais maidir le tearmann Comhchóras Eorpach Tearmainn (CET) a fhorbairt agus a bhunú, ar córas é a bheidh i gcomhréir le luachanna agus le traidisiún daonnúil an Aontais agus a bheidh á rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta.

    (2)

    Tá comhbheartas ar thearmann, atá bunaithe ar chur i bhfeidhm iomlán agus cuimsitheach Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 Maidir le Stádas Dídeanaithe, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, ina chuid dhílis de chuspóir an Aontais limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile atá oscailte do náisiúnaigh tríú tír nó do dhaoine gan stát a lorgaíonn cosaint idirnáisiúnta san Aontas.

    (3)

    Tá CET bunaithe ar íoschaighdeáin chomhchoiteanna le haghaidh nósanna imeachta maidir le cosaint idirnáisiúnta, sainaithint agus cosaint arna tairiscint ar leibhéal an Aontais agus le haghaidh dálaí glactha, agus bunaítear leis córas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta i ndáil le CET, tá éagothromaíochtaí suntasacha ann idir na Ballstáit fós a mhéid a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus an fhoirm a ghlacann an chosaint idirnáisiúnta sin. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí sin trí chóineasú níos fearr a áirithiú agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta á measúnú agus trína ráthú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach, bunaithe ar ardchaighdeáin chosanta, ar fud an Aontais.

    (4)

    I dteachtaireacht uaidh an 6 Aibreán 2016 dar teideal Towards a reform of the Common European Asylum System and enhancing legal avenues to Europe [I dtreo athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus bealaí dlíthiúla chun an Eoraip a fheabhsú], leag an Coimisiún amach réimsí tosaíochta chun CET a fheabhsú ó thaobh struchtúir de, eadhon córas inbhuanaithe cóir a bhunú chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarrthóirí tearmainn a chinneadh, an córas Eurodac a athneartú, cóineasú níos fearr a bhaint amach i gcóras tearmainn an Aontais, gluaiseachtaí tánaisteacha laistigh den Aontas a chosc agus chun sainordú nua a fhorbairt le haghaidh na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (EASO). Tá an teachtaireacht sin i gcomhréir le héileamh a rinne an Chomhairle Eorpach an 18 Feabhra 2016 go ndéanfaí dul chun cinn agus an creat atá ag an Aontas cheana féin a athchóiriú chun a áirithiú go mbeidh beartas tearmainn ann a bheidh daonnúil, cóir agus éifeachtúil. Moltar sa teachtaireacht sin chomh maith bealach chun cinn i gcomhréir leis an gcur chuige iomlánaíoch maidir leis an imirce a leagtar amach ag Parlaimint na hEorpa ina tuarascáil féintionscnaimh an 12 Aibreán 2016 dar teideal The situation in the Mediterranean and the need for a holistic EU approach to migration [An staid mar atá sa Mheánmhuir agus an gá atá le cur chuige iomlánaíoch ó AE i leith na himirce].

    (5)

    Bunaíodh EASO le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus chuaigh sí i mbun a cúraimí an 1 Feabhra 2011. Déanann EASO an comhar praiticiúil idir na Ballstáit a fheabhsú i dtaca le cúrsaí a bhaineann le tearmann agus tugann sí cúnamh do na Ballstáit a n-oibleagáidí faoi CET a chur chun feidhme. Cuireann EASO tacaíocht ar fáil chomh maith do na Ballstáit sin a bhfuil a gcórais tearmainn agus ghlactha faoi bhrú ar leith. Mar sin féin, is gá a ról agus a feidhm a neartú tuilleadh sa chaoi nach ag tacú le comhar praiticiúil i measc na mBallstát amháin a bheidh sí ach go ndéanfaidh sí córais tearmainn agus ghlactha na mBallstát a athneartú agus go rannchuideoidh sí le feidhmiú éifeachtúil na gcóras sin a áirithiú.

    (6)

    Maidir le laigí struchtúracha CET, a tháinig chun cinn nuair a tháinig líon mór imirceach agus iarrthóirí tearmainn isteach san Aontas gan rialú, agus maidir leis an ngá le dlí an Aontais maidir le tearmann a chur i bhfeidhm sna Ballstáit go héifeachtúil, go haonfhoirmeach agus ar ardleibhéal, is gá cur chun feidhme agus feidhmiú CET a fheabhsú trí chur leis an obair atá déanta ag EASO agus í a fhorbairt a thuilleadh chun go mbeidh sí ina ghníomhaireacht chuimsitheach. Ba cheart go mbeadh gníomhaireacht den sórt sin ina lárionad saineolais maidir le tearmann. Ba cheart dó feidhmiú CET a éascú agus a fheabhsú trí chomhar praiticiúil agus malartú faisnéise maidir le tearmann i measc na mBallstát a chomhordú agus a neartú, trí dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta maidir le tearmann agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn chun ardleibhéal aonfhoirmeachta a áirithiú atá bunaithe ar ardchaighdeáin chosanta a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta do chosaint idirnáisiúnta, coinníollacha glactha agus measúnú ar riachtanais chosanta ar fud an Aontais, trí fhíor-dhlúthpháirtíocht phraiticiúil i measc na mBallstát a áirithiú, chun cuidiú leis na Ballstáit a ndéantar difear dóibh go ginearálta agus leis na hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta go háirithe, agus i gcomhréir le hAirteagal 80 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena leagtar síos go mbeidh, i ngníomhartha ábhartha an Aontais, bearta iomchuí chun éifeacht a thabhairt do phrionsabal na dlúthpháirtíochta, chun go ndéanfaí rialacha an Aontais lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm ar bhealach inbhuanaithe, agus chun cumasú a dhéanamh ar chóineasú agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta á measúnú ar fud an Aontais, trí fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET, trí thacú leis na Ballstáit le hathlonnú agus le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus trí chúnamh teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit chun a gcórais tearmainn agus ghlactha a bhainistiú, go háirithe na córais sin atá faoi bhrú díréireach.

    (7)

    Ba cheart cúraimí EASO a leathnú, agus chun na hathruithe sin a léiriú, ba cheart gníomhaireacht dar teideal Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (“an Ghníomhaireacht”) a chur ina hionad agus a theacht i gcomharbas air, le leanúnachas iomlán ina gníomhaíochtaí agus ina nósanna imeachta uile.

    (8)

    Chun a ráthú go mbeidh sí neamhspleách agus gur féidir léi a cúraimí a dhéanamh go cuí, ba cheart go ndéanfaí acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha a chur ar fáil don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear líon leordhóthanach dá baill foirne féin chun a bheith rannpháirteach i bhfoirne tacaíochta tearmainn agus i bhfoirne saineolaithe le haghaidh an tsásra faireacháin faoin Rialachán seo.

    (9)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht gníomhú i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta atá freagrach as seirbhísí tearmainn agus inimirce agus seirbhísí náisiúnta ábhartha eile, agus leas á bhaint as acmhainn agus as saineolas na n-údarás agus na seirbhísí sin, agus ba cheart di gníomhú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chomh maith. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis an nGníomhaireacht chun a áirithiú gur féidir léi a sainordú a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach, chun críocha an Rialacháin seo, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit gníomhú de mheon macánta agus faisnéis a mhalartú ar bhealach tráthúil agus cruinn. Tá aon soláthar de shonraí staitistiúla le déanamh i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla agus modheolaíochta arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

    (10)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht faisnéis a bhailiú agus anailís a dhéanamh uirthi faoi staid an tearmainn san Aontas agus i dtríú tíortha a mhéid go bhféadfadh sé tionchar a bheith aige ar an Aontas. Leis an mbailiú agus an anailís faisnéise sin, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann faisnéis atá cothrom le dáta a sholáthar do na Ballstáit lena n-áirítear faisnéis faoi shreafaí imirce agus dídeanaithe, agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chórais tearmainn agus ghlactha na mBallstát a shainaithint. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    (11)

    Níor cheart aon sonraí pearsanta a stóráil i mbunachair sonraí nó a fhoilsiú ar thairseacha gréasáin arna gcruthú ag an nGníomhaireacht a bhaineann le forbairtí dlíthiúla i réimse an tearmainn lena n-áirítear cásdlí ábhartha, ach amháin má tá na sonraí sin faighte ó fhoinsí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

    (12)

    Ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann oifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig na Ballstáit chun comhar a chothú agus chun gníomhú mar chóras comhéadain idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as beartais tearmainn agus inimirce mar aon le seirbhísí ábhartha eile. Ba cheart go ndéanfadh oifigigh idirchaidrimh cumarsáid a éascú idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht agus faisnéis ábhartha ón nGníomhaireacht a chomhroinnt leis an mBallstát lena mbaineann. Ba cheart dóibh tacú le bailiú faisnéise agus rannchuidiú le cur i bhfeidhm agus le cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le tearmann a chur chun cinn, lena n-áirítear i ndáil le hurraim do chearta bunúsacha. Ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh tuairisciú go tráthrialta maidir le staid an tearmainn sna Ballstáit chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, agus ba cheart na tuarascálacha sin a chur san áireamh chun críocha an tsásra faireacháin faoin Rialachán seo. I gcás ina léiríonn tuarascálacha den sórt sin ábhair imní maidir le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe is ábhartha don Bhallstát lena mbaineann, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát sin a chur ar an eolas gan mhoill.

    (13)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht an tacaíocht is gá a chur ar fáil do na Ballstáit agus a gcúraimí agus a n-oibleagáidí á ndéanamh acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 604/2013.

    (14)

    A mhéid a bhaineann le hathlonnú, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann an tacaíocht is gá a sholáthar do na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht saineolas i ndáil le hathlonnú a fhorbairt agus a thairiscint chun tacú le gníomhaíochtaí maidir le hathlonnú arna ndéanamh ag na Ballstáit.

    (15)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir le hoiliúint a chur ar shaineolaithe ó na riaracháin, na cúirteanna agus na binsí fiosrúcháin náisiúnta uile, agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn, lena n-áirítear trí churaclam Eorpach tearmainn a fhorbairt. Ba cheart do na Ballstáit oiliúint iomchuí a fhorbairt ar bhonn an churaclaim Eorpaigh tearmainn d’fhonn dea-chleachtais agus caighdeáin chomhchoiteanna a chur chun cinn maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le tearmann. I ndáil leis an méid sin, ba cheart do na Ballstáit croíchodanna den churaclam Eorpach tearmainn a chur san áireamh ina n-oiliúint. Tá sé tábhachtach, sna croíchodanna sin, go gcumhdaítear saincheisteanna maidir le cinneadh a dhéanamh i dtaca le hiarratasóirí a bheith incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, i dtaca le teicnící agallaimh agus i dtaca le measúnú fianaise. Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht a fhíorú agus, i gcás inar gá, a áirithiú go gcuirfear an oiliúint is gá ar na saineolaithe uile atá rannpháirteach i bhfoirne tacaíochta tearmainn nó sa díorma cúltaca um thearmann arna mbunú faoin Rialachán seo (“an díorma cúltaca um thearmann”) sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú aici.

    (16)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht táirgeadh faisnéise a áirithiú a bheadh níos struchtúrtha, cothrom le dáta agus cuíchóirithe maidir le tríú tíortha ábhartha ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Ghníomhaireacht faisnéis ábhartha a bhailiú agus tuarascálacha a tharraingt suas lena ndéanfar foráil d’fhaisnéis faoi thíortha. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht líonraí Eorpacha i ndáil le faisnéis faoi thríú tíortha a bhunú agus a bhainistiú chun dúbláil a sheachaint agus sineirgí le tuarascálacha náisiúnta a chruthú. San fhaisnéis faoi thríú tíortha, is den riachtanas go mbeadh tagairt inti, inter alia, don staid pholaitiúil, reiligiúnda agus shlándála agus do sháruithe ar chearta an duine lena n-áirítear céastóireacht agus drochíde, sa tríú tír lena mbaineann.

    (17)

    Chun cóineasú a chothú agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus cineál na cosanta arna deonú á measúnú, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcomhar leis na Ballstáit, anailís choiteann i dtaobh na staide mar atá i dtíortha tionscnaimh ar leith (“an anailís choiteann”) agus nótaí treorach a fhorbairt. San anailís choiteann, ba cheart go mbeadh measúnú ar an staid i dtíortha tionscnaimh ábhartha bunaithe ar an bhfaisnéis faoi thír thionscnaimh. Ba cheart go mbeadh na nótaí treorach bunaithe ar léirmhíniú ar an anailís choiteann sin arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht agus ag na Ballstáit. Agus an anailís choiteann agus na nótaí treorach á bhforbairt, ba cheart don Ghníomhaireacht a thabhairt dá haire na Treoirlíne Incháilitheachta is déanaí ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) maidir le Measúnú ar Riachtanais Cosanta Idirnáisiúnta Iarrthóirí Tearmainn arb as tíortha tionscnaimh ar leith iad agus ba cheart di a bheith in ann foinsí ábhartha eile a chur san áireamh. Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le cinneadh a dhéanamh ar iarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart do na Ballstáit an anailís choiteann agus na nótaí treorach ábhartha a chur san áireamh agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó iarratasóirí atá de thionscnamh tríú tíortha á measúnú a bhfuil anailís choiteann agus nótaí treorach forbartha ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    (18)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus ba cheart go mbeadh sí in ann cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí fhaisnéis agus anailís a sholáthar ar thríú tíortha maidir le coincheap an tíre tionscnaimh sábháilte agus coincheap an tríú tír sábháilte. Agus an fhaisnéis agus an anailís sin á soláthar, ba cheart don Ghníomhaireacht tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    (19)

    Chun ardleibhéal aonfhoirmeachta a áirithiú atá bunaithe ar ardchaighdeáin chosanta a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, dálaí glactha agus measúnú ar riachtanais chosanta ar fud an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí a eagrú agus a chomhordú lena gcuirtear dlí an Aontais maidir le tearmann chun cinn go cuí agus go héifeachtach trí uirlisí de chineál neamhcheangailteach. Chun na críche sin, ba cheart don Ghníomhaireacht caighdeáin oibríochtúla, táscairí agus treoirlínte maidir le cúrsaí a bhaineann le tearmann a fhorbairt. Ba cheart don Ghníomhaireacht malartú na ndea-chleachtas idir na Ballstáit a chumasú agus a chur chun cinn.

    (20)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, agus gan dochar d’fhreagracht an Choimisiúin mar chaomhnóir na gConarthaí, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET chun easnaimh fhéideartha a chosc nó a shainaithint i gcórais tearmainn agus ghlactha na mBallstát agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-acmhainneacht agus a n-ullmhacht i leith bainistiú a dhéanamh i gcásanna de bhrú díréireach chun éifeachtúlacht na gcóras sin a fheabhsú (“an sásra faireacháin”). Ba cheart go mbeadh an sásra faireacháin sin cuimsitheach agus ba cheart go mbeadh sé indéanta an faireachán a bhunú ar fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát lena mbaineann, ar an anailís faisnéise ar staid an tearmainn arna fhorbairt ag an nGníomhaireacht, ar chuairteanna ar an láthair, lena n-áirítear cuairteanna ar gearrfhógra, ar shampláil cásanna agus ar fhaisnéis arna soláthar ag eagraíochtaí nó comhlachtaí idir-rialtasacha, go háirithe UNHCR, agus eagraíochtaí ábhartha eile ar bhonn a gcuid saineolais. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann trácht a dhéanamh ar dhréacht-torthaí an chleachtaidh faireacháin arna dhéanamh mar chuid den sásra faireacháin agus ina dhiaidh sin ar na dréachtmholtaí. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na dréachtmholtaí a tharraingt suas i gcomhairle leis an gCoimisiún. Tar éis dó tráchtaí an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin torthaí an chleachtaidh faireacháin agus na dréachtmholtaí a thíolacadh chuig an mBord Bainistíochta, ina leagfar amach na bearta atá le glacadh ag an mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear le cúnamh na Gníomhaireachta, de réir mar is gá, chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh nó aon saincheisteanna maidir le cumas agus ullmhacht. Sna dréachtmholtaí, ba cheart go sonrófaí na teorainneacha ama faoina mbeidh na bearta sin le déanamh. Ba cheart don Bhord Bainistíochta na moltaí a ghlacadh. Ba cheart go mbeadh an Ballstát lena mbaineann in ann cúnamh a iarraidh ón nGníomhaireacht chun na moltaí a chur chun feidhme agus is féidir leis tacaíocht airgeadais ar leith a iarraidh ó ionstraimí airgeadais ábhartha an Aontais.

    (21)

    Ba cheart an cleachtadh faireachán a dhéanamh i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cuairteanna ar an láthair agus sampláil cásanna, nuair is gá. Is iomchuí gurb é atá i gceist le sampláil cásanna ná cinntí dearfacha agus diúltacha lena gcumhdaítear tréimhse ama áirithe agus a bheidh ábhartha do ghné CET a bhfuil faireachán á dhéanamh uirthi lena gcumhdaítear tréimhse ama áirithe. Is iomchuí an tsampláil cásanna a bhunú ar thásca oibiachtúla, amhail na rátaí aitheantais. Tá an tsampláil cásanna gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le cinneadh a dhéanamh ar iarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta, agus tá sí le déanamh ar bhealach lena dtugtar lánurraim do phrionsabal na rúndachta.

    (22)

    Chun an cleachtadh faireacháin a dhíriú ar ghnéithe áirithe de CET, ba cheart go mbeadh an deis ag an nGníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar ghnéithe téamacha nó sonracha de CET. I gcás ina gcuirfidh an Ghníomhaireacht tús le cleachtadh faireacháin ar ghnéithe téamacha nó sonracha de CET, ba cheart di a áirithiú go mbeidh na Ballstáit uile faoi réir an fhaireacháin théamaigh nó shonraigh sin. Mar sin féin, chun dúbláil ar obair na Gníomhaireachta a sheachaint, ní bheadh sé iomchuí Ballstát a chur faoi réir cleachtadh faireacháin ar ghnéithe téamacha nó sonracha de CET i mbliain ina bhfuil faireachán á dhéanamh lena linn ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil ghnéithe uile CET an Bhallstáit sin.

    (23)

    I gcás nach nglacfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta is gá chun na moltaí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama réamhshocraithe agus, dá bhrí sin, nach dtabharfaidh sé aghaidh ar na heasnaimh ina gcórais tearmainn agus ghlactha a sainaithníodh ná ar aon saincheisteanna maidir le acmhainn agus ullmhacht a mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha mar thoradh orthu maidir le feidhmiú CET, ba cheart don Choimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe, moltaí a ghlacadh atá dírithe ar an mBallstát sin lena sainaithneofar na bearta is gá chun an staid a réiteach, lena n-áirítear, i gcás inar gá, bearta sonracha a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht chun tacú leis an mBallstát sin. Ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún cuairteanna ar an láthair a eagrú chuig an mBallstát lena mbaineann chun cur chun feidhme na moltaí a fhíorú. Ina mheasúnú, ba cheart don Choimisiún a bhreithniú a thromchúisí atá na heasnaimh a sainaithníodh maidir lena n-iarmhairtí ar fheidhmiú CET. I gcás, tar éis don teorainn ama arna socrú sna moltaí dul in éag, nach bhfuil na moltaí comhlíonta ag an mBallstát, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún togra a dhéanamh le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena sainaithneofar na bearta a ghlacfaidh an Ghníomhaireacht chun tacú leis an mBallstát sin agus lena gceanglófar ar an mBallstát sin comhoibriú leis an nGníomhaireacht maidir leis na bearta sin a chur chun feidhme.

    (24)

    Agus foirne saineolaithe á gcur ar bun chun an cleachtadh faireacháin a chur i gcrích, ba cheart don Ghníomhaireacht cuireadh a thabhairt do bhreathnóir ó UNHCR. I gcás nach bhfuil breathnóir den sórt sin ann, ní chuirtear cosc ar na foirne a gcúraimí a chomhlíonadh.

    (25)

    Chun feidhmiú cuí CET a éascú agus a fheabhsú, agus chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a n-oibleagáidí a chur chun feidhme faoi chuimsiú CET, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit, go háirithe i gcás ina bhfuil a gcórais tearmainn agus ghlactha faoi réir brú díréireach. Ba cheart cúnamh den sórt sin a sholáthar ar bhonn phlean oibríochta agus trí imscaradh a dhéanamh ar fhoirne tacaíochta tearmainn. Ar na foirne tacaíochta tearmainn sin ba cheart go mbeadh saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta féin, saineolaithe ó na Ballstáit, saineolaithe ar iasacht ó na Ballstáit ag an nGníomhaireacht, nó saineolaithe nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht a bhfuil eolas agus taithí ábhartha léirithe acu i gcomhréir leis na riachtanais oibríochtúla. Tá sé tábhachtach nach mbainfeadh an Ghníomhaireacht úsáid as saineolaithe eile den sórt sin nach bhfuil fostaithe aici ach amháin i gcás nach féidir léi feidhmiú cuí agus tráthúil a cuid cúraimí a áirithiú i ngeall ar easpa saineolaithe ó na Ballstáit nó ó fhoireann na Gníomhaireachta féin.

    (26)

    Ba cheart na foirne tacaíochta tearmainn a bheith in ann tacú leis na Ballstáit trí bhíthin bearta oibríochtúla agus teicniúla, lena n-áirítear trí shaineolas a sholáthar a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír a shainaithint agus a chlárú mar aon le seirbhísí ateangaireachta agus faisnéis faoi na tíortha tionscnaimh agus faoi láimhseáil agus bainistiú cásanna tearmainn, trí chúnamh a thabhairt do na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú agus trí chúnamh a thabhairt maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, a athlonnú nó a aistriú. Ba cheart go mbeadh na socruithe le haghaidh na bhfoirne tacaíochta tearmainn á rialú leis an Rialachán seo chun a áirithiú go ndéantar iad a imscaradh ar bhealach éifeachtach.

