Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2263

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2263 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 maidir leis an gcód don deimhniú le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha

    C/2021/9352

    IO L 455, 20.12.2021, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2263/oj

    20.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 455/20


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2263 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Nollaig 2021

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 maidir leis an gcód don deimhniú le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (1), agus go háirithe Airteagal 9(2), Airteagal 15(5) agus Airteagal 16(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún (2), leagtar síos an fhoirm le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle (3) atá le cur ar fáil ag na Ballstáit do tháirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha. Bunaítear freisin leis an Rialachán sin na tagairtí atá le déanamh ag na táirgeoirí sin sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht deochanna alcólacha faoi Chaibidil IV agus Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle (4).

    (2)

    Maidir le struchtúr agus ábhar na dteachtaireachtaí leictreonacha a úsáidtear maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí, leagtar síos iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (5). Sonraítear leis an Iarscríbhinn sin freisin na gnéithe atá riachtanach i gcomhair míreanna sonraí áirithe sna teachtaireachtaí leictreonacha sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear an cineál deimhnithe i mbosca 18e den doiciméad riaracháin, i gcás ina bhfuil cód le tabhairt i gcomhréir le Liosta cóid 15 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 ón gCoimisiún (6).

    (3)

    D’fhonn deimhniú na dtáirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a shainaithint sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht deochanna den sórt sin, is iomchuí cód agus tuairisc ar leith a chur isteach le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 i Liosta cóid 15 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 a leasú dá réir.

    (5)

    Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2022 d’fhonn é a ailíniú le cur i bhfeidhm beart náisiúnta arna n-achtú le haghaidh thrasuí Threoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle (7).

    (6)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    I Liosta cóid 15 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323, cuirtear an ró seo a leanas isteach:

    “19

    Deimhniú táirgeora bhig neamhspleách deochanna alcólacha”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh..

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 121, 8.5.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil (Féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil seo).

    (3)  Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).

    (4)  Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle i ndáil leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le comhar agus malartú faisnéise idir Ballstáit maidir le hearraí a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (IO L 66, 11.3.2016, lch. 1).

    (7)  Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle an 29 Iúil 2020 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 256, 5.8.2020, lch. 1).


    Top