Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2244

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2244 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta samplála maidir le hiarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/7133

    IO L 453, 17.12.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2244/oj

    17.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 453/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2244 ÓN gCOIMISIÚN

    an 7 Deireadh Fómhair 2021

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta samplála maidir le hiarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 19(2), pointe (a), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile ag údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a fhíorú, inter alia, i réimse na sábháilteachta bia ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Déantar foráil ann do rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil le substaintí a bhféadfadh iarmhair i mbia agus i mbeatha a bheith mar thoradh ar a n-úsáid.

    (2)

    Le Rialachán (AE) 2017/625, scriostar Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ach is infheidhme don Airteagal fós, áfach, go dtí an 14 Nollaig 2022 ach amháin má shocraítear dáta is túisce ná sin le gníomh tarmligthe. Le hAirteagal 27(1) leagtar síos ceanglais shonracha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta samplála le haghaidh anailís ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha.

    (3)

    Le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos na ceanglais shonracha maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil leis na hiarmhair substaintí ábhartha i mbia agus i mbeatha, rialuithe a dhéanfar ag céim ar bith den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh.

    (4)

    Is é is aidhm d’fhaireachán a dhéanamh ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha comhlíontacht a áirithiú leis na huasleibhéil iarmhar arna leagan síos le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, agus measúnú a dhéanamh ar an teagmháil ag tomhaltóirí le hiarmhair lotnaidicídí, chomh maith. Ní mór na samplaí bia agus beatha a ghlacadh ina raon leordhóthanach agus ina líon leordhóthanach chun a áirithiú go mbeidh siad ionadaíoch ar an margadh. Ní mór, freisin, na samplaí sin a ghlacadh ag an bpointe samplála is iomchuí sa bhiashlabhra.

    (5)

    Dá bhrí sin, is iomchuí Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/625 a fhorlíonadh trí rialacha sonracha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta samplála ábhartha maidir le hiarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha.

    (6)

    Ós rud é nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na rialacha arna leagan síos le hAirteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 amhail ón 15 Nollaig 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Chun críocha na rialuithe oifigiúla maidir le hiarmhair lotnaidicídí, dá bhforáiltear le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/625, glacfaidh gach Ballstát líon leordhóthanach agus raon leordhóthanach samplaí de bhia agus de bheatha chun a áirithiú go mbeidh na torthaí ionadaíoch ar an margadh, agus na torthaí ó chláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla a bhí ann roimhe seo á gcur san áireamh.

    An tsampláil dá foráiltear sa chéad mhír, déanfar í sin a chóngaraí don phointe soláthair agus is réasúnach.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 15 Nollaig 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den chineál sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).


    Top