    (27)

    Ba cheart do na saineolaithe a ghlacann páirt i bhfoirne tacaíochta tearmainn an oiliúint is gá atá ábhartha dá gcúraimí agus dá bhfeidhmeanna a chur i gcrích chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oibríochtúla. Ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcás inar gá agus roimh an imscaradh nó tráth an imscartha, oiliúint a sholáthar do na saineolaithe sin, ar oiliúint í a bhaineann go sonrach leis an gcúnamh oibríochtúil agus teicniúil arna sholáthar sa Bhallstát lena mbaineann (“an Ballstát óstach”). D’fhonn saineolaithe atá rannpháirteach i bhfoirne tacaíochta tearmainn a bheith bainteach le scrúdú na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a éascú, tá sé tábhachtach go léiríonn siad taithí ábhartha de bhliain amháin ar a laghad.

    (28)

    Chun a áirithiú go mbeidh fáil ar shaineolaithe d’fhoirne tacaíochta tearmainn agus chun a áirithiú gur féidir iad a imscaradh láithreach de réir mar is gá, ba cheart an díorma cúltaca um thearmann a bhunú. Ba cheart go mbeadh foireann cúltaca saineolaithe ó na Ballstáit sa díorma cúltaca um thearmann, agus ba cheart líon íosta 500 duine a bheith san fhoireann cúltaca sin.

    (29)

    I gcásanna ina mbíonn córais tearmainn agus ghlactha an Bhallstáit faoi bhrú díréireach, ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann, arna iarraidh sin don Bhallstát sin nó ar a thionscnamh féin le comhaontú ón mBallstát sin, cúnamh a thabhairt don Bhallstát sin trí shraith chuimsitheach beart, lena n-áirítear saineolaithe ón díorma cúltaca um thearmann a imscaradh.

    (30)

    Chun aghaidh a thabhairt ar an gcás ina bhfágtar córas tearmainn nó glactha Bhallstáit chomh neamhéifeachtach sin go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ar fheidhmiú CET agus go bhfuil sé faoi bhrú díréireach a chuireann éileamh trom agus práinneach ar an gcóras sin agus nach ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú sin, lena n-áirítear gan cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a iarraidh nó gan comhaontú le tionscnamh ón nGníomhaireacht i gcomhair cúnaimh den sórt sin, nó nach gcomhlíonann an Ballstát lena mbaineann moltaí an Choimisiúin tar éis cleachtadh faireacháin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a mholadh don Chomhairle lena sainaithnítear na bearta a bheidh le glacadh ag an nGníomhaireacht agus lena gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann comhoibriú leis an nGníomhaireacht maidir leis na bearta sin a chur chun feidhme. Ba cheart an chumhacht chun gníomh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh a thabhairt don Chomhairle toisc íogaireacht pholaitiúil fhéideartha na mbeart a bheidh le cinneadh, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar chúraimí na n-údarás náisiúnta. Ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann idirghabháil a dhéanamh, ar bhonn an ghnímh cur chun feidhme sin, chun tacú le Ballstát i gcás ina bhfágtar a chóras tearmainn nó fáiltithe chomh neamhéifeachtach sin go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar fheidhmiú CET. Tá idirghabháil den sórt sin ag an nGníomhaireacht gan dochar d’aon nós imeachta sáraithe a fhéadfaidh an Coimisiún a thionscnamh.

    (31)

    Chun a áirithiú go mbeidh na foirne tacaíochta tearmainn, lena n-áirítear saineolaithe arna n-imscaradh ón díorma cúltaca um thearmann, in ann a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach leis na meáin is gá, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann trealamh teicniúil a fháil mar éadáil nó a ar léas. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an méid sin difear d’oibleagáid na mBallstát óstach na saoráidí agus an trealamh is gá a sholáthar don Ghníomhaireacht chun gur féidir léi an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil is gá a chur ar fáil. Sula ndéanann sí aon trealamh a fháil mar éadáil nó ar léas, ba cheart don Ghníomhaireacht anailís chríochnúil riachtanas agus costas agus sochar a dhéanamh air.

    (32)

    Maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil a gcórais náisiúnta tearmainn agus ghlactha faoi bhrú díréireach ar leith, go háirithe i ngeall ar a staid gheografach nó dhéimeagrafach, ba cheart don Ghníomhaireacht tacú le bearta dlúthpháirtíochta laistigh den Aontas agus a cúraimí agus a hoibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a athlonnú nó a aistriú ar bhealach níos fearr laistigh den Aontas agus a áirithiú ag an am céanna nach mbainfear mí-úsáid as na córais tearmainn agus ghlactha.

    (33)

    I gcás ina mbeadh dúshláin shonracha agus dhíréireacha ón imirce roimh Bhallstát ag limistéir ar leith dá theorainneacha seachtracha ar a dtugtar teophointí, ba cheart go mbeadh an Ballstát sin in ann iarraidh ar an nGníomhaireacht cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar. I gcásanna den sórt sin, is féidir le Ballstát brath ar thacaíocht oibríochtúil agus theicniúil bhreise ó fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce a bhfuil foirne saineolaithe ó na Ballstáit orthu arna n-imscaradh tríd an nGníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), nó trí chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais chomh maith le saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta agus ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta chun na dúshláin sin a bhainistiú. Is iomchuí go dtugann an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún le comhordú leis na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais ar an talamh.

    (34)

    I dteophointí, comhoibríonn na Ballstáit, faoi chomhordú an Choimisiúin, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Tá ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais gníomhú i gcomhréir lena sainorduithe agus lena gcumhachtaí faoi seach. Tá ar an gCoimisiún, i gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, a áirithiú go gcomhlíonfaidh gníomhaíochtaí i dteophointí dlí ábhartha an Aontais.

    (35)

    Chun a misean a chomhlíonadh agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chur i gcrích, ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus go háirithe le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí i réimse an cheartais agus gnóthaí baile i dtaobh ábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le dlí agus beartas an Aontais. Ba cheart formheas roimh ré ón gCoimisiúin a fháil do na socruithe oibre sin.

    (36)

    Tá sé tábhachtach go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht le Gréasán Imirce na hEorpa, arna bhunú le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle (7), chun sineirgí a áirithiú agus chun dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint.

    (37)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe UNHCR, i dtaobh ábhair atá cumhdaithe faoin Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre chun tairbhe a bhaint as a gcuid saineolais agus as a dtacaíocht. Chuige sin, ba cheart aitheantas iomlán a thabhairt do ról UNHCR agus do ról na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ba cheart do na heagraíochtaí sin bheith páirteach in obair na Gníomhaireachta. Ba cheart formheas roimh ré ón gCoimisiúin a fháil do na socruithe oibre sin.

    (38)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a éascú maidir le hábhair a bhaineann lena gníomhaíochtaí agus a mhéid is gá chun a cuid cúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart go bhféadfadh an Ghníomhaireacht comhoibriú freisin le húdaráis na dtríú tíortha maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre ar cheart formheas ón gCoimisiún a fháil dóibh roimh ré. Ba cheart don Ghníomhaireacht gníomhú i gcomhréir le beartas seachtrach an Aontais, agus is iomchuí go ndeánfadh sí a cuid gníomhaíochtaí seachtracha a chomhtháthú i gcomhar straitéiseach níos leithne le tríú tíortha. Ní thagann sé faoi réim shainordú na Gníomhaireachta, in imthosca ar bith, beartas seachtrach neamhspleách a cheapadh. Agus iad ag comhoibriú le tríú tíortha, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit urraim a thabhairt do na cearta bunúsacha a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus ba cheart dóibh na caighdeáin agus na noirm a chomhlíonadh ar cuid iad de dhlí an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar na gníomhaíochtaí ar chríoch tríú tíortha.

    (39)

    Ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann saineolaithe óna foireann féin a imscaradh mar oifigigh idirchaidrimh chuig tríú tíortha ábhartha chun comhar a éascú le tríú tíortha maidir le cúrsaí a bhaineann le tearmann. Sula ndéanfar oifigeach idirchaidrimh á imscaradh, ba cheart don Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar staid chearta an duine sa tír lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíonann an tír sin caighdeáin chearta an duine neamh-mhaolaithe.

    (40)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht dlúth-idirphlé a chothabháil leis an tsochaí shibhialta d’fhonn faisnéis a mhalartú agus d’fhonn eolas a chomhthiomsú i réimse an tearmainn. Ba cheart don Ghníomhaireacht Fóram Comhchomhairleach a bhunú a bheidh ina shásra chun faisnéis a mhalartú agus chun eolas a chomhroinnt maidir le cúrsaí tearmainn. Ba cheart don Fhóram Comhchomhairleach comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta i dtaobh cúrsaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo. Tá sé tábhachtach go ndéantar comhdhéanamh agus méid an Fhóraim Chomhchomhairligh a chinneadh agus aird chuí á tabhairt ar a chuid gníomhaíochtaí, agus go ndéanann an Ghníomhaireacht acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha a leithdháileadh ar an bhFóram Comhchomhairleach.

    (41)

    Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, sa dlí idirnáisiúnta agus i ndlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt. Ba cheart go ndéanfaí gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta ar bhealach lena n-urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail sin ina n-iomláine, go háirithe an ceart chun tearmainn, prionsabal an non-refoulement, an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, lena n-áirítear athaontú teaghlaigh faoi dhlí an Aontais, cearta an linbh, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil. Ba cheart go gcuirfí cearta an linbh agus riachtanais speisialta daoine atá i staid leochaileach san áireamh i gcónaí. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht a cúraimí a chomhlíonadh agus urraim á tabhairt aici do shárleas an linbh, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh, agus aird chuí á tabhairt aici ar fholláine agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh, ar thosca sábháilteachta agus slándála agus ar thuairimí an mhionaoisigh i gcomhréir le haois agus aibíocht an mhionaoisigh sin.

    (42)

    I gcás ina mbaineann an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil arna sholáthar ag an nGníomhaireacht le daoine i staid leochaileach, ba cheart go ndéanfaí an cúnamh sin a chur in oiriúint do staid na ndaoine sin i gcomhréir leis na ceanglais arna leagan síos i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta maidir le tearmainn.

    (43)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht straitéis um chearta bunúsacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar chosaint na gceart bunúsach agus chun an chosaint sin a áirithiú.

    (44)

    Ba cheart oifigeach neamhspléach um chearta bunúsacha a cheapadh chun a áirithiú go bhfuil na cearta bunúsach á gcomhlíonadh ag an nGníomhaireacht agus í i mbun a cuid gníomhaíochtaí agus chun urraim do chearta bunúsacha laistigh den Ghníomhaireacht a chur chun cinn i gcomhréir leis an gCairt, lena n-áirítear trí thogra a dhéanamh le haghaidh straitéis um chearta bunúsacha an Aontais agus a cur chun feidhme a áirithiú, agus trí ghearáin arna bhfáil ag an nGníomhaireacht faoi shásra gearán na Gníomhaireachta a láimhseáil. Chuige sin, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Ghníomhaireacht acmhainní agus foireann leormhaith a sholáthar dá hoifigeach um chearta bunúsacha a bheidh ag freagairt dá sainordú agus dá méid.

    (45)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht sásra gearán a bhunú faoi fhreagracht an oifigigh um chearta bunúsacha. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an sásra gearán go ndéanfar urraim do chearta bunúsacha a áirithiú i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta. Ba cheart go mbeadh an sásra gearán ina shásra riaracháin. Ba cheart go mbeadh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freagrach as gearáin arna bhfáil ag an nGníomhaireacht a láimhseáil i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin. Tá sé tábhachtach go mbeadh an sásra gearán éifeachtach, rud a áiritheoidh go ndéanfaí obair leantach go cuí de dhroim na ngearán. Tá an sásra gearán gan dochar do rochtain ar leigheasanna riaracháin agus breithiúnacha agus ní ionann é agus ceanglas chun leigheasanna den sórt sin a lorg. Níor cheart gurb ionann an sásra gearán agus sásra chun críoch dúshlán a thabhairt maidir le haon chinneadh ó údarás náisiúnta maidir le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta. Is den riachtanas é go ndéanfadh na Ballstáit imscrúduithe coiriúla, nuair is gá. Chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú, ba cheart don Ghníomhaireacht tuairisciú ar an sásra gearán ina thuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas. I dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta ar staid an tearmainn san Aontas, tá sé tábhachtach go gcumhdófaí, go háirithe, líon na ngearán a fuair sí, cineálacha na sáruithe ar chearta bunúsacha a bhí i gceist, na hoibríochtaí i dtrácht, i gcás inar féidir, agus na bearta leantacha a rinne an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit.

    (46)

    Ba cheart ionadaíocht a bheith ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta chun maoirseacht ar bheartais agus maoirseacht pholaitiúil a fheidhmiú i ndáil lena feidhmeanna. Ba cheart don Bhord Bainistíochta treoraíocht ghinearálta a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus ba cheart dó a áirithiú go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí a chomhlíonadh. A mhéid is féidir, tá sé inmholta a bheith ar an mBord Bainistíochta ceannairí oibríochtúla riaracháin tearmainn na mBallstát nó a n-ionadaithe agus go ndéantar na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht orthu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athraithe a n-ionadaithe a theorannú, chun leanúnachas a chuid oibre a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí is gá a thabhairt don Bhord Bainistíochta, go háirithe chun an buiséad a leagan síos, forghníomhú an bhuiséid a fhíorú, na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, nósanna imeachta trédhearcacha oibre a leagan síos maidir le cinnteoireacht na Gníomhaireachta, agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh. Is iomchuí go ndéantar an Ghníomhaireacht a rialú agus a oibriú i gcomhréir le prionsabail an Chur Chuige Choitinn maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 19 Iúil 2012.

    (47)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith neamhspleách a mhéid a bhaineann le cúrsaí oibríochtúla agus teicniúla agus ba cheart neamhspleáchas dlíthiúil, riaracháin agus airgeadais a bheith aici. Chuige sin, is gá agus is iomchuí gur gníomhaireacht de chuid an Aontais an Ghníomhaireacht a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici agus a feidhmeoidh na cumhachtaí arna dtabhairt di leis an Rialachán seo.

    (48)

    Ba cheart don Ghníomhaireacht tuairisciú ar a cuid gníomhaíochtaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    (49)

    Chun a uathriail a ráthú, ba cheart don Ghníomhaireacht a buiséad féin a bheith aici, ar as ranníocaíocht ón Aontas ba cheart go dtiocfadh an chuid is mó de. Beidh maoiniú na Gníomhaireachta faoi réir comhaontú ón údarás buiséadach mar a leagtar amach i bpointe 27 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (8). Ba cheart nós imeachta buiséadach an Aontais a bheith infheidhme maidir le ranníocaíocht an Aontais agus le haon deontas eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí cuntais na Gníomhaireachta a iniúchadh.

    (50)

    Sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, tá sé tábhachtach go leagfaí amach an chomhréir den chaiteachas le haghaidh gach ceann de phríomhghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

    (51)

    Acmhainní airgeadais a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil i bhfoirm deontas, comhaontuithe tarmligthe nó i bhfoirm conarthaí i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart maoiniú dúbailte ó acmhainní airgeadais eile náisiúnta nó idirnáisiúnta nó ó acmhainní airgeadais an Aontais a bheith mar thoradh orthu.

    (52)

    Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún (9) maidir leis an nGníomhaireacht.

    (53)

    Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) gan srian maidir leis an nGníomhaireacht, agus ba cheart di aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (11).

    (54)

    Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir leis an nGníomhaireacht.

    (55)

    Aon phróiseáil a dhéanann an Ghníomhaireacht ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus ba cheart dó prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú. Ba cheart go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann sonraí pearsanta a phróiseáil chun a cuid cúraimí a dhéanamh maidir le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar do na Ballstáit, le hathlonnú, le héascú ar mhalartú faisnéise leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, le Europol nó le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus le hanailís a dhéanamh ar fhaisnéis faoi staid an tearmainn, chun críche sampláil cásanna a dhéanamh chun críche cleachtadh faireacháin, chun críoch na féidearthachta go mbeidh sí ag déileáil le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, faoi chuimsiú faisnéis arna fáil le linn di a cúraimí a dhéanamh sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce ag láithreacha práinne, agus chun críoch riaracháin. Maidir le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta, ba cheart go mbeadh sí srianta do na sonraí pearsanta sin is gá chun na gcríoch sin agus ba cheart go n-urramófaí prionsabal na comhréireachta léi. Ba cheart toirmeasc a bheith ar aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta ina dhiaidh sin chun críoch seachas na críocha a leagtar amach sa Rialachán seo.

    (56)

    Aon sonraí pearsanta a ndéanann an Ghníomhaireacht próiseáil orthu, cé is moite de na sonraí sin a phróiseáiltear chun críoch riaracháin, ba cheart iad a scriosadh tar éis 30 lá. Níl gá le tréimhse stórála níos faide chun na gcríoch dá bpróiseálann an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

    (57)

    Maidir le sonraí pearsanta de chineál íogair, atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar náisiúnach tríú tír a bheith i dteideal cosaint idirnáisiúnta, níor cheart na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críche scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a éascú nó an cúnamh is gá a sholáthar sa nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, agus chun críoch athlonnaithe. Ba cheart an phróiseáil sin a bheith teoranta dá bhfuil fíor-riachtanach chun críche measúnú iomlán a dhéanamh ar na hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar mhaithe leis an iarratasóir.

    (58)

    Maidir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit arna déanamh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, mura rud é gur údaráis inniúla na mBallstát a dhéanann an phróiseáil sin chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc.

    (59)

    Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), tá feidhm aici maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis coiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, de bhun an Rialacháin seo.

    (60)

    A mhéid a bhaineann leis na rialacha sin a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 maidir le cearta agus saoirse daoine nadúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, go háirithe a gceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leo a chosaint, ba cheart iad a shonrú i ndáil leis an bhfreagracht maidir le sonraí a phróiseáil, le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a chosaint agus le maoirseacht a dhéanamh ar chosaint sonraí, go háirithe chomh fada agus a bhaineann sé le hearnálacha áirithe.

    (61)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur chun feidhme CET a éascú agus feidhmiú CET a fheabhsú, comhar praiticiúil agus malartú faisnéise a neartú i measc na mBallstát maidir le cúrsaí a bhaineann le tearmann, dlí an Aontais maidir le tearmann agus caighdeáin oibríochtúla a chur chun cinn chun ardleibhéal aonfhoirmeachta a áirithiú i dtaca le nósanna imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, dálaí glactha agus measúnú ar riachtanais chosanta ar fud an Aontais, faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET, agus cúnamh oibríochtúil agus teicniúil breise a chur ar fáil do na Ballstáit chun a gcórais tearmainn agus ghlactha a bhainistiú, go háirithe cúnamh do na Ballstáit sin a bhfuil brú díréireach ar a gcórais tearmainn agus ghlactha, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (62)

    I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (63)

    I gcomhréir le hAirteagal 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (64)

    Agus aird á tabhairt ar an bhfíric gur rannchuidigh an Danmhairg go dtí seo leis an gcomhar praiticiúil idir na Ballstáit i réimse an tearmainn, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil leis an Danmhairg a éascú. Chuige sin, ba cheart cuireadh a thabhairt d’ionadaí ón Danmhairg páirt a ghlacadh i gcruinnithe uile an Bhoird Bainistíochta, ach gan cead vótála a bheith aige.

    (65)

    Chun a sainchúram a chomhlíonadh, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an Aontas ar dá mbua a ghlac na tíortha sin dlí an Aontais sa réimse a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a chuireann siad i bhfeidhm an dlí sin, go háirithe an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis. Dá thoradh sin, agus ag féachaint don fhíoras gur ghlac Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis páirt i ngníomhaíochtaí EASO ar bhonn na socruithe arna dtabhairt i gcrích ag na tíortha sin leis an Aontas a bhaineann lena rannpháirtíocht in EASO, ba cheart go mbeadh Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis in ann bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus ba cheart dóibh rannchuidiú leis an gcomhar praiticiúil idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha arna mbunú ag socruithe atá ann faoi láthair nó ag socruithe oibre nua. Chuige sin, ba cheart a cheadú do na hionadaithe ón Íoslainn, Lichtinstéin, ón Iorua agus ón Eilvéis bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta mar bhreathnóirí.

    (66)

    Leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear d’inniúlacht údaráis tearmainn náisiúnta na mBallstát cinneadh a dhéanamh faoi iarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta.

    (67)

    Is é is aidhm don Rialachán seo forálacha Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a lín agus a gcineáil araon, is iomchuí, ar mhaithe le breis soiléireachta, an Rialachán nua a chur in ionad an Rialacháin sin ina iomláine i dtaca leis na Ballstáit atá faoi cheangal an Rialacháin seo. Ba cheart don Ghníomhaireacht, arna bunú leis an Rialachán seo, teacht in ionad EASO, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010, agus ba cheart di feidhmeanna na Gníomhaireachta a ghlacadh chuici féin, agus ba cheart, mar thoradh air sin, an Rialachán sin a aisghairm. Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Rialachán seo ina cheangal orthu, ba cheart tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    (68)

    Tá forálacha an Rialacháin seo maidir leis an sásra faireacháin le haghaidh chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET nasctha, inter alia, leis an gcóras chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013. Ós rud é go bhféadfadh athrú teacht ar an córas arna bhunú leis an Rialachán sin, meastar gur gá cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a chur siar go dáta níos déanaí, eadhon go dtí an 31 Nollaig 2023. Thairis sin, na forálacha maidir leis an sásra faireacháin a bhaineann le moltaí a ghlacadh a dhírítear ar an mBallstát lena mbaineann, agus na forálacha seo maidir le staideanna de bhrú díréireach nó neamhéifeachtúlacht na gcóras tearmainn agus glactha, is forálacha iad a bhfuil baint níos dírí acu le gnéithe freagrachta an chórais a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, agus a ndéanann na gnéithe sin difear dóibh. Ós rud é go bhféadfaí gníomh dlí nua atá á chaibidliú faoi láthair a chur in ionad an Rialacháin sin, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá gnéithe ábhartha de ghníomh dlí nua den sórt sin, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ach amháin ón dáta a ndéantar ionadú ar an Rialachán sin, mura rud é go ndéantar ionadú ar an Rialachán sin roimh an 31 Nollaig 2023, agus sa chás sin ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ón 31 Nollaig 2023.

    (69)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus thug sé tuairim uaidh an 21 Meán Fómhair 2016 (18),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Caibidil 1

    Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (“an Ghníomhaireacht”). Tiocfaidh an Ghníomhaireacht in ionad na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (EASO), arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010.

    2.   Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais maidir le tearmann sna Ballstáit ar bhealach lena dtugtar lánurraim do chearta bunúsacha a áirithiú. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí na mBallstát a éascú agus tacú leo maidir leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CET) a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí chóineasú a chumasú maidir le measúnú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais agus tríd an gcomhar praiticiúil agus malartú faisnéise a chomhordú agus a neartú.

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht feidhmiú CET a fheabhsú, lena n-áirítear tríd an sásra faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 14 agus trí chúnamh oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit, go háirithe i gcás ina mbeidh a gcórais tearmainn agus ghlactha faoi bhrú díréireach.

    3.   Lárionad saineolais a bheidh sa Ghníomhaireacht de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht eolaíoch agus theicniúil an chúnaimh a sholáthraíonn sí agus na faisnéise a bhailíonn sí agus a scaipeann sí, de bhua a thrédhearcaí agus atá a nósanna imeachta agus a modhanna oibríochtúla, agus de bhua a dhúthrachtaí atá sí i gcomhlíonadh na gcúraimí a shanntar di, agus de bhua na tacaíochta teicneolaíochta faisnéise is gá chun a sainordú a chomhlíonadh.

    Airteagal 2

    Cúraimí

    1.   Chun críocha Airteagal 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas:

    (a)

    comhar praiticiúil agus malartú faisnéise idir na Ballstáit maidir lena gcórais tearmainn agus ghlactha a éascú, a chomhordú agus a neartú;

    (b)

    faisnéis de chineál cáilíochtúil agus cainníochtúil faoi staid an tearmainn agus faoi chur chun feidhme CET a bhailiú agus a anailísiú;

    (c)

    tacú leis na Ballstáit agus a gcúraimí agus a n-oibleagáidí a gcur i gcrích acu faoi chuimsiú CET;

    (d)

    cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le hoiliúint agus, i gcás inarb iomchuí, oiliúint a sholáthar do shaineolaithe na mBallstát ó na riaracháin, ó na cúirteanna agus ó na binsí náisiúnta uile, agus ó na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn, lena n-áirítear trí Churaclam Eorpach Tearmainn a fhorbairt;

    (e)

    tuarascálacha agus doiciméid eile a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta lena gcuirfear faisnéis ar fáil faoin staid i dtríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear tíortha tionscnaimh, ar leibhéal an Aontais;

    (f)

    líonraí Eorpacha le haghaidh faisnéis faoi thríú tíortha a bhunú agus a chomhordú;

    (g)

    gníomhaíochtaí a eagrú agus iarrachtaí a chomhordú i measc na mBallstát chun anailís choiteann ar an staid i dtíortha tionscnaimh agus nótaí treorach a fhorbairt;

    (h)

    faisnéis agus anailís a sholáthar maidir le tríú tíortha i ndáil le coincheap na tíre tionscnaimh sábháilte agus le coincheap an triú tír shábháilte (“coincheapa na tíre sábháilte”);

    (i)

    cúnamh éifeachtach, oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit, go háirithe nuair atá a gcórais tearmainn agus ghlactha faoi réir brú díréireach;

    (j)

    tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do na Ballstáit agus a gcúraimí agus a n-oibleagáidí á ndéanamh acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 604/2013;

    (k)

    cuidiú le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a athshuíomh nó a aistriú laistigh den Aontas;

    (l)

    foirne tacaíochta tearmainn a bhunú agus a imscaradh;

    (m)

    díorma cúltaca um thearmann a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 19(6) (“an díorma cúltaca um thearmann”);

    (n)

    an trealamh teicniúil is gá a fháil agus a imscaradh d’fhoirne tacaíochta tearmainn agus saineolaithe ón díorma cúltaca um thearmann a imscaradh;

    (o)

    caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais a fhorbairt i ndáil le cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le tearmann;

    (p)

    oifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig Ballstáit;

    (q)

    faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET d’fhonn cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht a gcórais tearmainn agus ghlactha;

    (r)

    tacú leis na Ballstáit agus iad ag comhoibriú le tríú tíortha i dtaobh ábhair a bhaineann le gné sheachtrach CET, lena n-áirítear trí oifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig tríú tíortha;

    (s)

    cúnamh á thabhairt do na Ballstáit lena gcuid gníomhaíochtaí maidir le hathlonnú.

    2.   Rachaidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin, i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide sna réimsí a thagann faoina sainordú. Déanfaidh sí faisnéis bheacht agus chuimsitheach maidir lena cuid gníomhaíochtaí a sholáthar don phobal. Ní rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide lena ndéantar díobháil do na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide gan dochar d’Airteagal 65 agus i gcomhréir le pleananna ábhartha cumarsáide agus scaipthe arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.

    Airteagal 3

    Pointí teagmhála náisiúnta le haghaidh cumarsáide

    Déanfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta ar a laghad a cheapadh chun cumarsáid a dhéanamh leis an nGníomhaireacht maidir le hábhair a bhaineann leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 2.

    Caibidil 2

    Comhar praiticiúil agus faisnéis faoi thearmann

    Airteagal 4

    Dualgas maidir le comhoibriú de mheon macánta agus maidir le faisnéis a mhalartú

    1.   Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn agus inimirce agus seirbhísí ábhartha eile de mheon macánta.

    2.   Chun na cúraimí agus na hoibleagáidí a bhronntar orthu leis an Rialachán seo a dhéanamh, go háirithe chun go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur i gcrích, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn agus inimirce agus as seirbhísí ábhartha eile an fhaisnéis go léir is gá a mhalartú ar bhealach tráthúil agus cruinn.

    3.   Oibreoidh an Ghníomhaireacht i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn agus imirce agus seirbhísí ábhartha eile agus leis an gCoimisiún. Déanfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí a chur i gcrích gan dochar do na dualgais sin atá sannta do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin, le heagraíochtaí idir-rialtasacha, go háirithe le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), agus le heagraíochtaí ábhartha eile amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí a eagrú, a chur chun cinn agus a chomhordú d’fhonn malartú faisnéise a chumasú idir na Ballstáit, lena n-áirítear trí líonraí a bhunú de réir mar is iomchuí.

    5.   I gcás, i ndiaidh dó iarraidh ar Bhallstát an fhaisnéis is gá a thabhairt don Ghníomhaireacht chun a cúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, ina suífidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gur mhainnigh an Ballstát go córasach déanamh amhlaidh, déanfaidh sé nó sí an méid sin a thuairisciú don Bhord Bainistíochta agus don Choimisiún.

    Airteagal 5

    Anailís faisnéise ar staid an tearmainn

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi staid an tearmainn san Aontas agus i dtríú tíortha a bhailiú agus a anailísiú a mhéid go bhféadfadh sé sin tionchar a bheith aige ar an Aontas, lena n-áirítear faisnéis cothrom le dáta faoi bhunchúiseanna, sreafaí imirce agus dídeanaithe, mionaoisigh neamhthionlactha a bheith i láthair, an acmhainneacht ghlactha fhoriomlán agus riachtanais athlonnaithe na dtríú tíortha, agus faoi aon mhórphlódú isteach féideartha de náisiúnaigh tríú tír a d’fhéadfadh brú díréireach a chur ar chórais tearmainn agus ghlactha na mBallstát, d’fhonn faisnéis thráthúil agus iontaofa a sholáthar do na Ballstáit agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chórais tearmainn agus ghlactha na mBallstát a shainaithint.

    Chun na críche a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, oibreoidh an Ghníomhaireacht i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus cuirfidh sé san áireamh de réir mar is iomchuí, an anailís riosca arna déanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1896 chun an leibhéal comhsheasmhachta agus cóineasaithe is airde a áirithiú san fhaisnéis a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

    2.   Bunóidh an Ghníomhaireacht a hanailís ar an bhfaisnéis arna soláthar, go háirithe, ag na Ballstáit, ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ag UNHCR, go háirithe tuarascálacha ar Riachtanais Réamh-mheasta UNHCR maidir le hAthlonnú Domhanda. Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis atá ar fáil ó eagraíochtaí ábhartha eile a chur san áireamh chomh maith ar bhonn a saineolais.

    3.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar an fhaisnéis is ábhartha a mhalartú go tapa idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún. Chomh maith leis sin, tíolacfaidh sí torthaí a hanailíse chuig an mBhord Bainistíochta ar bhealach tráthúil agus cruinn. Déanfaidh an Ghníomhaireacht a hanailís a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa dhá uair sa bhliain.

    Airteagal 6

    Faisnéis faoi chur chun feidhme CET

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht malartú faisnéise a eagrú, a chomhordú agus a chur chun cinn idir na Ballstáit agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le tearmann.

    2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht bunachair sonraí agus tairseacha gréasáin a chruthú maidir le hionstraimí tearmainn an Aontais agus ionstraimí tearmainn náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag baint úsáid, go háirithe, as na socruithe atá ann faoi láthair. Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta a stóráil sna bunachair sonraí sin nó a fhoilsiú ar a tairseacha gréasáin sin, mura rud é go bhfuair an Ghníomhaireacht na sonraí sin ó fhoinsí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu.

    3.   Maidir leis na bunachair sonraí agus na tairseacha gréasáin dá dtagraítear i mír 2, beidh codanna iontu is inrochtana go poiblí ina mbeidh an méid seo a leanas:

    (a)

    staidreamh maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus maidir le cinntí arna nglacadh ag údaráis náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn;

    (b)

    faisnéis maidir leis an dlí náisiúnta agus le forbairtí dlíthiúla náisiúnta i réimse an tearmainn, lena n-áirítear cásdlí;

    (c)

    faisnéis maidir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“CBAE”) agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.

    Airteagal 7

    Oifigigh idirchaidrimh sna Ballstáit

    1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta a cheapadh a bheidh le himscaradh mar oifigigh idirchaidrimh sna Ballstáit.

    2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, togra maidir le cineál agus téarmaí an imscartha agus maidir leis an mBallstát nó an réigiún a bhféadfar oifigeach idirchaidrimh a imscaradh chuige. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go gcumhdóidh oifigeach idirchaidrimh suas le ceithre Bhallstát atá in aice lena chéile go geografach. Beidh an togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi réir formheas ag an mBord Bainistíochta.

    3.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra don Bhallstát lena mbaineann maidir le ceapadh oifigeach idirchaidrimh agus cinnfidh sé in éineacht leis an mBallstát sin, suíomh an imscartha.

    4.   Gníomhóidh na hoifigigh idirchaidrimh thar ceann na Gníomhaireachta agus déanfaidh siad comhar agus idirphlé a chothú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn agus inimirce agus seirbhísí ábhartha eile. Déanfaidh na hoifigigh idirchaidrimh, go háirithe, an méid seo a leanas:

    (a)

    gníomhóidh siad mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn agus inimirce agus seirbhísí ábhartha eile;

    (b)

    tacóidh siad le bailiú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 5 agus aon fhaisnéis eile a éilíonn an Ghníomhaireacht;

    (c)

    rannchuideoidh siad le dlí an Aontais maidir le tearmann a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha;

    (d)

    arna iarraidh sin, tabharfaidh siad cúnamh do na Ballstáit agus a bpleanáil theagmhasach á hullmhú acu le haghaidh bearta a dhéanfar chun déileáil le brú díréireach ar a gcórais tearmainn agus ghlactha;

    (e)

    déanfaidh siad an chumarsáid idir na Ballstáit agus idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht, a éascú, agus faisnéis ábhartha ón nGníomhaireacht a chomhroinnt leis an mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis faoin gcúnamh leanúnach;

    (f)

    déanfaidh siad tuarascálacha a chur ar fáil don Stiúrthóir Feidhmiúcháin go tráthrialta faoi staid an tearmainn sa Bhallstát lena mbaineann agus a chumas chun a chórais tearmainn agus ghlactha a bhainistiú go héifeachtach;

    I gcás ina n-ardaíonn na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír ábhair imní maidir le ceann amháin nó níos mó de na gnéithe is ábhartha don Bhallstát lena mbaineann, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát sin ar an eolas gan mhoill. Déanfar na tuarascálacha sin a chur san áireamh chun críocha an tsásra faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 14 agus déanfar iad a tharchur chuig an mBallstát lena mbaineann.

    5.   Chun críocha mhír 4, fanfaidh an oifigigh idirchaidrimh i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta atá freagrach as tearmann agus inimirce agus seirbhísí ábhartha eile go rialta, agus pointe teagmhála arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann á chur ar an eolas acu.

    6.   Agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, is ón nGníomhaireacht amháin a ghlacfaidh oifigigh idirchaidrimh treoracha.

    Airteagal 8

    Oiliúint

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht oiliúint a chur ar bun, a fhorbairt agus a athbhreithniú dá baill foirne féin agus do bhaill foirne de riaracháin, de chúirteanna agus de bhinsí ábhartha náisiúnta, agus d’údaráis náisiúnta atá freagrach as cúrsaí tearmainn agus glactha.

    2.   Forbróidh an Ghníomhaireacht an oiliúint dá dtagraítear i mír 1 i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (19), agus le heintitis oiliúna ábhartha, institiúidí acadúla ábhartha, cumainn dlíodóirí agus breithiúna ábhartha, líonraí oiliúna ábhartha agus eagraíochtaí ábhartha.

    3.   Forbróidh an Ghníomhaireacht curaclam Eorpach tearmainn, ag cur san áireamh comhar atá ann cheana laistigh den Aontas i réimse an tearmainn chun dea-chleachtais agus caighdeáin arda a chur chun cinn i gcur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le tearmann.

    Forbróidh na Ballstáit oiliúint iomchuí do bhaill foirne dá riarachán, cúirteanna agus binsí fiosrúcháin náisiúnta agus dá n-údarás atá freagrach as cúrsaí tearmainn agus glactha de bhun a n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais maidir le tearmann ar bhonn an churaclaim Eorpaigh tearmainn, agus déanfaidh siad croíchodanna an churaclaim sin a áireamh san oiliúint sin.

    4.   Beidh an oiliúint arna tairiscint ag an nGníomhaireacht ar ardcháilíocht agus aithneoidh sí príomhphrionsabail agus dea-chleachtais d’fhonn cóineasú níos fearr a áirithiú i measc modhanna riaracháin, cinntí agus cleachtais dhlíthiúla, agus lánurraim á tabhairt do neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbinsí náisiúnta.

    Mar chuid den churaclam Eorpach tearmainn, cumhdófar san oiliúint arna tairiscint ag an nGníomhaireacht na nithe seo a leanas, go háirithe:

    (a)

    caighdeáin idirnáisiúnta agus caighdeáin an Aontais maidir le cearta bunúsacha agus, go háirithe, forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), agus an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais maidir le tearmann, lena n-áirítear saincheisteanna ar leith dlí agus cásdlí;

    (b)

    saincheisteanna a bhaineann leis an gcinneadh i dtaobh iarratasóir a bheith incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta agus le cearta tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta;

    (c)

    saincheisteanna a bhaineann le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil;

    (d)

    teicníochtaí agallaimh;

    (e)

    measúnú fianaise;

    (f)

    cásdlí ábhartha na gcúirteanna náisiúnta, CBAE agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus forbairtí ábhartha eile i réimse an dlí tearmainn;

    (g)

    saincheisteanna a bhaineann le sonraí méarlorg, lena n-áirítear gnéithe cosanta, cáilíocht sonraí agus riachtanais slándála sonraí;

    (h)

    úsáid tuarascálacha liachta agus dlí ó shaineolaithe sa nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta;

    (i)

    saincheisteanna a bhaineann le táirgeadh agus le húsáid faisnéise maidir le tríú tíortha;

    (j)

    dálaí glactha;

    (k)

    saincheisteanna a bhaineann le mionaoisigh, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, a mhéid a bhaineann le measúnú ar shárleas an linbh, coimircí sonracha nós imeachta amhail ceart an linbh chun éisteachta a urramú agus gnéithe eile a bhaineann le cosaint leanaí, teicnící chun aois a mheas, agus dálaí glactha do leanaí agus do theaghlaigh;

    (l)

    saincheisteanna a bhaineann le hiarratasóirí a bhfuil gá acu le ráthaíochtaí speisialta nós imeachta, iarratasóirí a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu agus daoine eile ar leochaileach a staid, le haird faoi leith á tabhairt d’íospartaigh chéastóireachta, d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus do shaincheisteanna gaolmhara atá íogair ó thaobh inscne de;

    (m)

    saincheisteanna a bhaineann le hateangaireacht agus le hidirghabháil chultúrtha;

    (n)

    saincheisteanna a bhaineann le hathlonnú;

    (o)

    saincheisteanna a bhaineann le láimhseáil nósanna imeachta athlonnaithe;

    (p)

    scileanna athléimneachta agus bainistithe struis, go háirithe do bhaill foirne i bpoist bhainistíochta.

    5.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht oiliúint ghinearálta, shonrach nó théamach, chomh maith le gníomhaíochtaí oiliúna ad hoc, lena n-áirítear tríd an modheolaíocht “cuirtear oiliúint ar na hoiliúnóirí” agus an ríomhfhoghlaim a úsáid.

    6.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht na tionscnaimh is gá chun a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, a áirithiú go bhfuil an oiliúint faighte ag na saineolaithe a bheidh rannpháirteach sna foirne tacaíochta tearmainn, lena n-áirítear saineolaithe nach bhfuil fosaithe aici, ar oiliúint í is gá maidir lena ndualgais agus a bhfeidhmeanna le haghaidh a rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht.

    Ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcás inar gá agus roimh an imscaradh nó tráth an imscartha, oiliúint a sholáthar do na saineolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar oiliúint í a bhaineann go sonrach leis an gcúnamh oibríochtúil agus teicniúil atá á sholáthar sa Bhallstát lena mbaineann (“an Ballstát óstach”).

    7.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú ar chríoch Bhallstáit nó ar chríoch tríú tír i gcomhar leis an mBallstát nó leis an tríú tír sin.

    CAIBIDIL 3

    FAISNÉIS MAIDIR LE TÍORTHA AGUS TREOIR

    Airteagal 9

    Faisnéis maidir le tríú tíortha ar leibhéal an Aontais

    1.   Beidh sa Ghníomhaireacht lárionad chun faisnéis ábhartha iontaofa oibiachtúil chruinn agus cothrom le dáta a bhailiú faoi thríú tíortha ábhartha ar bhealach trédhearcach agus neamhchlaonta, agus úsáid á baint as faisnéis ábhartha, lena n-áirítear faisnéis leanbh-shonrach agus inscne-shonrach, agus faisnéis spriocdhírithe maidir le daoine ar de ghrúpaí leochaileacha agus mionlaigh iad. Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha agus doiciméid eile lena gcuirtear faisnéis ar fáil maidir le tríú tíortha ábhartha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear faisnéis maidir le saincheisteanna téamacha a bhaineann go sonrach le tríú tíortha ábhartha, a tharraingt suas agus a nuashonrú go tráthrialta.

    2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, an méid seo a leanas:

    (a)

    úsáid a bhaint as na foinsí faisnéise ábhartha uile, lena n-áirítear faisnéis a bhailítear ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe UNHCR agus eagraíochtaí ábhartha eile, lena n-áirítear baill an Fhóraim Chomhchomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 50, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus SEGS agus trí na líonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 agus misin aimsithe fíoras;.

    (b)

    bainistiú agus breis forbartha a dhéanamh ar thairseach ghréasáin chun faisnéis maidir le tríú tíortha ábhartha a bhailiú agus a chomhroinnt, agus beidh ar áireamh inti roinn phoiblí d’úsáideoirí ginearálta agus roinn shrianta d’úsáideoirí ar fostaithe iad de chuid na n-údarás náisiúnta atá freagrach as tearmann agus inimirce nó de chuid aon chomhlachta eile a bhfuil sainordú aige ó Bhallstát chun taighde a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le tríú tíortha;

    (c)

    formáid choiteann agus modheolaíocht choiteann a fhorbairt, lena n-áirítear téarmaí tagartha, i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais maidir le tearmann, chun tuarascálacha agus doiciméid eile a fhorbairt ina mbeidh faisnéis maidir le tríú tíortha ábhartha ar leibhéal an Aontais.

    Airteagal 10

    Líonraí Eorpacha le haghaidh faisnéis maidir le tríú tíortha

    1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcomhordófar na tionscnaimh náisiúnta sin lena dtáirgtear faisnéis maidir le tríú tíortha trí líonraí a bhunú agus a bhainistiú i measc na mBallstát i dtaca le faisnéis maidir le tríú tíortha. I gcás inarb iomchuí agus de réir an cháis, féadfaidh baint a bheith ag saineolaithe seachtracha mar aon le saineolas ábhartha ó UNHCR nó eagraíochtaí ábhartha eile leis na líonraí sin.

    2.   Is é is cuspóir do na líonraí dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas, go háirithe:

    (a)

    tuarascálacha náisiúnta, doiciméid eile agus faisnéis ábhartha eile maidir le tríú tíortha, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna téamacha, a mhalartú agus a nuashonrú;

    (b)

    fiosrúcháin a thíolacadh chuig an nGníomhaireacht agus cúnamh a thabhairt i dtaca le freagairt ar fhiosrúcháin a bhaineann le ceisteanna sonracha fíorasacha a d’fhéadfadh eascairt as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, gan dochar do rialacha príobháideachta, do rialacha um chosaint sonraí agus, mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta, do rialacha rúndachta;

    (c)

    rannchuidiú le forbairt agus nuashonrú doiciméad atá ar leibhéal an Aontais lena soláthraítear faisnéis maidir le tríú tíortha ábhartha.

    Airteagal 11

    Anailís choiteann ar an staid i dtíortha tionscnaimh agus nótaí treorach

    1.   Chun cóineasú a chothú agus na critéir mheasúnaithe arna mbunú i dTreoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Ghníomhaireacht iarrachtaí na mBallstát a chomhordú chun anailís choiteann a fhorbairt maidir leis an staid mar atá i dtíortha tionscnaimh ar leith (“an anailís choiteann”) agus ar nótaí treorach chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir le measúnú na n-iarratas ábhartha ar chosaint idirnáisiúnta.

    Agus an anailís choiteann agus nótaí treorach á bhforbairt, tabharfaidh an Ghníomhaireacht dá haire na Treoirlínte Incháilitheachta is déanaí ó UNCHR maidir le Measúnú ar Riachtanais Cosanta Idirnáisiúnta Iarrthóirí Tearmainn arb as tíortha tionscnaimh ar leith dóibh.

    2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, nótaí treorach a thíolacadh chuig an mBord Bainistíochta lena bhformhuiniú. Beidh an anailís choiteann ag gabháil le nótaí treorach.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit an anailís choiteann agus nótaí treorach a chur san áireamh agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta á scrúdú, gan dochar dá n-inniúlacht cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta.

    4.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar athbhreithniú tráthrialta ar an anailís choiteann agus ar nótaí treorach agus go ndéanfar iad a nuashonrú de réir mar is gá. Déanfar an t-athbhreithniú agus an nuashonrú i gcás ina bhfuil athrú ar an staid i dtír thionscnaimh nó ina bhfuil tásca oibiachtúla ann nach bhfuil an anailís choiteann ná na nótaí treorach á n-úsáid. I dtaca le haon athbhreithniú nó nuashonrú ar an anailís choiteann agus ar nótaí treorach, is gá dul i gcomhairle leis an gCoimisiún roimh ré agus formhuiniú a fháil ón mBord Bainistíochta dá dtagraítear i mír 2 chun é a dhéanamh.

    5.   Tíolacfaidh na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha chuig an nGníomhaireacht ina léirítear go bhfuil gá le hathbhreithniú nó nuashonrú a dhéanamh ar an anailís choiteann agus ar nótaí treorach.

    Airteagal 12

    Faisnéis agus anailís ar thíortha sábháilte tionscnaimh agus tríú tíortha sábháilte a ainmniú

    1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt do na Ballstáit coincheapa an tíre sábháilte a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) trí fhaisnéis agus anailís a sholáthar.

    2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún i gcomhthéacs a cúraimí i ndáil le coincheapa na tíre sábháilte i gcomhréir le Treoir 2013/32/AE trí fhaisnéis agus anailís a sholáthar.

    3.   Agus an fhaisnéis agus an anailís faoi mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo á soláthair, cloífidh an Ghníomhaireacht leis na prionsabail ghinearálta dá bhforáiltear in Airteagal 9.

    4.   Tíolacfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis agus na hanailísí arna soláthar aici faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ar bhonn rialta agus arna iarraidh sin araon.

    CAIBIDIL 4

    CAIGHDEÁN OIBRÍOCHTÚLA AGUS TREOIRLÍNTE

    Airteagal 13

    Caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí a eagrú agus a chomhordú lena gcuirfear chun cinn cur chun feidhme cuí agus éifeachtach dhlí an Aontais maidir le tearmann, lena n-áirítear trí chaighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte nó dea-chleachtais a fhorbairt i dtaobh cúrsaí a bhaineann le tearmann, agus trí dhea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit maidir le cúrsaí a bhaineann le tearmann.

    2.   Forbróidh an Ghníomhaireacht, ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Bhord Bainistíochta nó don Choimisiún, caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir le tearmann.

    3.   Agus na caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais dá dtagraítear i mír 2 á bhforbairt, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, le UNCHR. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht, bunaithe ar shaineolas ábhartha, dul i gcomhairle le heagraíochtaí idir-rialtasacha nó eagraíochtaí eile chomh maith le cumainn dlíodóirí agus breithiúna agus líonraí saineolaithe.

    4.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta na caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh. Tar éis a nglactha, cuirfidh an Ghníomhaireacht na caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais sin in iúl do na Ballstáit agus don Choimisiún.

    5.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, na caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm ar a gcórais tearmainn agus ghlactha tríd an saineolas nó an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil is gá a chur ar fáil.

    6.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht na caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte agus dea-chleachtais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo san áireamh chun críocha an tsásra faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 14.

    CAIBIDIL 5

    FAIREACHÁN

    Airteagal 14

    Faireachán ar an sásra do chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, sásra faireacháin a bhunú chun críche faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET chun easnaimh fhéideartha a chosc nó a shainaithint i gcórais tearmainn agus ghlactha na mBallstát agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-acmhainneacht agus a n-ullmhacht i leith bainistiú a dhéanamh nuair is ann do bhrú díréireach chun éifeachtúlacht na gcóras sin a fheabhsú.

    2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus i gcomhairle leis an gCoimisiún, modheolaíocht choiteann a bhunú i gcomhair an tsásra faireacháin a leagtar amach sa Chaibidil seo. Áireofar sa mhodheolaíocht choiteann critéir oibiachtúla ar dá réir a fhéadfar an faireachán a chur i gcrích, tuairisc ar na modhanna, próisis agus uirlisí le haghaidh an tsásra faireacháin amhail socruithe praiticiúla i gcomhair cuairteanna ar an láthair, lena n-áirítear cuairteanna ar gearrfhógra, agus rialacha agus prionsabail faoi choinne foirne saineolaithe a bhunú.

    3.   Cumhdófar leis an bhfaireachán ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil ghnéithe uile CET, go háirithe:

    (a)

    an córas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, na nósanna imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, cur i bhfeidhm na gcritéar chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint agus an cineál cosanta a thugtar, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a urramú, coimircí cosanta leanaí agus riachtanais shonracha daoine i gcás leochaileach;

    (b)

    fáil agus acmhainneacht foirne i dtéarmaí aistriúcháin agus ateangaireachta chomh maith le hacmhainneacht foirne chun cásanna tearmainn a láimhseáil agus a bhainistiú go héifeachtúil, lena n-áirítear achomhairc a láimhseáil, gan dochar do neamhspleáchas na mbreithiúna agus le lán-urraim d’eagrú na breithiúnachta i ngach Ballstát;

    (c)

    dálaí glactha, acmhainn, bonneagar agus trealamh agus, a mhéid is féidir, acmhainní airgeadais maidir le glacadh.

    4.   Féadfar an faireachán a dhéanamh, go háirithe, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an mBallstát lena mbaineann, na hanailíse faisnéise ar staid an tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 5 agus sampláil cásanna.

    Féadfaidh an Ghníomhaireacht a chur san áireamh faisnéis atá ar fáil ó eagraíochtaí nó comhlachtaí idir-rialtasacha ábhartha, go háirithe UNHCR, agus ó eagraíochtaí ábhartha eile ar bhonn a saineolais.

    5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna ar an láthair a dhéanamh chun críocha an chleachtaidh faireacháin freisin. Ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht cuairteanna ar gearrfhógra ach chun críocha Airteagal 15(2).

    6.   Déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, faisnéis maidir leis na gnéithe de SEGS dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil di.

    Déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, faisnéis maidir lena bpleanáil theagmhasach le haghaidh bearta a dhéanfar chun déileáil leis an mbrú díréireach féideartha ar a gcóras tearmainn agus glactha a sholáthar di. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht, le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, cúnamh do na Ballstáit in ullmhúcháin agus athbhreithniúcháin a bpleanála teagmhasaí.

    7.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis an nGníomhaireacht, lena n-áirítear trí éascú a dhéanamh ar aon chuairt ar an láthair a dhéanfar chun críocha an chleachtaidh faireacháin. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra leordhóthanach roimh chuairt den sórt sin do na Ballstáit lena mbaineann. I gcás cuairteanna ar gearrfhógra, tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra 72 uair a chloig roimh ré don Bhallstát lena mbaineann.

    Airteagal 15

    Nós imeachta agus obair leantach

    1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus i gcomhairle leis an gCoimisiún, clár a ghlacadh chun críocha an tsásra faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 14 (“an clár faireacháin"), lena gcumhdófar:

    (a)

    cur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil ghnéithe uile CET i ngach Ballstát; agus

    (b)

    gnéithe téamacha nó sonracha de CET maidir leis na Ballstáit uile.

    Léireofar sa chlár faireacháin na Ballstáit sin a bhfuil faireachán le déanamh ar a gcórais tearmainn agus ghlactha in aon bhliain áirithe. Leis an gclár faireacháin, déanfar a áirithiú go mbeidh faireachán déanta ar gach Ballstát uair amháin ar a laghad gach 5 bliana.

    2.   I gcás ina gcuirfear ábhair imní in iúl san anailís faisnéise ar staid an tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 5 maidir le feidhmiú chóras tearmainn nó glactha Bhallstáit, tionscnóidh an Ghníomhaireacht cleachtadh faireacháin, bíodh sé sin ar a tionscnamh féin i gcomhairle leis an gCoimisiún, nó arna iarraidh sin don Choimisiún.

    3.   Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin torthaí cleachtaidh faireacháin chuig an mBallstát lena mbaineann le haghaidh tráchtaí, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, soiléiriú maidir lena riachtanais. Beidh mí amháin ag na Ballstáit ón dáta a bhfhaightear na torthaí le tráchtaí a thíolacadh.

    4.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar bhonn na dtorthaí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus tráchtaí an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh, agus i gcomhairle leis an gCoimisiún, dréachtmholtaí a tharraingt suas. Leagfar amach sna dréachtmholtaí na bearta atá le glacadh ag an mBallstát lena mbaineann lena n-áirítear le cúnamh ón nGníomhaireacht de réir mar is gá, agus teorainn ama faoina gcaithfidh an Ballstát lena mbaineann na bearta is gá a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh nó saincheisteanna maidir le hacmhainneacht nó ullmhacht arna sainaithint le linn an chleachtaidh fhaireacháin. Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na dréachtmholtaí chuig an mBallstát lena mbaineann. Beidh mí amháin ón dáta a bhfaightear na dréachtmholtaí ag an mBallstát lena mbaineann a bharúlacha a thíolacadh ina dtaobh. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, tíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann a thráchtaí laistigh de 15 lá.

    Tar éis tráchtaí an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh, tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na torthaí agus na chuig an mBord Bainistíochta. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, trí chinneadh ó dhá thrian dá chomhaltaí a mbeidh ceart vótála acu, na moltaí. Tarchuirfidh an Ghníomhaireacht na moltaí chuig Parlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas faoi chur chun feidhme na moltaí.

    5.   I gcás nach gcuirfidh Ballstát chun feidhme na bearta a leagtar amach sna moltaí ón nGníomhaireacht dá dtagraítear i mír 4 laistigh den teorainn ama shocraithe, agus mar thoradh air sin go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ann i dtaca le feidhmiú CET, glacfaidh an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe féin, moltaí atá dírithe ar an mBallstát sin ina sainaithneofar na bearta is gá chun na heasnaimh a réiteach agus, i gcás inar gá, bearta sonracha is gá don Ghníomhaireacht a dhéanamh chun tacú leis an mBallstát sin.

    6.   Féadfaidh an Coimisiún, agus é ag cur san áireamh a thromchúisí agus atá na heasnaimh, cuairteanna ar an láthair chuig an mBallstát lena mbaineann a eagrú. Tabharfaidh an Coimisiún fógra leordhóthanach den chuairt sin don Bhallstát lena mbaineann roimh ré.

    7.   Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann tuairisc don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na moltaí sin dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo laistigh den teorainn ama a leagtar síos sna moltaí sin. I gcás, tar éis na teorann ama sin, nár chomhlíon an Ballstát lena mbaineann na moltaí sin, féadfaidh an Coimisiún togra a dhéanamh le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 22(1).

    8.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le haon obair leantach a dhéanfar tar éis cleachtadh faireacháin a chur i gcrích. Tarchuirfidh an Coimisiún na moltaí dá dtagraítear i mír 5 chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle, agus cuirfidh sé ar an eolas iad go tráthrialta faoin dul chun cinn atá déanta ag an mBallstát lena mbaineann agus na moltaí sin á gcur chun feidhme aige.

    CAIBIDIL 6

    CÚNAMH OIBRÍOCHTÚIL AGUS TEICNIÚIL

    Airteagal 16

    Cúnamh oibríochtúil agus teicniúil ón nGníomhaireacht

    1.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht cúnamh oibríochtúil agus teicniúil do Bhallstát i gcomhréir leis an gCaibidil seo:

    (a)

    arna iarraidh sin don Bhallstát maidir le cur chun feidhme a oibleagáidí faoi CET;

    (b)

    arna iarraidh sin don Bhallstát i gcás ina bhfuil brú díréireach ar a chóras tearmainn agus glactha;

    (c)

    i gcás ina bhfuil dúshláin dhíréireacha imirce roimh an mBallstát agus ina n-iarrann sé athneartú oibríochtúil agus teicniúil trí fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce a imscaradh i gcomhréir le hAirteagal 21;

    (d)

    ar a tionscnamh féin agus le comhaontú an Bhallstáit, i gcás ina bhfuil brú díréireach ar chóras tearmainn agus glactha an Bhallstáit;

    (e)

    i gcás ina soláthraíonn sí cúnamh oibríochtúil agus teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 22.

    2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil iomchuí a eagrú agus a chomhordú, agus féadfar déanamh ceann amháin nó níos mó de na bearta oibríochtúla agus teicniúla seo a leanas, ar bhealach lena n-urramaítear cearta bunúsacha ina n-iomláine, a bheith mar chuid de:

    (a)

    cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a shainaithint agus a chlárú, de réir mar is iomchuí, i ndlúthchomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais;

    (b)

    cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh agus a chlárú;

    (c)

    an scrúdú ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá á scrúdú ag na húdaráis inniúla náisiúnta a éascú nó an cúnamh is gá a sholáthar do na húdaráis sin i dtaca leis an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta;

    (d)

    comhthionscnaimh na mBallstát i dtaca le próiseáil na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a éascú;

    (e)

    cúnamh a thabhairt i dtaca le faisnéis a chur ar fáil faoin nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta;

    (f)

    comhairle nó cúnamh a thabhairt i dtaca le saoráidí glactha a chur ar bun nó a sholáthar ag na Ballstáit nó an méid sin a chomhordú, go háirithe ó thaobh cóiríocht, modhanna iompair agus cúnamh liachta éigeandála de;

    (g)

    tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do na Ballstáit agus a gcúraimí agus a n-oibleagáidí á ndéanamh acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 604/2013;

    (h)

    cuidiú le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó le tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a athlonnú nó a aistriú laistigh den Aontas;

    (i)

    seirbhísí ateangaireachta a sholáthar;

    (j)

    cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i dtaca lena áirithiú go bhfuil na coimircí ar fad is gá i ndáil le cearta an linbh agus cosaint an linbh i bhfeidhm, go háirithe maidir le mionaoisigh neamhthionlactha;

    (k)

    cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i dtaca le hiarratasóirí a bhfuil gá acu le ráthaíochtaí speisialta nós imeachta nó iarratasóirí a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu nó daoine eile ar leochaileach a staid, lena n-áirítear mionaoisigh, a shainaithint, i dtaca leis na daoine sin a chur chuig na húdaráis náisiúnta inniúla le haghaidh cúnamh iomchuí ar bhonn bearta náisiúnta, agus i dtaca lena áirithiú go bhfuil na coimircí is gá do na daoine sin i bhfeidhm;

    (l)

    páirt a ghlacadh sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce ag na láithreacha práinne dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1896 i ndlúthchomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais;

    (m)

    foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh;

    (n)

    trealamh teicniúil d’fhoirne tacaíochta tearmainn a imscaradh, de réir mar is iomchuí.

    3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta oibríochtúla agus teicniúla a leagtar amach i mír 2 a mhaoiniú nó a chómhaoiniú óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht.

    4.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin toradh na mbeart oibríochtúil agus teicniúil a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a mheas. Laistigh de 60 lá ón uair a thiocfaidh deireadh le soláthar na mbeart sin, tarchuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascálacha meastóireachta mionsonraithe chuig an mBord Bainistíochta, i dteannta bhreathnuithe an oifigigh um chearta bunúsacha, i gcomhréir leis an scéim tuairiscithe agus meastóireachta dá bhforáiltear i bpleananna oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointe (k). Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís chomparáideach chuimsitheach ar na torthaí sin, a áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 69.

    Airteagal 17

    Nós imeachta le haghaidh cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar

    1.   Díreoidh Ballstáit iarrataí ar chúnamh faoi Airteagal 16(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c), chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Sna hiarrataí sin, déanfar tuairisc ar an staid agus ar chuspóir na hiarrata agus beidh measúnú mionsonraithe ar riachtanais ag gabháil leis na hiarrataí sin agus, de réir mar is iomchuí, tuairisc ar na bearta atá déanta cheana ar an leibhéal náisiúnta.

    2.   I gcás ina gcomhaontaíonn an Ballstát leis an gcúnamh a mholtar ar thionscnamh na Gníomhaireachta faoi Airteagal 16(1), pointe (d), tíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann chuig an nGníomhaireacht measúnú mionsonraithe ar riachtanais agus, de réir mar is iomchuí, tuairisc ar na bearta atá déanta cheana ar an leibhéal náisiúnta.

    3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin iarrataí ar chúnamh a mheas, a fhormheas agus a chomhordú, lena n-áirítear foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra láithreach don Bhord Bainistíochta maidir le hiarraidh ar chúnamh faoi Airteagal 16(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c) a bheith faighte, nó maidir le togra ón nGníomhaireacht i ndáil le cúnamh a sholáthar ar a tionscnamh féin faoi Airteagal 16(1), pointe (d). Scrúdóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an measúnú mionsonraithe ar riachtanais arna thíolacadh ag an mBallstát lena mbaineann faoi mhír 1 nó 2 den Airteagal seo.

    4.   Gach iarraidh ar chúnamh faoi Airteagal 16(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c), agus togra i ndáil le cúnamh a sholáthar ar a tionscnamh féin faoi Airteagal 16(1), pointe (d), cuirfidh an Ghníomhaireacht faoi réir measúnú cuimsitheach iontaofa iad, trína gcumasófar di ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a shainaithint agus a mholadh, chun riachtanais an Bhallstáit lena mbaineann a shásamh. I gcás inar gá, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaithe a sheoladh ón nGníomhaireacht chun measúnú a dhéanamh ar an staid atá sa Bhallstát a bhfuil cúnamh ag teastáil uaidh.

    5.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh maidir le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar lena n-áirítear maidir le foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh:

    (a)

    laistigh de 3 lá oibre ón dáta a bhfaighfear iarraidh faoi Airteagal 16(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c); nó

    (b)

    laistigh de 3 lá oibre ón dáta a gcuireann an Ballstát lena mbaineann a chomhaontú le togra ón nGníomhaireacht cúnamh a chur ar fáil ar a tionscnamh féin faoi Airteagal 16(1), pointe (d), in iúl.

    I gcás ina seolann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaithe chuig an mBallstát lena mbaineann faoi mhír 4, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh de 5 lá oibre ón dáta dá dtagraítear i bpointe (a) nó(b) de réir mar is iomchuí.

    Ag an am céanna a dhéanann sé cinneadh faoin gcéad fhomhír, tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra i scríbhinn maidir lena chinneadh nó lena cinneadh don Bhallstát lena mbaineann agus don Bhord Bainistíochta agus beidh na príomhchúiseanna leis an gcinneadh san fhógra sin.

    Airteagal 18

    Plean oibríochta

    1.   I gcás ina bhfuil cúnamh oibríochtúil agus teicniúil le soláthar, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin plean oibríochta a tharraingt suas i gcomhar leis an mBallstát óstach. Tiocfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát óstach ar chomhaontú maidir leis an bplean oibríochta:

    (a)

    laistigh de 10 lá oibre ón dáta a ndéanfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 17(5) i gcás iarraidh ar chúnamh faoi Airteagal 16(1), pointe (a);

    (b)

    laistigh de 5 lá oibre ón dáta a ndéanfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 17(5) i gcás iarraidh ar chúnamh faoi Airteagal 16(1), pointe (b); nó

    (c)

    laistigh de 5 lá oibre ón dáta a dtabharfaidh an Ballstát a chomhaontú le togra ón nGníomhaireacht cúnamh a sholáthar ar a tionscnamh féin faoi Airteagal 16(1), pointe (d).

    Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha, i gcás inar gá, maidir leis an bplean oibríochta trí na pointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24.

    2.   Beidh plean oibríochta ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar an mBallstát óstach agus ar na Ballstáit rannpháirteacha. Leagfar amach ann go mionsonraithe na coinníollacha maidir le foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh faoi chuimsiú an chúnaimh oibríochtúil agus theicniúil atá le soláthar agus le gnéithe eagrúcháin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    tuairisc ar an staid, agus modus operandi agus cuspóirí imscaradh na bhfoirne tacaíochta tearmainn, lena n-áirítear an cuspóir oibríochta;

    (b)

    an fad atá tuartha d’imscaradh na bhfoirne tacaíochta tearmainn;

    (c)

    an áit sa Bhallstát óstach ina bhfuil na foirne tacaíochta tearmainn le himscaradh chuige;

    (d)

    socruithe lóistíochtúla lena n-áirítear eolas faoi dhálaí oibre na bhfoirne tacaíochta tearmainn;

    (e)

    tuairisc mhionsonraithe agus shoiléir ar chúraimí agus ar fhreagrachtaí na bhfoirne tacaíochta tearmainn, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha;

    (f)

    treoracha do na foirne tacaíochta tearmain, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na bunachair sonraí náisiúnta agus na bunachair sonraí Eorpacha a n-údaraítear dóibh a bhreathnú agus an trealamh a fhéadfaidh siad a úsáid nó a iompar sa Bhallstát óstach;

    (g)

    comhdhéanamh na bhfoirne tacaíochta tearmainn i dtéarmaí próifílí agus líon saineolaithe;

    (h)

    trealamh teicniúil, lena n-áirítear forálacha sonracha amhail coinníollacha úsáide, forálacha iompair agus forálacha lóistíochta eile agus forálacha airgeadais;

    (i)

    gníomhaíochtaí fothaithe acmhainní a bhaineann leis an gcúnamh oibríochtúil agus teicniúil arna sholáthar;

    (j)

    maidir le cúnamh le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear i ndáil le scrúdú na n-iarratas sin, agus gan dochar d’inniúlacht na mBallstát i dtaca le cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta, faisnéis shonrach ar na cúraimí a fhéadfaidh na foirne tacaíochta tearmainn a dhéanamh agus tuairisc shoiléir ar a gcuid freagrachtaí agus ar dlí an Aontais, an dlí náisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear an córas dliteanais;

    (k)

    scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcanna do thuarascáil mheastóireachta, agus an dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a chur isteach;

    (l)

    i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha maidir le comhar le tríú tíortha, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta laistigh dá sainorduithe faoi seach;

    (m)

    bearta lena dtreoraítear daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh agus daoine i staid leochaileach eile ar bith chuig na húdaráis inniúla náisiúnta chun an cúnamh iomchuí a fháil.

    (n)

    socruithe praiticiúla a bhaineann leis an sásra gearán dá dtagraítear in Airteagal 51.

    3.   I mBallstáit ina bhfuil UNHCR ag feidhmiú agus a bhfuil sé d’acmhainn aige rannchuidiú maidir le freagairt ar iarraidh ar chúnamh oibríochtúil agus teicniúil faoi Airteagal 16(1), déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú le UNCHR a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an phlean oibríochta, i gcás inarb iomchuí, agus le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann.

    4.   A mhéid a bhaineann le mír 2, pointe (f), udaróidh an Ballstát óstach do shaineolaithe atá rannpháirteach i bhfoirne tacaíochta tearmainn na bunachair sonraí Eorpacha a bhreathnú agus féadfaidh sé údarú dóibh a bhunachair sonraí náisiúnta a bhreathnú i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta maidir le rochtain agus breathnú na mbunachar sonraí sin, agus de réir mar is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa phlean oibríochta a bhaint amach agus chun na cúraimí sin a dhéanamh.

    5.   Beidh comhaontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus an Bhallstáit óstaigh araon ag teastáil maidir le haon leasuithe nó oiriúnuithe ar phlean oibríochta tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha, i gcás inar gá. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cóip den phlean oibríochta leasaithe nó oiriúnaithe láithreach chuig pointí teagmhála náisiúnta na mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 24.

    6.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dó nó di an Ballstát óstach a chur ar an eolas faoi, imscaradh foirne tacaíochta tearmainn a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go hiomlán nó go páirteach, i gcás:

    (a)

    nach bhfuil na coinníollacha maidir leis na bearta oibríochtúla agus teicniúla a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 16(2) á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an mBallstát óstach;

    (b)

    nach bhfuil an plean oibríochta á urramú ag an mBallstát óstach;

    (c)

    tar éis dul i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha, go measann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil sáruithe ar chearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta á ndéanamh ag an mBallstát óstach agus gur de chineál tromchúiseach iad nó gur dóchúil go leanfar díobh.

    Airteagal 19

    Comhdhéanamh na bhfoirne tacaíochta tearmainn

    1.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin comhdhéanamh gach foirne tacaíochta tearmainn. Ar foirne tacaíochta tearmainn beidh:

    (a)

    saineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta féin;

    (b)

    saineolaithe ó na Ballstáit;

    (c)

    saineolaithe ar iasacht ó na Ballstáit ag an nGníomhaireacht; nó

    (d)

    saineolaithe nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht.

    Agus comhdhéanamh foirne tacaíochta tearmainn á chinneadh, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin san áireamh imthosca sonracha an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfear foireann tacaíochta tearmainn le chéile i gcomhréir leis an bplean oibríochta ábhartha.

    2.   Ar thogra an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le próifílí agus le líon iomlán saineolaithe a chuirfear ar fáil d’fhoireann tacaíochta tearmainn. Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ar na próifílí agus ar an líon foriomlán saineolaithe a dhéanfar ina dhiaidh sin.

    3.   Rannchuideoidh na Ballstáit le foirne tacaíochta tearmainn trí shaineolaithe náisiúnta a ainmniú a chomhfhreagraíonn do na próifílí sin atá ag teastáil de réir mar a chinn an Bord Bainistíochta i gcomhréir le mír 2. Maidir le líon na saineolaithe atá le cur ar fáil i gcomhair na bliana dar gcionn, déanfaidh gach Ballstát iad a bhunú ar bhonn caibidlíochtaí agus comhaontuithe déthaobhacha bliantúla idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát lena mbaineann.

    I gcomhréir leis na comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh Ballstáit a saineolaithe féin nó saineolaithe eile atá tugtha ar iasacht acu don Ghníomhaireacht a chur ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht. I gcás, áfach, nach mór do Bhallstát aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanann difear substaintiúil do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta, ní cheanglófar air na saineolaithe sin a chur ar fáil amhlaidh.

    4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe óna foireann féin a sholáthar d’fhoirne tacaíochta tearmainn, lena n-áirítear saineolaithe atá fostaithe agus oilte chun obair allamuigh a dhéanamh agus ateangairí a bhfuil oiliúint bhunúsach ar a laghad orthu nó taithí chruthaithe a d’fhéadfaí a earcú sna Ballstáit óstacha, nó le saineolaithe eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht le heolas agus taithí ábhartha léirithe i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla.

    5.   Mar chuid de na foirne tacaíochta tearmainn, cuirfidh an Ghníomhaireacht liosta ateangairí le chéile. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh don Ghníomhaireacht ateangairí a shainaithint don liosta ateangairí, lena n-áirítear daoine nach mbaineann le riarachán náisiúnta na mBallstát. Féadfar cúnamh ateangaireachta a sholáthar trí ateangairí a imscaradh sa Bhallstát lena mbaineann nó, i gcás inarb iomchuí, trí fhíschomhdháil.

    6.   Bunófar díorma cúltaca um thearmann de 500 saineolaí ar a laghad chun críoch foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh faoi chuimsiú na n-iarrataí ar chúnamh faoi Airteagal 16(1), pointe (b), tograí ón nGníomhaireacht chun cúnamh a sholáthar ar a tionscnamh féin faoi Airteagal 16(1), pointe (d), agus cúnamh arna sholáthar ag an nGníomhaireacht faoi Airteagal 22. Beidh foireann cúltaca saineolaithe sa díorma cúltaca um thearmann a bheidh ar fáil láithreach ag an nGníomhaireacht. Chun na críche sin, cuirfidh gach Ballstát an líon saineolaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I ar fáil don díorma cúltaca um thearmann. Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, maidir le próifílí na saineolaithe a bheidh le háireamh sa díorma cúltaca um thearmann. Beidh feidhm ag an nós imeachta céanna maidir le haon athruithe ar phróifílí na saineolaithe a dhéanfar ina dhiaidh sin.

    7.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhíorú an gcomhfhreagraíonn na saineolaithe atá curtha ar fáil don díorma cúltaca um thearmann ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 6 do na próifílí arna gcinneadh ag an mBord Bainistíochta faoin mír sin. Roimh an imscaradh, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a iarraidh go mbainfeadh Ballstát saineolaí den díorma cúltaca um thearmann i gcás nach gcomhfhreagraíonn an saineolaí sin don phróifíl atá ag teastáil, agus saineolaí a chur ina ionad nó ina hionad, a comhfhreagraíonn do cheann de na próifílí is gá.

    8.   Gan dochar d’Airteagal 22(5) agus nuair is gá aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil a dhéanann difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta arna fhianú ag an anailís faisnéise ar staid an tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 5, féadfaidh Ballstát iarraidh ar an mBord Bainistíochta i scríbhinn díolúine shealadach a fháil ón oibleagáid i ndáil le saineolaithe a chur ar fáil don díorma cúltaca um thearmann. Soláthrófar san iarraidh sin cúiseanna agus faisnéis atá cuimsitheach maidir leis an staid sa Bhallstát sin. Cinnfidh an Bord Bainistíochta trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu díolúine shealadach a thabhairt don Bhallstát sin ó chuid dá rannchuidiú a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

    Airteagal 20

    Imscaradh foirne tacaíochta tearmainn

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh chuig na Ballstáit chun cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar faoi Airteagal 16(1).

    2.   A luaithe a chomhaontófar plean oibríochta i gcomhréir le hAirteagal 18(1) nó Airteagal 22(2), iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar na Ballstáit a saineolaithe a imscaradh laistigh de 10 lá oibre. Cuirfear an iarraidh sin ar fáil, i scríbhinn, i dteannta cóip den phlean oibríochta, do na pointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24 agus sonrófar inti an dáta atá sceidealta le haghaidh an imscartha.

    3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin foirne tacaíochta tearmainn ón díorma cúltaca um thearmann a imscaradh faoi chuimsiú iarrata ar chúnamh faoi Airteagal 16(1), pointe (b), togra ón nGníomhaireacht chun cúnamh a sholáthar ar a tionscnamh féin faoi Airteagal 16(1), pointe (d), nó cúnamh arna sholáthar ag an nGníomhaireacht faoi Airteagal 22. Déanfar imscaradh na saineolaithe ón díorma cúltaca um thearmann laistigh de 7 lá oibre ón dáta ar a gcomhaontófar an plean oibríochta i gcomhréir le hAirteagal 18(1) nó Airteagal 22(2).

    4.   Déanfaidh na Ballstáit, gan moill mhíchuí, na saineolaithe ón díorma cúltaca um thearmann a imscaradh de réir mar a chinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ní dhéanfaidh an Ballstát óstach saineolaithe a imscaradh i gcás ina bhfuil siad ina gcuid dá rannchuidiú socraithe leis an díorma cúltaca um thearmann. Más ann d’easpa saineolaithe atá ar fáil lena n-imscaradh sa díorma cúltaca um thearmann, cinnfidh an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, conas a líonfar an easpa sin. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas dá réir.

    5.   An Ballstát as a n-imscartar an saineolaí (“an Ballstát baile”) a chinnfidh fad thréimhse an imscartha. Ní bheidh an tréimhse imscartha níos giorra ná 45 lá, ach amháin má tá an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil atá i gceist ag teastáil le haghaidh tréimhse níos giorra.

    6.   Iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go mbainfidh Ballstát saineolaí d’fhoireann tacaíochta tearmainn i gcás mí-iompair nó sárú ar na rialacha is infheidhme. Sna cásanna sin, ní dhéanfar an saineolaí lena mbaineann a mheas le haghaidh imscartha amach anseo.

    7.   Trí bhíthin a tuarascála bliantúla maidir le staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 69, cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le líon na saineolaithe arna dtiomnú agus arna n-imscaradh go dtí na foirne tacaíochta tearmainn i gcomhréir leis an Airteagal seo. Liostófar sa tuarascáil sin na Ballstáit a d’agair an staid eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 19(3) nó (8) sa bhliain roimhe sin. Áireofar inti freisin na cúiseanna leis an staid eisceachtúil a agairt agus an fhaisnéis arna soláthar ag an mBallstát lena mbaineann.

    Airteagal 21

    Foirne tacaíochta don bhainistiú imirce

    1.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát athneartú oibríochtúil agus teicniúil ó fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce faoi Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2019/1896 nó i gcás ina n-imscarfar foirne tacaíochta don bhainistiú imirce i limistéir theophointe faoi Airteagal 42 den Rialachán sin, oibreoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nuair, mar a fhoráiltear in Airteagal 40(2) den Rialachán sin, a dhéanann sé nó sí scrúdú, i gcomhordú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, ar iarraidh ó Bhallstát ar athneartú agus ar mheasúnú ar a riachtanais chun críche pacáiste athneartaithe cuimsitheach a shainiú ina mbeidh gníomhaíochtaí éagsúla arna gcomhordú ag na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais a bheidh le comhaontú ag an mBallstát lena mbaineann.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát óstach agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, téarmaí an chomhair ag an teophointe a bhunú agus beidh sé freagrach as comhordú ghníomhaíochtaí na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce.

    3.   Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, an nós imeachta maidir le foirne tacaíochta tearmainn a imscaradh mar chuid d’fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, lena n-áirítear saineolaithe ón díorma cúltaca um thearmann de réir mar is iomchuí. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sa athneartú oibríochtúil agus teicniúil a sholáthróidh na foirne tacaíochta tearmainn faoi chuimsiú na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce:

    (a)

    cúnamh i dtaca le scagadh ar náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear iad a shainaithint, a chlárú agus, i gcás ina n-iarrfaidh an Ballstát óstach amhlaidh, méarloirg a thógáil agus faisnéis a sholáthar maidir le cuspóir na nósanna imeachta sin;

    (b)

    an fhaisnéis tosaigh a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír ar mian leo iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh agus na náisiúnaigh tríú tír sin a dhíriú chuig na húdaráis náisiúnta inniúla;

    (c)

    faisnéis a sholáthar d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta maidir leis an nós imeachta le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, maidir le dálaí glactha de réir mar is iomchuí agus maidir le hathlonnú, chomh maith le soláthar an chúnaimh is gá d’iarratasóirí nó iarratasóirí féideartha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athlonnaithe;

    (d)

    iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chlárú agus, i gcás ina n-iarrfaidh an Ballstát óstach sin, an scrúdú ar na hiarratais sin a éascú.

    Airteagal 22

    Staid maidir le brú díréireach nó neamhéifeachtacht na gcóras tearmainn agus glactha;

    1.   Féadfaidh an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún faoi Airteagal 15(7), cinneadh a ghlacadh gan mhoill trí ghníomh cur chun feidhme, lena sainaithneofar ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar amach in Airteagal 16(2) atá le glacadh ag an nGníomhaireacht chun tacú le Ballstát agus á cheangal ar an mBallstát sin comhoibriú leis an nGníomhaireacht chun na bearta sin a chur chun feidhme i gcás ina bhfágtar go bhfuil córais tearmainn nó glactha an Ballstáit sin chomh neamhéifeachtach sin go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ann d’fheidhmiú CET agus:

    (a)

    i gcás ina bhfuil córas tearmainn nó glactha an Bhallstáit sin faoi réir brú díréireach a chuireann éileamh trom agus práinneach as an ngnáth ar an gcóras sin agus nach ndéanann an Ballstát sin beart ar leor é chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú sin, lena n-áirítear trí gan cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a iarraidh faoi Airteagal 16(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c), nó trí gan comhaontú le togra ón nGníomhaireacht chun cúnamh den sórt sin a sholáthar ar a tionscamh féin faoi Airteagal 16(1), pointe (d); nó

    (b)

    i gcás nach gcomhlíonann an Ballstát sin moltaí ón gCoimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 15(5).

    Tarchuirfidh an Chomhairle cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig Parlaimint na hEorpa.

    2.   Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, laistigh de 3 lá oibre ón dáta a nglacfar cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1, mionsonraí maidir le cur chun feidhme praiticiúil an chinnidh sin ón gComhairle. I gcomhthráth leis sin, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin plean oibríochta a tharraingt suas agus tíolacfaidh sé nó sí chuig an mBallstát lena mbaineann é. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát lena mbaineann teacht ar chomhaontú faoin bplean oibríochta laistigh de 3 lá oibre ón dáta a dtíolacfar é.

    3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na saineolaithe is gá ón díorma cúltaca um thearmann agus saineolaithe óna foireann féin a imscaradh i gcomhréir le hAirteagal 20(3). Féadfaidh an Ghníomhaireacht foirne tacaíochta tearmainn breise a imscaradh de réir mar is gá.

    4.   Comhlíonfaidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, comhoibreoidh sé leis an nGníomhaireacht agus déanfaidh sé an beart is gá láithreach chun éascú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chinnidh sin agus ar fhorghníomhú praiticiúil na mbeart a leagtar amach sa chinneadh sin agus sa phlean oibríochta, gan dochar dá inniúlacht cinneadh a dhéanamh ar iarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta.

    5.   Chun críoch an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit na saineolaithe ón díorma cúltaca um thearmann a chur ar fáil le haghaidh imscartha de réir mar a chinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ní dhéanfaidh siad an staid dá dtagraítear in Airteagal 19(3) nó (8) a agairt. Ní dhéanfaidh an Ballstát óstach saineolaithe a imscaradh i gcás ina bhfuil siad ina gcuid dá rannchuidiú socraithe leis an díorma cúltaca um thearmann.

    Airteagal 23

    Trealamh teicniúil

    1.   Gan dochar d’oibleagáid an Bhallstáit óstaigh na saoráidí agus an trealamh is gá a sholáthar chun go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil atá de dhíth a sholáthar, féadfaidh an Ghníomhaireacht a trealamh féin a imscaradh chuig an mBallstát óstach, lena n-áirítear arna iarraidh sin dó, a mhéid is gá trealamh den sórt sin d’fhoirne tacaíochta tearmainn agus a mhéid go gcomhlánóidh trealamh den sórt sin an trealamh atá curtha ar fáil cheana féin ag an mBallstát óstach nó ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.

    2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil a fháil nó a thógáil ar léas le cinneadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta. Déanfar anailís chríochnúil riachtanas agus chostais is tairbhe sula bhfaighfear trealamh teicniúil nó sula dtógfar ar léas é. Déanfar foráil i mbuiséad na Gníomhaireachta, agus i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme don Ghníomhaireacht maidir le aon chaiteachas i ndáil le fáil nó tógáil ar léas den sórt sin.

    3.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht slándáil a trealaimh féin feadh shaolré an trealaimh.

    Airteagal 24

    Pointe teagmhála náisiúnta

    Ceapfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta chun cumarsáid a dhéanamh leis an nGníomhaireacht maidir leis na hábhair uile a bhaineann le cúnamh oibríochtúil agus teicniúil faoi mar a thagraítear dó dá dtagraítear in Airteagal 16 agus Airteagal 22.

    Airteagal 25

    Oifigeach comhordúcháin na Gníomhaireachta

    1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme oibríochtúil na ngnéithe oibríochtúla ar fad, lena n-áirítear baill foirne na Gníomhaireachta a bheith i láthair, i ndáil le himscaradh foirne tacaíochta tearmainn agus an cúnamh oibríochtúil agus teicniúil á sholáthar aici faoi Airteagal 16 nó 22.

    2.   Ceapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó ó fhoireann na Gníomhaireachta a ghníomhóidh mar oifigeach comhordúcháin nó a imscarfar mar oifigeach comhordúcháin chun críocha mhír 1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ballstát óstach ar an eolas faoi na ceapacháin sin.

    3.   Forbróidh an t-oifigeach comhordúcháin comhar agus comhordú idir an Ballstát óstach agus na Ballstáit rannpháirteacha. Déanfaidh an t-oifigeach comhordúcháin an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)

    gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, an Ballstát óstach agus saineolaithe atá rannpháirteach i bhfoirne tacaíochta tearmainn agus cúnamh a sholáthar, thar ceann na Gníomhaireachta, maidir le gach ábhar a bhaineann le coinníollacha imscartha na saineolaithe;

    (b)

    faireachán ar chur chun feidhme cuí an phlean oibríochta;

    (c)

    gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta a mhéid a bhaineann le gach gné d’imscaradh foirne tacaíochta tearmainn agus tuairisc a thabhairt don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile;

    (d)

    tuairisc a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcás nach bhfuil an plean oibríochta á chur chun feidhme go hiomchuí.

    4.   Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t-oifigeach comhordúcháin a údarú chun cuidiú le réiteach aon díospóidí a bhaineann le cur chun feidhme an phlean oibríochta agus imscaradh na bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn.

    5.   Agus a chúraimí nó a cúraimí á ndéanamh aige nó aici, oibreoidh an t-oifigeach comhordúcháin i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla agus is ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin amháin a ghlacfaidh an t-oifigeach comhordúcháin treoracha.

    Airteagal 26

    Dliteanas sibhialta

    1.   Is é an Ballstát óstach sin a bheidh faoi dhliteanas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta as aon damáiste a dhéanfaidh saineolaithe atá rannpháirteach i bhfoireann tacaíochta tearmainn ag feidhmiú ar a chríoch agus iad i mbun a n-oibríochtaí.

    2.   Más de thoradh mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil ar thaobh na saineolaithe atá rannpháirteach i bhfoireann tacaíochta tearmainn a rinneadh an damáiste sin, féadfaidh an Ballstát óstach aisíocaíocht a iarraidh ar an mBallstát baile nó ar an nGníomhaireacht chun ar aon airgead a d’íoc sé leis na páirtithe díobhálaithe nó le daoine a bhfuil teideal acu glacadh le suimeanna den sórt sin thar a gceann.

    3.   Gan dochar d’fheidhmiú a cheart i leith tríú páirtithe, déanfaidh gach Ballstát a éilimh in aghaidh an Bhallstáit óstaigh nó in aghaidh aon Bhallstáit eile i leith aon damáiste a rinneadh dó a tharscaoileadh, seachas i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

    4.   Aon díospóid idir na Ballstáit nó idir Ballstát agus an Ghníomhaireacht a bhaineann le feidhmiú mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo nach féidir a réiteach trí chaibidlíocht eatarthu, cuirfidh siad faoi bhráid CBAE í i gcomhréir le hAirteagal 273 CFAE.

    5.   Gan dochar d’fheidhmiú a ceart i leith tríú páirtithe, seasfaidh an Ghníomhaireacht costais damáiste arna dhéanamh dá threalamh le linn imscaradh, seachas i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil.

    Airteagal 27

    Dliteanas coiriúil

    Le linn imscaradh foirne tacaíochta tearmainn, caithfear leis na saineolaithe arna n-imscaradh ar an mbealach céanna le feidhmeannaigh de chuid an Bhallstáit óstaigh maidir le haon chionta coiriúla a d’fhéadfaí a dhéanamh ina n-aghaidh nó a d’fhéadfadh siadsan a dhéanamh.

    Airteagal 28

    Costais

    1.   Seasfaidh an Ghníomhaireacht na costais a thabhaigh saineolaithe atá rannpháirteach i bhfoireann tacaíochta tearmainn, go háirithe na costais seo a leanas:

    (a)

    costais a bhaineann le taisteal ón mBallstát baile go dtí an Ballstát óstach, taisteal ón mBallstát óstach go dtí an Ballstát baile agus taisteal laistigh den Bhallstát óstach chun críoch imscartha;

    (b)

    costais a bhaineann le vacsaínithe;

    (c)

    costais a bhaineann le riachtanais speisialta árachais;

    (d)

    costais a bhaineann le cúram sláinte;

    (e)

    liúntais chothabhála laethúla, lena n-áirítear costais chóiríochta;

    (f)

    costais a bhaineann le trealamh teicniúil na Gníomhaireachta;

    (g)

    táillí na saineolaithe;

    (h)

    costais iompair lena n-áirítear costais chíosa gluaisteán agus costais ghaolmhara amhail árachas, breosla agus dolaí;

    (i)

    costais teileachumarsáide.

    2.   Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha mionsonraithe agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad de réir mar is gá a mhéid a bhaineann le híoc costas arna dtabhú ag na saineolaithe i gcomhréir le mír 1.

    CAIBIDIL 7

    MALARTÚ FAISNÉISE AGUS COSAINT SONRAÍ

    Airteagal 29

    Córais mhalartaithe faisnéise

    1.   Éascóidh an Ghníomhaireacht malartú na faisnéise is ábhartha maidir lena cúraimí leis an gCoimisiún, na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais.

    2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), córas faisnéise a fhorbairt agus a oibriú a bheidh in ann faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (23) agus le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (24) agus sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 31 agus Airteagal 32 den Rialachán seo a mhalartú leis na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    Airteagal 30

    Cosaint sonraí

    1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht Rialachán (AE) 2018/1725 i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aici.

    2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta bearta chun Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hoifigeach um chosaint sonraí na Gníomhaireachta a cheapadh. Déanfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

    3.   Gan dochar d’Airteagal 31 agus Airteagal 32, féadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch riaracháin is gá a bhaineann leis an bpearsanra.

    4.   Beidh cosc ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an nGníomhaireacht a aistriú, agus beidh cosc ar na Ballstáit sonraí pearsanta arna bpróiseáil faoi chuimsiú an Rialacháin seo a aistriú ina dhiaidh sin chuig údaráis tríú tíortha nó chuig tríú páirtithe, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    5.   De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh an Ghníomhaireacht, faoi réir thoiliú an náisiúnaigh tríú tír sin agus an toiliú sin tugtha go feasach agus faoi shaoirse, arna shainaithint nó arna sainaithint chun críche an nós imeachta athlonnaithe a chur i gcrích, a ainm iomlán nó a hainm iomlán, faisnéis maidir le dul chun cinn an nós imeachta athlonnaithe a bhaineann leis nó léi agus faisnéis maidir le toradh nós imeachta athlonnaithe den sórt sin a aistriú chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a mhéid is gá chun na críche sin. Ní dhéanfar tuilleadh próiseála ar na sonraí pearsanta sin chun aon chríoch eile ná ní aistreofar ar aghaidh iad.

    6.   Nuair a dhéanann saineolaithe atá rannpháirteach i bhfoirne tacaíochta tearmainn próiseáil ar shonraí pearsanta faoi threoracha an Bhallstáit óstaigh, le linn cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a bheith á sholáthar don Bhallstát sin, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679.

    Airteagal 31

    Cuspóirí na próiseála ar shonraí pearsanta

    1.   Ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil ach a mhéid is gá agus chun na gcríoch seo a leanas amháin:

    (a)

    cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus le hAirteagal 21(2) agus (3);

    (b)

    sampláil cásanna a dhéanamh chun críoch an fhaireacháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 14;

    (c)

    chun malartú faisnéise le húdaráis náisiúnta inniúla, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Europol nó Eurojust a éascú i gcomhréir le hAirteagal 37 agus faoi chuimsiú na faisnéise arna fáil agus na cúraimí atá liostaithe in Airteagal 21(3) á ndéanamh i gcás inar gá chun a gcuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach;

    (d)

    chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le staid an tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 5;

    (e)

    cúnamh á thabhairt do na Ballstáit lena gcuid gníomhaíochtaí maidir le hathlonnú.

    2.   I gcás ina ndéantar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta, urramófar prionsabal na comhréireachta agus beidh sí teoranta do na sonraí pearsanta is gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Na Ballstáit nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a sholáthróidh sonraí pearsanta don Ghníomhaireacht, ní dhéanfaidh siad sonraí a aistriú go dtí an Ghníomhaireacht ach chun na gcríoch sin dá dtagraítear i mír 1. Beidh cosc ar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta arna gcoinneáil chun críoch seachas na críocha dá dtagraítear i mír 1.

    4.   Féadfaidh na Ballstáit nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, a dhéanann sonraí pearsanta a sholáthair chuig an nGníomhaíocht, aon srian ar rochtain nó ar úsáid na faisnéise sin, go ginearálta nó go sonrach, lena n-áirítear a haistriú, a scriosadh nó a díothú, a chur in iúl. Ar aistriú na sonraí pearsanta, i gcás inar léir gá a bheith lena leithéid de shrianta, cuirfidh an Ballstát nó comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais an Ghníomhaireacht ar an eolas dá réir. Cloífidh an Ghníomhaireacht leis na srianta sin.

    Airteagal 32

    Próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun cúnamh oibríochtúil agus teicniúil a sholáthar agus chun críoch athlonnaithe.

    1.   An phróiseáil a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht ar shonraí pearsanta a bhailíonn sí nó a tharchuireann na Ballstáit nó a foireann féin chuici agus cúnamh oibríochtúil nó teicniúil á sholáthar aici do na Ballstáit agus chun críoch athlonnaithe, déanfar í a theorannú do na sonraí seo a leanas maidir le náisiúnaigh triú tír:

    (a)

    ainm iomlán;

    (b)

    dáta breithe agus áit bhreithe;

    (c)

    áit chónaithe nó fanachta;

    (d)

    inscne;

    (e)

    aois;

    (f)

    náisiúntacht;

    (g)

    gairm;

    (h)

    oideachas;

    (i)

    baill teaghlaigh;

    (j)

    dáta agus áit an teacht i dtír;

    (k)

    sonraí méarlorg;

    (l)

    sonraí íomhá aghaidhe; agus

    (m)

    stádas i ndáil le cosaint idirnáisiúnta.

    2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil i gcás inar gá le haghaidh ceann amháin de na críocha seo a leanas:

    (a)

    chun beart oibríochtúil nó teicniúil a dhéanamh faoi Airteagal 16(2), pointe (a), (b), (c), (g) nó (h);

    (b)

    chun na sonraí pearsanta sin a tharchur chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, chuig Europol nó chuig Eurojust chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir lena sainorduithe féin agus i gcomhréir le hAirteagal 30;

    (c)

    chun na sonraí pearsanta sin a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta atá freagrach as seirbhísí tearmainn agus imirce agus seirbhísí ábhartha eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le rialacha náisiúnta agus an Aontais um chosaint sonraí;

    (d)

    chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis maidir le staid an tearmainn amhail dá dtagraítear in Airteagal 5;

    (e)

    chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit lena gcuid gníomhaíochtaí maidir le hathlonnú.

    3.   I gcás ina bhfuil fíorghá leis le haghaidh beart oibríochtúil nó teicniúil faoi Airteagal 16(2), pointe (c), nó chun na críche dá dtagraítear i mír 2, pointe (e), den Airteagal seo, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i ndáil le cás faoi leith, próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta is gá chun measúnú a dhéanamh i dtaobh náisiúnach tríú tír a bheith incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta, agus ar shonraí pearsanta maidir le sláinte nó leochaileachtaí sonracha náisiúnaigh tríú tír. Ní thabharfar rochtain ar na sonraí pearsanta sin ach do bhaill foirne a bhfuil, sa chás áirithe sin, eolas maidir leo sin de dhíth orthu. Déanfaidh na baill foirne sin rúndacht na sonraí sin a choimirciú. Ní dhéanfar tuilleadh próiseála ar na sonraí pearsanta sin ná ní aistreofar ar aghaidh iad.

    4.   Scriosfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí pearsanta a luaithe a tharchuirfidh sí iad chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig Europol nó chuig Eurojust nó chuig na húdaráis náisiúnta inniúla nó a luaithe a úsáidfear iad chun anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a dhéanamh maidir le staid an tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 5. I gcás ar bith, ní rachaidh an tréimhse stórála sonraí thar 30 lá tar éis an dáta ar a mbaileoidh nó ar a bhfaighidh an Ghníomhaireacht na sonraí pearsanta sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a chur i ndíth ainm san anailís faisnéise ar staid an tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 5.

    5.   Scriosfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a fhaightear chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 31(1), pointe (e), a luaithe nach mbeidh siad riachtanach a thuilleadh chun na críche dá bhfuarthas iad agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 30 lá ón dáta ar ar athlonnaíodh an náisiúnach tríú tír.

    6.   Gan dochar do chearta eile dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679 agus i dteannta na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán sin, déanfaidh saineolaithe atá rannpháirteach i bhfoirne tacaíochta tearmainn a tharchuireann sonraí pearsanta de bhun mhír 1 den Airteagal seo sonraí teagmhála an údaráis maoirseachta ábhartha atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leis an Rialacháin sin agus as an gcomhlíonadh sin a fhorfheidhmiú a chur ar fáil do náisiúnaigh triú tír, tráth a mbailítear a sonraí pearsanta.

    Airteagal 33

    Comhar leis an Danmhairg

    Éascóidh an Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil leis an Danmhairg, lena n-áirítear faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le cúrsaí a chumhdaítear lena gníomhaíochtaí.

    Airteagal 34

    Comhar le tíortha comhlachaithe

    1.   Beidh an Ghníomhaireacht toilteanach deis a thabhairt don Íoslainn, do Lichtinstéin, don Iorua, agus don Eilvéis a bheith rannpháirteach.

    2.   Leagfar amach cineál, méid agus modh rannpháirtíocht na hÍoslainne, Lichtinstéin, na hIorua, agus na hEilvéise in obair na Gníomhaireachta sna socruithe ábhartha. Áireofar sna socruithe sin forálacha a bhaineann le rannpháirtíocht i dtionscnaimh a dtugann an Ghníomhaireacht fúthu, ranníocaíochtaí airgeadais, rannpháirtíocht i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta agus na foirne. A mhéid a bhaineann le foireann, comhlíonfaidh na socruithe sin Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais (“na Coinníollacha Fostaíochta”) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (25).

    Airteagal 35

    Comhar le tríú tíortha

    1.   I dtaca le cúrsaí a bhaineann lena gníomhaíochtaí agus, a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a éascú agus a spreagadh, faoi chuimsiú bheartas seachtrach an Aontais, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha a chosaint, agus i gcomhar le SEGS. Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit noirm agus caighdeáin a chomhlíonadh ar cuid iad de dhlí an Aontais, lena n-áirítear nuair atá gníomhaíochtaí á ndéanamh acu ar chríoch na tríú tíortha.

    2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le húdaráis tríú tíortha atá inniúil maidir le cúrsaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo le tacaíocht ó thoscaireachtaí de chuid an Aontais, agus i gcomhar leo, go háirithe d’fhonn caighdeáin an Aontais maidir le tearmann a chur chun cinn, cúnamh a thabhairt do thríú tíortha a mhéid a bhaineann le saineolas agus fothú acmhainní dá gcórais tearmainn agus ghlactha féin, agus cláir um fhorbairt agus um chosaint réigiúnach agus bearta eile a chur chun feidhme. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhar den sórt sin a dhéanamh faoi chuimsiú na socruithe oibre a tugadh chun críche leis na húdaráis sin i gcomhréir le dlí agus beartas an Aontais. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na socruithe oibre sin a bheidh faoi réir formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas sula mbeidh socrú oibre curtha i gcrích.

    3.   Faoi chuimsiú an chomhair le tríú tíortha, féadfaidh an Ghníomhaireacht tacú le Ballstát scéimeanna athlonnaithe a chur chun feidhme, arna iarraidh sin don Bhallstát sin.

    4.   Faoi chuimsiú bheartas seachtrach an Aontais, beidh an Ghníomhaireacht rannpháirteach, i gcás inarb iomchuí, i gcur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt chun críche ag an Aontas le tríú tíortha maidir le cúrsaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo.

    5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht tairbhiú de chistiú ón Aontas i gcomhréir le forálacha na n-ionstraimí ábhartha lena dtugtar tacaíocht do bheartas seachtrach an Aontais. Féadfaidh an Ghníomhaireacht tionscadail um chúnamh teicniúil a sheoladh agus a mhaoiniú i dtríú tíortha maidir le cúrsaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo.

    6.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí a dhéantar de bhun an Airteagail seo trí bhíthin a tuarascála bliantúla ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 69. Beidh measúnú ar an gcomhar le tríú tíortha sa tuarascáil sin chomh maith.

    Airteagal 36

    Oifigigh idirchaidrimh i dtríú tíortha

    1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe óna foireann féin a imscaradh mar oifigigh idirchaidrimh. Beidh an chosaint is treise dá bhfuil ann ag oifigigh idirchaidrimh agus a ndualgais á gcur i gcrích acu i dtríú tíortha. Ní imscarfar oifigigh idirchaidrimh ach amháin chuig tríú tíortha ina bhfuil a gcleachtais bainistithe imirce agus tearmainn ag comhlíonadh caighdeáin neamh-mhaolaithe chearta an duine.

    2.   Faoi chuimsiú chreat bheartas seachtrach an Aontais, tabharfar tosaíocht i gcás imscaradh oifigeach idirchaidrimh do na tríú tíortha sin is ionann, bunaithe ar an anailís faisnéise ar staid tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 5, agus tíortha tionscnaimh nó tíortha idirthurais maidir le himirce a bhaineann le tearmann. Beidh imscaradh na n-oifigeach idirchaidrimh faoi réir formheasa ag an mBord Bainistíochta.

    3.   Áireofar ar chúraimí na n-oifigeach idirchaidrimh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus ar bhealach lena n-urramaítear cearta bunúsacha ina n-iomláine, teagmháil a bhunú agus a choimeád le húdaráis inniúla an tríú tír ar imscaradh dóibh chuici d’fhonn faisnéis a bhailiú, rannchuidiú le bainistíocht imirce atá íogair ó thaobh na cosanta de a bhunú agus, de réir mar is iomchuí, rochtain a éascú ar chonairí dleathacha i dtreo an Aontais do dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu lena n-áirítear trí bhíthin athlonnaithe. Comhordóidh na hoifigigh idirchaidrimh go dlúth le toscaireachtaí an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe UNHCR.

    4.   Beidh cinneadh na Gníomhaireachta maidir le hoifigigh idirchaidrimh a imscaradh chuig tríú tíortha faoi réir tuairim a fháil roimh ré ón gCoimisiún. Coimeádfar Parlaimint na hEorpa ar an eolas go hiomlán dá réir gan mhoill.

    Airteagal 37

    Comhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

    1.   Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht, le comhlachtaí, le hoifigí agus le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí sa réimse céanna gníomhaíochta, go háirithe comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí i réimse an cheartais agus gnóthaí baile atá inniúil maidir le cúrsaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo.

    2.   Déanfar an comhar dá dtagraítear i mír 1, faoi réir fhormheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré, faoi chuimsiú na socruithe oibre a tugadh chun críche leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i sa mhír sin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon socruithe oibre den sórt sin.

    3.   Cruthófar leis an gcomhar dá dtagraítear i mír 1 sineirgí idir comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus seachnófar aon dúbláil díchill i dtaca leis an obair a dhéanfaidh gach comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais de bhun a sainordaithe féin.

    Airteagal 38

    Comhar le UNHCR agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile

    Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht le heagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe UNHCR, sna limistéir atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, faoi chuimsiú na socruithe oibre a tugadh chun críche i gcomhar leis heagraíochtaí den sórt sin, i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis na hionstraimí lena leagtar amach inniúlacht na n-eagraíochtaí sin. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na socruithe oibre a bheidh faoi réir formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon socruithe oibre den sórt sin.

    CAIBIDIL 8

    EAGRÚ NA GNÍOMHAIREACHTA

    Airteagal 39

    Struchtúr riaracháin agus bainistíochta

    Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta ná an méid seo a leanas:

    (a)

    Bord Bainistíochta, a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 41;

    (b)

    Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chomhlíonfaidh na freagrachtaí a leagtar amach in Airteagal 47;

    (c)

    Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, mar a bhunaítear in Airteagal 48;

    (d)

    oifigeach um chearta bunúsacha, mar a bhunaítear in Airteagal 49; agus

    (e)

    Fóram Comhchomhairleach, mar a bhunaítear in Airteagal 50.

    Airteagal 40

    Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

    1.   Ar an mBord Bainistíochta beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún. Beidh ceart vótála ag ceann duine de na hionadaithe sin.

    2.   Beidh ionadaí amháin ó UNHCR ar an mBord Bainistíochta. Ní bheidh ceart vótála ag an ionadaí sin.

    3.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh comhalta malartach ionadaíocht do chomhalta den Bhord Bainistíochta nuair a bheidh an comhalta as láthair.

    4.   Ceapfar comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha i bhfianaise a gcuid eolais agus saineolais ar réimse an tearmainn, agus a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh. Díreoidh na páirtithe uile atá páirteach ar ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

    5.   Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Féadfar athnuachan a dhéanamh ar an téarma sin. Tráth a éagfaidh a dtéarma oifige nó i gcás ina n-éiríonn siad as oifig, fanfaidh na comhaltaí in oifig go dtí go ndéanfar athnuachan ar a dtéarma oifige nó go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad.

    Airteagal 41

    Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

    1.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta treorú ginearálta maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus áiritheoidh sé go gcuireann an Ghníomhaireacht a cúraimí i gcrích. Go háirithe, déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

    (a)

    glacfaidh sé buiséad bliantúil na Gníomhaireachta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu agus feidhmeoidh sé feidhmeanna eile i dtaca le buiséad na Gníomhaireachta de bhun Chaibidil 9;

    (b)

    glacfaidh sé tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, seolfaidh sé í, faoin 1 Iúil gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus cuirfidh sé ar fáil don phobal í;

    (c)

    glacfaidh sé na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 56;

    (d)

    déanfaidh sé na cinntí uile chun sainordú na Gníomhaireachta a chomhlíonadh de réir mar a leagtar síos sa Rialachán seo;

    (e)

    glacfaidh sé straitéis frithchalaoise, a bheidh comhréireach leis an riosca calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme mar chuid den straitéis sin á gcur san áireamh;

    (f)

    glacfaidh sé rialacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaca lena chomhaltaí;

    (g)

    glacfaidh sé na pleananna cumarsáide agus scaipthe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad ar bhonn rialta, ar bhonn anailíse ar riachtanais;

    (h)

    glacfaidh sé a rialacha nós imeachta;

    (i)

    feidhmeoidh sé, i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí atá tugtha don údarás ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus faoi na Coinníollacha Fostaíochta ar an údarás atá cumhachtaithe chun conradh fostaíochta a thabhairt chun críche (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”);

    (j)

    glacfaidh sé rialacha iomchuí cur chun feidhme chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

    (k)

    ceapfaidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, feidhmeoidh sé údarás araíonachta orthu agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé síneadh lena dtéarma oifige nó cuirfidh sé as oifig iad i gcomhréir le hAirteagal 46 nó Airteagal 48, de réir mar is iomchuí;

    (l)

    ceapfaidh sé an t-oifigeach um chearta bunúsacha, faoi réir na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, ó rogha iarrthóirí arna moladh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    (m)

    ceapfaidh sé oifigeach cuntasaíochta, faoi réir na Rialachán Foirne agus faoi réir na gCoinníollacha Fostaíochta, a bheidh go hiomlán neamhspleách agus é nó í i mbun a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh;

    (n)

    glacfaidh sé tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 69;

    (o)

    glacfaidh sé na cinntí uile maidir le forbairt na gcóras faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear an tairseach faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b);

    (p)

    glacfaidh sé na rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán seo;

    (q)

    déanfaidh sé bearta don Ghníomhaireacht chun Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hoifigeach um chosaint sonraí na Gníomhaireachta a cheapadh.

    (r)

    glacfaidh sé beartas foirne na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 60;

    (s)

    glacfaidh sé gach bliain beartas foirne na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 42;

    (t)

    glacfaidh sé na cinntí uile maidir le struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta a leagan síos agus, más gá, maidir lena modhnú;

    (u)

    áiritheoidh sé go ndéanfar obair leantach leormhaith ag féachaint do thorthaí agus moltaí na dtuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha agus na meastóireachtaí, agus imscrúduithe ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF);

    (v)

    glacfaidh sé na caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoracha agus dea-chleachtais arna bhforbairt ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 13(2);

    (w)

    formhuineoidh sé na nótaí treorach maidir le faisnéis faoin tír thionscnaimh agus aon athbhreithniú nó nuashonrú ar na nótaí treorach sin i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus (4);

    (x)

    glacfaidh sé cinneadh lena leagfar síos modheolaíocht choiteann don sásra faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 14;

    (y)

    glacfaidh sé an clár le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm oibríochtúil agus teicniúil CET i gcomhréir le hAirteagal 15(1);

    (z)

    glacfaidh sé na moltaí tar éis cleachtadh faireacháin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(4);

    (aa)

    déanfaidh sé próifílí agus líon foriomlán na saineolaithe a chuirfear ar fáil d’fhoirne tacaíochta tearmainn agus don díorma cúltaca um thearmann a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19(2) agus (6);

    (ab)

    glacfaidh sé straitéis maidir le caidreamh le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí a bhfuil inniúlacht ag an nGníomhaireacht ina leith, chomh maith le socrú oibre i gcomhar leis an gCoimisiún le haghaidh cur chun feidhme na straitéise sin;

    (ac)

    déanfaidh sé tabhairt chun críche socruithe oibre a údarú agus a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 35, Airteagal 37 agus Airteagal 38.

    2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena mbunaítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean sin de chumhachtaí an údaráis ceapacháin sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí an údaráis ceapacháin sin a fho-tharmligean.

    I gcás inar gá i ngeall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na gcumhachtaí sin atá á bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúchán a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó dá fhoireann seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    3.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta Bord Feidhmiúcháin beag a bhunú chun cuidiú leis agus leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir leis na cinntí, na cláir agus na gníomhaíochtaí a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta a ullmhú. I gcás inar gá, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha, práinneacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin. Ní ghlacfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí a cheanglaítear a rith le tromlach dhá thrian nó trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Féadfaidh an Bord Bainistíochta cúraimí áirithe atá sainithe go soiléir a tharmligean chuig an mBord Feidhmiúcháin, go háirithe i gcás ina gcuirfidh tarmligean den sórt sin le héifeachtúlacht na Gníomhaireachta. Ní dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cúraimí a bhaineann le cinntí a cheanglaítear a rith le tromlach dhá thrian nó trí cheathrú de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a tharmligean chuig an mBord Feidhmiúcháin. Chun críoch an Bord Feidhmiúcháin a bhunú, glacfaidh an Bord Bainistíochta síos a rialacha nós imeachta. Cuimseoidh na rialacha nós imeachta sin, go háirithe, comhdhéanamh agus feidhmeanna an Bhoird Feidhmiúcháin.

    Airteagal 42

    Clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla

    1.   Seolfaidh an Bord Bainistíochta dréachtleagan de dhoiciméad clársceidealaithe ina mbeidh an clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil, bunaithe ar dhréacht a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar aghaidh, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Sa chaoi chéanna, seolfaidh an Bord Bainistíochta aon dréacht-leaganacha den doiciméad clársceidealaithe arna nuashonrú níos déanaí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

    Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, an doiciméad clársceidealaithe, agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh aige agus, i gcás an chlársceidealaithe bhliantúil, tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Bord Bainistíochta ar aghaidh gan mhoill an doiciméad clársceidealaithe chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

    Beidh an doiciméad clársceidealaithe cinntitheach tar éis ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais agus, más gá, coigeartófar é dá réir.

    2.   Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán meántéarmach agus fadtéarmach, lena n-áirítear cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus líon na foirne.

    Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil na limistéir straitéiseacha idirghabhála agus míneofar ann a mbeidh de dhíth chun na cuspóirí a leagtar amach ann a bhaint amach. Áireofar sa chlársceidealú ilbhliantúil an straitéis maidir le caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 35 agus Airteagal 38, faoi seach, na bearta a bhaineann leis an straitéis sin agus sonrófar ann na hacmhainní a ghabhfaidh léi.

    Cuirfear an clársceidealú ilbhliantúil chun feidhme trí bhíthin cláir oibre bhliantúla. Déanfar an clársceidealú ilbhliantúil a nuashonrú gach bliain agus i gcás inarb iomchuí, go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 70.

    3.   Sa chlár oibre bliantúil beidh cuspóirí mionsonraithe agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc sa chlár oibre bliantúil freisin ar na bearta atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe ghníomhaíochtbhunaithe. Beidh an clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 2. Léireofar go soiléir sa chlár oibre bliantúil na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe.

    4.   Leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht.

    Déanfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil a ghlacadh tríd an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    Airteagal 43

    Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

    1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc a gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach trí thromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.

    Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh i gcás ina gcuirfear bac air nó uirthi a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh.

    2.   Mairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh 4 bliana, agus féadfar é a athnuachan uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena mballraíocht sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

    Airteagal 44

    Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

    1.   Tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

    2.   Glacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i bplé an Bhoird Bainistíochta, ach ní bheidh ceart vótála aige.

    3.   Ní ghlacfaidh ionadaí UNHCR páirt in aon chruinniú i gcás ina mbeidh na feidhmeanna a leagtar síos in Airteagal 41(1), pointe (e), (f), (i), (j), (k), (p), (r), (s), (t) nó (u), nó in Airteagal 41(2), á gcomhlíonadh ag an mBord Bainistíochta lena linn, nó i gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta acmhainní airgeadais a chur ar fáil chun gníomhaíochtaí UNHCR a mhaoiniú dá bhforáiltear in Airteagal 52 lena gcuirfear ar chumas na Gníomhaireachta tairbhiú de shaineolas an UNHCR, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 52.

    4.   Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta in aghaidh na bliana. Sa bhreis air sin, reáchtálfar cruinnithe de chuid an Bhoird Bainistíochta ar thionscnamh a Chathaoirligh, nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí.

    5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh tuairim ábhartha a bheith aige freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóir.

    6.   Tabharfar cuireadh don Danmhairg ionadaí a sheoladh chun freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

    7.   Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí agus ag comhaltaí malartacha an Bhoird Bainistíochta ag na cruinnithe.

    8.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

    Airteagal 45

    Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

    1.   Mura bhforáiltear a mhalairt, déanfaidh an Bord Bainistíochta a chinntí a ghlacadh trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

    2.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta a bhfuil ceart vótála aige. In éagmais comhalta a bhfuil ceart vótála aige, beidh a chomhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.

    3.   Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

    4.   Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.

    5.   Ní dhéanfaidh ionadaithe na mBallstát nach mbíonn rannpháirteach go hiomlán in acquis an Aontais i réimse an tearmainn vóta a chaitheamh i gcás ina nglaofar ar an mBord Bainistíochta caighdeáin oibríochtúla, táscairí, treoirlínte nó na dea-chleachtais a ghlacadh a bhaineann go heisiach le hionstraim tearmainn de chuid an Aontais nach bhfuil ina cheangal ar na Ballstáit a bhfuil na hionadaithe ag déanamh ionadaíocht orthu.

    6.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

    Airteagal 46

    An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

    1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina chomhalta foirne agus ceapfar é mar ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (a), de na Coinníollacha Fostaíochta.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún ar a laghad triúr iarrthóirí a mholadh do phost an stiúrthóra feidhmiúcháin a bhunófar ar liosta tar éis fógra faoin bpost a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar is iomchuí, i bhfoinsí eile preasa nó ar shuíomhanna idirlín.

    3.   Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin de bhua fiúntais, scileanna deimhnithe ardleibhéil i réimsí an riaracháin agus na bainistíochta, agus de bhua taithí ghairmiúil shinsearach i réimse na himirce agus an tearmainn. Sula gceapfar é nó í, iarrfar ar na hiarrthóirí a mholann an Coimisiún ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna a chuirfidh na comhaltaí den choiste sin nó de na coistí sin a fhreagairt.

    Tar éis ráiteas den sórt sin, glacfaidh Parlaimint na hEorpa tuairim lena leagfar amach a dearcthaí agus féadfar iarrthóir is fearr léi a léiriú ann.

    Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tuairim Pharlaimint na hEorpa dá dtagraítear sa dara fomhír á cur san áireamh.

    Má dhéanann an Bord Bainistíochta cinneadh iarrthóir a cheapadh seachas an t-iarrthóir a léirigh Parlaimint na hEorpa mar an iarrthóir ab fhearr léi, cuirfidh an Bord Bainistíochta an modh a cuireadh tuairim Pharlaimint na hEorpa san áireamh in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i scríbhinn.

    Chun críche an conradh a thabhairt chun críche leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

    4.   Mairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin 5 bliana. Roimh dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún faoi mheasúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

    5.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 4 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh 5 bliana ar a mhéad.

    6.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas má tá sé ar intinn aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Laistigh de thréimhse míosa roimh aon síneadh den sórt sin, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste inniúil nó os comhair coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus aon cheisteanna a chuirfidh comhaltaí an choiste nó na gcoistí sin a fhreagairt.

    7.   Ní bheidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar cuireadh síneadh lena théarma nó lena téarma oifige, rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

    8.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

    9.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoin gceapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

    Airteagal 47

    Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ghníomhaireacht a bhainistiú. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta.

    2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Bainistíochta, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí ná ní ghlacfaidh sé nó sí le treoracha ó aon rialtas, institiúid, duine ná ó chomhlacht eile.

    3.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas nuair a iarrtar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

    4.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t-ionadaí dlíthiúil a bheidh ag an nGníomhaireacht.

    5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach go háirithe as:

    (a)

    riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

    (b)

    cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

    (c)

    doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 42 a ullmhú agus iad a thíolacadh chuig an mBord Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

    (d)

    doiciméid chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 42 a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme;

    (e)

    tuarascálacha bliantúla comhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus iad a thíolacadh chuig an mBord Bainistíochta lena nglacadh;

    (f)

    plean gníomhaíochta a ullmhú ag féachaint do chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe de chuid OLAF, mar aon le tuairisc ar an dul chun cinn a chur chuig an gCoimisiún dhá uair sa bhliain, agus chuig an mBord Bainistíochta agus, más infheidhme, chuig an mBord Feidhmiúcháin ar bhonn rialta;

    (g)

    gan dochar d’inniúlacht imscrúdaitheach OLAF, leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina n-aimsítear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

    (h)

    straitéis frith-chalaoise don Ghníomhaireacht a ullmhú agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

    (i)

    na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú;

    (j)

    dréachtráitis shealadacha na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais na Gníomhaireachta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 53 agus a buiséad a chur chun feidhme;

    (k)

    na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 60 a fheidhmiú i dtaca le foireann na Gníomhaireachta;

    (l)

    na cinntí uile a dhéanamh maidir leis na córais faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bhainistiú, lena n-áirítear an tairseach faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b);

    (m)

    na cinntí uile a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha na Gníomhaireachta a bhainistiú;

    (n)

    tuarascálacha a dhréachtú ar an staid i dtríú tíortha amhail dá dtagraítear in Airteagal 9;

    (o)

    an anailís choiteann agus na nótaí treorach a thíolacadh chuig an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 11(2);

    (p)

    foirne saineolaithe a chur ar bun chun críoch Airteagal 14 agus Airteagal 15 a chomhdhéanfar de shaineolaithe ó fhoireann na Gníomhaireachta féin, ón gCoimisiún agus, i gcás inar gá, ó na Ballstáit agus, mar bhreathnóirí, ó UNHCR;

    (q)

    cleachtadh faireacháin a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 15(2);

    (r)

    na torthaí agus na dréachtmholtaí i gcomhthéacs cleachtadh faireacháin a thíolacadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an mBord Bainistíochta ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 15(3) agus (4);

    (s)

    tuairiscí a thabhairt don Bhord Bainistíochta agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(5);

    (t)

    formheas, comhordú agus meastóireacht a dhéanamh ar iarratais ar chúnamh oibríochtúil agus teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus le hAirteagal 20;

    (u)

    cur chun feidhme na bpleananna oibríochta faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 18 a áirithiú;

    (v)

    comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna foirne tacaíochta don bhainistiú imirce i gcomhar leis an gCoimisiún agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 21(1);

    (w)

    cur chun feidhme cinntí ón gComhairle faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 22(2) a áirithiú;

    (x)

    cinneadh a dhéanamh, i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, maidir le trealamh teicniúil a fháil mar éadáil nó ar léas i gcomhréir le hAirteagal 23(2);

    (y)

    rogha iarrthóirí a mholadh do cheapachán an oifigigh um chearta bunúsacha i gcomhréir le hAirteagal 49(1);

    (z)

    oifigeach comhordúcháin na Gníomhaireachta a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 25(2).

    Airteagal 48

    Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin

    1.   Tabharfaidh Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin cúnamh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbainistiú na Gníomhaireachta agus i ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 47(5). Má bhíonn an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbíonn sé nó sí ar fáil, glacfaidh Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ionad nó a hionad.

    2.   Is ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapfaidh an Bord Bainistíochta an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Déanfar an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar fhorais fiúntais, scileanna riaracháin agus bainistíochta iomchuí, agus taithí gairmiúla ábhartha i réimse an tearmainn. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar a laghad triúr iarrthóirí a mholadh don phost mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Beidh sé de chumhacht ag an mBord Bainistíochta síneadh a chur leis an téarma oifige nó an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 46(1), (4), (7) agus (9) maidir leis an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    Airteagal 49

    Oifigeach um chearta bunúsacha

    1.   Ceapfaidh an Bord Bainistíochta oifigeach um chearta bunúsacha ó rogha iarrthóirí arna moladh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Beidh na cáilíochtaí agus an taithí is gá i réimse na gceart bunúsach agus an tearmainn ag an oifigeach um chearta bunúsacha.

    2.   Beidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha neamhspleách i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas agus tuairisceoidh sé nó sí go díreach don Bhord Bainistíochta.

    3.   Beidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freagrach as a áirithiú go mbeidh cearta bunúsacha á gcomhlíonadh ag an nGníomhaireacht ina chuid gníomhaíochtaí uile agus go gcuirfí urraim na Gníomhaireachta do chearta bunúsacha chun cinn. Beidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freagrach freisin as an sásra gearán dá dtagraítear in Airteagal 51 a chur chun feidhme.

    4.   Comhoibreoidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha leis an bhFóram Comhchomhairleach.

    5.   Rachfar i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha maidir le, inter alia, pleananna oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 18, meastóireacht ar chúnamh oibríochtúil agus teicniúil na Gníomhaireachta, an cód iompair dá dtagraítear in Airteagal 58 agus an curaclam Eorpach tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 8(3). Beidh rochtain ag an oifigeach um chearta bunúsacha ar an bhfaisnéis uile a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha maidir le gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta, lena n-áirítear trí chuairteanna a eagrú, le toiliú an Bhallstáit lena mbaineann, ar áiteanna a bhfuil an Ghníomhaireacht ag déanamh gníomhaíochtaí oibríochtúla.

    Airteagal 50

    Fóram Comhchomhairleach

    1.   Cothóidh an Ghníomhaireacht dlúth-idirphlé idir í féin agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus comhlachtaí inniúla ábhartha a bhíonn ag feidhmiú i réimse an bheartais tearmainn ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta. Chuige sin, bunóidh an Ghníomhaireacht Fóram Comhchomhairleach.

    2.   Is éard a bheidh san Fhóram Comhchomhairleach sásra chun faisnéis a mhalartú agus chun eolas a roinnt. Áiritheoidh an Fóram Comhchomhairleach dlúth-idirphlé idir an Ghníomhaireacht agus na heagraíochtaí agus comhlachtaí ábhartha dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, UNHCR agus chuig eagraíochtaí agus comhlachtaí ábhartha eile dá dtagraítear i mír 1 chun bheith ina gcomhaltaí den Fhóram Comhchomhairleach.

    Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le comhdhéanamh an Fhóraim Chomhchomhairligh, lena n-áirítear maidir le grúpaí comhairliúcháin téamacha nó grúpaí comhairliúcháin atá dírithe ar áit ar leith, agus maidir leis na coinníollacha a bhaineann le faisnéis a tharchur chuig an bhFóram Comhchomhairleach. Bunóidh an Fóram Comhchomhairleach, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a mhodhanna oibre, lena n-áirítear meithleacha téamacha nó meithleacha atá dírithe ar áit ar leith de réir mar a mheastar é a bheith riachtanach nó úsáideach.

    4.   Cuirfidh an Fóram Comhchomhairleach comhairle ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar an mBord Bainistíochta maidir le cúrsaí a bhaineann le cúrsaí tearmainn, i gcomhréir le riachtanais shonracha na Gníomhaireachta i réimsí a shainaithnítear mar thosaíocht ó thaobh a cuid oibre de.

    5.   Déanfaidh an Fóram Comhchomhairleach, go háirithe, an méid seo a leanas:

    (a)

    moltaí a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir leis an gclársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 42;

    (b)

    aiseolas a thabhairt don Bhord Bainistíochta agus bearta leantacha a mholadh maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 69; agus

    (c)

    na conclúidí agus na moltaí arna n-eascairt as comhdhálacha, seimineáir agus cruinnithe a chur in iúl don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta, agus torthaí aon staidéar nó oibre allamuigh a dhéanfaidh aon cheann de na heagraíochtaí nó comhlachtaí ar baill iad den Fhóram Comhchomhairleach atá ábhartha ó thaobh obair na Gníomhaireachta de.

    6.   Rachfar i gcomhairle leis an bhFóram Comhchomhairleach maidir le hullmhú, glacadh agus cur chun feidhme na straitéise um chearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 57(3) agus an chóid iompair dá dtagraítear in Airteagal 58, bunú an tsásra gearán dá dtagraítear in Airteagal 51 agus forbairt an churaclaim Eorpaigh tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

    7.   Tiocfaidh an Fóram Comhchomhairleach le chéile ina sheisiún iomlán uair amháin sa bhliain ar a laghad agus eagróidh sé cruinnithe do na grúpaí comhairliúcháin téamacha agus na grúpaí comhairliúcháin atá dírithe ar áit ar leith de réir mar is gá.

    Airteagal 51

    Sásra Gearán

    1.   Bunóidh an Ghníomhaireacht sásra gearán chun a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta.

    2.   Aon duine dá ndéantar difear go díreach mar thoradh ar ghníomhaíochtaí saineolaí atá rannpháirteach i bhfoireann tacaíochta tearmainn, agus a mheasann gur sáraíodh a chearta bunúsacha nó a cearta bunúsacha mar gheall ar na gníomhaíochtaí sin, nó aon pháirtí a dhéanann ionadaíocht ar an duine sin, féadfaidh sé nó sí gearán i scríbhinn a thíolacadh chuig an nGníomhaireacht.

    3.   Gearáin a bhfuil bonn maith leo agus baint acu le sáruithe nithiúla ar chearta bunúsacha, agus iad sin amháin, a bheidh inghlactha. Ní bheidh gearáin inghlactha ar gearáin iad ina gcuirtear in aghaidh aon chinneadh ó údarás náisiúnta maidir le hiarratas aonair ar chosaint idirnáisiúnta. Ní bheidh gearáin inghlactha ar gearáin iad atá anaithnid, ionsaitheach, mailíseach, suaibhreosach, cráiteach, hipitéiseach nó míchruinn.

    4.   Beidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha freagrach as gearáin arna bhfáil ag an nGníomhaireacht a láimhseáil agus déanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin. Chun na críche sin, déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha:

    (a)

    inghlacthacht gearáin a athbhreithniú;

    (b)

    gearáin inghlactha a chlárú;

    (c)

    gach gearán cláraithe a chur ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    (d)

    gearáin maidir le saineolaí atá rannpháirteach i bhfoireann tacaíochta tearmainn a chur ar aghaidh chuig an mBallstát baile;

    (e)

    an t-údarás nó an comhlacht ábhartha atá inniúil chun cearta bunúsacha i mBallstát a chur ar an eolas maidir le gearán; agus

    (f)

    clárú agus obair leantach na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit lena mbaineann a áirithiú.

    5.   I gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin, i gcás ina bhfuil gearán inghlactha, cuirfear in iúl don ghearánach gur cláraíodh gearán, gur tosaíodh ar an ngearán a mheasúnú agus go bhféadfar bheith ag súil le freagra a luaithe a chuirfear sin ar fáil. I gcás ina gcuirtear gearán ar aghaidh chuig údarás nó comhlacht náisiúnta, tabharfar sonraí teagmhála an údaráis nó an chomhlachta sin don ghearánach. I gcás nach bhfuil gearán inghlactha, cuirfear an gearánach ar an eolas faoi chúiseanna na neamh-inghlacthachta agus, i gcás inar féidir é, cuirfear tuilleadh roghanna ar fáil dó nó di chun aghaidh a thabhairt ar a ábhar imní nó a hábhar imní. Beidh aon chinneadh i scríbhinn agus réasúnaithe.

    6.   I gcás gearán cláraithe faoi bhall foirne de chuid na Gníomhaireachta, áiritheoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ndéanfar obair leantach iomchuí, i gcomhairle leis an oifigeach um chearta bunúsacha, lena n-áirítear bearta araíonachta de réir mar is gá. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin laistigh de thréimhse ama chinnte don oifigeach um chearta bunúsacha maidir leis na torthaí agus an obair leantach a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht mar fhreagra ar an ngearán, lena n-áirítear aon bhearta araíonachta.

    7.   I gcás ina mbaineann gearán le saincheisteanna i ndáil le cosaint sonraí, iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar oifigeach um chosaint sonraí na Gníomhaireachta a bheith rannpháirteach. Déanfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha agus an t-oifigeach um chosaint sonraí meabhrán tuisceana a bhunú, i scríbhinn, lena sonrófar roinnt a gcúraimí eatarthu agus an bealach ina gcomhoibreoidh siad lena chéile a mhéid a bhaineann le gearáin a fuarthas.

    8.   I gcás gearán a bhaineann le saineolaí de chuid Ballstáit, lena n-áirítear saineolaithe náisiúnta ar iasacht, áiritheoidh an Ballstát baile go ndéanfar obair leantach iomchuí, lena n-áirítear bearta araíonachta de réir mar is gá nó bearta eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Tabharfaidh an Ballstát baile tuairisc don oifigeach um chearta bunúsacha maidir leis na torthaí agus an obair leantach a dhéanfar mar fhreagairt ar an ngearán laistigh de thréimhse ama chinnte agus, más gá, go tráthrialta ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht obair leantach maidir leis an ábhar i gcás nach bhfaighfear aon tuairisc ón mBallstát baile.

    9.   I gcás ina bhfaighfear amach gur sháraigh saineolaí arna imscaradh ag Ballstát, lena n-áirítear saineolaithe náisiúnta ar iasacht, cearta bunúsacha nó oibleagáidí maidir le cosaint idirnáisiúnta, iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an mBallstát an saineolaí sin nó an saineolaí náisiúnta ar iasacht sin a chur as gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta láithreach. I gcás go bhfuarthas gur sháraigh saineolaí arna imscaradh ag an nGníomhaireacht cearta bunúsacha nó oibleagáidí maidir le cosaint idirnáisiúnta, bainfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an saineolaí sin ó ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

    10.   Tabharfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha tuairisc don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta maidir leis na torthaí agus an obair leantach arna déanamh ag an nGníomhaireacht agus na Ballstáit lena mbaineann mar fhreagairt ar ghearán. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoin sásra gearán ina tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 69.

    11.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht lena n-áirítear an t-oifigeach um chearta bunúsacha aon sonraí pearsanta atá i ngearán a láimhseáil agus a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Déanfaidh na Ballstáit aon sonraí pearsanta atá i ngearán a láimhseáil agus a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 nó Treoir (AE) 2016/680, de réir mar is iomchuí. Nuair a dhéanann gearánaí gearán a thíolacadh, measfar gur thoiligh an gearánach sin le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht agus ag an oifigeach um chearta bunúsacha de réir bhrí Airteagal 5(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1725. Chun leasanna gearánach a choimirciú, déileálfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha le gearáin faoi rún i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais mura ndéanfaidh an gearánach a cheart nó a ceart chun rúndachta a tharscaoileadh go sainráite. I gcás ina dtarscaoileann gearánach a cheart chun rúndachta nó a ceart chun rúndachta, measfar go dtoilíonn an gearánach sin le nochtadh, i gcás inar gá, ag an oifigeach um chearta bunúsacha nó ag an nGníomhaireacht, a chéannachta nó a céannachta do na húdaráis inniúla nó do na comhlachtaí inniúla i ndáil le hábhar an ghearáin.

    CAIBIDIL 9

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagal 52

    Buiséad

    1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar iad i mbuiséad na Gníomhaireachta.

    2.   Beidh buiséad na Gníomhaireachta comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

    3.   Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam na Gníomhaireachta:

    (a)

    ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais;

    (b)

    cistiú ón Aontas faoi bhainistíocht indíreach nó i bhfoirm deontas ad hoc i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais;

    (c)

    aon ranníocaíocht dheonach ó Bhallstáit;

    (d)

    aon ranníocaíocht ó thíortha comhlachaithe;

    (e)

    táillí a bhaineann le foilseacháin agus le haon seirbhís eile a sholáthróidh an Ghníomhaireacht.

    4.   Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bhonneagair, agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta.

    Airteagal 53

    An buiséad a bhunú

    1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas sealadach a tharraingt suas uair sa bhliain ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

    2.   Ar bhonn an dréachtráitis shealadaigh sin ar mheastacháin dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn.

    3.   Cuirfear an dréachtráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta dá dtagraítear i mír 2 chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Eanáir gach bliain.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais chuig an údarás buiséadach.

    5.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin sin a mheasfaidh sé is gá don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta ón Aontas a mhuirearófar ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 CFAE.

    6.   Údaróidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta ón Aontas don Ghníomhaireacht.

    7.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta na Gníomhaireachta.

    8.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad na Gníomhaireachta. Beidh buiséad na Gníomhaireachta cinntitheach tar éis ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais. I gcás inar gá, déanfar buiséad na Gníomhaireachta a choigeartú dá réir.

    9.   I gcás aon tionscadail foirgníochta ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir leis.

    Airteagal 54

    An buiséad a chur chun feidhme

    1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

    2.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach uair sa bhliain.

    Airteagal 55

    Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

    1.   Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais N + 1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais N chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    2.   Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais N + 1, cuirfidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil faoin mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais N + 1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais N, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    3.   Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais N a tharraingt suas faoina fhreagracht féin nó faoina freagracht féin agus tíolacfaidh sé nó sí chuig an mBhord Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

    4.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais N.

    5.   Faoin 1 Iúil den bhliain airgeadais N + 1, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha don bhliain airgeadais N, in éineacht le tuairim an Bhoird Bainistíochta, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí.

    6.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha don bhliain airgeadais N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain den bhliain airgeadais N + 1.

    7.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha faoin 30 Meán Fómhair den bhliain airgeadais N + 1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin ar aghaidh chuig an mBord Bainistíochta freisin.

    8.   Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá chuig Parlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di, chun an nós imeachta um urscaoileadh a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    9.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine den bhliain airgeadais N + 2, i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais N.

    Airteagal 56

    Rialacha airgeadais

    1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Comhlíonfaidh na rialacha airgeadais Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ach amháin i gcás ina mbeidh gá le maolú ar an Rialachán sin go sonrach le haghaidh fheidhmiú na Gníomhaireachta agus más rud é gur thoiligh an Coimisiún leis roimh ré.

    2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht deontais a thabhairt a bhaineann le comhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo agus úsáid a bhaint as conarthaí réime, i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le tarmligean an Choimisiúin de bhun Airteagal 62(1), pointe (c)(iv), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    CAIBIDIL 10

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 57

    Cosaint na gceart bunúsach agus an straitéis um chearta bunúsacha

    1.   Ráthóidh an Ghníomhaireacht cosaint na gceart bunúsach i gcomhlíonadh a gcúraimí faoin Rialachán seo i gcomhréir le dlíthe ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Chairt, agus an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967.

    2.   Ba cheart tús áite a thabhairt do shárleas an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

    3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, ar thogra ón oifigeach um chearta bunúsacha, straitéis um chearta bunúsacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun urraim do chearta bunúsacha a áirithiú i ngníomhaíochta uile na Gníomhaireachta.

    Airteagal 58

    Cód iompair

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht cód iompair a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme a mbeidh feidhm aige maidir leis na saineolaithe uile atá rannpháirteach i bhfoirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn. Leagfar síos leis an gcód iompair nósanna imeachta a mbeidh sé mar aidhm leo prionsabail an smachta reachta agus urraim do chearta bunúsacha a ráthú le béim ar leith ar leanaí, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine eile ar leochaileach a staid.

    Airteagal 59

    Stádas dlíthiúil

    1.   Beidh an Ghníomhaireacht ina gníomhaireacht de chuid an Aontais. Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an nGníomhaireacht.

    2.   I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe na mBallstát. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlí.

    3.   Beidh an Ghníomhaireacht neamhspleách a mhéid a bhaineann le cúrsaí oibríochtúla agus teicniúla.

    4.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

    5.   Is i Málta a bheidh an Ghníomhaireacht lonnaithe.

    Airteagal 60

    Foireann

    1.   Beidh feidhm maidir le foireann na Gníomhaireachta ag na Rialacháin Foirne agus ag na Coinníollacha Fostaíochta agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta.

    2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh ionas go mbeidh éifeacht ag na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta de bhun Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

    3.   Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht cumhachtaí an údaráis ceapacháin i dtaca lena foireann féin.

    4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as foireann eile nach bhfuil fostaithe aici. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe naisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

    5.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht foireann a fhostú chun dul ag obair ar an láthair i mBallstáit.

    Airteagal 61

    Pribhléidí agus díolúintí

    Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE maidir leis an nGníomhaireacht agus maidir lena foireann.

    Airteagal 62

    Socruithe teanga

    1.   Beidh feidhm maidir leis an nGníomhaireacht ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (27).

    2.   Gan dochar do chinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 342 de CFAE, déanfar an tuarascáil chomhdhlúthaithe bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus doiciméid chlársceidealaithe faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 42 a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.

    3.   Is é Ionad Aistriúcháin chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a chuirfidh na seirbhísí aistriúcháin is gá ar fáil chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

    Airteagal 63

    Trédhearcacht

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

    2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht ábhar a chur in iúl ar a tionscnamh féin ar ábhair a thagann faoi raon feidhme a cúraimí. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a chur ar fáil don phobal agus áiritheoidh sí, go háirithe, go ndéanfar faisnéis oibiachtúil iontaofa shothuigthe faoina cuid oibre a thabhairt don phobal agus d’aon pháirtí leasmhar go pras.

    3.   Laistigh de 6 mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha mionsonraithe maidir le mír 1 agus mír 2 a chur i bhfeidhm.

    4.   Beidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach i dteideal cumarsáid a dhéanamh leis an nGníomhaireacht i scríbhinn in aon cheann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais. Beidh sé de cheart ag an duine sin freagra a fháil sa teanga chéanna.

    5.   Féadfaidh cinntí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina gcúis le gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach nó a bheith mar pháirt de chaingean os comhair CBAE, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.

    Airteagal 64

    An chalaois a chomhrac

    1.   Chun an chalaois, an t-éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013. Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF agus glacfaidh sí forálacha iomchuí is infheidhme maidir le foireann uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aici.

    2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ón nGníomhaireacht.

    3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (28) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh arna chistiú ag an nGníomhaireacht.

    4.   Gan dochar do mhír 1, mír 2 ná mír 3, cuimseofar i socruithe oibre le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais na Gníomhaireachta, forálacha a thugann cumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

    Airteagal 65

    Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht rialacha slándála an Choimisiúin a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (29) agus (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún. Beidh feidhm ag na rialacha sin, go háirithe, i dtaca le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

    2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála i bhfeidhm a bhaineann le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a phróiseáil mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444 agus de réir mar atá curtha chun feidhme ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Bord Bainistíochta bearta a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal slándála sin.

    3.   Ní fhágfar le haicmiú nach gcuirfear faisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Comhlíonfaidh tarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad a tarchuireadh chuig Parlaimint na hEorpa i gcomhréir leis an Rialachán seo na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil, ar rialacha iad atá infheidhme idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.

    Airteagal 66

    Dliteanas

    1.   Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

    2.   Beidh dlínse ag CBAE breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá i gconradh arna thabhairt chun críche ag an nGníomhaireacht.

    3.   I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arbh iad a ranna nó a foireann ba chúis leis agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.

    4.   Beidh dlínse ag CBAE i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste dá dtagraítear i mír 3.

    5.   Beidh dliteanas pearsanta fhoireann na Gníomhaireachta ina leith á rialú ag na forálacha na Rialachán Foirne nó na gCoinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir léi.

    Airteagal 67

    Faireachán riaracháin

    Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir imscrúduithe an Ombudsman i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

    Airteagal 68

    Comhaontú ceanncheathrún agus dálaí oibríochta

    1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát ina bhfuil a suíomh ag an nGníomhaireacht, na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil agus na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann na Gníomhaireachta agus daoine dá dteaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát sin. Tabharfar an Comhaontú Ceanncheathrún chun críche i ndiaidh formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.

    2.   Déanfaidh an Ballstát ina bhfuil a suíomh ag an nGníomhaireacht na dálaí is gá a chur ar fáil don Ghníomhaireacht chun a dea-fheidhmiú a áirithiú, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis agus naisc iomchuí iompair a chur ar fáil.

    Airteagal 69

    Tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas ar staid an tearmainn san Aontas. Tarchuirfidh an Ghníomhaireacht an tuarascáil sin chuig an mBord Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Poibleofar an tuarascáil bhliantúil ar staid an tearmainn san Aontas.

    Airteagal 70

    Meastóireacht agus athbhreithniú

    1.   Trí mhí tar éis ionadú Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí a mheastóireachta féachaint an gá an Rialachán seo a leasú chun críche comhchuibheas agus comhsheasmhacht inmheánach chreat dlíthiúil an Aontais a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na forálacha maidir leis an sásra faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 14, agus tíolacfaidh sé na tograí is gá chun an Rialachán seo a leasú de réir mar is iomchuí.

    2.   Faoin 20 Eanáir 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht sheachtrach neamhspleách chun measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta maidir lena cuspóirí, a sainordú agus a cúraimí. Cumhdófar leis an meastóireacht sin tionchar na Gníomhaireachta ar chomhar praiticiúil maidir le cúrsaí a bhaineann le tearmann agus ar chur i bhfeidhm CET a éascú. Sa mheastóireacht, tabharfar aird chuí ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag an nGníomhaireacht, laistigh dá sainordú, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh an bhfuil gá le bearta breise d’fhonn dlúthpháirtíocht éifeachtach a áirithiú agus d’fhonn a áirithiú go ndéanfar freagrachtaí a roinnt leis na Ballstáit atá faoi réir brú ar leith.

    Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go háirithe, ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin. Ina theannta sin, déanfar scrúdú ar cibé an bhfuil an struchtúr bainistíochta iomchuí chun cúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht tuairimí na ngeallsealbhóirí, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

    3.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil a bheidh mar thoradh ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 2, mar aon lena chonclúidí maidir leis an tuarascáil sin, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta.

    4.   Tráth a dhéanfar gach dara meastóireacht dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún a mheas, i dtaca le cuspóirí, sainordú agus cúraimí na Gníomhaireachta, an bhfuil údar leis an nGníomhaireacht a thuilleadh agus féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú dá réir nó é a aisghairm.

    Airteagal 71

    Foráil idirthréimhseach

    Tiocfaidh an Ghníomhaireacht i gcomharbacht ar EASO a mhéid a bhaineann le húinéireacht, comhaontuithe, oibleagáidí dlíthiúla, conarthaí fostaíochta, gealltanais airgeadais agus dliteanais uile. Go háirithe, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta agus oibleagáidí fhoireann EASO, a n-áiritheofar a leanúnachas gairme ar gach bealach.

    Airteagal 72

    Ionadú agus aisghairm

    Déantar Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 a ionadú i ndáil leis na Ballstáit atá faoi cheangal an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, déantar Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 a aisghairm.

    I ndáil leis na Ballstáit a bhfuil an Rialachán seo ina cheangal orthu, déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 73

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 2(1), pointe (q), Airteagal 14 agus Airteagal 15(1), (2) agus (3) ón 31 Nollaig 2023, agus beidh feidhm ag Airteagal 15(4) go (8) agus ag Airteagal 22 ón dáta a gcuirfear Rialachán nua in ionad Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, mura rud é go ndéantar an t-ionadú ar an Rialachán sin roimh an 31 Nollaig 2023, agus sa chás sin beidh feidhm ag na forálacha sin ón 31 Nollaig 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Nollaig 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. LOGAR


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Nollaig 2021

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).

    (5)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (7)  Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch. 7).

    (8)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

    (10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (11)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

    (12)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

    (13)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (14)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

    (15)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (16)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (17)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

    (18)  IO C 9, 21.1.2017, lch. 3.

    (19)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

    (20)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).

    (21)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

    (22)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

    (23)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

    (24)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

    (25)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

    (26)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (27)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

    (28)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (29)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).


    IARSCRÍBHINN I

    AN LÍON SAINEOLAITHE ATÁ LE CUR AR FÁIL DON DÍORMA CÚLTACA UM THEARMANN DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 19(6)

    An Bheilg

    15

    An Bhulgáir

    8

    An tSeicia

    8

    An Ghearmáin

    86

    An Eastóin

    6

    An Ghréig

    25

    An Spáinn

    46

    an Fhrainc

    80

    An Chróit

    5

    An Iodáil

    40

    An Chipir

    3

    An Laitvia

    5

    An Liotuáin

    6

    Lucsamburg

    4

    An Ungáir

    10

    Málta

    4

    An Ísiltír

    24

    An Ostair

    15

    An Pholainn

    40

    An Phortaingéil

    7

    An Rómáin

    20

    An tSlóivéin

    5

    An tSlóvaic

    10

    An Fhionlainn

    9

    An tSualainn

    19

    Iomlán

    500 /500


    IARSCRÍBHINN II

    Tábla comhghaoil

    Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1(1) agus (2)

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 2(1), pointe (a)

    Airteagal 2(2)

    Airteagal 2(1), pointe (i)

    Airteagal 2(3)

    -

    Airteagal 2(4)

    Airteagal 1(3)

    Airteagal 2(5)

    Airteagal 4(3)

    Airteagal 2(6)

    -

    -

    Airteagal 2(1), seachas pointí (a), (e), (i), (k), (l), (r) agus (s)

    -

    Airteagal 2(2)

    -

    Airteagal 3

    Airteagal 3

    Airteagal 4(4)

    -

    Airteagal 4(1), (2) agus (5)

    Airteagal 4, pointí (a) go (d)

    Airteagal 2(1), pointe (e), agus Airteagal 9

    Airteagal 4, pointe (e)

    Airteagal 11(1)

    Airteagal 5

    Airteagal 2(1), pointe (k)

    Airteagal 6

    Airteagal 8

    Airteagal 7, an chéad mhír

    Airteagal 2(1), pointe (r)

    Airteagal 7, an dara mír

    Airteagal 2(1), pointe (s), agus Airteagal 35(3)

    Airteagal 7, an triú mír

    Airteagal 35(2)

    -

    Airteagal 7

    -

    Airteagal 10

     

    Airteagal 11(2) go (5)

    -

    Airteagal 12

    -

    Airteagal 13(4), (5) agus (6)

    -

    Airteagal 14

    -

    Airteagal 15

    Airteagal 8

    Airteagal 16(1), pointe (b)

    Airteagal 9

    Airteagal 5

    Airteagal 10

    Airteagal 16

    Airteagal 11

    Airteagal 6

    Airteagal 12(1)

    Airteagal 69

    Airteagal 12(2)

    Airteagal 13(1), (2) agus (3)

    Airteagal 13(1)

    Airteagal 16(1), pointe (b), agus Airteagal 17(1)

    Airteagal 13(2)

    Airteagal 16(2), an fhoclaíocht tosaigh

    Airteagal 14

    Airteagal 16(2), pointe (e) agus pointe (i)

    -

    Airteagal 16(1), seachas pointe (b)

    -

    Airteagal 16(2), seachas pointe (e) agus pointe (i)

    -

    Airteagal 16(3) agus (4)

    -

    Airteagal 17(2) go (5)

    Airteagal 15

    Airteagal 2(1), pointe (l), agus Airteagal 19(2), (3) agus (5)

    Airteagal 16

    Airteagal 19(1), (2) agus (3)

    -

    Airteagal 19(4), (6), (7) agus (8)

    Airteagal 17

    Airteagal 20

    Airteagal 18

    Airteagal 18

    Airteagal 19

    Airteagal 24

    Airteagal 20

    Airteagal 25

    Airteagal 21

    Airteagal 26

    -

    Airteagal 21

    -

    Airteagal 22

    -

    Airteagal 23

    Airteagal 22

    Airteagal 27

    Airteagal 23

    Airteagal 28

    -

    Airteagal 23

    -

    Airteagal 29

    -

    Airteagal 30(2) go (6)

    -

    Airteagal 31

    -

    Airteagal 32

    Airteagal 24

    Airteagal 39

    Airteagal 25

    Airteagal 40

    Airteagal 26

    Airteagal 43

    Airteagal 27

    Airteagal 44

    Airteagal 28

    Airteagal 44

    Airteagal 29

    Airteagal 41

    Airteagal 30

    Airteagal 46

    Airteagal 31

    Airteagal 47

    -

    Airteagal 48

    -

    Airteagal 49

    -

    Airteagal 51

    Airteagal 32

    -

    Airteagal 33

    Airteagal 52

    Airteagal 34

    Airteagal 53

    Airteagal 35

    Airteagal 54

    Airteagal 36

    Airteagal 55

    Airteagal 37

    Airteagal 56(1)

    -

    Airteagal 56(2)

    -

    Airteagal 57

    -

    Airteagal 58

    Airteagal 38

    Airteagal 60

    Airteagal 39

    Airteagal 61

    Airteagal 40

    Airteagal 59

    Airteagal 41

    Airteagal 62

    Airteagal 42(1) go (3)

    Airteagal 63(1) go (4)

    Airteagal 42(4)

    Airteagal 30(1)

    Airteagal 43

    Airteagal 65

    Airteagal 44

    Airteagal 64

    Airteagal 45

    Airteagal 66

    Airteagal 46

    Airteagal 70

    Airteagal 47

    Airteagal 67

    Airteagal 48

    Airteagal 33

    Airteagal 49(1)

    Airteagal 34

    Airteagal 49(2)

    Airteagal 35(1)

    -

    Airteagal 35(4), (5) agus (6)

    Airteagal 50, an chéad mhír

    Airteagal 38

    Airteagal 50, an dara mír

    -

    Airteagal 51

    Airteagal 50

    Airteagal 52

    Airteagal 37

    Airteagal 53

    Airteagal 68

    -

    Airteagal 67

    Airteagal 54

    -

    -

    Airteagal 71

    -

    Airteagal 72

    Airteagal 55

    Airteagal 73


    Top